Written answers

Thursday, 11 July 2024

Department of Education and Skills

Oiliúint Múinteoirí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

209. To ask the Minister for Education and Skills cé na coinníollacha speisialta a bhaineann le duine a bheith áirithe mar scoláire Gaeltachta nó mar dhuine a bhfuil ardchumas Gaeilge aige nó aici, le go ligfí isteach sna cúrsaí oiliúna bunmhúinteoireachta é nó í; an bhfuil i gceist na rialacha sin a leasú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30742/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is meicníocht é Bealach Iontrála na Gaeltachta trínar féidir suas le 10% de na háiteanna i gcláir fochéime an Oideachais Thosaigh Múinteoirí (ITE) in Institiúidí Ardoideachais (HEInna) arna maoiniú ag an stát a choinneáil siar d’iarrthóirí ón nGaeltacht, i.e. iarrthóirí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ainmnithe oifigiúil agus a bhfuil an Ghaeilge ina gnáth-theanga bhaile dóibh.

Is é príomhchuspóir an Bhealaigh Iontrála mic léinn a mhealladh chun dul le múinteoireacht bhunscoile a thagann ón nGaeltacht agus a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga dhúchais.

Seo a leanas na riachtanais beartais a bhí ann:

  • Mic léinn a mhealladh chun dul le ITE bunscoile a bhfuil an Ghaeilge mar theanga dhúchais acu
  • Deimhin a dhéanamh de go mbeidh múinteoirí bunscoile ar fáil ó cheantair na Gaeltachta ar dócha go bhfillfidh siad ansin chun múineadh
  • Mic léinn a mhealladh chun dul le gairm na múinteoireachta a bhfuil Gaeilge ardchaighdeáin acu.
Tar éis comhairliúchán a dhéanamh, rinneadh na critéir a leanas a fhaomhadh agus a fhógairt in 2020 agus cuireadh i bhfeidhm iad ó Mheán Fómhair 2022 de réir Chiorclán 34/2021 ón Roinn Oideachais.
  • ní mór don mhac léinn bheith ina c(h)ónaí i Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta
  • ní mór don mhac léinn leibhéal H3 ar a laghad a bhaint amach i nGaeilge na hArdteistiméireachta
  • ní mór d’iarratasóirí na riachtanais eile uile a chomhlíonadh freisin maidir le hiontráil sa B.Oid sa Mhúinteoireacht Bhunscoile mar is gnáth mar aon le riachtanais sainiúla ar bith maidir le máithreánú don HEI ar a bhfuil iarratas á chur isteach acu.
Rinneadh foráil i gCiorclán 34/2021 go ndéanfaí téarmaí Bhealach Iontrála na Gaeltachta de réir mar atá siad leagtha amach a choimeád faoi athbhreithniú i gcomhthéacs fhorbairt bheartas na Roinne Oideachais i dtaca leis an nGaeilge agus le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

Maidir leis sin, bhí cruinniú de na páirtithe leasmhara uile ar siúl an 28ú Meitheamh 2024 d’fhonn nuashonrú a fháil faoi eispéireas na n-athruithe ar na critéir a cuireadh i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2022 agus chun plé a dhéanamh ar athruithe breise ar chritéir bhealach iontrála na Gaeltachta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.

Chomhaontaigh na rannpháirtithe uile nach raibh athruithe ar bith ar chritéir reatha Bhealach Iontrála na Gaeltachta ag teastáil faoi láthair.

Ach leanfar le téarmaí Bhealach Iontrála na Gaeltachta a choimeád faoi athbhreithniú, áfach, i gcomhthéacs fhorbairt bheartas na Roinne Oideachais i dtaca leis an nGaeilge agus le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.