Written answers
Tuesday, 5 November 2024
Department of Education and Skills
Pleananna Oideachais
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
45. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil díolúine ar fáil ón mBéarla sa chaoi is a bhfuil ón nGaeilge, fiú i scoileanna lán-Ghaeilge, agus an nglacann sí le moladh traspháirtí an Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go dteastaíonn cur chuige nua do mhúineadh an dara teanga in áit an chreata reatha do bhronnadh na ndíolúine. [44972/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Foráiltear le Rannán IV de Rialacha agus Clár do leith na Meánscoileanna gurb í an Ghaeilge amháin a liostaítear mar ábhar is gá a áireamh in íos-líon na n-ábhar nach mór do dhalta aitheanta staidéar a dhéanamh orthu, in ainneoin nach mór don Ghaeilge agus don Bhéarla araon a bheith san áireamh i gcuraclam na meánscoile aitheanta. Is sa chomhthéacs sin a dtagann scéim do dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge chun cinn.
Is féidir le scoláire díolúine ó staidéar na Gaeilge a fháil ach amháin sa chás go gcomhlíontar critéir áirithe atá leagtha amach i gCiorclán 0054/2022 agus i gCiorclán 0055/2022. Tá polasaí i leith díolúine staidéar na Gaeilge ag gabháil siar roinnt blianta agus nuair a cuireadh i bhfeidhm den chéad uair é níor bhain sé ach le leanaí taidhleoirí a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh tréimhse ghearr agus nach raibh staidéar ar an nGaeilge déanta acu roimhe sin. Le himeacht ama, déanadh méadú ar na himthosca ina bhféadfar díolúintí a cheadú, rud a léiríonn athruithe inár scoileanna agus ó na 1990idí i leith tá riachtanais speisialta oideachais san áireamh, in éineacht le comhtháthú níos leithne leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in oideachas príomhshrutha cur i bhfeidhm i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC 1989).
Is minic a bhíonn staidéar ar an mBéarla ina riachtanas iontrála do go leor cúrsaí tríú leibhéal. Is faoin Institiúid féin atá sé díolúine a thabhairt ó theanga áirithe. Is institiúidí féinrialaitheacha iad Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997, na nAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta, 1992 go 2006 agus Acht na nOllscoileanna Teicneolaíochta, 2018. Tá sé leagtha síos sa reachtaíocht seo go bhfuil na hinstitiúidí sin neamhspleách ó thaobh cúrsaí acadúla de agus go bhfuil sé de cheart acu a gcuid nósanna imeachta agus a gcuid critéar féin a leagan síos maidir le mic léinn a roghnú agus a ghlacadh isteach.
I ndáil le moladh Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir le córas reatha na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge, tugadh an córas reatha isteach i mí Mheán Fómhair 2019 i ndiaidh taighde agus córas fairsing comhairliúcháin phoiblí. I ndiaidh athbhreithniú a rinneadh tar éis a cuireadh i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain é, rinneadh roinnt leasuithe air agus tugadh ciorcláin athbhreithnithe isteach ó mhí Mheán Fómhair 2022 (0054/2022 – bunscoileanna agus 0055/2022 – iar-bhunscoileanna). Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an Roinn ar chur chun feidhme chiorcláin 2022 agus scríobh sí chuig gach scoil chun na critéir le díolúintí a dheonú a chur i gcuimhne dóibh. Scríobh an Roinn freisin chuig roinnt bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ina raibh líon na ndíolúintí os cionn meán-líon na scoileanna eile.
Bunaíodh Aonad nua laistigh de mo Roinn chun creat beartais agus plean gníomhaíochta a fhorbairt don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla le linn na scoilbhliana 2024/25 a chuirfear chun feidhme i gcaitheamh na tréimhse dhá bhliain ina dhiaidh sin. Is é cuspóir an chreata beartais agus an phlean gníomhaíochta tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus iad sin a fheabhsú. Tá sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin straitéiseacha nuair is dócha go ndéanfaidh gníomhaíocht láithreach agus inláimhsithe difríocht i dtréimhse réasúnta. Déanfaidh taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agus comhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara ar bhonn náisiúnta agus scoile eolas don chreat beartais agus don phlean gníomhaíochta. Tá sé beartaithe go gcuirfí tús leis an bpróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara le linn Ráithe 4, 2024.
Tá an Roinn i mbun rannpháirtíocht freisin le raon leathan tionscnamh eile chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge lena n-áirítear, mar shampla:
- Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus forbairt polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- acmhainní breise chuig COGG, gníomhaireacht tiomnaithe chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge,
- an Ghaeilge agus buntáistí an dátheangachais a chur chun cinn
- mol digiteach a chruthú le haghaidh acmhainní d’ardchaighdeán don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla
- cúrsaí uasoiliúna teanga a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus iad a chur ar fáil in Ionaid Oideachais ar fud na tíre le linn samhradh 2024.
- foilsiú na chéad chéime d’acmhainní ‘Corpoideachas trí Ghaeilge’
- dul chun cinn a dhéanamh ar an tionscadal ‘Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha’ (FCÁT/CLIL)
- Oideachas agus oiliúint múinteoirí lena n-áirítear clár Boide a thabhairt isteach le méadú ar an méid áiteanna atá ar fáil agus trí Oide chun múinteoirí a chumasú chun cuir chuige éagsúla a úsáid.
- Athchóiriú curaclaim chun teagasc agus foghlaim na Gaeilge a neartú le tabhairt isteach Churaclam Teanga na Bunscoile, athfhorbairt ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí le T1 agus T2; agus an t-athchóiriú ar siúl ar an tSraith Shinsearach
- maoiniú chuig Foras na Gaeilge don chlár Gaelbhratach, don chlár Séideán Sí agus do thionscadal foclóireachta lena n-áirítear foclóir Gaeilge-Gaeilge.
- Bunú GaelAonad tiomnaithe laistigh d’Oide, le freagracht sonrach as réimse curaclaim na Gaeilge agus as scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge
- Léiríonn an obair atá ag dul ar aghaidh go bhfuil tiomantas láidir agam féin agus ag an Rialtas don Ghaeilge.
No comments