Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de. Tá ceithre chomhalta ar a laghad i láthair sa seomra coiste nó ar líne, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Is iad siúd atá i láthair sa seomra coiste ná an Seanadóir Seán Kyne, na Teachtaí Mairéad Farrell agus Catherine Connolly agus mé féin. Feicim go bhfuil na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh, Aindrias Ó Muimhneacháin agus Éamon Ó Cuív ar líne.

Sa chéad seisiún inniu, déanfaimid ár mbreathnú ar an mbunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram le hionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, ó Ghaeloideachas agus ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann. Ina dhiaidh sin, pléifimid an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hionadaithe ó SEALBHÚ. Leanfaidh an cruinniú ina iomláine ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh ár bhfinnéithe. Is é an chéad ábhar a bheidh á phlé againn ná an bunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram. Fearaim fáilte roimh na finnéithe seo a leanas atá anseo thar ceann Chomhdháil Oileáin na hÉireann: Chloé Ní Mháille, oifigeach caidrimh phoiblí ó Inis Oírr; Pádraig Ó Foghlú ó Inis Meáin; Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh ó Árainn Mhór; agus Marjorie Uí Chearbhaill ó Oileán Thoraí.

Go bhfios dom, beidh siadsan, Marjorie Uí Chearbhaill agus Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, ag teacht isteach ar líne. Chomh maith leis sin, tá David Leahy, príomhfheidhmeannach, mar ionadaí thar ceann Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach, agus Dónal Ó hAiniféin, iar-uachtarán, mar ionadaithe thar cheann Ghaeloideachas. Tá príomhfheidhmeannach Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus cathaoirleach Fhóram na bPríomhfheidhmeannach, Annie McHugh, mar ionadaí thar ceann Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann. Cuirim fáilte rompu ar fad. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais ach amháin Marjorie Uí Chearbhaill agus Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, a bheidh ag freastal ó chian thar Microsoft Teams.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus comhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir a bhfuil siad ag labhairt agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag labhairt leis an gcruinniú.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu, ach is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Is iad sin na rialacha. Glacaim leis nach bhfuil fadhb ag aon duine leo so is féidir liom tús a chur leis seo. Ar dtús báire, tá Chloé Ní Mháille chun ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann Chomhdháil Oileáin na hÉireann.

Ms Chloé Ní Mháille:

Beidh mise agus Pádraig Ó Foghlú ag roinnt an phíosa seo. Glacann Comhdháil Oileáin na hÉireann, COÉ, buíochas leis an gCathaoirleach, leis na baill agus le foireann tacaíochta Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as cuireadh a thabhairt d’fheidhmeannacht COÉ teacht i láthair inniu chun ceist thábhachtach náisiúnta a phlé.

Bunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann in 1984 chun riachtanais agus inmharthanacht oileáin na hÉireann a chur chun cinn. Tá COÉ aitheanta ag Rialtas na hÉireann agus maoinithe ag an státchóras mar an eagraíocht náisiúnta oifigiúil d’oileáin le daonra buan in Éirinn. Cuireann COÉ forbairtí sa saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus oideachais na n-oileán chun cinn trí ionadaíocht áitiúil, réigiúnach, agus náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh. Tá COÉ mar chomhbhunaitheoir de Chónaidhm Oileáin Bheaga na hEorpa, ESIN, scátheagraíocht a chuireann riachtanais na n-oileán chun cinn do 11 bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le hoibriú le Rialtas na hÉireann, oibríonn COÉ le comhairlí áitiúla, le boird Stáit agus le húdaráis agus áisíneachtaí eile in Éirinn agus thar lear chun polasaithe oileáin-oiriúnacha a fhorbairt. Oibríonn COÉ go dlúth le Parlaimint na hEorpa, go háirithe leis an idirghrúpa SEARICA de chuid na Parlaiminte. Comhoibríonn COÉ le páirtithe leasmhara chun deimhniú go gcuirtear Airteagal 174 de Chonradh Liospóin an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Tugann Airteagal 174 cosaint shonrach áirithe d’oileáin nuair a chuirtear polasaithe oifigiúla Stáit i bhfeidhm. Tá COÉ faoi láthair ag comhoibriú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí tras-rialtais um inmharthanacht agus forbairt na n-oileán, Ár nOileáin Bheo.

Mr. Pádraig Ó Foghlú:

Gabhaim buíochas le Chloé Ní Mháille, leis an gCathaoirleach agus le foireann an chomhchoiste. Maidir leis an bhfadhb agus dúshlán sonrach, is é an rud a spreag Comhdháil Oileáin na hÉireann le teagmháil a dhéanamh leis an gcomhchoiste Oireachtais ná míshástacht agus imní phobail Oileáin Árann agus phobal Ghaeltacht Chonamara go ginearálta maidir leis an gcinneadh a ghlac príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin le gairid stiúrthóir scoileanna a earcú chun bainistiú agus freastal a dhéanamh ar an 22 scoil de chuid GRETB ach gan aon riachtanas Gaeilge a bheith mar chritéar ceapacháin don phost in ainneoin ocht gcoláiste Gaeltachta a bheith ag GRETB agus Gaelcholáistí a bheith le bainistiú ag stiúrthóir scoileanna GRETB chomh maith. Is faoi chúram GRETB atá ceantar Gaeltachta Chonamara agus Árann, an Ghaeltacht is mó agus is mó daonra sa tír.

Is é GRETB an bord reachtúil Stáit le freagracht i leith soláthar seirbhísí oideachais agus traenála a chur ar fáil do Chontae na Gaillimhe agus Contae Ros Comáin uile, Gaeltacht Chonamara agus Gaeltacht Árann san áireamh. Maíonn foilseacháin éagsúla atá déanta ag GRETB le blianta beaga go bhfuil buiséad de €140 milliún sa bhliain aige agus breis agus 2,200 ball foirne. Maíonn na doiciméid chéanna go bhfuil breis agus 225 baill foirne de chuid GRETB i mbun a gcuid oibre go hiomlán trí mheán na Gaeilge, a bhformhór siúd lonnaithe sna hocht gcoláiste Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag cruinniú de chuid bhord GRETB ar an 14 Bealtaine, a raibh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ionadaithe ó na meáin eile i láthair ann chun tuairisciú don phobal, d’ardaigh roinnt baill de bhord GRETB a gcuid imní nach raibh riachtanais na Gaeltachta ná riachtanais choláistí Gaeltachta GRETB curtha san áireamh nuair a bhí próiseas earcaíochta curtha ar siúl ag príomhfheidhmeannach GRETB le comharba a cheapadh ar an stiúrthóir scoileanna reatha a bheidh ag éirí as an bpost gan ró-mhoill i ndiaidh blianta fada oibre, am inar tharla forbairtí suntasacha ar oideachas trí Ghaeilge agus oideachas Gaeltachta laistigh de GRETB.

Baineadh polasaí um oideachas ar oileáin amach mar bhuaic ar an obair sin le linn 2018 agus é sin bunaithe cuid mhaith ar cheannaireacht agus ar iarrachtaí forbartha stiúrthóir scoileanna GRETB agus príomhoidí na trí scoil oileánda ag gníomhú ar son a bpobal. D’fhógair an tAire, an Teachta Richard Bruton, an polasaí um oideachas ar oileáin i mí an Mheithimh 2018. Tá cinntí GRETB le gairid ag baint na gcos de na forbairtí dearfacha sin. Sna laethanta i ndiaidh an chruinnithe de bhord GRETB ar an 14 Bealtaine, labhair baill bhord GRETB, feidhmeannaigh shinsearacha de chuid an bhoird, príomhoidí choláistí Gaeltachta agus coláistí oileánda GRETB, Teachtaí Dála agus ceannairí pobail eile amach sna meáin chumarsáide ag léiriú a gcuid míshástachta agus imní faoin easpa tuisceana agus easpa suime a bhí léirithe ag údaráis GRETB le gairid i leith a bhfreagracht don Ghaeltacht, freagracht atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 agus san Acht Oideachais, 1998. Bhí an leibhéal imní agus cur agus cúiteamh chomh mór i measc phríomhoidí agus boird bainistíochta scoileanna GRETB agus i measc an phobail gur pléadh an cheist ar nuacht náisiúnta ar sé lá difriúla le linn mí an Bhealtaine agus mí an Mheithimh agus sna meáin chlóite chomh maith.

Mar fhreagra ar an gclampar agus míshuaimhneas seo uile, thuairisc príomhfheidhmeannach GRETB do bhord GRETB nach bhfuil aon reachtaíocht ná rialachas a chuireann ceangal ná brú air duine le Gaeilge a cheapadh don phost stiúrthóra seo na d’aon phost eile i GRETB, in ainneoin 2,200 fostaí a bheith san eagraíocht fiú do cheantar seirbhíse Gaeltachta, mar cuireadh deireadh leis an riachtanas earcaíochta sonrach sin maidir leis an nGaeilge in 2016.

Cuireann seasamh oifigiúil GRETB ar an gceist seo imní agus alltacht ar Chomhdháil Oileáin na hÉireann mar cuireann sé ó mhaith cuid mhaith den obair forbartha agus dul chun cinn atá bainte amach ag coláistí GRETB ar na hoileáin agus coláistí Gaeltachta GRETB go ginearálta le deich mbliana anuas. Tá gach coláiste oileánda de chuid GRETB i ndiaidh scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach i ndiaidh ocht mbliana d’obair forbartha incháilithe ó 2016.

Cé go bhféadfadh príomhfheidhmeannach ETB ar bith seasamh ar an easpa riachtanais earcaíochta Gaeilge, nó Béarla, a bheith mar chritéir ceapacháin i ngach próiseas ceapacháin ar leith, ina cheann agus ina cheann, mar atá déanta sa chás seo, ní chuireann seo san áireamh dualgais an ETB faoi Acht na dTeangacha, faoin Acht oideachais ná Acht na Gaeltachta maidir le soláthar don Ghaeltacht trí Ghaeilge. Tá tuairimí láidre faoin gá le soláthar cuí léirithe ag príomhoidí GRETB, baill bhord GRETB agus daoine eile ar an gceist seo.

In ainneoin an riachtanas ceapacháin go mbeidh eolas ar an nGaeilge agus ar an mBéarla araon ag an té a cheaptar a bheith imithe ó 2016, níl aon ETB sa tír, GRETB san áireamh, i ndiaidh stiúrthóir scoileanna nó aon stiúrthóir eile a cheapadh gan Béarla a bheith ar a dtoil acu, in ainneoin nach bhfuil an Bhéarla mar chritéar ceapacháin ó 2016 i leith. Tuigeann gach ETB agus gach príomhfheidhmeannach nach bhféadfadh an stiúrthóir scoileanna na dualgais lárnacha a dhéanamh gan teanga chumarsáide agus oibre na scoileanna a bheith ar a chumas nó ar a cumas.

Ón eolas atá faighte ag Comhdháil Oileán na hÉireann, COÉ, ó phríomhoidí scoileanna, chathaoirligh bhoird bhainistíochta agus ó heolas atá tugtha do bhord GRETB, léifidh mo chomhghleacaí, Chloe Ní Mháille cuid de na freagrachtaí atá ag stiúrthóir scoileanna.

Ms Chloé Ní Mháille:

Is iad a leanas cuid de na freagrachtaí atá ag an stiúrthóir: agallaimh earcaíochta do phríomhoidí; plé le príomhoidí agus foireann scoileanna maidir le polasaí, pleanáil scoile, tuairisciú; plean forbartha scoile, plean feabhsúcháin scoile; cruinnithe le cathaoirligh bhoird bhainistíochta agus leis na boird; traenáil foirne scoile agus traenáil bhord bhainistíochta; feidhmiú mar phátrún scoile le linn cigireachta scoile Roinn Oideachais; gníomhú mar phátrún nó bainisteoir scoile sa scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta; déileáil go díreach le clamhsáin nó casaoidí ó thuismitheoir faoi scoil Ghaeltachta; scéim bhliain ar oileáin a riaradh le Roinn na Gaeltachta atá á mhaoiniú do Chol Gaeltachta GRETB; próiseas ghnás casaoide a riaradh d’fhoireann scoil Ghaeltachta; fiosrúcháin a láimhseáil; déileáil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le seirbhísí ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge; plé leis na meáin trí Ghaeilge faoi chúrsaí choláistí Gaeltachta GRETB; agus tuairisciú chuig Col Gaeltachta.

Cé nach liosta cuimsitheach é seo ar chor ar bith, tugann sé léargas samplach den obair atá le déanamh ag stiúrthóir scoileanna in ETB le freagracht i leith scoileanna Gaeltachta. Le blianta fada i GRETB, tarlaíonn gach ceann de na cúraimí seo, agus go leor eile, trí mheán na Gaeilge go hiomlán maidir le gach ceann de na hocht gCol Gaeltachta GRETB agus do na Gaelcholáistí freisin. Bheadh na deacrachtaí céanna agus na míshastachtaí céanna á dtuairisciú mura mbeadh aon Bhéarla ag stiúrthóir scoileanna a bheadh earcaithe chun a bheith ag obair le coláistí ETB a oibríonn trí mheán an Bhéarla.

Mr. Pádraig Ó Foghlú:

Go dtí 2016, bhí riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag na ceapacháin is sinsearaí i ngach ETB, príomhoifigigh san áireamh. Bhí inniúlacht sa Ghaeilge, agus sa Bhéarla, mar riachtanas agus mar chritéir earcaíochta. Is é an caighdeán a leag an Roinn Oideachais agus an tSeirbhís Cheapacháin Phoiblí síos ná “eolas ar an nGaeilge agus ar an mBéarla araon”. Tuigtear do Chomhdháil Oileáin na hÉireann gur chuir An Roinn Oideachais deireadh leis an riachtanas sin in 2016 ar iarratas ó ETBI agus ó phríomhfheidhmeannaigh ar roinnt bhoird oideachais agus oiliúna. Tá an amlíne sin íorónta mar dealraíonn sé gur tharla sé sin sa bhliain chéanna is a fhoilsigh an tAire Oideachais ag an am agus an iarThaoiseach polasaí don oideachas Gaeltachta. Deir an polasaí sin:

Tá an Rialtas tiomanta go daingean do láidriú na Gaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht.

[...]

...tá láidriú ar úsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta ar cheann de na príomhaidhmeanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 de chuid an Rialtais.

[...]

...ní mór dúinn na dúshláin ollmhóra atá roimh an teanga a aithint agus a bheith réalaíoch agus uaillmhianach sa chaoi ina dtéimid i ngleic leis na dúshláin sin.

San achoimre fheidhmeach den pholasaí, deir sé:

Leagann an tAcht Oideachais, 1998, béim ar fhreagrachtaí na scoileanna i limistéir Ghaeltachta chun cur le cothabháil na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail

[...]

...polasaí don Oideachas Gaeltachta, le bearta spriocdhírithe chun feabhas a chur ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.

De réir Acht Oideachais 1998 dealraíonn se go sáraíonn cinntí GRETB le gairid riachtanais an Achta sin mar tá dualgas dlí ar an mbord oideachais agus oiliúna mar bhord Stáit seirbhíse:

...taca trí Ghaeilge a sholáthar do scoileanna aitheanta a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus d’aon scoil aitheanta eile a iarrann soláthar den sórt sin.

[...]

...chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn.

[...]

...i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail.

In éineacht le freagrachtaí reachtúla a bheith ar ETB mar bhord Stáit, tá freagrachtaí agus dualgais ar an Roinn Oideachais i leith na gcúrsaí seo. Maíonn scéim teanga reatha na Roinne Oideachais, "the Department’s largest customer bases for services in Irish are the primary and postprimary school sectors and in particular schools where instruction is carried out through the medium of Irish".

Ms Chloé Ní Mháille:

Is trua le Comhdháil Oileáin na hÉireann go bhfuil na dúshláin bhreise seo curtha ar thrí choláiste GRETB in Árainn agus ar scoileanna Gaeltachta uile GRETB. Is trua nár thug GRETB aon cheann don tuairisc an stiúrthóra scoileanna a cuireadh faoi bhráid chruinniú bhoird GRETB mar chuid de thuairisc an phríomhfheidhmeannaigh ar an 27 Feabhra 2024, roinnt seachtainí sular cuireadh aon fhógra earcaíochta sna meáin chun stiúrthóir scoileanna nua a cheapadh do GRETB.

Chuir an stiúrthóir scoileanna agus príomhoidí Gaeltachta GRETB fainic ar an bpríomhfheidhmeannach agus ar an mbord ETB mar a léiríodh agus pléadh na húdair imní mar atá tite amach ó shin ag cruinniú de phríomhoidí Gaeltachta GRETB ag deireadh Eanáir 2024. Tá deimhnithe ag an stiúrthóir scoileanna do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta agus oileánda GRETB gur thug sé an cheist chun cinn mar chuid den ghnáthbhainistiú riosca chuig an príomhfheidhmeannach le linn thús Feabhra 2024 agus chuig bord GRETB ar an 27 Feabhra 2024. Tá giota den tuairisc sin ar fáil in aguisín 3.

Scríobh roinnt limistéir phleanála teanga agus oifigigh pleanála teanga Gaeltachta chuig cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach GRETB ag impí go ndéanfaí ceart de réir na Gaeltachta agus earcaíocht ar bun. Scríobh cathaoirligh agus boird bhainistíochta ó roinnt scoileanna de chuid GRETB chomh maith ar an ábhar céanna ach níor tugadh aon aird orthu is cosúil. Is le linn Márta a d’fhógair príomhfheidhmeannach GRETB an post agus thosaigh an próiseas earcaíochta as sin. Ceapadh duine sa Bhealtaine le tosú am éigin le linn Lúnasa 2024.

Mr. David Leahy:

In response to the statement that the director should be fluent in both Irish and English, there is currently no statutory requirement or any requirement under the Department of Education’s specifications for the position of a director in any ETB to have a fluency in Irish and English. GRETB’s current language policy for 2021 to 2024 notes it would be desirable for the stiúrthóirí who are serving Gaeltacht communities to be competent in Irish. Previously, it was determined that the chief executive should be competent in both Irish and English. At that time, there was provision for an interview in Irish for the most senior role in the education and training boards. However, since 2018, this requirement was revised to make Irish language proficiency desirable rather essential.

GRETB has an extremely positive disposition towards Gaeilge and the acquisition and protection of the Irish language. We ensure those who are employed have that positive disposition also. We seek, both from perspective employees and current employees, that they have a willingness to learn and improve their competence in Gaeilge. GRETB supports all staff in improving their standard in Irish, in monetary terms and in giving opportunities to staff. We seek to promote the Irish language and we have multiple opportunities we avail of to ensure the Irish language is protected and that the students in our care get the best possible opportunity as a consequence of being students with GRETB.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu os chomhair an choiste agus an cheist thábhachtach seo á plé aige. Ar dtús, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le bord Gaeloideachas agus le Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardhfheidhmeannach Gaeloideachas, atá anseo in aice liom, agus le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, uachtarán na heagraíochta, as an deis labhairt leis an gcoiste ar son na heagraíochta inniu. Bhí mé mar uachtarán ar Ghaelscoileanna, mar a bhí tráth, agus iarchathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas, a thugann comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair sna naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Is í fís Gaeloideachas ná go mbeadh córas eiseamláireach tumoideachais ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil ar fáil do gach duine, agus is chuige sin atáimid anseo inniu. Aithnímid uile anseo nach leor an cur chuige atá ann ó thaobh soláthair agus tacaíocht don oideachas lán-Ghaeilge, agus go bhfuil cur chuige straitéiseach de dhíth ar an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge.

Creideann Gaeloideachas go láidir go bhfuil an cheist seo mar a bhaineann le critéir teanga stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna, a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram, lárnach den réiteach atá le haimsiú.

Maidir leis an gceist agus an cúlra tábhachtach seo atá faoi chaibidil, is mian liom beagán staire a roinnt leis an gcoiste ar dtús. De réir mar a thuigeann roinnt de na comhaltaí, is i lár na 1990ídí a raibh feachtas an-láidir ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna agus eagraíocht na scoileanna Gaeltachta, arna eagrú ag Micheál Mac Aodha – go raibh trócaire ar a ainm - , Seosamh Mac Donnacha agus Breandán Mac Cormaic, chun bord oideachais ar leith a fháil do na ceantair Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Nuair a tháinig an tAcht oideachais i bhfeidhm, áfach, ní raibh sé sin bainte amach. Cuireadh alt 31 isteach san Acht chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a bhunú. Rinne an Dr. Peadar Ó Flatharta – trócaire air - taighde an-tábhachtach ina dhiaidh sin ag leagan amach an gá, réasúnacht agus an riachtanas a bhí ann le bord oideachais ar leith don Ghaeltacht agus do na scoileanna lán-Ghaeilge. Táimid fós ag feitheamh air sin.

Léiríonn an cheist atá ós ár gcomhair amach inniu an riachtanas fíorphráinneach atá ann breathnú ar cheist an Ghaeloideachais i mbealach i bhfad níos iomláine. Tá sé in am anois breathnú ar bhord oideachais agus oiliúna ar leith a bhunú chun freastal ar na riachtanais atá ag earnáil an Ghaeloideachais ag gach aon leibhéal. Tá an t-am tagtha. Tá sé léirithe anseo inniu i bhfreagraí cé chomh lag is atá an cur chuige reatha agus cuid de na scéimeanna teanga a bhí aontaithe ag na boird oideachais agus oiliúna le roinnt blianta anuas. Mar shampla, bhí critéir inmhianaithe díreach luaite. Ní raibh critéir ardchaighdeán inmhianaithe fiú amháin luaite, de réir mar a thuigim, i bhfógra an phoist atá faoi chaibidil. Tharla a leithéid le déanaí i mbord oideachais agus oiliúna eile i gcás príomhoidí agus rinneadh an post a athfhógairt leis na critéir a bhí aontaithe acu leis an gCoimisinéir Teanga. Tá sé deacair an dá thuiscint a thabhairt le chéile.

Tá sé riachtanach go mbeidh an riachtanas teanga seo luaite le poist áirithe - le príomhoidí, mar shampla - agus gan é a bheith luaite mar chaighdeán ard inmhianaithe seachas mar chaighdeán ard riachtanach. Tuigeann muid ar fad an difríocht atá idir rud a bheith inmhianaithe i bhfógra poist agus rud a bheith riachtanach. Nuair atá Gaeilge riachtanach, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh Gaeilge líofa ag an duine a cheapfar. Nuair atá Gaeilge inmhianaithe, ní chiallaíonn sé go bhfaightear an duine sin. Dá réir, is gá dúinn an cheist a leathnú ar bhonn i bhfad Éireann níos faide. Gan dabht, ceapann Gaeloideachas go bhfuil sé den riachtanas is airde go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla feidhmiúil ag gach leibhéal ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna, ní hamháin iad a bhfuil scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid faoina gcúram, ach ag gach uile bord oideachais agus oiliúna.

Is é an fáth agus an chúis go bhfuil sé seo riachtanach ná go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ag nósmhaireacht, cur chuige agus meon bhainistíocht eagraíochta agus bhainistíochta scoile ar an nósmhaireacht, cur chuige agus meon na múinteoirí, a bhfuil tionchar díreach acu ar mheon, chumas agus chur chuige na scoláirí. Ní bhíonn muinín mar sin ag tuismitheoirí an rogha don Ghaeloideachas ag an dara leibhéal a dhéanamh nuair a thuigtear dóibh nach bhfuil an córas dáiríre faoi. Go bhfóire Dia ar an té ata ag iarraidh a chur ina luí ar thuismitheoirí agus déagóirí óga na linne seo dul i muinín an aonaid ag an dara leibhéal.

Ba mhaith le Gaeloideachas aitheantas a thabhairt do GRETB agus Tomás Mac Páidín go háirithe as an gceannaireacht atá léirithe aige ar cheist seo na Gaeilge le blianta fada. Ní mór dúinn an cheannaireacht chéanna a éileamh ó gach bord oideachais agus oiliúna má táimid le dóchas ar bith a choinneáil faoi thodhchaí na Gaeilge sa ghearrthréimhse ag an iarbhunleibhéal faoi na patrúin seo. Tá caighdeán agus úsáid na Gaeilge i measc scoláirí fite fuaite leis an gceist seo. Níl sé inghlactha nach bhfuil na bunchritéir riachtanacha teanga ag éinne atá ag plé le córas ina bhfuil dualgas cur chun cinn na teanga ann. Ní hamháin go mbaineann an dualgas seo leis na stiúrthóirí agus leis na príomhfheidhmeannaigh, ach baineann sé le gach uile duine atá ag plé leis na pobail sna scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta. Is bunriachtanas é seo. Má tá meas agus muinín ar bith le bheith ag na Gaeil orthu féin, is gá bunriachtanas mar seo a bheith daingnithe. Ní mór chomh maith breathnú ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta agus ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á dhréachtadh faoi láthair agus a chinntiú go bhfuilimid ábalta struchtúr a chur i bhfeidhm atá ábalta freastal ar na riachtanais uile atá ag an earnáil lán-Ghaeilge. Chuige sin, táimid ag moladh go mbunófaí bord oideachais agus oiliúna ar leith chun freastal ar na Gaelcholáistí agus ar na scoileanna Gaeltachta agus go mbeadh gach uile duine ar an bhfoireann sin ábalta feidhmiú trí Ghaeilge, agus trí Bhéarla, nuair is gá.

Tá cóip de thaighde Uí Fhlatharta ceangailte leis an ráiteas seo, beannacht Dé leis, agus tá sé tugtha isteach mar aguisín. Leagann sé amach go soiléir na roghanna chun é seo a dhéanamh. Tá sé fós bailí agus ábhartha inniu agus is é an trua ghéar go bhfuil 20 bliain beagnach imithe ó moladh é. Tá a thaighde lán le moltaí éagsúla le 100 bliain anuas faoin oideachas Ghaeltachta agus lán-Gaeilge, moltaí den chuid is mó nár cuireadh i bhfeidhm. Ná bíodh sé le rá arís go bhfuilimid ag tabhairt an chluais bhodhair do na héilimh réasúnta seo.

Sampla an-bheag is ea COGG. Nuair a bunaíodh COGG, bhí sé de riachtanas go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag gach duine a bhí ag obair ann, rud a cinntíodh agus mar atá i go leor eagraíochtaí eile. Is féidir agus is ceart é seo a dhéanamh gan mhoill mar léiríonn taighde agus taithí arís is arís eile nach féidir cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge ná don Ghaeloideachas laistigh d’institiúidí a fheidhmíonn trí Bhéarla.

Níl ag éirí leis na scéimeanna teanga reatha, rud atá aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga. Tá súil agam go mbeidh na caighdeáin atá leagtha amach do na cinn amach anseo faoi chur chuige nua níos éifeachtaí. Má táimid dáiríre faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, an polasaí don oideachas Gaeltachta nó an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá le teacht ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal ach go háirithe, mothaím nach bhfuil aon dul as againn ach daingniú go bhfuil Gaeilge ag an leibhéal cuí ag gach duine atá ag plé ag leibhéal na hardbhainistíochta leis na Gaelcholáistí agus leis na scoileanna Gaeltachta agus na haonaid, ina measc príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha, stiúrthóirí, múinteoirí, feighlithe, rúnaithe agus mar sin de.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom.

Ms Anne McHugh:

Tá sé deas a bheith leis an gCathaoirleach agus le baill an choiste inniu. Is aighneacht í seo thar cheann Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann. Mar eolas, is mise an príomhfheidhmeannach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ach tá mé anseo inniu thar cheann ETBI, nó Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann.

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann an chomhlacht ionadaíoch náisiúnta a bunaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh le chéile ar na 16 bhord oideachais agus oiliúna agus chun a leasanna a chur chun cinn atá aitheanta ag an Aire chun críocha an Achta um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013. Cuimsíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann foireann Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann, príomhfheidhmeannaigh, stiúrthóirí breisoideachais agus oiliúna, stiúrthóirí scoileanna, stiúrthóirí eagraíochtaí, fóraim tacaíochtaí agus forbartha agus na líonraí agus na grúpaí faoi seach a bhaineann leis na fóraim seo. Tá dualgas ar leith ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann tacú leis na coláistí agus scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge atá faoin chúram. Tá líon na scoileanna seo tar éis fás leis na blianta beaga anuas agus anois tá 48 dóibh siúd faoi chúram an Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann ag an iarbhunleibhéal agus ceann amháin ag an bhunleibhéal.

Is comhlachtaí reachtúla iad na boird oideachais agus oiliúna arna mbunú de bhun an Achta um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 chun teacht in ionad na gcoistí gairmoideachais agus chun glacadh le ról breisithe maidir le seachadadh oiliúna. Chruthaigh an tAcht struchtúr nua chun go mbeadh na boird oideachais agus oiliúna in áit mhaith chun cuidiú le seachadadh seirbhíse i scoileanna atá faoi rialú díreach ETB agus san earnáil breisoideachais agus oiliúna, nó FET, nuair atá caidreamh láidir ag na boird oideachais agus oiliúna le SOLAS, an t-údarás breisoideachais agus oiliúna.

Is iad na ETBanna na pátrúin dhlíthiúla faoin Acht Oideachais, 1998 ar na scoileanna iarbhunoideachais a choinníonn siad agus cuireann na scoileanna sin oideachas ar fáil do, isteach is amach, le 31% den daonra daltaí iarbhunoideachais. Chomh maith leis sin, déanann ETBanna éascaíocht ar sholáthar oideachais ilchreidmhigh ag an mbunleibhéal. Anuas air sin, tá ról tábhachtach ag ETBanna san earnáil scoileanna pobail, mar a bhfuil siad ina gcomhphátrúin le húdaráis reiligiúnda, agus maidir le scoileanna cuimsitheacha, mar a bhfuil an príomhfheidhmeannach ina bhall de agus, ex officio, ina rúnaí don bhord bainistíochta. Le chéile, cuireann scoileanna cuimsitheacha agus pobail oideachas ar fáil do isteach is amach le 16% den daonra mac léinn dara leibhéal.

Tá ról lárnach ag boird oideachais agus oiliúna i soláthar breisoideachais agus oiliúna. Cuirtear breisoideachas agus oiliúint, FET, ar fáil go díreach trí ETBanna, nó ag áisíneachtaí atá faoi chonradh ag ETBanna, iad sin ar fad faoi mhaoiniú agus treoir straitéiseach SOLAS, an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna. I measc an tsoláthair FET, tá cláir a dhíríonn go príomha ar an margadh fostaíochta, chomh maith le cláir a bhfuil diminsean láidir d’ionchuimsiú sóisialta i gceist leo. Cuirtear ar fáil iad chomh maith trí ghrúpaí pobail agus deonacha, soláthróirí oiliúna tráchtála agus in ionaid oibre.

Píosa beag faoi SOLAS. Bunaíodh SOLAS in 2013. Tá SOLAS freagrach as comhordú, maoiniú agus treoir straitéiseach na hearnála FET in Éirinn. Oibríonn SOLAS le ETBanna chun pleananna seirbhíse bliantúla FET a chomhaontú, chomh maith le tabhairt faoi chlár cuimsitheach athchóirithe trí chur i bhfeidhm na straitéise breisoideachais agus oiliúna. Léiríonn sé seo an chaoi a gcuirfidh FET conairí ar fáil do ghrúpaí foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla, tacaíocht do rannpháirteachas na sochaí agus cothú pobail láidre, agus daoine a ullmhú le haghaidh slite beatha rathúla agus saol foghlama agus forbartha a bheidh lárnach don chéad chéim eile d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na hÉireann.

Bainistíonn SOLAS buiséad níos mó ná €1 bhilliún, idir reatha agus chaipitil, chun cláir agus seirbhísí FET a sheachadadh go háitiúil. Aontaíonn SOLAS comhaontú feidhmíochta straitéisí, SPA, le gach ETB. Trí na comhaontuithe seo, dírítear ar athchóiriú agus fíorú mhian na straitéise FET ag an leibhéal réigiúnach. Tá comhaontú ar leith ag SOLAS le gach ETB ina leagtar síos na gealltanais trasna na dtrí thosaíochtaí straitéiseacha sa straitéis FET, an dul chun cinn atá de dhíth trasna na dtéamaí cumasaithe, agus a mhéid a chuireann gach ETB ar leith leis na spriocanna córais FET go náisiúnta.

Maidir leis an gceist faoin bunriachtanas atá ann go mbeidh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram, tá sainchuntas poist do stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna ceangailte san aguisín i dtaca leis an ráiteas seo. Tá sraith critéar riachtanach don phost agus leagann an Roinn Oideachais síos iad. Cuimsíonn ról an stiúrthóra raon feidhmeanna ceannaireachta agus maoirseachta agus, mar sin, tá taithí ar raon comhthéacsanna agus idirghníomhaíochtaí ceannaireachta an-tábhachtach. Mar gheall ar sin agus mar is eol do bhaill an choiste, níl líofacht sa Ghaeilge riachtanach do phost an stiúrthóra. Beidh mise dár ndóigh breá sásta labhairt leis an gcoiste ar na féidearthachtaí maidir leis an gceist seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe ó Chomhdháil Oileán na hÉireann, Gaeloideachas agus na ETBs. Tá mise fós ag caint faoi na VECs. Maith dom é sin. Beidh mé ag teacht ar ais le ceisteanna géara ach tá ard-mheas agam ar an gcóras oideachas. Níl mé sásta beag ná mór leis an méid atá tarlaithe anseo. Fáilte ar ais go Bláthnaid Ní Ghréacháin agus Dónal Ó hAiniféin. Is dóigh go raibh Chloe Ní Mháille anseo freisin. Ní raibh Pádraig Ó Foghlú anseo cheana. Fáilte roimhe siúd as Inis Meáin.

Is dócha gur baineadh stangadh asam agus go leor daoine nuair a chualamar faoin gceapachán. Bhí duine gan Ghaeilge le bheith ceaptha. D'iarr mé ar an gCathaoirleach é a chur ar an gclár oibre agus is maith an rud é go bhfuil na finnéithe anseo agus an cheist ardaithe anois. Is léir go bhfuil frustrachas, fearg agus díomá ar Ghaeloideachas, ar Chomhdháil Oileán na hÉireann agus ar a lán daoine eile.

Níl mé sásta. Tá meas agam ar David Leahy agus ar a chuid oibre ach tá sé tagtha anseo gan ráiteas tosaigh agus gan aon rud i nGaeilge. Níl sé sin pearsanta. D'fhreastail mé ar chruinnithe leis go minic ach cuireann sé díomá ollmhór orm go bhfuil a phreasráiteas i mBéarla agus nach bhfuil aon rud i nGaeilge. Ag dul ar ais go dtí Gaeloideachas agus an rud a dúirt sé, an fáth go bhfuil sé seo riachtanach ná go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ar nósmhaireacht, cur chuige agus meon bainistíochta eagraíochta agus scoile. Tá tionchar díreach aige ar meon, cumas agus cur chuige na scoláirí. Aontaím leis sin. Cén chaoi gur féidir le David Leahy a rá go bhfuil sé sásta duine a cheapadh gan focal Gaeilge? Cé mhéad scoileanna lán-Ghaeilge a thagann faoi chúram David Leahy?

Ms Anne McHugh:

Ocht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ocht? Gabhaim buíochas le Anne McHugh. Ar an bpointe sin agus leanfaidh mé ar aghaidh le cúpla ceist, cé mhéad scoileanna a thagann go díreach faoi chúram an Galway and Roscommon Education and Training Board?

Mr. David Leahy:

Eight, as said by others.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Trí Ghaeilge. Cé mhéad scoileanna lán-Ghaeilge a thagann faoi chúram Anne McHugh?

Ms Anne McHugh:

Sé cinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag tosú le Anne McHugh, an bhfuil stiúrthóir scoile aici? An bhfuil Gaeilge aige nó aici?

Ms Anne McHugh:

Tá, agus tá Gaeilge aige. Níl sé líofa ach tá Gaeilge aige.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach ní raibh aon riachtanais ó thaobh sin de. Tá an beirt finné ag rá nach raibh aon riachtanais dlíthiúil i gceist.

Ms Anne McHugh:

Ní raibh aon riachtanas ag an am. Tá stiúrthóir scoile i nDún na nGall sa phost ó 2016 agus, ag an am sin, ní raibh riachtanas don Ghaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as díriú isteach ach is iad na finnéithe atá i gceannas agus tá an cumhacht acu. Ó thaobh na scoileanna lán-Ghaeilge atá faoina gcúram, tá sé náireach agus scannalachi ndáiríre go bhfuil daoine gan Ghaeilge ceaptha. Tá na finnéithe ag rá, i mBéarla ag David Leahy, nach bhfuil aon dualgas dlíthiúil orthu. Ach ó thaobh an Acht Oideachais, 1998, bheinn ag súil leis go mbeadh na finnéithe ar a laghad tar éis dul tríd na dualgaisí ann, lag go leor is atá siad. Cén fáth nach ndeachaigh siad tríd na dualgaisí atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Ofigiúla agus in Achtanna eile? Admhaím agus aontaím leis na finnéithe go bhfuil na dualgaisí lag, ach cén fáth nach bhfuil sé sin déanta ó thaobh na ndualgais atá leagtha síos sa reachtaíocht sin ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn?

Mr. David Leahy:

Trí Bhéarla, más é do thoil é, to clarify, I did send a statement in trí Ghaeilge. I did not know that I would be able to use headphones and thought I would have to speak trí Ghaeilge freisin. Níl mé líofa and therefore I would not be able to express all my thoughts trí Ghaeilge and so I am availing of the opportunity I was told about to use a translation service. The Deputy has met me before and she knows that I am not líofa but that I do have a suim mór sa Ghaeilge. What our ETB does vis-à-vis the Irish language compares very favourably with other ETBs. Could there be more done? Of course there could be. There always could be and I accept that too.

I have never spoken about the person who was appointed. Others have, but I never have. The person has not taken up their position yet and will not do so until the end of the first week in August. I will speak about the person then. The person, like me, has their leaving certificate in Irish. I also have my ceard teastas from teaching and I did the agallamh I had to do to be appointed as chief executive. I have a certain standard but I do not have the standard I would wish to have. Therefore-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Níl mé ag iarraidh díriú isteach ar David Leahy ná ar aon duine eile go pearsanta.

Mr. David Leahy:

I am sorry; I thought the reference was to me.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mé tagairt duit mar phríomhfheidhmeannach agus na dualgais reachtúla ort, beag beann ar chomh lag is atá siad. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair Gaeilge a fhoghlaim. Ní rud pearsanta é seo. Faoin reachtaíocht atá ann, tá dualgas faoi leith ar an bpríomhfheidhmeannach ó thaobh na Gaeilge de. Is é sin an rud atáim ag iarraidh díriú isteach air. An ndearna an bord aon anailís ar na dualgais a bhí orthu maidir le duine a ceapadh? Níl mé ag caint air nó uirthi go pearsanta ach cén chaoi gur féidir leis an duine sin a chuid oibre a dhéanamh leis na príomhoidí trí Ghaeilge.

Mr. David Leahy:

I would argue that I have been working effectively with people in the Gaeltacht area over the last 11 years. I attend meetings trí mheán na Gaeilge. I am on the bord bainistíochta of Scoil Chuimsitheach Chiaráin, áit a mbíonn gach rud ar siúl trí Ghaeilge. Tá tuiscint agam ach níl mé líofa. Nuair a bhím chun freagra nó rudaí eile a dhéanamh ó thaobh an bhoird sin, bíonn a fhios agam nach bhfuil gach focal agam agus nach dtagann na focail ró-sciobtha. Táim ag smaoineamh trí Bhéarla agus ag caint trí Ghaeilge agus tá sé sin beagán deacair freisin. I actually have that experience. Whenever I go to the Aran Islands or any of the schools in the Gaeltacht, I work trí Ghaeilge but I know that I am not líofa-líofa. I wish it was otherwise but it is not.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

David, tá tú ar ais arís go pearsanta. Níl mé ag iarraidh spotsolas a shoilsiú ort ó thaobh na Gaeilge de. Táim ag díriú isteach ar cé chomh tábhachtach atá sé nuair atá ceapachán i gceist go mbeadh Gaeilge ag an duine ionas go mbeidh an duine sin in ann a chuid oibre a dhéanamh ó thaobh na scoileanna atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Níl cumas David Leahy sa Ghaeilge faoi chaibidil ná faoi sholas anseo.

Mr. David Leahy:

I do not feel the Deputy is having a go at me personally. I am not taking it personally.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tú ag díriú isteach ar do chumas féin seachas ar an bpost, áfach.

Mr. David Leahy:

Is sampla é. I have been ag obair leis na Gaelscoileanna agus na daoine sa Ghaeltacht le haghaidh 11 bliain and, while others may have a different opinion, I think I have been doing so effectively. Others may differ but I certainly believe I have. When we are appointing people, what I am looking for is people who have a positive disposition towards Gaeilge and that they are willing to learn. That is the ceist we put to them. We ask if they are willing to improve their Gaeilge. By the way, everybody has it to ardteistiméireacht level but they are not líofa. That is a pity after 14 years but that may be a question for a different day. However, once they have a positive disposition and are willing to engage, learn and improve, we will support them in paying for any courses they wish to do but there is an expectation they will improve. That applies to anybody. If we were to reduce it down to making it compulsory, which is a decision for others and not for me, the pool of potential candidates would be reduced to the 5% or 10% of the population who are líofa sa Ghaeilge. There are an awful lot of other criteria, not just Gaeilge. There are many other criteria to ensure that somebody will be effective in the role of director of schools, further education and training, the administrative side of the ETB or whatever it might be.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Táim ag iarraidh teacht ar ais chuig an tionchar agus cumhacht atá ag an mbord oideachais agus oiliúna a léirigh an Teachta. Tá an ceart ar fad aici. Tá sé tábhachtach an comhthéacs a leathnú píosa. Tá a fhios agam go bhfuil muid anseo chun dúshláin a bhaineann le GRETB ach go háirithe a phlé ach caithfimid plé a dhéanamh freisin faoin gcomhthéacs mór a bhaineann leis an gcumhacht agus an tionchar atá ag an bhforas seo ar an tumoideachas agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Ó thaobh na n-uimhreacha de, tá 29 scoil neamhspleách ar an iar-bhunleibhéal a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 20 ceann dóibh siúd faoi chumhacht an chóras ETB. Tá 18 aonad lasmuigh den Ghaeltacht. Tá naoi gcinn dóibh faoi chúram an ETB. Caithfimid filleadh ar cheist na n-aonad - inniu, más féidir - toisc go bhfuil sé fite fuaite agus lárnach sna dúshláin ar fad atá á gcur i láthair inniu. Sa Ghaeltacht, tá 21 scoil neamhspleách agus tagann 14 dóibh faoin gcóras seo. Tá ocht n-aonad ann freisin. Nílimid iomlán cruinn faoi uimhir na n-aonad agus is castacht eile ar fad é sin. Tá cúig dóibh siúd faoin ETB.

Léiríonn sé sin an cheist níos mó atá anseo. Léiríonn an ráiteas atá déanta an staid thar a bheith leochaileach ina bhfuil cur chun cinn an tumoideachais faoi láthair. Tá fuinneog chriticiúil ann ó thaobh an tumoideachais agus oideachas Gaeltachta. Tá an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm agus á leabú faoi láthair ach braitheann sé go mór ar chinntí ag an leibhéal is airde agus ar na grúpaí a bhfuil an chumhacht acu ceannaireacht agus ceannasaíocht láidir ar an teanga a léiriú. Tá sé mar an gcéanna leis an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt. Tá an cheist seo fite fuaite. Má ghéillimid ar na ceisteanna seo, táim thar a bheith buartha faoi thodhchaí an oideachais ag an iar-bhunleibhéal. Má leanaimid ar aghaidh sa treo seo, ní dóigh liom gur féidir linn a rá go bhfuil tumoideachas á chur ar fáil ag an iar-bhunleibhéal ag an Stát.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais ag na ceisteanna sin níos déanaí. Aontaím le Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil gá breathnú air seo i mbealach i bhfad níos leithne agus níos iomláine. Táimid ag fanacht leis an bpolasaí do scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé sin tábhachtach.

Rachaidh mé ar ais go dtí Anne McHugh agus David Leahy. Is é an fáth go bhfuil siad anseo ná gur ceapadh duine gan Ghaeilge. Faraor, ní rud neamhghnách é sin mar rinneadh an cinneadh ceannann céanna ó thaobh na comhairle cathrach. Ceapadh duine gan Ghaeilge. Tá sé seo ag teacht suas in ainneoin go bhfuil muidne anseo leis na blianta ag cur béime ar achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus rudaí eile. Tagann an rud atá déanta ag an mbord iomlán salach ar an méid atá muidne ag rá go hoifigiúil ó thaobh Gaeilge a bheith mar theanga oifigiúil na tíre agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, atá athraithe tar éis próisis.

Ag dul ar ais, níl mé ag díriú isteach ar chumas Gaeilge aon duine agus iarraim ar na finnéithe gan é sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh é sin a dhéanamh. Tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé. Is foghlaimeoir ar fad an tsaoil mé. Táim i gcónaí ag foghlaim. Ní hé sin an rud atá i gceist. Tá rud i bhfad níos tromchúisí i gceist. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach is dóigh liom go bhfuil meon ann go bhfuil sibh sásta, agus sibhse ag feidhmiú i lár na Gaeltachta a bheith cosúil leis na ETBs eile, ach tá freagrachtaí difriúla orthu. Tá sibh i mbun scoileanna lán-Ghaeilge.

Cuirfidh mé an cheist arís. Chun a bheith cruinn, ní bhfuaireamar ráiteas tosaigh, faraor. Fuaireamar freagra mar gur scríobh an cléireach ar son an choiste chuig an mbord ag fiafraí cén fáth nach raibh riachtanas ann – riachtanas - ó thaobh na Gaeilge de. Scríobh an bord ar ais i nGaeilge agus cuirim fáilte roimhe sin ach níl aon ráiteas tosaigh ann. Bheinn ag súil le ráiteas tosaigh chun an t-ábhar seo a chur i gcomhthéacs, go háirithe i leith na reachtaíochta atá ann. Mar atá ráite go mion minic go bhfuil an reachtaíocht lag, ach tá sé ann. Tá gá le reachtaíocht níos láidre ach níor luaigh ceachtar den bheirt finné na freagrachtaí atá orthu faoin Acht Oideachais agus reachtaíocht eile. An féidir díriú isteach air sin? Cén machnamh ná anailís a rinne an bord roimh aon cheapachán chun a chinntiú go mbeadh an duine sin in ann feidhmiú trí Ghaeilge?

Ms Anne McHugh:

Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Bhí mise ag caint faoi stiúrthóir na scoileanna i nDún na nGall. Bheinn ag súil go bhfuil stiúrthóir na scoileanna ag dul chuig an nGaeltacht gach aon bhliain agus tá sé ag dul an tseachtain seo chugainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh sé ag freastal ar chúrsa?

Ms Anne McHugh:

Beidh. Téim gach aon bhliain freisin ar feadh seachtaine. Bhí cúrsa de chuid Ghaelchultúr ar líne. Tá siad ann go fóill. Bíonn siad ar siúl ar feadh deich seachtain. Déanann mé agus stiúrthóir na scoileanna na cúrsaí sin. Chomh maith leis sin, tá oifigeach um beartas agus fhorbairt oideachas iarbhunscoile in ETBI, agus tá sí freagrach as oideachas lán-Ghaeilge. Tugann an bhean seo an-chuid tacaíochta do na príomhoidí, na leas-phríomhoidí, na múinteoirí agus na stiúrthóirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá mise an-tugtha don Ghaeilge agus bím ag caint Gaeilge san oifig i Leitir Ceanainn an t-am ar fad. Déanaim mo dhícheall.

Ba mhaith liom cúpla rud eile a rá. Faoi láthair, tá ETBI ag eagrú cúrsa cónaithe do stiúrthóirí i rith sos lár-téarma 2025. Bhí mé ag smaoineamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, an plean náisiúnta agus na caighdeáin teanga in ionad na scéim teanga. Tá mé dóchasach go bhfuil biseach ag teacht ar rudaí. Is togra fadtéarmach é seo. Tá muid i nDún na nGall ag déanamh ár ndíchill. Tá an-chuid le déanamh, cinnte. Tá muid ag obair go dian dícheallach agus ag déanamh ár ndíchill. Tá biseach ar teacht ar an nGaeilge le stiúrthóir na scoileanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar an Teachta Mairéad Farrell.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, ach chuir mé ceist ar David Leahy freisin.

Mr. David Leahy:

What am I doing?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam anois cén cheist a bhí ann ach chuir mé ceist. Tá sé an-deacair. Tá Anne McHugh agus David Leahy ag dul ar ais go dtí an rud pearsanta. Is iontach go bhfuil daoine ag freastal ar chúrsaí Gaeilge agus is maith an rud é sin, ach ní féidir éalú ón gcinneadh atá déanta duine gan Ghaeilge a cheapadh le bheith i mbun scoileanna lán-Ghaeilge. Ag éisteacht leis an mbeirt, tá easpa tuisceana ann ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh Gaeilge ag an duine ní hamháin ó rud é gur teanga oifigiúil na tíre í, ach freisin chun cumarsáid a dhéanamh. Is dócha go bhfuil easpa tuisceana ann.

Mr. David Leahy:

I have not spoken about the person in question, who has leaving certificate Irish and, like us all, has a standard of Irish but is not líofa. That is the issue. I wish all of our staff were líofa, but they are not. That would be my desire. In terms of my own children, they have all gone to Gaelscoileanna because I actually believe-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Táim ag déanamh mo dhíchill gan a bheith pearsanta. Is é David Leahy príomhfheidhmeannach GRETB agus tá scoileanna lán-Ghaeilge faoina chúram. Iarraim air gan a bheith pearsanta. Ná bac leis an leaving certificate. Tá muid ag caint faoi dhuine a cheapadh i ról fíorthábhachtach - tá an duine sin i gceannas ar scoileanna lán-Ghaeilge, cibé duine atá i gceist. Níl mé ag iarraidh díriú isteach ar an duine. Tá mé ag díriú isteach ar an meon bainistíochta. Is é sin an rud. Cén chaoi ar thuig GRETB nach bhfuil gá duine le Gaeilge a cheapadh? Má tá botún déanta, cad iad na réitigh anois?

Mr. David Leahy:

We never made a decision to appoint somebody who is not flúirseach trí Ghaeilge. That was not the decision. The decision of the selection board was to appoint the most suitable person for the role, taking into account all of the required criteria. There is a considerable number of criteria and nobody has them all. No matter who you are, you cannot have them all to the nth degree. The most suitable person for the role was appointed. That was the objective and I believe that is what has been achieved. The person definitely has an interest in Gaeilge and will develop. We have gone on these summer courses before. We certainly have relied on others who were flúirseach trí Ghaeilge and now it is going to put a greater responsibility on our senior leadership team to make sure we improve. It is an opportunity for us to improve our standard. Therefore, I see this as an opportunity. I do not see it in the manner in which the Deputy sees it. It is not right to say that we do not-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn bogadh ar aghaidh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé críochnaithe. Mar fhocal scoir, nuair a bhí an díospóireacht againn ó thaobh uachtarán na hollscoile, chualamar na rudaí ceannann céanna - nach féidir duine le Gaeilge a fháil don ról. Mar a tharla, ceapadh duine iontach le Gaeilge líofa. Tá GRETB ag rá an rud ceannann céanna. B'fhéidir go mbeidh deis agam teacht ar ais níos déanaí maidir leis an méid atá ráite ó thaobh an bhoird oiliúna. Tá mé braon den argóint sin, nach féidir le duine atá cuí don ról agus Gaeilge aige nó aici a cheapadh. Tá mé braon de. Tá easpa tuisceana ollmhór i gceist.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé buartha faoin gceist seo sular thosaigh muid. Caithfidh mé a bheith ionraic - tá mé i bhfad níos buartha anois ná nuair a thosaigh muid an cruinniú seo. Sílim nach dtuigeann David Leahy agus Anne McHugh céard atá i gceist againn anseo i ndáiríre agus an fáth go bhfuil muid buartha faoi seo. Faraor, tá mé beagáinín faoi bhrú ama mar tá cruinniú eile ar siúl agam anois. Ní shuíonn mise ar an gcoiste seo agus ní ball den choiste mé, ach tá mé i mo bhall den choiste oideachais. Ba bhreá linn dá mbeimis leanúint leis an bplé seo ag an gcoiste oideachais. B'fhéidir gur féidir leis an gcoiste seo dul i dteagmháil leis an gcoiste oideachais mar gheall air seo freisin.

Ar an gcéad dul síos, tá ceist agam do David Leahy maidir leis an scéim teanga atá ag GRETB. Má bhreathnaíonn muid ar leathanach 18 den scéim, deir sé: "Tá na poist liostáilte thíos sainithe mar phoist a mbaineann riachtanas inniúlachta Gaeilge leo." Ceann de na cinn sin ná "stiúrthóirí" atá ag baint le agus ag freastal ar: "Pobal Ghaeltacht na Gaillimhe agus pobal gach gaelcholáiste faoi chúram an Bhoird." Cén fáth nach raibh riachtanas Gaeilge ann má tá sin sa scéim teanga atá ag GRETB?

Mr. David Leahy:

In terms of us appointing the senior management positions, as in the chief executive and directors, we actually get our guidelines, instructions and directives from the Department of Education.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an scéim teanga mar sin, an bhfuil David Leahy ag rá nach bhfuil riachtanas dlíthiúil ag baint leis an scéim teanga? An bhfuil sé ag rá nach bhfuil ceangal dlí ag baint leis an scéim teanga atá ag GRETB? Tá nó níl.

Mr. David Leahy:

The language scheme that we have, which we have brought before the Coimisinéir Teanga, says that it is desirable. It does not say it is obligatory for us to have Gaeilge.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach deir sé go mbeadh riachtanas Gaeilge leo ar leathanach 18 den scéim teanga. Deir sé go bhfuil riachtanas ann.

Mr. David Leahy:

The person who was appointed has Gaeilge, but is not líofa.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhaineann sé leis an duine; baineann sé leis gcaoi nach raibh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge aige nó aici. Is í an cheist atá agam ná go luaitear é ar leathanach 18 den scéim teanga atá ag GRETB - níor fhoilsigh mise é; d'fhoilsigh GRETB é - mar phost a mbaineann riachtanas leis. Cén fáth nach bhfuil sé riachtanach? An bhfuil David Leahy ag rá liom nach bhfuil sé seo mar chúram dlí ar GRETB, agus gur rud é ar féidir le GRETB cloí leis más mian leis?

Mr. David Leahy:

The requirements that are obligatory come to us in terms of the Department and it sets out what is required for the directors and the chief executive.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuma, mar sin, faoi céard atá sa scéim teanga.

Mr. David Leahy:

I am going to answer. We included in the requirements under the language plan that it would be desirable for all our directors to have proficiency in the Irish language.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hé sin a deirtear sa scéim seo. Ar leathanach 18, úsáidtear an focal "riachtanas". Is faoi riachtanais atáimid ag caint an t-am ar fad. Táim ag iarraidh a bheith soiléir faoi seo. Ní bhaineann sé leis an duine atá tar éis an post a fháil. Is cuma faoi sin. Baineann sé leis an bhfógra a cuireadh amach. Ón méid a dtuigeann mise, tá dualgas dlíthiúil ar an mbord chun cloí leis seo, is é sin, go bhfuil dualgas dlíthiúil air a bhaineann leis an riachtanas Gaeilge atá luaite ina scéim féin.

Mr. David Leahy:

I believe we have adhered to that. It is desirable that somebody would have Gaeilge.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le Dónal Ó hAiniféin teacht isteach ar an gceist seo?

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá an pointe seo thar a bheith tábhachtach agus gabhaim buíochas leis na Teachtaí as é a ardú. Tá sé dubh agus bán sa scéim teanga go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist atá sainaitheanta ansin. Tá sé luaite go bhfuil ardchaighdeán inmhianaithe. Ní éalú é sin ón nGaeilge riachtanach. Deireann sé go bhfuil an Ghaeilge riachtanach. D'fhéadfá a rá go bhfuil canúint Chonamara inmhianaithe do phost i gConamara ach tá Gaeilge riachtanach. Tá sé luaite in alt 6.3 ag barr leathanach 18 den scéim. Tá sé de ghlanmheabhair agam. Tá na poist lena mbaineann ráite thíos faoina bhun. Ina measc sin tá príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha agus múinteoirí agus tá "stiúrthóirí" scríofa ina lár. Luaitear freisin an chúis a ghabhann leis sin. Sa chéad cholún eile, deirtear go bhfuil ardchaighdeán inmhianaithe. Tá an t-ardchaighdeán inmhianaithe ach tá an Ghaeilge riachtanach. Go bhfios dom, níor cuireadh é sin san áireamh nuair a fógraíodh an post seo. Ní dlíodóir mé ach, dá réir, déarfainn go raibh an fógra féin lochtach agus, dá bharr, go raibh an próiseas ceapacháin lochtach.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leat.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tháinig ceist mar seo aníos i mbord oideachais agus oiliúna eile le déanaí. Chuir Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir fógra amach le haghaidh príomhoide i scoil ina bhfuil aonad. Ní raibh an riachtanas Gaeilge luaite san fhógra. D'aithníodh an botún agus athfhógraíodh an post. Is eolas é sin don choiste.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin suimiúil. Gabhaim buíochas as sin. Ón méid a dtuigeann mise, tá sé sin sa scéim teanga agus, mar gheall air sin, tá cúram dlíthiúil i gceist. Tá dara ceist agam ar an ábhar seo. Conas gur féidir leis an mbord a fhreagracht reachtúil i leith seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do choláistí Gaeltachta de chuid GRETB a chomhlíonadh ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh muna bhfuil sé riachtanach go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag an duine?

Mr. David Leahy:

We have people who are líofa.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén líon daoine? Tá sé sin tábhachtach.

Mr. David Leahy:

The number 225 was referenced.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach táim ag cur ceiste ar David Leahy mar phríomhfheidhmeannach.

Mr. David Leahy:

I heard that 225 people are ag obair trí mheán na Gaeilge.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil siad ag obair go díreach leis na scoileanna sin chun an tseirbhís sin a chur ar fáil?

Mr. David Leahy:

No, they are not. They are working in the schools and in other centres or ionaid.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad just ag obair sna scoileanna. Táimse ag caint ar GRETB féin. Cad a dhéantar má tá sé ag iarraidh dul i dteagmháil leis na scoileanna seo ar fad? D'fhreastail mise ar scoil lán-Ghaeilge GRETB. Is é sin an t-aon fháth go bhfuil Gaeilge agam. Ní raibh cead ag aon duine focal Béarla a labhairt sa scoil sin. Ní bheadh sé sách maith go mbeadh aon duine ag teacht isteach sa scoil seo agus é nó í ag úsáid focal Béarla.

Mr. David Leahy:

Whenever I visit that school, it is always trí Ghaeilge.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhaineann sé leatsa; baineann sé leis an stiúrthóir scoileanna.

Mr. David Leahy:

Again, I am saying that the person appointed has Gaeilge. That person is not líofa but is intent on working on that. All our leadership will have to improve their Gaeilge. I do not think that is a bad thing. It is an opportunity for us to ensure the leadership team in GRETB improves the standard and quality of their Gaeilge. We probably did not have to do that up until now because there were people on the leadership team who were líofa. We probably relied more on them to do the work all of us should have improved enough to do.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gceist sin, tá mé sásta don fhoireann cheannaireachta. Is féidir a fheiceáil nach bhfuil Gaeilge líofa agam. Níor tógadh le Gaeilge mé. Bíonn sé deacair dul ar an raidió le cúrsaí á phlé trí Ghaeilge agus chuile shórt mar sin nuair nach bhfuil an téarmaíocht agat. Tuigim é sin. Tá m'athair ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim le 40 nó 50 bliain. Tá sé go maith go mbeidh an fhoireann ag déanamh é sin. Tá chuile shórt mar sin go maith ach ní hé sin an cheist atá ann. Is í an fhadhb atá ann ná go raibh stiúrthóir á lorg - agus nílim ag gearán faoin duine a bhfuair an post; maith iad - agus gur chuir an bord fógra amach gan riachtanas Gaeilge a lua cé go bhfuil sé mar riachtanas faoi scéim teanga an bhoird go mbeadh Gaeilge líofa ag an té a bhfaigheann an post. Is é sin an méid a dtuigeann mise ón scéim teanga a d'fhoilsigh an bord. Má táimid ag caint faoin mbealach inar féidir le GRETB ina iomláine cloí leis an bhfreagracht atá air plé leis na scoileanna seo ar fad, cén líon bainisteoirí sinsearach atá sách líofa sa Ghaeilge ag an bpointe seo chun feidhmiú go héifeachtach trí Ghaeilge leis na coláistí seo?

Mr. David Leahy:

I do not have the number to hand. There are certainly not enough.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir teacht ar ais chuig an gcoiste le líon na mbainisteoirí sinsearacha atá chomh líofa sin?

Mr. David Leahy:

Okay.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist dheireanach agam. As an 70 nó 80 duine atá fostaithe in ardoifig GRETB chun tacú le coláistí dara leibhéal agus pobail Ghaeltachta, cén líon atá líofa go leor sa Ghaeilge chun seirbhís a chur ar fáil do na Gaelscoileanna agus pobail seo trí Ghaeilge? Cén plean atá ag an mbord chun é seo a chur ina cheart? Faraor, beidh orm imeacht ansin mar go bhfuil cruinniú coiste eile agam.

Mr. David Leahy:

Again, I will have to revert with the exact number. Are those 70 or 80 in administration?

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén líon de na daoine atá fostaithe san ardoifig ar fad a bhfuil Gaeilge líofa acu? An féidir é sin a chur ar fáil? Ar ndóigh, níl mise ar an gcoiste so beidh mé ag brath ar an gcoiste é a chur ar fáil dúinn ar fad.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfimid ar fáil don choiste oideachais é freisin. Tá Bláthnaid Ní Ghréacháin ag iarraidh teacht isteach.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ligfidh mé di teacht isteach ach, mar fhocal scoir dom féin, ar cheist na scéime teanga, tá sé iomlán soiléir sa scéim go raibh agus go bhfuil dualgas dlíthiúil ar an mbord go mbeadh Gaeilge mar chuid riachtanach den phost sin. Níl mé sásta leis an méid atá cloiste agam. Níl muid ag iarraidh a bheith ag tabhairt amach anseo ach tá sé seo fíorthábhachtach. Ní bhaineann sé sin le daoine cosúil liomsa nach raibh Gaeilge acu go dtí go raibh siad ar scoil amháin. Níos tábhachtaí fós, táimid ag caint ar phobail Ghaeltachta agus Ghaeilge a bhfuil sé de cheart acu chuile shórt a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh sa Stát seo. Muna bhfuil muid ag earcú daoine agus ag cur daoine isteach sna poist chun é seo a dhéanamh, níl na pobail sin in ann é sin a dhéanamh. Tá orm imeacht. Tá brón orm.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá an pointe déanta go han-mhaith ag an Teachta. Is ceisteanna maithe a chuir sí chun go mbeadh eolas againn faoi líon na ndaoine a bhfuil cumas acu na seirbhísí a chur ar fáil faoi láthair ach baineann an fíordhúshlán leis an gcritéar, an todhchaí agus céard atá chun tarlú a luaithe is a bheidh an chéad fholúntas eile ann agus an chéad fhógra eile le déanamh. Is san áit sin atá an cheist. Tá sé go maith dúinn é a admháil, mura bhfuil rud éigin riachtanach, gur cur i gcéill ar fad é. Is é sin atá ann. Is cur i gcéill ar fad é. Is féidir linn ar fad a rá go bhfuil meon, paisean agus díograis againn agus go ndéanfaimid daoine a spreagadh le dul chuig an nGaeltacht ar feadh deich lá i mbliain éigin. Is cur i gcéill é mura bhfuil sé riachtanach agus léirithe go bhfuil an cumas ag an duine feidhmiú trí mheán na Gaeilge i seirbhísí a chur ar fáil do scoileanna, do mhúinteoirí agus, ag deireadh an lae, do na páistí.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh chuile dhuine atá anseo tráthnóna chun an t-ábhar sin a phlé. Tá sé ráite nach bhfuil muid ag caint faoi fhostú an duine atá chun an post a fháil ach b'fhéidir go bhfuilimid.

Cé nach bhfuil a fhios agam cé a bheidh ag fáil an phoist, ó thaobh cearta fostaíochta de agus go dlíthiúil, tá duine ceaptha anois don phost sin. An bhfuil sé sin i gceart?

Mr. David Leahy:

Yes.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeadh athrú intinne ag an mbord ar an gcinneadh, cén impleacht a bheadh ann don fhostaí sin?

Mr. David Leahy:

There cannot be a change of mind in this regard. There is a contract. It would not be for the board to have a change of mind on it. Is Senator Kyne talking about the GRETB board?

Mr. David Leahy:

It would not be for the board to have a change of mind on that.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé a bheas i bhfeidhil ar chinneadh mar sin a ghlacadh?

Mr. David Leahy:

My colleague has just pointed out that the appointment of staff is an executive function, but we get requirements and stipulations. I used the word “specifications” earlier. We get specifications from the Department which we have to apply. It would not be an order. It would not be possible.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay. Tá an cinneadh déanta.

Mr. David Leahy:

Tá an cinneadh déanta.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an conradh sínithe.

Mr. David Leahy:

Yes, sin é. We are working together to ensure the standard of Irish. The person in question is already engaged in improving his or her Irish and that is a good thing and is expected. It is expected of us all. I am not happy that I do not have sufficient Gaeilge or that people on my team do not have sufficient Irish either. It is an ever-present challenge on which we wish to improve.

It is the only course we will pay for fully for all staff without question. If someone applies to do a course trí Ghaeilge, we will pay for it fully. It is the only course we will pay for in full for all staff. For clarity, we pay for some staff to do other courses if we require them to do certain things to upskill for their jobs. We might pay the full amount in cases like that but Gaeilge is the only one in GRETB we pay fully for all staff to engage in. For example, if people want to do a course in Galway university or a cúrsa samhraidh, we will pay for that.

We want people to improve. There are a whole series of things we are doing in GRETB to advance and improve Gaeilge which I have not referenced. That is the point I tried to make earlier. We are doing a lot. I accept we could do more. We will be ever challenged to try to do more but it is not as if the meon is not there. It actually is. It sounds defensive, I suppose, when you try to explain that you actually have an interest in it and that you see a real positive advantage in people doing it with the right disposition, that is, people doing it because they want to do it rather than us making it compulsory. Much more advantage and progress are achieved if there are people with the right disposition wishing to advance their Gaeilge for the right reasons.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar pléadh an fógra don phost seo ag leibhéal an bhoird?

Mr. David Leahy:

We did not discuss in the way that might have been relayed earlier. Once the competition becomes live, it is not discussed until it reaches completion.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh an t-ábhar seo ardaithe ag leibhéal an bhoird sular fógraíodh an post?

Mr. David Leahy:

It was raised by a member of the board when the competition was live but I could not speak about the competition. While I could speak generally about the requirement, I could not speak to the competition because it was already advertised when it was raised at the board.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí deis ag an mbord ag an am sin stop a chur leis an bpróiseas.

Mr. David Leahy:

Why would we have stopped the process when there was a requirement to run through with the process? Why would the process have been stopped?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an t-ábhar ardaithe ag leibhéal an bhoird. Bhí duine éigin, nó daoine, chomh maith leis an gcomhdháil agus grúpaí eile míshásta leis seo. Cén fáth nár cuireadh stop leis an bpróiseas seachas é a phlé ionas go mbeadh plé oscailte faoin tábhacht a bhaineann le duine líofa sa Ghaeilge a bheith sa phost seo?

Mr. Pádraig Ó Foghlú:

De réir an eolais atá againn, bhí an cheist seo ardaithe i mí Eanáir na bliana seo sula raibh an duine éirithe as an bpost atá mar stiúrthóir scoileanna faoi láthair. Bhí sé ardaithe leis an mbord sula raibh duine éirithe as an bpost agus sula raibh an post fógartha. Is é sin an t-eolas atá againn.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ndearna an bord cinneadh leanúint ar aghaidh?

Mr. David Leahy:

No. It is not a decision for the board. It is an executive function to appoint staff. It is not a decision for the board. It is not part of its reserved functions.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Más rud é go raibh an t-ábhar seo ardaithe ag daoine, cosúil leis an gcomhdháil agus an t-iarstiúrthóir, don bhord, bhí ceisteanna anseo faoin phróiseas, na rialacha agus an fhoclaíocht sa fhógra, ach lean an board ar aghaidh.

Mr. David Leahy:

We are not permitted to change the requirements. They come from the Department via circular letter. For all director posts, and in this case, director of schools, we have to adhere to the specifications which come from the Department. We cannot deviate from that.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh rogha ag an mbord mar sin.

Mr. David Leahy:

We do not have a choice about the specifications.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh an bord in ann a rá go dteastaíonn Gaeilge líofa.

Mr. David Leahy:

It was a requirement. We put it in as “desirable” but we could not say it was absolutely necessary.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh rogha ag an mbord ar chor ar bith.

Mr. David Leahy:

That is how I understand it. We do not have the freedom to amend or adjust the specifications.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay. Níl a fhios agam. Is í an fhadhb anseo ná go raibh Gaeilge líofa ag an duine a bhí ann, ach anois tá GRETB ag tabhairt céim siar seachas chun tosaigh. I gcomhthéacs chuile rud atá muid ag déileáil leis ó thaobh an Stáit de faoi láthair, cosúil leis an bpróiseas earcaíochta ionas go mbeidh 20% de Státseirbhísigh ina Gaeilgeoirí sna blianta atá amach romhainn agus an coiste comhairle atá bunaithe ag leibhéal na Roinne caiteachais poiblí, a bhfuil stiúrthóir ó Roinn na Gaeltachta ina chathaoirleach air, tá muid ag dul sa treo is go mbeidh níos mó daoine sa Státseirbhís atá líofa i nGaeilge agus atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, ach tá GRETB ag dul sa treo eile.

Mr. David Leahy:

Níl muid.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an rud.

Mr. David Leahy:

That is certainly not our intention. We certainly hope to continue the advance we think we are making. Some of us will have to make a greater effort to enhance and improve our fluency. That is a good challenge and is positive. We are all reminded of a member of this committee who was made Minister of State and had to increase his fluency and did so.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In fairness, yes.

Mr. David Leahy:

It was a lesson for us all to which we can look and see what someone can do, and did. Hopefully, more than 5% or 10% will be líofa líofa if we all make a collective effort to try to improve. Once the deposition is right and there is a willingness to improve one’s competence, many good things can happen. There might be an opportunity-----

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá sé seo i bhfad níos leithne ná aon duine aonair. Guím gach rath ar pé duine atá i mbun pé post nua atá sé nó sí ag glacadh in aon bord oideachais agus oiliúna timpeall na tíre. Tá GRETB tar éis a bheith ina cheannródaí anseo maidir le forbairt oideachais Ghaeltachta agus tá obair dochreidte déanta ag GRETB le blianta anuas. Is gá é sin a aithint mar go bhfuil an líon is mó scoileanna Gaeltachta faoina phátrúnacht. Is céim chun deiridh a bheas anseo, áfach, agus beidh tionchar uafásach aige seo ar bhoird oideachais agus oiliúna eile. Bhí mé buartha ar maidin ach tá mé an-bhuartha agus an-chráite anois ar fad mar go bhfuil sé soiléir go bhfuil an milleán á chur ar ais ar an Roinn Oideachais. Ba cheart don Chathaoirleach cuireadh a thabhairt don Roinn Oideachais le fáil amach cé atá freagrach as na critéir a bhí leagtha amach don phost. Bhí scéim teanga réitithe, aontaithe, daingnithe agus faofa ag GRETB le Roinn na Gaeltachta agus ba cheart cloí leis an scéim agus leis an aontú sin.

Luadh "riachtanas ardleibhéal inmhianaithe" i measc na critéir. Mar a dúirt mé, b'fhéidir nach mbeidís sásta le Ciarraíoch cosúil liom féin sa phost le mo chanúint. Más rud é go mbeadh canúint Chonamara inmhianaithe, bheadh sé sin go breá. Bhí an Ghaeilge riachtanach. Mar a dúirt mé, aithníodh é sin ag boird oideachais agus oiliúna eile le déanaí. Bhí teagmháil ag an gCoimisinéir Teanga leo agus rinne siad an post a athfhógairt. Déanann muid ar fad botúin. Níl a fhios agam an bhfuil sé ró-dhéanach an botún seo a cheartú, más botún sa phróiseas earcaíochta agus sa phróiseas ceapachán a bhí ann. Má bhí sé riachtanach an dualgas nó an riachtanas teanga a bheith luaite san fhógra, an bhfuil sé ró-dhéanach? Ní dlíodóir mé. Mar a dúirt mé, tá sé seo i bhfad níos leithne ná an duine amháin. Tá ceisteanna le freagairt ag na boird oideachais agus oiliúna. Cinnte, tá ceisteanna le freagairt ag an Roinn oideachais más iad sin a threoraíonn na boird oideachais agus oiliúna. Ba chóir go mbeadh sé soiléir céard iad na critéir agus nach féidir dul ar chlé nó ar dheas uathu. Tá freagraí ag teastáil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá beirt eile le teacht isteach. Ba cheart go dtiocfadh an chuid seo den chruinniú chun deiridh ar 3 p.m. Tá sé tar éis 3 p.m. anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh mé iarracht teacht go dtí an pointe go sciobtha. Ar an gcéad dul síos, tá fáilte roimh na finnéithe agus is maith an rud é go bhfuil plé bríomhar air seo. Caithfimid bheith cliniciúil faoi seo agus leigheas a fháil. Is é ról an choiste ná moltaí a dhéanamh le leigheas a fháil nuair a éiríonn deacracht. Is féidir linn bheith ag caint faoi go deo ach tá fadhb ollmhór ann. Séard atá uaim agus uainn uilig ná réiteach córasach. Is é sin go n-athrófar an córas le nach féidir le rud mar seo tarlú. Roimhe sin, tá ceist theicniúil ann: an sárú dlí a bhí i gceist, nó nach ea? Nílim chun an cheist sin a fhreagairt, ach táim chun é a ardú. Táim chun moladh a dhéanamh cé a fhreagróidh an cheist chomh maith.

Deirtear sa plean teanga:

Tá na poist liostáilte thíos sainithe mar phoist a mbaineann riachtanas inniúlachta Gaeilge leo. Tá sé i gceist go mbeidh caighdeáin shonraithe chreidiúnaithe sa Ghaeilge bainte amach ag sealbhóirí na bpost seo i gcomhréir le cúraim an phoist.

Tá sé sin an-soiléir. Cuid de chúram an phoist is ea bheith freagrach as ocht scoil atá ag múineadh trí Ghaeilge. De réir an dlí, agus tá seasamh dlí ag pleananna teanga, caithfidh an caighdeán sonraithe a bheith i gcomhréir leis an bpost. An moladh atá agamsa don choiste - ní gá d'éinne é seo a fhreagairt - ná go dtógfaidh muidne an cheist go dtí an Coimisinéir Teanga agus go n-iarrfaimid air imscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo a leanas: an gcreideann seisean go bhfuil sárú dlí i gceist anseo nó nach bhfuil?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn é sin a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá dúinn a bheith ag dul anonn is anall. Tá córas ann faoin tslí cheart agus is é sin an fáth ar bunaíodh an córas.

Tá ceist agam do GRETB. Táimid ag díriú ar an bhfostaíocht, ach níl san fhostaíocht ach uirlis. Tá sé cosúil le láí a bheith ag duine atá ag iarraidh dul ag tochailt sa talamh. Níl ann ach uirlis. Is é an fáth go bhfuil na riachtanais seo ann ná chun seirbhísí a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus scoileanna atá ag múineadh trí Ghaeilge. Is é sin an fáth go bhfuil uirlis na teanga chomh tábhachtach sa chás seo. An bhféadfadh David Leahy a chur in iúl dúinn, ó thaobh cumarsáid béil agus ó thaobh cumarsáid scríofa leis an ocht scoil sin - agus le múinteoirí; is cuma cá háit a bhfuil siad ag múineadh - an mb'fhearr leo cúrsaí HR agus mar sin a dhéanamh trí Ghaeilge le GRETB? An bhféadfadh sé a rá linn céard iad na seirbhísí atá GRETB ag cur ar fáil trí Ghaeilge?

Mr. David Leahy:

We have a timire Gaeilge who liaises with the schools, the staff, the students and other people engaged with us with regard to Irish. That position will be advertised in the very near future.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le soiléiriú a dhéanamh, abair go raibh GRETB ag plé le ceist caidreamh daonna, HR, agus go raibh air glaoch ar scoil lán-Ghaeilge. An ndéanfaí an gnó sin i nGaeilge nó i mBéarla?

Mr. David Leahy:

It has typically been done in English thus far.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeadh an eagraíocht ag cur imlitreacha chuig scoileanna Gaeilge agus Béarla, an mbeadh an litir i nGaeilge nó i mBéarla?

Mr. David Leahy:

In Irish. If we receive a litir trí Ghaeilge, the freagra-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No, imlitir. Circular.

Mr. David Leahy:

We also send those in Irish. If we receive something in English, we translate it and send it to the schools in Irish.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá chuile shórt - chuile chaidreamh - scríofa i nGaeilge.

Mr. David Leahy:

I do not want to say absolutely, but there is an absolute intention to make sure-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No, no-----

Mr. David Leahy:

No, I believe it does but I am prefacing what I am saying, lest the committee can find one letter that shows that we did not do it on an occasion, by clarifying that it would be normal course for us to do this.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfá seiceáil agus teacht ar ais, mar níl aon mhaith a bheith ag tuairimíocht anseo? Tá David Leahy ag rá go bhfuil an cuid is mó den chaidreamh taobh amuigh den timire Ghaeilge leis na scoileanna trí Bhéarla seachas corrdhuine anonn is anall go bhfuil Gaeilge acu.

Mr. David Leahy:

The translation would be done inhouse or we would buy in the service.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann sé sin le haistriú. Tá an finné tar éis a dhearbhú go bhfuil na seirbhísí idirphearsanra, taobh amuigh den chúpla duine le Gaeilge, déanta go hiondúil trí Bhéarla. Fíricí atá uaim.

Mr. David Leahy:

Okay. I am saying that if a príomhoide rings the HR department - I am not privy to the conversations - I imagine that would be conducted trí Bhéarla. There are people who can speak Gaeilge. I am not sure whether they speak Gaeilge or Béarla when they are conversing with management in the schools.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An nós atá ag daoine atá líofa sa Ghaeilge nó compordach leis an nGaeilge nuair a chasann siad le Gaeilgeoir eile ná iompú ar an nGaeilge. Tugaim sin faoi deara. Fágfaimid sin mar atá sé.

Is dóigh liom go bhfuil trí rud gur féidir leis an gcoiste seo a dhéanamh. Níl aon mhaith bheith ag gearán. An chéad rud gur féidir linn a dhéanamh ná tuilleadh eolais a fháil maidir le céard atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ó GRETB. An dara rud gur féidir linn a dhéanamh ná moladh a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go dtabharfar tús áite maidir le cúrsaí Gaeilge nuair atá siad ag leagan síos na caighdeáin do na ETBs. Is é sin an dara moladh atá agam. Tá an chéad mholadh don choimisinéir. An tríú moladh atá agam ná go gcuirfidh an coiste seo moladh fíorláidir ar aghaidh go mbunófar ETB amháin a dhéanfadh freastal ar chuile Ghaelscoil, chuile Ghaelcholáiste agus chuile chúrsa breisoideachas trí Ghaeilge ar fud na tíre, rud atá mé ag iarraidh le 14 bliana nó níos mó.

Má choinníonn muid na moltaí sonrach, simplí agus dearfach, sílím go dtiocfaimid ar réiteach na faidhbe. Níl mise ag iarraidh an milleán a chur ar éinne; tá an saol mar atá an saol. Is é an jab atá againn ná réiteach córasach a fháil ar na fadhbanna. Tá súil agam gur moltaí ciallmhara stuama iad na moltaí sin agus go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Thabharfadh siad toradh dúinn seachas bheith ag argóint lena chéile. Bheadh sé úsáideach dá mbeimid in ann an méid eolais agus is féidir a fháil ó na ETBs atá ag freastal ar Ghealscoileanna - táthar i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin freisin - maidir leis na hacmhainní atá acu leis an jab a dhéanamh i gceart. Is é sin an méid atá uainn.

Dá mbeadh ETB ar leith ag plé leis na scoileanna seo ar fad, bhainfeadh sé an cúram ollmhór den chaighdeán a mbeifí ag súil leis, go dtógfaí cé mhéad ETB sa tír agus chuirfí in áit lárnach iad, go mbeadh gach uile dhuine ag labhairt Gaeilge go nádúrtha agus nach dtiocfadh sé sin i gceist.

An tuiscint atá agam ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla ná, ach an oiread le rialacha sábháilteachta agus mar sin de, fiú mura ndeir an Roinn Oideachais é, má tá dlí ann, tá dlí ann. Mar sin, ní féidir neamhaird a thabhairt ar aon dlí agus post á fhógairt. An dara rud, tá an fhoclaíocht anseo sách soiléir mar deir sé "sainithe" agus sainíonn sé na poist. Nuair a bhíonn GRETB ag ceapadh múinteoirí, bíonn sé ag iarraidh an duine is fearr ar ndóigh. Caithfidh an duine is fearr a bheith cáilithe ó thaobh an oideachais de. I gcás Gaelcholáiste, de réir mar a thuigim ón eolas atá tugtha, caithfidh cáilíocht Gaeilge a bheith acu. Is féidir leis an nGaeilge a bheith leagtha síos mar riachtanas do phoist áirithe. Is léir gur leag GRETB féin síos é do phoist áirithe, post an stiúrthóra san áireamh. Tá réiteach ar an bhfadhb. Más rud é go ndeir an coimisinéir gur sáraíodh an dlí, b'fhéidir go mbeidh ar GRETB an dara stiúrthóir a ceapadh agus ceann ag plé le scoileanna Gaeilge agus an ceann eile le scoileanna Béarla. Is cuma liom faoi réiteach na faidhbe ach é a réiteach.

Ms Anne McHugh:

Bheadh sé sin iontach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Aindrias Ó Muineacháin ag freastal ar an gcruinniú thar MS Teams agus tá a lámh in airde. An bhfuil David Leahy ag iarraidh freagra a thabhairt ar an méid sin ar dtús?

Mr. David Leahy:

No, I do not have my hand up.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Ó Muineacháin fós ansin? Feicim a charbhat ar aon chaoi.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta ann agus ag breathnú go breá.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag éisteacht. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bhfreagraí agus cur i láthair. Triailfidh mé gan athrá a dhéanamh ar an méid a bhí ann cheana féin.

Cloisim ó David Leahy nach bhfuil riachtanas, nó go mbraitheann GRETB nach raibh riachtanas, dlíthiúil ann go mbeadh an Ghaeilge ag teastáil i gcomhair an phoist seo. Fós bheadh dualgas ar GRETB plé le daoine trí Ghaeilge. Bhí tagairt níos luaithe don phlé mar gheall ar an scéim teanga. Conas atá GRETB chun freastal ar mhuintir na Gaeilge agus ar a riachtanais reachtúla trí sheirbhís trí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine i mí Mheán Fómhair nó an bhfuil plean cinnte leagtha amach aige chuige sin?

Mar a thagair an Teachta Ó Cuív, uaireanta nuair a fhógraítear post, leagtar síos riachtanais dó agus bíonn rudaí eile - desirables - i gceist chomh maith. Uaireanta, ní bhítear ábalta teacht ar dhuine le gach cáilíocht ach bíonn deis ann cáilíocht a bhaint amach fad is atá an duine sa phost. An raibh sé seo san áireamh ag GRETB lena leithéid de phost nó an raibh aon phlé air? Tá scátheagraíocht do na ETBs chomh maith. An raibh aon phlé le ETBs eile nó leis an scátheagraíocht, nó comhairle óna chéile, maidir le conas a leithéid de phost a láimhseáil, go háirithe nuair nár bhraith GRETB go raibh riachtanais dhlíthiúla ann ach fós go raibh sé ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta? Ar ghlac GRETB comhairle ó scátheagraíocht, ó ETB eile nó ó aon dream eile ar conas a leithéid a láimhseáil?

Mr. David Leahy:

There was a question, obviously, on what the candidate's standard of Irish was. Then there was a ceist in the agallamh trí Ghaeilge. Each candidate got the same question and got a chance to respond. Therefore, we got a sense of people's competence in Irish in the course of the agallamh. Given that we asked the question, we obviously wanted to take it into consideration as well. The person will work with people trí Ghaeilge, but he or she is not líofa. The person will not be líofa in September, but we hope the person will improve as he or she goes into the job and works with people. The person will have to improve the quality of his or her standard such that he or she is able to conduct their obair trí Ghaeilge. The question was long and I am not sure whether I answered all of it.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloisim go raibh sé mar cheann de na spriocanna "desirable" i gcomhair an phoist. Dúirt David Leahy go bhfuil deis ag an duine cáilíocht as Gaeilge a bhaint amach. An bhfuil aon tréimhse ama i gceist leis sin? Cad é an plean do mhí Mheán Fómhair? Conas atá GRETB chun freastal ar mhuintir na Gaeilge agus ar a fhreagrachtaí reachtúla seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do choláistí agus phobal na Gaeilge i mí Mheán Fómhair?

Mr. David Leahy:

The person is already engaged in one-to-one tuition. She is actually trying to improve her Irish through the summer and will be expected to continue that and to work with the schools come September as part of her job. She will be expected to continue to improve her Gaeilge as she goes. All the other services we have offered prior to this appointment and that we will offer into the future, which have previously been offered to schools, will continue to be offered. We are not taking anything away. For example, I mentioned the timire earlier. The timire we have had for the last 22 bliain will retire, ag éirí as an bpost for the new academic year. We will appoint somebody new to assist in that as well. We have other staff that are líofa freisin. They will be ag obair leis na scoileanna agus mise freisin.

Ms Anne McHugh:

Tá an-chuid tacaíochta ar fáil ón ETBI fosta. Tá oifigeach Gaeilge in ETBI agus bíonn sí ag tacú leis na scoileanna agus na stiúrthóirí. Déarfainn go mbeidh sí ábalta tacú leis an stiúrthóir nua GRETB fosta.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh mé leis an bpointe céanna maidir leis an scátheagraíocht agus an teagmháil ansin. Cén saghas plé a bhí ag GRETB leo mar gheall ar an bpost seo a fhógairt agus duine le Gaeilge a fháil? An raibh aon phlé le ETBs eile ar conas a dhéanann siad an dúshlán céanna a láimhseáil? Ar ghlac GRETB le comhairle? Ar lorgaíodh comhairle ó eagrais eile chun a chinntiú go raibh GRETB ag dul sa treo ceart leis an bpost seo? Táim cinnte go bhfuil ETBs eile ar fud na tíre tar éis poist a fhógairt agus daoine a earcú i gcomhair poist cosúil leis seo ach gur láimhsigh siad ar bealach difriúil iad.

Mr. David Leahy:

From GRETB, the interview board consisted of myself, a person from ETBI and a chief executive from another ETB, Anne McHugh.

Obviously, we have consulted among our colleagues. Aside from ETBs, I am not sure of what other entities Deputy Moynihan has referenced.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha go raibh mé ag smaoineamh ar aon scátheagraíocht i gcomhair an ETB. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil ETBs eile ag earcú. Tá ról ceannaireachta sa chóras oideachais acu, díreach mar atá ag GRETB. Tá siad ábalta an dúshlán seo a láimhseáil, daoine a earcú agus mar sin de. An raibh plé ag GRETB leo mar gheall ar conas a chinntiú go raibh GRETB ag dul sa treo ceart, go raibh GRETB ag comhlíonadh na riachtanas dlíthiúil, go raibh gach rud san áireamh agus go raibh GRETB ag freastal ar mhuintir na Gaelainne mar ba chóir dó agus mar a dhéanann ETBs eile?

Mr. David Leahy:

We believe we were compliant with the legislation and the requirements for the position. Obviously, we consult and talk with our colleagues in ETBs, such as chief executives, every month. I am sure others will have the same challenge in ensuring that when you are appointing a director or a chief executive, the person appointed is the most suitable person, taking all criteria into account, not just one. The challenge is to find the most suitable person because nobody will have all the criteria covered in abundance. It is just not humanly possible. During the course of this meeting, people have referenced "the best person". We do not use that terminology. We use "the most suitable person for the role". We believe we have appointed the most suitable person for the role.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Más rud é go raibh teagmháil le ETBs eile, an é sin le rá go bhfuil ETBs eile den tuairim chéanna le GRETB nach bhfuil riachtanas reachtúil ann? Más rud é go bhfuil ról tánaisteach ag an nGaeilge maidir leis an bpost seo, is amhlaidh go bhfuil contagion éigin anseo go gcaithfí a mhúchadh go tapa chun a chinntiú go bhfuil ETBs eile ar fud na tíre ag freastal ar mhuintir na Gaeilge.

Ms Anne McHugh:

Beidh an chéad chruinniú de chuid na bpríomhfheidhmeannach i mí Mheán Fómhair. Is dócha go mbeidh an t-ábhar seo ar an gclár. Beidh píosa cainte againn faoi, ar ndóigh. Ní raibh sé riamh ar chlár na bpríomhfheidhmeannach, ach is cinnte gur topaic thábhachtach í. Thiocfadh linn é a chur ar an gclár don chéad chruinniú eile.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ar GRETB teacht ar ais chuig an gcomhchoiste maidir leis na figiúirí atá ann do líon na mbainisteoirí sinsearacha agus líon na bpríomhfheidhmeannach leis an ETB atá líofa agus éifeachtach trí Ghaeilge. An bhfuil GRETB ag filleadh orainn leis na figiúirí sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá. Dúirt David Leahy go dtiocfaidh sé ar ais chugainn leis na figiúirí díobh siúd san eagraíocht a bhfuil líofacht na Gaeilge acu.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a fhillfidh David Leahy leis sin, an bhféadfadh sé filleadh chomh maith ar aon eolas nó aon rud a tháinig as an gcruinniú leis na ETBs eile nuair a pléadh an cheist mar gheall ar an riachtanas reachtúil. Dá mbeadh aon aiseolas ann, bheadh an-shuim agam chun a chinntiú nach bhfuil aon contagion ansin agus go bhfuil ETBs ar fud na tíre ag freastal ar phobal na Gaeilge.

Ms Anne McHugh:

Déanfaimid é sin, cinnte.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dhá cheist ghairid agam. An nglacann lucht GRETB leis go ndearna siad botún maidir leis an riachtanas Gaeilge ón méid a chuala siad inniu? Léirigh an Teachta Farrell go raibh an scéim ann. Má rinne GRETB neamhaird ar an scéim, tá botún déanta agus cliseadh dlí ann. Is féidir leis an gcoimisinéir é sin a dhéanamh. Má ghlacann GRETB leis go ndearna sé botún, beidh daoine in ann glacadh leis. Is féidir botún a cheartú.

Mr. David Leahy:

I do not believe any mistake was made.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar luaigh GRETB leis an Roinn go raibh an scéim teanga ag teacht salach ar chiorclán na Roinne?

Mr. David Leahy:

No.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ardóidh muid an cheist sin leis an Roinn. Glacaim leis go bhfuil scéim teanga GRETB cosúil leis na scéimeanna teanga ag na ETBs eile timpeall na tíre.

Mr. David Leahy:

I do not know.

Ms Anne McHugh:

Níl a fhios agam.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá siad ar fad an-chosúil lena chéile. Tá poist sainithe áirithe luaite ag na boird oideachais agus oiliúna eile, ina measc poist ar nós príomhóidí, múinteoirí agus príomhóidí tánaisteacha. Chun cothrom na Féinne a thabhairt do GRETB, sílim ó mo thaighde féin go bhfuil níos mó poist sainithe luaite ag GRETB leis an nGaeilge ná na boird oideachais agus oiliúna eile ach amháin nar cuireadh san áireamh é an babhta seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim dá réir, toisc go bhfuil níos mó post sainithe luaite ag GRETB, go mbeidh riachtanas Gaeilge luaite san fhógra don chéad phost eile. An mbeidh?

Mr. David Leahy:

It depends on the job. A timire Gaeilge would obviously have to be flúirseach and líofa trí Ghaeilge and caighdeán an-ard. As for stiúrthóirí eile, we cannot change the requirements or the specifications unilaterally.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigeann mise an sórt sáinn atá luaite ag David Leahy ach mura ndeir duine éigin leis an Roinn go bhfuil a ciorclán mícheart nó go bhfuil siad ag teacht salach ar an dlí, ní ar GRETB a bheidh an locht, ach ar an Roinn. Is féidir linn é seo a fhágáil don Choimisinéir Teanga, nó is féidir linn déileáil leis trí chuireadh a thabhairt don Roinn teacht os ár gcomhair. Ba fhearr liom ag an stad seo é a thabhairt don Choimisinéir Teanga ar eagla go gcaillfear é má tá toghchán nó rud éigin amach anseo. Dhéanfadh sé sin an dualgas atá ar GRETB a shoiléiriú dó agus dúinn. I mo thuairim, fad is atá scéim ann, tá an scéim chomh láidir nó níos láidre ná ciorclán, toisc go mbaineann sé le heagraíocht faoi leith agus go bhfuil sé sínithe agus glactha ag Aire na Gaeltachta

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Rinne an Teachta Ó Cuív agus an Cathaoirleach moltaí breátha faoi réitigh chórasacha. Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil ceist na líofachta an-shuibiachtúil go deo. Nuair atá réiteach á lorg ón Roinn Oideachais, beidh gá le córas trédhearcach oibiachtúil éigin maidir le ceist na líofachta a éileamh, ag úsáid an creata Eorpaigh nó cibé rud ach rud éigin atá trédhearcach agus go dtuigfidh gach uile dhuine céard iad na caighdeáin agus hionchais atá ann agus go dtabharfaidh sé dréimire forbartha do mhúinteoirí agus do dhaoine ag plé leis na ETBs ar fud na tíre.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá pointe eolais agam ar an ábhar sin. Nuair a cháilíonn múinteoirí thar lear trí mheán teanga eile, nuair is mian leo clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, mar shampla, sílim gur gá dóibh leibhéal C1 sa chreat Eorpach don Bhéarla a bhaint amach. Bheimis ag éileamh an leibhéil chéanna sa Ghaeilge. Tá na poist ardbhainistíochta seo oscailte don chomórtas tras-Eorpach, de réir mar a thuigim. D'fhéadfadh aon duine ó aon cheann de thíortha an Aontais Eorpaigh cur isteach ar na poist seo. Ní hamháin nach raibh cáilíocht sa Ghaeilge á meas ag an bpróiseas earcaíochta seo, ach níor chuala mé go raibh aon phróiseas neamhspleách chun cáilíocht sa Bhéarla a mheas.

Tá sé suimiúil go bhfuil muid ag lorg ardleibhéal sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Mar fhocal scoir, tá 70% de na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi na boird oideachais agus oiliúna. Tá seisiún an lae inniu tar éis léiriú dúinn cén fáth nach bhfuil fás tagtha ar an nGaeloideachas ag an dara leibhéal sa tír seo agus na dualgais throma atá ar na boird oideachais agus oiliúna nuair atá 25% de phobal na tíre ag éileamh oideachais lán-Ghaeilge. Ag an ráta reatha, tógfaidh sé 100 bliain orainn go dtí go mbíonn Gaelcholáiste neamhspleách i ngach contae in Éirinn, pé duine a mhairfidh do 2124.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé críoch a chur leis an gcuid seo. Táimid imithe leathuair an chloig thar am. Sula ndéanfaidh mé é sin, caithfidh mé aontú a fháil - uaim féin ag an staid seo - glacadh leis na moltaí a rinne an Teachta Ó Cuív. Glacaimid leis an moladh go ndéanfaimid an t-eolas breise a bhí á lorg i rith an chruinnithe a lorg ón ETB, go gcuirfimid an cheist seo ar aghaidh chuig an gCoimisinéir Teanga agus go n-iarrfaimid air iniúchadh níos mó a dhéanamh, go háirithe ar na coinníollacha atá i gceist. Tá súil againn go mbeidh caighdeáin foilsithe amach anseo. Dúradh linn go mbeidh caighdeáin ón gcoiste comhairleach a bunaíodh de thairbhe Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ag teacht amach am éigin i mí Mheán Fómhair. Beidh rudaí beagáinín níos soiléire faoin am seo. Tá súil againn go dtabharfaidh na ETBs tús áite do na caighdeáin seo. Is ceist mhór an ceann deireanach a luaigh an Teachta nach féidir liom a aontú liom féin. Bhain sé le ETB do na ceantair Ghaeltachta agus Gaelscoileanna amháin. Is féidir linn an cheist sin a ardú ag staid éigin eile. Beimid ag déileáil le ceist an bhreisoideachais leis na huachtaráin ar fad tar éis an tsamhraidh. Aontaítear na moltaí sin ar fad. Glacaim leis go bhfuil an Teachta Connolly ina bhfabhar chomh maith.

Cuirfidh mé clabhsúr leis an gcuid seo den seisiún. Gabhaim buíochas le Anne McHugh, David Leahy, Bláthnaid Ní Ghréacháin, Dónal Ó hAiniféin, Chloé Ní Mháille agus Pádraig Ó Foghlú. Tá brón orainn nár shroich Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh ná Marjorie Uí Chearbhaill muid an t-achar seo. B'fhéidir go mbuailfimid leo am éigin eile. Cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí ar feadh deich nóiméad agus ansin tosóimid leis an gcéad seisiún eile, ina mbeimid ag plé an éilimh ar Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hionadaithe thar ceann na heagraíochta SEALBHÚ.

Chuaigh an comhchoiste ar fionraí ar 3.33 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.39 p.m.