Written answers
Thursday, 18 July 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
383. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil d’eagraíochtaí na hearnála deonaí Gaeilge gach bliain ó 2008 go dtí 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36357/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta leagtha amach sa tábla seo a leanas:
Bliain | Eagraíochtaí bunmhaoinithe |
---|---|
2008 | €8,707,908 |
2009 | €8,188,205 |
2010 | €7,638,293 |
2011 | €7,261,559 |
2012 | €6,483,690 |
2013 | €6,247,290 |
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
384. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2008 go dtí 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36358/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirtear maoiniú ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ó mo Roinn féin (75%) agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh (25%) de réir bhuiséad atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Anuas air sin, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge, Colmcille agus tograí caipitil. Tá na sonraí maidir leis an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge ó 2008 go dáta leagtha amach sa tábla seo a leanas. Ní miste a nótáil nach bhfuil maoiniú na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh san áireamh sa tábla seo.
Bliain | Foras na Gaeilge | Colmcille | Clár na Leabhar Gaeilge | Caipiteal | IOMLÁN |
---|---|---|---|---|---|
2008 | €15,255,118 | €193,070 | €1,835,000 | €324,106 | €17,607,294 |
2009 | €13,641,672 | - | €1,588,563 | €100,000 | €15,330,235 |
2010 | €13,754,387 | €172,191 | €1,532,417 | - | €15,458,996 |
2011 | €13,483,732 | €182,408 | €1,350,000 | - | €15,016,140 |
2012 | €13,160,130 | €144,331 | €1,259,142 | - | €14,563,603 |
1/1/13-18/7/13 | €5,735,979 | €101,081 | €746,521 | - | €6,583,581 |
No comments