Written answers
Thursday, 20 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Soláthar Aersheirbhísí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
190. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard iad na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe le haersheirbhís a chur ar fáil chuig Oileáin Árann; cé na huastáillí atá ann faoin gconradh reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31310/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana maidir le haersheirbhís d’Oileáin Árann ar siúl faoi láthair. Mar chuid den phróiseas sin, foilsíodh Iarratas ar Thairiscint inar leagadh amach na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe. Tá na huastáillí sin mar aon leis na huastáillí atá i bhfeidhm faoin gconradh reatha leagtha amach sa tábla thíos:
CATAGÓIR | UASTÁILLE FAOIN GCONRADH BEARTAITHE | UASTÁILLE FAOIN GCONRADH REATHA |
---|---|---|
Gnáth | ||
Oileánach | €40.25 | €35.00 |
Eile | €60.50 | €55.00 |
Mac Léinn (Faoi 26) | ||
Oileánach | €27.60 | €24.00 |
Eile | €50.05 | €45.50 |
Faoi 18 | ||
Oileánach | €27.60 | €24.00 |
Eile | €34.10 | €31.00 |
No comments