Written answers
Wednesday, 21 April 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scoláireachtaí Gaeltachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
665. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoi aon phlean ag an Roinn faoi láthair maidir le coláistí samhraidh sa Ghaeltacht in 2021; an bhfuil maoiniú curtha i leataobh do mhná agus fir tí mura bhfuil na cúrsaí sin á reáchtáil mar gheall ar Covid-19; an bhfuil an tAire sásta ráthaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath ar na cúrsaí seo go mbeidh cúiteamh ar fáil dóibh mura dtéann na cúrsaí ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20803/21]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gColáistí Samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, scaipeadh dréacht-treoirlínte maidir le COVID-19 ar earnáil na gcoláistí Gaeilge ag tús na seachtaine seo.
Is ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe.
Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréacht-cháipéis bheo í dá réir.
Tar éis an deis a bheith ag gach éinne na dréacht-treoirlínte seo a mheas agus an deis a bheith ag lucht stiúrtha na gcoláistí dul i gcomhairle lena gcuid tithe faoin ábhar, beidh mé féin agus feidhmeannaigh na Roinne ag bualadh go gairid le hionadaíocht ó na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí.
Beidh plé ann chomh maith le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh CONCOS. Ina theannta sin tá deis ann do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí faoi na treoirlínte réamhluaite a roinnt i scríbhinn leis an Roinn idir seo agus 27 Aibreán.
Is é an cuspóir atá leis an mbeart seo trí chéile ná a chur ar shúile gach éinne a bhfuil baint acu leis an earnáil cad iad na himpleachtaí a bheadh ann dóibh ó thaobh COVID-19 i gcás go bhféadfaí dul ar aghaidh le cúrsaí ar an gcéad dul síos agus deis éisteachta agus plé a bheith ag an Roinn le páirtithe leasmhara faoin ábhar.
Ós rud é go bhfuil tosca COVID-19 ag athrú i rith an ama tá an scéal ar fad faoi an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí samhraidh á choinneáil faoi bhreithniú ag an Roinn i rith an ama i dtreo a bheith in ann cinntí a dhéanamh faoin ábhar i gcomhar le páirtithe leasmhara, oiread is féidir, nuair atá sé níos soiléire cad a cheaptar faoi na treoirlínte réamhluaite.
No comments