Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de. Tá an Seanadóir Barry Ward, an Teachta Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee i láthair, mar aon liom féin. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Seán Kyne. Inniu, déanfaimid ár mbreathnú ar an gcáipéis An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh Chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh. Chomh maith leis sin, fearaim fáilte roimh fhinnéithe an tseisiúin inniu: Julian de Spáinn, ardrúnaí Conradh na Gaeilge; Gráinne Nic Niallais, oifigeach pleanála teanga do bhaile seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith agus ball den mheitheal náisiúnta pleanála teanga; agus an t-iar-ollamh airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin. Tá siad anseo thar ceann Chonradh na Gaeilge. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus comhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime an choiste. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin nuair atá siad ag teacht isteach go fíorúil ar Microsoft Teams. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach mbeidh siad féin ag caint leis an gcoiste.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu ach is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.
Aontaím ar fad leis na rialacha sin. Iarraim anois ar Julian de Spáinn, Fionnbarra Ó Brolcháin agus Gráinne Nic Niallais ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann an chonartha maidir leis an bplean fáis.
Mr. Julian de Spáinn:
Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gCathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as an deis a bheith anseo inniu in éineacht le Gráinne Nic Niallais, ó bhaile seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith agus ón meitheal náisiúnta pleanála teanga, agus Fionnbarra Ó Brolcháin, iar-ollamh airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 a phlé leo agus a dtacaíocht a lorg dó. Tá an seisiún seo inniu an-ábhartha agus ár lá stocaireachta, SEAS 24, ag dul ar aghaidh trasna an bhóthair in Óstán Buswells.
Tosóidh mé le cuid den bhuneolas a bhaineann leis an bplean fáis a chur os comhair an choiste. Bhí go leor feachtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht eagraithe thar na blianta ach ní raibh feachtas sonrach cuimsitheach eagraithe roimh 2016 le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhéadú go suntasach agus le cothrom na Féinne a bhaint amach ó na cistí Stáit Thuaidh agus Theas. In 2016, chomhordaigh an conradh an chéad phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le tacaíocht ó 90 grúpa eile agus d’éirigh linn stop a chur leis na ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm, go háirithe idir 2008 agus 2016, agus €31 milliún a bhaint amach a bhaineann go dlúth le héilimh a leagadh amach sa phlean infheistíochta idir 2016 agus 2022. Baineadh €14 milliún eile amach sa bhreis air sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nár bhain go dlúth le héilimh sa phlean infheistíochta.
Cé go raibh sé go maith gur éirigh linn maoiniú sa bhreis a bhaint amach, caithfear a thógáil san áireamh go bhfuil maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta bunaithe ar bhonn ró-íseal go stairiúil. I gcomhthéacs chaiteachas an Stáit, níl ach idir 0.13% agus 0.17% de chaiteachas an Stáit ó Dheas á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta idir Roinn na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4 ó 1956 go dtí an lá atá inniu ann. Mar sin, tá easpa uaillmhian an Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le feiceáil thar na blianta ó thaobh acmhainní a chur ar fáil. Lena gceart a thabhairt do rialtais éagsúla, tá gach seans ann nár thuig siad nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt acu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá samplaí d’Airí éagsúla ag tabhairt arduithe suntasacha ar mhaoiniú a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá siad le moladh as sin a dhéanamh ach, mar a luaigh mé roimhe seo, bhí an bonnleibhéal i bhfad ró-íseal i gcónaí.
Déanfaidh mé tagairt shonrach d’Fhoras na Gaeilge maidir leis an easpa cothromaíochta sa mhaoiniú atá faighte ag an eagraíocht tras-Teorainn le 20 bliain anuas. Déanfaidh Gráinne Nic Niallais cur síos níos déanaí maidir le cás Údarás na Gaeltachta, mar eolas. Nuair a dhéantar comparáid idir athruithe buiséid de chuid na Comhairle Ealaíon ó Dheas agus Foras na Gaeilge ó 2003 go 2022, is léir nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an fhorais le 20 bliain anuas, fiú nuair a bhí arduithe móra á dtabhairt le haghaidh buiséid áisíneachtaí Stáit eile. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge íslithe le 20 bliain anuas ó €17.18 milliún go €16.26 milliún. Sa tréimhse chéanna, tá buiséad na Comhairle Ealaíon ó Dheas ardaithe ó €44.1 milliún go €130 milliún. Nuair a chuirtear boilsciú an innéacs praghsanna san áireamh, is ionann an t-ísliú i mbuiséad an fhorais agus ísliú 45% ar a bhuiséad ón méid maoinithe a bhí aige sa bhliain 2003 agus atá le bheith aige sa bhliain 2024.
Léiríonn na figiúirí suntasacha seo ar fad nach bhfuil ag éirí leis an struchtúr tras-Teorainn cothrom na Féinne a bhaint amach i maoiniú na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl an socrú maoinithe nó an coibhneas maoinithe Thuaidh-Theas don áisíneacht tras-Teorainn ag oibriú amach agus tá ceist mhór ann an féidir é seo a réiteach i bhfianaise na fírice nár tugadh ardú suntasach don fhoras nuair a bhí airgead breise le roinnt Thuaidh nó Theas le 20 bliain anuas. Tá cúpla réiteach a d’fhéadfaí a úsáid leis seo a chur ina cheart. Mar shampla, is féidir an meamram airgeadais idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine a athrú le ligean do cheachtar de na Rialtais ó Dheas nó ó Thuaidh maoiniú suntasach sa bhreis a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge gan aon airgead sa bhreis ag teacht ón Rialtas eile nó socrú eile a chur ar bun a dheiseodh an fhadhb struchtúrtha maoinithe atá ag Foras na Gaeilge maidir leis na bunchéatadáin, atá reoite ag 75% ó Rialtas na hÉireann agus 25% ón Rialtas ó Thuaidh ó tháinig ann don eagras tras-Teorainn an chéad lá.
Táimid ag éileamh ar na Rialtais Thuaidh agus Theas le roinnt blianta socrú mar seo a dhéanamh agus struchtúr maoinithe an fhorais a dheisiú. Sa chás nach féidir é seo a bhaint amach áfach, caithfear a bheith cróga le féachaint ar fhéidearthachtaí eile le maoiniú sásúil agus cothrom a chur ar fáil d’fhorbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar nós an moladh a cuireadh san áireamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le háisíneacht Stáit eile a chur ar bun - údarás na Gaeilge, Thuaidh agus Theas - le bord tofa nó struchtúr eile a chinntíonn fíorionadaíocht ón bpobal. Inár dtuairim, níor chóir an Ghaeltacht a chur san áireamh sna freagrachtaí a bheadh ag áisíneacht cosúil leis seo mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann cheana féin.
D’fhéadfadh a leithéid d’áisíneacht a bheith maoinithe go díreach ag na Rialtais chuí le buiséad suntasach curtha ar fáil dó. Ní bheadh an áisíneacht seo faoin mbac céanna atá ar Fhoras na Gaeilge maidir leis an aontas atá ag teastáil ar aon ardú buiséid idir an dá Rialtas Thuaidh agus Theas, rud atá tar éis a chinntiú go raibh ísliú i mbuiséad an fhorais le 20 bliain anuas, mar a luadh cheana féin. B’fhearr linn gan dul síos an bóthar seo in aon chor ach níl sé cothrom go mbeadh pobal na Gaeilge thíos leis ar feadh 20 bliain eile mar gheall ar struchtúr a cuireadh ar bun 25 bliain ó shin nach bhfuil in ann maoiniú sásúil a bhaint amach. Mar sin, tá dhá rogha ann. Is féidir na rialacha reatha a leasú nó, murar féidir é sin a dhéanamh, an struchtúr ar fad a athrú.
Is é an t-éileamh is mó sa phlean fáis gur mhaith linn tacaíocht an choiste a fháil dó ná go n-ardófar an infheistíocht ar scéimeanna Gaeilge agus na Gaeltachta ó 0.17% go 0.4% de chaiteachas an Stáit ó Dheas agus ó 0.03% go 0.1% ó Thuaidh idir 2024 agus 2029. Chuirfeadh sé seo breis is €200 milliún sa bhreis ar fáil i mbonnlínte na n-áisíneachtaí Stáit, idir Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus eile, le tionscadail a mhaoiniú agus le seirbhísí suntasacha breise a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. I suirbhé neamhspleách a rinne Ireland Thinks in 2023, bhí 64% ar son 0.5% nó níos mó de chaiteachas an Stáit a bheith caite ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí 37% dóibh siúd ar son é a ardú go 1% de chaiteachas an Stáit. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ár n-éilimh thar a bheith réasúnta, go bhfuil an pobal ag tacú leo agus gur chóir feidhmiú ar na héilimh seo láithreach bonn.
Bheadh tionchar dochreidte ag an maoiniú breise seo sa phobal agus don phobal. Chruthófaí 9,000 post breise, go háirithe sa Ghaeltacht. Bheadh 5,000 lánscoláireacht agus 5,000 leathscoláireacht ar fáil do pháistí faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaí Gaeltachta. Bheadh 10,000 scoláireacht ar fáil do dhaoine fásta leis an teanga a fhoghlaim. Bheadh lárionaid Gaeilge nua bunaithe fud fad na tíre agus na hacmhainní cuí curtha ar fáil dóibh. Bheadh an maoiniú céanna ag TG4 is atá ag S4C sa Bhreatain Bheag. Bheadh rochtain ar dhaoine óga ar Raidió Rí-Rá ar FM pé áit sa tír ina bhfuil siad. Is iomaí toradh eile a bheadh ann leis an infheistíocht atá molta sa phlean fáis.
Go luath, beidh deis ag Gráinne Nic Niallais tagairt a dhéanamh do roinnt de na tionscadail a bhaineann leis an bpleanáil teanga a bheadh thuas leis go mór nuair a mhaoineofar an plean fáis ach ar dtús iarrfaidh mé ar Fhionnbarra Ó Brolcháin comhthéacs beagáinín níos leithne a thabhairt dúinn ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht chothrom agus riachtanach sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Críochnóidh mé ansin le cúpla éileamh gur mhaith linn a chur os comhair an choiste agus a tacaíocht a lorg dóibh.
Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:
Tá mo chur i láthair gairid seo bunaithe ar an tuiscint atá agam tar éis na mblianta fada a chaitheamh mar léachtóir agus mar thaighdeoir eacnamaíochta agus airgeadais in ollscoileanna in Éirinn leithéidí DCU, Ollscoil Mhá Nuad, UCD agus Trinity, ar fud na hEorpa san Fhionlainn, sa Danmhairg, sa Fhrainc agus san Ostair, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is rud an-tábhachtach gur mian liom a rá i dtosach ná go bhfuil an plean fáis seo go mór chun tosaigh ó thaobh smaointeoireachta forbartha, eacnamaíochta, nuálaíochta agus inbhuanaitheachta de. Tá geilleagar an domhain ag athrú ó bhonn agus é ag bogadh ó ré thionsclaíochta ina dtáirgtear earraí den chuid is mó go ré athghiniúna ina bhfuil eispéiris doláimhsithe i réim. Tá an pharaidím athghiniúna bunaithe ar phatrún smaointeoireachta a bhfuil luí níos mó aige leis an taobh deas den inchinn ná leis an taobh clé. Baineann athghiniúint le damáiste a dheisiú, éiceachórais a athbheochan, pobail a neartú, cultúir dhúchasacha a chothú agus mar sin de. Téann an athghiniúint níos faide ná an inbhuanaitheacht. Baineann sé le hiarrachtaí sochaí folláine a bhaint amach trí mhórtas dúiche a chothú. Tá meas an-ard ar an dúchas mar bhunchloch den athghiniúint seo.
Tá na tíortha atá ag cothú polasaithe athghiniúna ag imeacht ó bhéim ar thomhaltachas go béim ar an rath agus ar an gcúram. Téann na tíortha seo i gcoinne fhórsaí an tsaormhargaidh. Ní chaitheann siad le tomhaltachas nó le fás eacnamaíochta ach le folláine sa bhrí is leithne mar spriocanna náisiúnta. Is iad seo na tíortha a mbeidh rath orthu sna blianta atá romhainn. Agus muid anois sáite i bhfórsaí an domhandaithe, éireoidh go geal leis na háiteanna sin atá tógtha ar mheanma nó spiorad athghiniúna. Caithfidh Éire a bheith ina measc siúd.
Tá fiúntas faoi leith ag cultúr dúchasach na hÉireann, an Ghaeilge ach go háirithe, chun fiontair athghiniúna a chothú. Tá sé aitheanta le fada ag tíortha Nordacha, mar shampla, go gcothaíonn á dteangacha uathúla an mórtas dúiche atá riachtanach don fhéintuilleamaí, don fhéinmhuinín agus don fhéinmheas atá de dhíth chun an rathúnas a bhaint amach. Faraor, tá an tuairim forleathan sa tír seo go bhfuil buntáiste iomaíoch againn in Éirinn mar gur tír ina labhraítear Béarla í. Caitheann an smaointeoireacht athghiniúna an tuairim as dáta sin bun os cionn. Sa ré athghiniúna, tá luach tráchtála faoi leith ag an nGaeilge ó thaobh cúrsaí brandála agus margaíochta de. Mar shampla, i suirbhé a rinne an comhlacht Amárach do Ghaelchultúr i mbliana, ghlac 73% den phobal gur táirge dúchasach Éireannach atá ann nuair a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an lipéadú nó ar an fhógraíocht. Dúirt beirt as gach cúigear gur mó seans go gceannódh siad táirge nó seirbhís ó chomhlacht a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina chuid fógraíochta ná ó cheann nach mbaineann úsáid as an teanga. Thug 26% le fios go mbeadh siad sásta níos mó a íoc dá bharr. Tá an figiúr seo i bhfad níos airde i measc daoine óga.
Ní mór d’Éirinn úr faoi bhláth a bheith bunaithe ar athmhúscailt chultúrtha fréamhaithe sa Ghaeilge. Chuirfeadh na riachtanais infhéistíochta a luaitear sa phlean fáis muid i dtreo na meanman athghiniúna céanna. Tabharfadh sé buntáiste uathúil spreagúil faoi leith dúinn. Dá gcuirfí an plean físeach seo i bhfeidhm ina iomláine, thabharfadh sé deis ar leith le haghaidh torthaí suntasacha trí infheistiú acmhainní, a bhfuil géarghá leo, sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Thaispeánfadh sé go bhfuil Éire ag dul i dtreo fís athghiniúna in ionad a bheith ag cloí le smaointeoireacht eacnamaíochta atá ró-chúng do chúrsaí iomaíochta idirnáisiúnta agus inmharthanachta an lae inniu.
Ms Gráinne Nic Niallais:
Táim an-sásta a bheith anseo inniu mar chuid den toscaireacht seo leis An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 a chur os comhair an choiste. Beidh mé ag caint ar son an mheitheal náisiúnta pleanála teanga agus ag roinnt mo shaineolas agus mé mar oifigeach pleanála teanga i mbaile seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith i nDún na nGall. Beidh mise ag díriú go háirithe ar cheist na pleanála teanga agus ar an infheistíocht atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh borradh agus fás ar úsáid na Gaeilge sa phobal.
Tá an easpa chothrom na Féinne nó an easpa uaillmhéine sa mhaoiniú a cuireadh ar fáil thar na blianta tar éis cultúr a chothú sna tionscadail a mhaoinítear go mbíonn méid róbheag curtha ar fáil go minic in áit maoiniú sásúil a bheith curtha ar fáil de réir mhianta an phobail agus na n-údarás éagsúil. Tabharfaidh mé roinnt samplaí.
Nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga, cuireadh ceist ar na coistí a bhí ag cur na pleananna teanga le chéile a bheith uaillmhianach agus chuir siad pleananna le chéile a mbeadh €300,000 go dtí €400,000 sa bhliain ag teastáil chun iad a mhaoiniú. Faraor, níor cuireadh ach idir €100,000 agus €150,000 ar fáil dúinn leis na pleananna a chur i bhfeidhm, rud nár chuir riachtanais shainiúla áitiúla ar fad san áireamh.
Eagraítear an scéim forbartha líonra Gaeilge, SFLG, de chuid Fhoras na Gaeilge le €45,000 a chur ar fáil do gach grúpa a n-éiríonn leis an scéim a bhaint amach. Nuair a cuireadh an chéad leagan den scéim seo ar bun, bhí beirt fostaithe le buiséad de thart ar €80,000 ar fáil dóibh. Is mór an laghdú atá tagtha ar an mbuiséad sin ó shin agus anois ní chlúdaíonn an maoiniú seo ach an tuarastal don chuid is mó. I gcás cúpla grúpa, ní chlúdaíonn sé fiú an méid sin. Is é €80,000 an méid is lú a chuirtear ar fáil do ghrúpaí ag gníomhú ar an bpleanáil teanga le líonra, baile seirbhíse Gaeltachta nó plean teanga Gaeltachta a fhorbairt. Tá an-difir idir an méid maoinithe seo agus an méid a chuirtear ar fáil d'aon ghrúpa leis an SFLG.
Cé go bhfuair TG4 arduithe suntasacha ar a bhuiséad le déanaí, tá sé ag feidhmiú ar leath an bhuiséid is atá ag S4C sa Bhreatain Bheag.
Léiríonn sé seo an bonn íseal ar a thosaigh an stáisiún.
Tá easpa cothrom na Féinne le feiceáil i gcás Údarás na Gaeltachta ó thaobh maoinithe de. Tá buiséad caipitil an údaráis laghduithe ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2021 agus níl buiséad caipiteal an údaráis tar éis athrú ó shin in ainneoin na rátaí boilscithe ar thionscadail chaipitil sa Ghaeltacht ag ardú. Is ionann é sin agus ísliú de 43%. Ardaíodh buiséad an IDA 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30% sa tréimhse chéanna. Tá srian ar chumas an údaráis fostaíocht úr a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar gnó toisc easpa maoinithe.
Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Caithfidh caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a chur i gcroílár ghníomhaíochtaí an údaráis. Tá 26 limistéar pleanála teanga ann anois agus tá gá le maoiniú mar is ceart a chur ar fáil do na pobail atá i mbun pleanála teanga sna limistéir sin má tá chun éirí leo leis an bpleanáil sin. Mar gheall air sin, tá gá le maoiniú breise a chur ar fáil don údarás ionas gur féidir na hacmhainní riachtanacha a roinnt ar gach limistéar pleanála teanga.
Tá moltaí ríthábhachtacha i measc na dtionscadal luaite sa phlean fáis le maoiniú as an €200 milliún sa bhreis a luaigh Julian de Spáinn roimhe seo. Moltar go gcuirfear maoiniú ar fáil do cheathrar ball foirne i ngach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Bheadh an t-oifigeach pleanála teanga mar bhainisteoir ar an triúr eile. Is iad an triúr eile molta ná oifigeach cúnta agus cumarsáide, oifigeach óige, agus oifigeach seirbhísí agus fiontraíochta. Moltar chomh maith go mbeidh na fostaithe seo ar fad ceangailte le scálaí pá na hearnála phoiblí ar leibhéil sásúla. Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann de na 16 baile seirbhíse Gaeltachta le hoifigeach breise a fhostú le díriú go háirithe ar chumarsáid, taighde agus eile a chuideoidh le spriocanna an phlean teanga a bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar.
Tá obair na gcomharchumann Gaeltachta lárnach i gcosaint, i bhforbairt agus i gcomhordú seirbhísí do na pobail Ghaeltachta. Ní hamháin sin, ach tá na comharchumainn tar éis glacadh le freagrachtaí breise le cúpla bliain anuas maidir leis an bpleanáil teanga. Is gá a chinntiú go n-íocfar bainisteoirí na gcomharchumann ar leibhéal atá cothrom agus tarraingteach, agus a choinneoidh na bainisteoirí sna poist. Moltar go mbeidh leibhéal tuarastal bainisteoirí na gcomharchumann ar a laghad ag leibhéal ard-oifigeach feidhmiúcháin san earnáil phoiblí. Chomh maith leis sin, moltar go mbeidh leas-bhainisteoir ceaptha i ngach comharchumann.
Mar a mholadh in 2007 sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh an scéim thábhachtach, scéim labhairt na Gaeilge, ar fáil do theaghlaigh sa Ghaeltacht athuair.
Ba chóir go mbeadh comhordú déanta ar an bpleanáil agus na gníomhartha le tacú agus cur leis an líon teaghlaigh sa Ghaeltacht i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé seo indéanta
trí oifigigh theaghlaigh a lonnú i ngach limistéar. Is maith a fheiceáil an fás atá le teacht ar fhoireann Thuismitheoirí na Gaeltachta go luath, ach caithfear a chinntiú go mbeidh oifigeach i ngach limistéir pleanála teanga. Moltar go mbeidh maoiniú sa bhreis curtha ar fáil do Mhuintearas, Ógras agus grúpaí eile le tacaíocht agus tionscadail éagsúla a chur chun cinn sna limistéir phleanála teanga a spreagann daoine óga agus a fhreastalaíonn ar a mianta.
Tá na coláistí samhraidh ar cheann de na tionscadail teanga agus eacnamaíochta is tábhachtaí agus is fadbhunaithe sa Ghaeltacht. Tá go leor dúshlán tar éis teacht chun cinn le cúpla bliain anuas agus is gá tabhairt fúthu agus iad a réiteach le straitéis do na coláistí samhraidh, faoi mar atá lorgtha ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile le tamall anuas.
I measc na moltaí eile, moltar an deontas laethúil i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a ardú go €20 an dalta in aghaidh an lae lá faoi 2029. Moltar ciste caipitil an údaráis a ardú go dtí an leibhéal ar a raibh sé in 2008, is é sin, €25 milliúin faoi 2026. Tá €10 milliúin sa bhliain molta le huasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh reatha. Leis an maoiniú breise seo, bheadh deis ag an údarás níos mó ná 6,000 post breise a chruthú leis an mbéim ar fhostaíocht teanga lárnaithe.
Lasmuigh den Ghaeltacht, tá na moltaí seo againn i measc na moltaí sa phlean fáis. Sa scéim forbartha líonraí Gaeilge, moltar go mbeadh €100,000 ag gach grúpa le scéim ar ardchéim nó ar mheánchéim ó 2025 ar aghaidh le cinntiú go mbeidh siad in ann oifigeach breise a fhostú le díriú go speisialta ar chúrsaí óige, teaghlaigh nó spóirt, nó réimse eile a bhfuil an grúpa ag iarraidh díriú air mar thosaíocht. Bheadh breis maoinithe ann dóibh chomh maith le cabhrú lena gclár oibre a bhur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh ar a laghad deich ngrúpa eile sa bhreis ar na leibhéil seo leis an maoiniú cuí ó 2025 agus ó 2029 ar aghaidh.
Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann den chúig líonra Gaeilge le hoifigeach breise a fhostú le díriú ar chumarsáid, taighde agus eile a chabhróidh le spriocanna an phlean teanga a
bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar. In 2025 agus in 2029, ba chóir go mbeadh maoiniú ar fáil do deich líonra Gaeilge úr eile. Moltar go mbeadh foireann ann, nó institiúid taighde agus pleanála Gaeilge a bhunú chun measúnú leanúnach a dhéanamh ar an bpleanáil teanga. Moltar go mbeidh an tacaíocht chuí curtha ar fáil do gach limistéar pleanála teanga le cinntiú go mbeidh sé seo ar siúl acu chomh maith. Ní hamháin go dtabharfadh maoiniú na spriocanna luaite agam borradh agus spreagadh don teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ach thabharfadh sé aitheantas agus an tacaíocht cuí don phobal Gaeilge agus Gaeltachta atá i mbun oibre ríthábhachtaí leis an teanga a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn leis an gcéad glúin eile. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Okay.
Mr. Julian de Spáinn:
Is mian liom críochnú ar son na toscaireachta le hiarratas ar an gcomhchoiste. Tá an t-iarratas seo ag teacht ó 100 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile atá ag tacú leis an bplean fáis. Bheadh sé iontach cabhrach ar fad dá mbeadh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sásta tacú go hoifigiúil leis na héilimh seo atá acu. Is é an chéad éileamh atá acu ná go dtacóidh an comhchoiste leis an bplean fáis chun plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht idir 2024 agus 2029, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile, a bheith ann. Ba mhaith linn freisin go dtacóidh an comhchoiste go háirithe leis an bpríomhsprioc sa phlean go gcaithfear 0.4% de chaiteachas an Stáit ó Dheas agus 0.1% den chaiteachas ó Thuaidh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht faoi 2030. Is ionann é sin agus ar a laghad €200 milliún sa bhreis a chur ar fáil do na tionscadail Gaeilge agus Gaeltachta atá leagtha amach sa phlean fáis.
Is é an dara éileamh ná go n-aithneoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil teip ar na rialtais ó Thuaidh - Rialtas sa Bhreatain san áireamh nuair nach raibh an Tionól ag feidhmiú ó Thuaidh – agus ó Dheas le 20 bliain maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Tá súil againn go n-éileoidh an comhchoiste ar an Rialtas ó Thuaidh agus ar Rialtas na hÉireann ó Dheas struchtúr maoinithe an fhorais a leasú láithreach bonn leis an maoiniú luaite sa phlean fáis a chur ar fáil le cinntiú nach mbeidh obair na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht srianta toisc struchtúr tras-Teorann ag cur bac ar fhorbairt phobal na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge trí chéile. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ag an bhforas is a bhí ag an Chomhairle Ealaíon ó Dheas le 20 bliain anuas, bheadh buiséad de bhreis is €50 milliún sa bhliain aige anois in ionad a bhuiséid reatha de €17 milliún.
Is é an tríú éileamh ná, sa chás nach féidir struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a dheisiú, go dtacóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an éileamh chun meicníocht maoinithe eile a bhunú nó struchtúr maoinithe reatha eile a úsáid, ar nós Roinn na Gaeilge nó an ciste infheistíochta, le hobair phobal na Gaeilge a mhaoiniú go sásúil agus gan ligin d’fhorbairt na Gaeilge a bheith faoi bhac agus míbhuntáiste ar feadh 20 bliain eile mar atá tarlaithe le maoiniú Fhoras na Gaeilge ó 2003 go 2024.
Is é an ceathrú éileamh, a bhaineann leis an bhfeachtas SEAS 24 atá ag dul ar aghaidh faoi láthair mar a luaigh mé níos luaithe in Óstán Buswells, ná go dtacóidh an comhchoiste lenár n-éileamh go mbeidh €57 milliún sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2025 le dlús a chur faoi mhaoiniú an phlean fáis.
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as éisteacht lenár dtoscaireacht agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann sé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an coiste in ann tacú leis na ceithre éileamh atá luaite.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil cúpla ceist, nó a lán ceisteanna, ag an Teachta Connolly? Tá go leor mionsonraí leagtha os ár gcomhair.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl ceist ar bith agam, actually. Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Mar is gnáth, is obair na gcapall a bhíonn á déanamh acu. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don méid oibre a bhíonn ar siúl acu. Níl ceist agam i ndáiríre mar tá gach rud leagtha amach go soiléir. Tá anailís ar na fadhbanna déanta ag na finnéithe, chomh maith lena réitigh.
Guím rath ar an bhfeachtas atá ar bun ag Conradh na Gaeilge. Tá na finnéithe gnóthach inniu. Níor éirigh liom freastal ar an ócáid in ainneoin go raibh mé sa Dáil eile in Óstán Buswells. Is é sin an Dáil, i ndáiríre, idir an méid rudaí a bhíonn ar siúl ansin. Bhí mé ann agus bhí mé ag an líonra caife Gaeilge inniu, freisin.
Níl ceist ar bith agam. Is deacair gan a bheith in ísle brí, i ndáiríre. Tá an fhís anseo. Ní hamháin go bhfuil an fhís ann - tá na réitigh ann freisin. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá bhfanfainn i mo thost le ligin do na finnéithe tuilleadh sonraí a thabhairt don choiste.
Tugann an tOllamh Ó Brolcháin ardú meanman dom agus tugann na ráitis tosaigh amhlaidh dom. Ní rómhinic a chloisim duine le cúlra cosúil leis an gcúlra atá aige ag caint faoi fhís eile ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de. Ní saineolaí mé ach tugann sé ardú meanman dom. Cuireann sé an leabhar le Cronin i gcuimhne dom.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ea, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht le Michael Cronin. B’fhéidir gur féidir leis an Ollamh Ó Brolcháin tuilleadh sonraí a thabhairt don choiste ó thaobh na físe sin. Tá gá le hathrú bunúsach má tá muid chun a bheith sábháilte mar thír agus mar dhomhan. Tá fís eile ag teastáil go géar. Aontaím go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite leis sin. Iarraim ar an Ollamh Ó Brolcháin tuilleadh sonraí a thabhairt más é a thoil é.
Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:
Tá aithne maith agam ar Michael Cronin. Nuair a bhí mé i DCU fadó, bhíodh comhoibriú eadrainn, cosúil leis an lá inniu, ag troid i gcoinne na bhfórsaí sin atá chomh láidir agus i gcoinne na rudaí a luaigh an Teachta.
Is í an tslí is éasca dom an difríocht a mhíniú ná leis na focail a d’úsáid mé i mo chuid píosa cainte, “paraidím nua”. Is mian liom comparáid a dhéanamh idir an dá rud. Ó thaobh na meán go háirithe agus an lucht polaitíochta de, taobh amuigh den Teachta Connolly agus na daoine eile sa seomra seo ag éisteacht, tá an seanpharaidím á húsáid sa tír seo ó thaobh fhorbairt eacnamaíochta de. B’fhéidir go raibh an paraidím sin úsáideach le 30, 40 nó 50 bliain anuas ó na 1950aidí ar aghaidh chun an athrú sin a dhéanamh, ag dul ar ais go dtí am T.K. Whitaker. Cuireann muid an-bhéim ar chomhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh agus a leithéid. Tuigeann muid go léir é sin. Tá an ré sin ag teacht chun deiridh. Leanfaidh siad ar aghaidh ag teacht chun na tíre seo, ach, mar thír, caithfidh muid paraidím eile a úsáid. Is é sin an fáth a luaigh mé an focal “paraidím”. Tá an seanpharaidím bunaithe ar ré nó aois tionsclaíoch ina raibh béim ar tháirgí fisicúla, ar mhonarchana nó ar rudaí a bhfuil luach ag baint leo mar earra nó seirbhís atá bunaithe ar rud fisicisúil taobh amuigh den duine féin. Leis an meon “inbhuanaitheacht” a mhínigh Michael Cronin go maith ina leabhar, tá dearcadh eile de dhíth. D’úsáid mé an téarma “ré aigne” anseo mar go bhfuil sé níos fearr ó thaobh machnaimh agus smaointeoireachta de ná an focal “inbhuanaitheacht”, atá róleadránach agus stollta anois de bharr go n-úsáideann gach duine é. Úsáideann gach comhlacht an téarma sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon bhrí taobh thiar den fhocal sin a thuilleadh.
Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:
Níl aon bhrí ann. Tá sé cosúil leis na focail “orgánach” nó “ealaíonta” agus a leithéid. Níl aon bhrí a thuilleadh leo.
Is sa dara paraidím atá deis iontach don Ghaeilge. Is í an tslí ina míním é ná go mbeidh na laigí is mó leis an teanga faoi láthair ina láidreachtaí is mó sa ré nua. Is ionann na laigí seo agus na gnéithe a dhéanann muid lag sa seanpharaidím, is é sin, an ré tionsclaíoch. Tá an ré sin go beacht ag baint leis an margadh. Tá luach le rud éigin de bharr go gceapann an margadh go bhfuil luach leis. Sa ré nua, ó thaobh inbhuanaitheachta de, mar a thuigeann muid go léir, cuireann tú luach nó fiúntas le rud fiú amháin muna gcreideann an margadh go bhfuil luach leis. Tuigeann an Teachta Connolly é seo níos fearr ná mé féin.
Sa ré sin, is é an rud is tábhachtaí ná meanman nó spiorad a chothú le daoine laistigh den phobal. Tá an tseanmheon, go simplí, bunaithe ar smaointeoireacht ón mbarr thíos go dtí an bhun, mar a déarfá, agus dá bhrí sin, tá pobail imeallaithe. Tá daoine an t-am ar fad ag troid i gcoinne na bhfórsaí a luaigh mé. Sa ré nua seo, tagann sé ón mbun aníos. Is é sin go spreagtar é de bharr go mbrathann duine mar chuid de phobal áitiúil dúchasach. Níl sé cúng; tá tú fós ag smaointiú go hidirnáisiúnta. Is é an rud atáthar ag iarraidh déanamh an t-am ar fad ná a bheith ag damhsa, mar a déarfá, idir an rud logánta, nó áitiúil, agus an domhan taobh amuigh de sin.
Sa chomhthéacs sin, mar a luaigh mé i mo chuid píosa cainte, tá mórtas dúiche i gceist. Is téarma é sin a úsáidim agus a fuair mé ó athair an Cathaoirligh fadó. Ciallaíonn sé “sense of place”. Tá sé sin níos tábhachtaí ná aon rud. Bíonn tuiscint ag duine ar cé hé nó hí, cad as a dtagann sé nó sí, cé hiad a mhuintir nó a muintir, an stair a bhaineann lena cheantar nó lena ceantar agus a leithéid. Is as sin a spreagtar an fás eacnamaíochta inbhuanaitheachta sa todhchaí. Is as seo a fhásfar é. Dá bhrí sin agus sa chomhthéacs sin, tá an teanga an-láidir agus an-luachmhar.
Mar a dúirt mé níos luaithe - críochnóidh mé leis seo - tá a lán de pholasaithe na tíre seo bunaithe ar an tseanparaidím. Bíonn daoine ag caint agus cloisim go minic Airí ag caint faoi eolaíocht agus taighde agus a leithéid, ach tá siad ag smaointiú sa tseanslí. Ceapann siad gurb é an toradh a bheidh ar an airgead a chuirtear ar fáil dóibh siúd ná fás eacnamaíoch. Ní hí sin an tslí gur chóir a bheith ag machnamh. Ba chóir a bheith ag caint faoi folláin an phobail agus folláin na tíre sa tslí is leithne.
Sa tseanslí, cheap daoine go dtiocfadh folláin as fás eacnamaíochta. Is a mhalairt a bheidh i gceist sa ré atá ag teacht. Is é sin go dtagann fás, más fás eacnamaíoch é an focal is mian linn úsáid, ó fholláin an phobail agus folláin an náisiún. Má tá tuiscint ag daoine orthu féin agus ar an tír ó thaobh na timpeallachta agus an chultúir de, tiocfaidh fás agus forbairt atá fiúntach agus ina bhfuil an maitheas sin á roinnt idir daoine.
Tá deis iontach ag an nGaeilge má tá muid radacach agus nua-aimseartha, más féidir liom an focal sin a úsáid. Tá muid i bponc agus léiríonn an plean fáis é sin. Tá muid i bponc de bharr, mar a dúirt mo chomhghleacaithe anseo, nuair a chuirtear an IDA i gcomparáid leis an údaráis, nó an Chomhairle Ealaíon i gcomparáid le Foras na Gaeilge, feictear go bhfuil fás eacnamaíochta, b’fhéidir, chun teacht as airgead a chaitear ar na dreamanna sin agus gur rud cúng nó imeallach é airgead a chaitear ar an teanga nó ar an dúchas. Is botún bunúsach é sin sa ré atá le teacht. Is é sin an fáth gur lean mé ar aghaidh ach thug an Teachta Connolly deis dom nuair a d’iarr sí orm é a mhíniú ar bhealach níos leithne.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé tábhachtach. Is rud neamhghnách é deis a fháil anseo rudaí a phlé níos doimhne sa chomhthéacs seo. Tá sé an-cabhrach. Is féidir leis an Ollamh Ó Brolcháin leanúint ar aghaidh.
Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:
Tá mé críochnaithe. Creidim go láidir, mar a dúirt mé, go bhfuil deis iontach ann agus tá mé ag brath ar an lucht polaitíochta agus an lucht polasaithe ón taobh sin de. Luaigh mé an téarma sin faoin intinn cheana. Caithfidh muid, mar thír, i bhfad níos nó béime a chur ar an taobh deis ná an taobh clé den intinn. Níl mé ag caint faoin pholaitíocht ach ó thaobh machnaimh, féinthuisceana agus mothúchán de agus faoin chroí a bheith níos mó ná an ceann.
Tá buntáiste bunúsach ag an tír, mar is eol dúinn go leir, ó thaobh scríbhneoirí de agus ó thaobh stair na tíre. Tá buntáiste faoi leith ó thaobh na hintinne deise, a chlúdaíonn cruthaíocht agus a leithéid, ach tá muid an t-am ar fad ag troid i gcoinne fhórsaí an domhain agus muid ag brath ar an taobh clé den intinn. Ba chóir dúinn dul ar ais go dtí an athbheochan.
Níl aon rud ar luaigh mé inniu nach bhfuil scríofa agus nach raibh machnamh déanta air níos mó ná 100 bliain ó shin, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus na dreamanna eile a bhí mar chuid den athbheochan.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is dócha go rabhamar ag súil leis an athrú bunúsach sin nuair a d'fhógair muid go raibh géarchéim athrú aeráide i gceist in 2019. Nuair a tháinig Covid bhí caint ar transformative action, le hathrú ó bhun, ach níor tharla sé sin. Chomh maith leis an bhfís, tá deacrachtaí ar an talamh ó thaobh cúrsaí pleanáil teanga agus ó thaobh easpa maoinithe. B'fhéidir nach bhfuil an maoiniú atá ann ag dul sa treo ceart uaireanta. Bhí Foras na Gaeilge os ár gcomhair an tseachtain seo caite - bhí dreamanna éagsúla istigh anseo roimhe - ag cur in iúl chomh deacair is atá sé ó thaobh cúrsaí pleanáil teanga mar gheall ar easpa cinnteacht. Níl mé chun rudaí a athrá, ach táimid ar an eolas faoi na deacrachtaí. Tá sé leagtha amach go soiléir bliain i ndiaidh bliana an rud atá le déanamh againn mar pholaiteoirí le cabhair a thabhairt do na heagraíochtaí. Ní fhéadfadh sé a bheith níos soiléire. Nílim cinnte faoi fhoras nó áisíneacht nua na Gaeilge a bhunú - tá mé idir dhá chomhairle faoin mholadh sin - ach tuigim go dtagann sé as an straitéis 20 bliain.
Mr. Julian de Spáinn:
Ar an bpointe sin, is dócha gur aithin siad sa straitéis 20 bliain nuair a cuireadh le chéile é go raibh an bac sin ann. Ó thaobh struchtúir de, leis an dá rialtas Thuaidh agus Theas, agus an coimhneas sin go gcaithfidh siad 75% nó 25% a chur ar fáil, is dócha gur aithin siad sa straitéis 20 bliain gur ghá go mbeadh áisíneacht eile ar fáil chun é a mhaoiniú ionas nach mbeadh an bac polaitiúil sin ann. Táimid ag rá gur féidir an bac sin a réiteach. B'fhéidir nach bhfuil gá ann áisíneacht eile a chur ar bun, ach táimid ag rá go raibh seans le 20 bliain an bac sin a réiteach ach níor tharla sé. Tá a fhios agam go bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh faoi láthair idir an dá rialtas, agus le Foras na Gaeilge agus eile, le teacht ar réiteach. Ní féidir leis an bpobal a bheith thíos leis ar feadh 20 bliain eile, murar féidir é a réiteach. Sin an méid atáimid ag rá.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gan impleachtaí tromchúiseacha.
Mr. Julian de Spáinn:
Is ea. Caithfear é a réiteach. Tá réiteach ar an mbord. Bheadh an fhadhb réitithe maidin amárach dá ndéanfadh an dá rialtas socrú lena chéile gur gá don Rialtas ó Thuaidh méid áirithe a chur isteach mar íosmhéid agus don Rialtas ó Dheas méid eile a chur isteach mar íosmhéid, agus ina dhiaidh sin go bhféadfadh pé rialtas pé mhéid gur mian leo a chur isteach sa phota. Tá seans ann go ndéarfaidís go gcuirfeadh sé sin an Ultais as riocht ach arís, ní féidir linn a bheith thíos leis mar gheall ar impleachtaí do rud éigin nach mbaineann leis an nGaeilge go díreach, ach le socrú polaitiúil a rinne siad. Ní socrú atá ann don teanga agus do phobal na Gaeilge. Ní an rud ceart don phobal é. Tá réiteach ar an mbord. Tá réiteach go bhféadfaidís a shocrú. Táimid ag éileamh orthu le roinnt bliain anuas é sin a dhéanamh. Is maith an rud é go bhfuil cainteanna éigin ag dul ar aghaidh idir an dá rialtas faoi láthair, ach caithfear é seo a réiteach. Ní féidir leis dul ar aghaidh. Níl sé féaráilte nó cothrom ar phobal na Gaeilge go mbeimid thíos leis mar gheall ar struchtúr polaitiúil a cuireadh ar bun 25 bliain ó shin nach bhfuiltear tar éis breathnú air arís chun é a chur ina cheart. Caithfear é sin a dhéanamh, inár dtuairim.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios agam go bhfuil muid fós ag fanacht ar athbhreithniú ó thaobh pleanáil teanga. Táimid ag fanacht ar thuarascáil ón gcoiste comhairliúchán freisin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus leanfaidh mé ar aghaidh ag éisteacht leo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sraith ceisteanna agam ag lorg soiléiriú ar an méid a bhí á rá ag an Ollamh Ó Brolcháin, agus ag Julian de Spáinn ach go háirithe. Is léir go bhfuil comhthéacs difriúil ann anois ó thaobh an fhorais. Mar a luaigh an coiste comhairliúcháin, tar éis dúinn leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ba chóir go mbeadh comhthéacs difriúil ann ó thaobh an Stáit de. Táimid tar éis dúshlán níos mó a chur ar an Stát ná mar a bhí air le tamall de bhlianta. Is gá go mbeadh na tacaíochtaí ann chun a chinntiú go mbeidh níos mó Gaeilgeoirí ann laistigh de tamaill an-ghairid. Nuair a fheicimid ar na pointí atá leagtha amach ó thaobh scoláireachtaí, múineadh na Gaeilge, scoláireachtaí do dhaoine fásta agus an cur chuige atá ann ó thaobh pleanáil teanga, an scéim pleanála teanga ach go háirithe, is gá don Stát an infheistiú sin a dhéanamh. Níl aon dul amach acu. Caithfidh siad é sin a dhéanamh más rud é nach bhfuil siad chun teip ar an dúshlán atá leagtha síos.
Tá ceist mhór ann maidir leis an gcur chuige gur chóir go mbeadh ag an gcóras oideachais agus an Roinn Oideachais i dtaca leis an nGaeilge. Nílimid chun déileáil leis an gceist sin inniu. Tá roinnt rudaí leagtha síos agam anseo agus b'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann breis eolais a thabhairt dom ina dtaobh. Dúirt Gráinne Nic Niallais go bhfuil €80,000 sa bhliain i gceist le haghaidh na scéimeanna pleanála teanga. Cé mhéad go díreach gur chóir go mbeadh ann? An bhfuil aon tuairim aici faoi sin? Má tá fás ceart agus cur chuige ceart i ndán don phleanáil teanga, cén figiúr atá i gceist? An bhfuilimid ag caint faoi €100,000 nó €150,000? An bhfuil gá le breis fostaithe i ngach uile ceantar le cinntiú go bhfuil an obair atá á leagan amach ag na grúpaí pobail comhlíonta chomh tapa agus is féidir? Ba chóir go mbeadh an Stát agus muidne ar fad mar ghníomhairí Gaeilge faoi dheifir agus is é sin an fáth go bhfuil an bunfhigiúr á lorg agam. Tá figiúirí leagtha amach anseo - tá roinnt acu uaillmhianach agus roinnt eile nach bhfuil ag dul fada go leor, luath go leor. Sa chás sin, cén figiúr a ceapann Gráinne Nic Niallais an mbeadh oiriúnach?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé mhéad duine atá fostaithe as an €120,000?
Ms Gráinne Nic Niallais:
Mise mé féin. Nuair a bhainim amach achan rud ar nós cíos, taistil agus pinsean, níl fágtha ach beagán le dul chun cinn a dhéanamh. Tá an baile seirbhíse Gaeltachta ina bhfuil mé lonnaithe cineál difriúil ó na ceantair eile ina bhfuil oifigigh pleanála teanga eile ag feidhmiú. Ba cheart go mbeadh oifigeach óige in achan limistéar pleanála teanga, chomh maith le duine le haghaidh taighde. Bheinn ag caint ar €250,000 ar a laghad.
Mr. Julian de Spáinn:
Is dóigh liom go bhfuil an ceart ag Gráinne Nis Niallais. Caithfimid é seo a cheangal ar ais go dtí an plean teanga féin. Céard atá ag teastáil sa phobal? Céard iad na seirbhísí breise atá le cur ar fáil? Beidh gach ceann difriúil ag an deireadh ó thaobh an méid airgid a chuirfear ar fáil. Caithfidh sé a bheith ag teacht leis an bplean mar tá an plean curtha le chéile i bpáirt leis an bpobal. Má tá an pobal le teacht taobh thiar den phlean lena bhfuil siad tar éis bheith páirteach ina chur le chéile, caithfear é a mhaoiniú.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim agus níl mé ag cur ina choinne. Chuir mé an cheist mar measaim gurb é an méid is ísle ar chóir go mbeadh ann ná idir €80,000 agus €100,000, agus ní dhéanfadh sé sin ach fíorbheagán seachas tuarastal a íoc go dtí duine atá cáilithe chun an obair a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, má tá an plean leagtha amach, cá bhfuil an t-airgead ag teacht as? Cá bhfuil na daoine breise gur gá leo i gceantair áirithe? B'fhéidir nach bhfuil gá láithreach daoine breise a fhostú ach má leagann pobal amach go bhfuil gá díriú ar an óige sa cheantar, caithfear duine éigin a fhostú. Má táthar ag tarraingt dream óg isteach i halla, caithfear bheith ábalta cíos a íoc ar an bhfoirgneamh sin. Caithfear íoc as trealamh agus gach sórt rud. Tá mise den tuairim go bhfuil sé seo ar fad ceangailte. Ní féidir linn maoiniú ceart a thabhairt don fhoras gan maoiniú ceart a thabhairt don údarás. Tá siad ar fad nasctha le chéile. Nuair a chuirimid ceist ar an Aire, deirtear linn go bhfuil an Roinn tar éis méid áirithe airgid breise a chaitheamh. Tá sé go maith go bhfuiltear tar éis é sin a dhéanamh, ach tá na finnéithe tar éis leagan amach sa phlean fáis go díreach cén sórt airgead ar chóir go mbeadh an Stát ag caitheamh chun an jab atá leagtha síos acu dóibh fhéin a chur i gcrích.
Is muid atá á lorg ach tá siad tar éis glacadh leis agus ba chóir go mbeadh siad á chomhlíonadh tríd an t-airgead cuí a thabhairt. Léiríonn bealach ina bhfuil sé leagtha amach nach gá an t-airgead ar fad a fháil i mbliain a haon. Is thar tréimhse a tharlaíonn an t-ardú. Chomh maith leis sin, tá na heagraíochtaí seo ag cothú fostaíochta trí Ghaeilge, rud a chuidíonn laistigh agus lasmuigh den earnáil Gaeilge go bhfuil daoine fostaithe i nGaeilge, ag labhairt i nGaeilge is ag lorg seirbhísí as Gaeilge. Cuidíonn sé le ceantair iargúlta sa Ghaeltacht go bhfuil daoine ag lonnú iontu don chéad uair agus ag tógáil páistí iontu. Tá na heagraíochtaí seo ag cothú postanna agus éileamh ar sheirbhísí eile. Ní airgead amú atá ann. Uaireanta, ní airgead amú atá ann ó thaobh an Stát ach ní bhíonn ach toradh amháin ag teacht as. I gcás infheistíocht sa Ghaeilge, tá torthaí leagtha síos ag na finnéithe. Is féidir a fheiceáil céard atá i gceist mar tá plean leagtha síos cheana féin sna cásanna seo. Cé mhéad fostaithe atá ann faoi láthair? Ó thaobh pleanáil teanga de, tá 78 tuartha a bheith ann in 2029. Cén figiúr atá ann faoi láthair?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sna limistéir pleanála teanga.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is fostaíocht ordúil, substaintiúil a bheadh i gceist.
Mr. Julian de Spáinn:
Nílimid á rá nach bhfuil aon rud maith déanta le tamall anuas. Tá an buncoincheap nó an buninfrastruchtúr curtha ar bun sa bhealach is go bhfuil 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta anois. Tá roinnt bailte seirbhísí Gaeltachta agus roinnt líonraí curtha ar bun, ach cuireadh ar bun iad gan na hacmhainní ceart ag an am. Tá sé go maith go bhfuil siad curtha ar bun - níl aon dabht faoi sin. Is maith an rud é go bhfuil bunús curtha leis an rud, ach is gá anois smaoineamh faoi na hacmhainní ceart a chur ar fáil chun a chinntiú gur féidir leo an obair a chur i gcrích.
Ms Gráinne Nic Niallais:
Sin an áit ina bhfuil an deacracht anois. Tá obair iontach maith déanta ag na hoifigigh pleanála teanga. Tá níos mó airgid de dhíth orthu. Tá na pobail ag cuardach tacaíochta ó thaobh rudaí éagsúla agus taispeánann sé sin go bhfuil na pleananna ag obair. Tá níos mó infheistíocht de dhíth ionas gur féidir níos mó dul chun cinn a dhéanamh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhíomar ag caint faoi sin an tseachtain seo caite. Ós rud é go bhfuil deireadh ag teacht le roinnt de na pleananna, tá gá le cinnteacht. Ní féidir linn an cinnteacht sin a thabhairt ach is féidir leis an Aire é a dhéanamh. Dúradh linn go bhfuil sé le teacht. Tugadh le fios dúinn go bhfuil sé deacair daoine a choimeád agus, go háirithe, plean nua a bhunú mura bhfuil cinnteacht ann. Beimid ag impí ar an Aire agus an Rialtas an cinnteacht sin a thabhairt chomh luath is gur féidir. Chomh maith leis sin, ní bheadh fadhb ar bith ag an gcoiste tacú leis an iarratas, ní hamháin le cinnteacht a fháil, ach freisin le tacú le hiarratas breis airgid a chur ar fáil ó thaobh pleanáil teanga de. Tá sé léirithe cheana féin sa seacht mbliain atá imithe go bhfuil ag éirí leis an gcur chuige agus gur féidir fás air sin. Feicim go bhfuil an Teachta Aindrias Moynihan ag iarraidh teacht isteach ach tá ceist eile agam maidir leis an scéim labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé luaite go bhfuil €500,000 i gceist do 2025. Léimeann sé go dtí €2.5 milliún agus ansin go dtí €7.5 milliún sa leagan amach atá anseo. Cén fáth an bhfuil ardú chomh suntasach sin i gceist, agus chomh tapa?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá sé i gceist go mbeidh am ag teastáil leis an scéim nua a mhúnlú agus é a chur i bhfeidhm sa phobal. Tá an figiúr ag an deireadh bunaithe ar an bhfigiúir atá curtha ar fáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ó thaobh buille faoi thuairim faoin líon teaghlaigh atá ag úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí sé molta sa staidéar cuimsitheach gurbh é €5,000 an bunfhigiúr le cur ar fáil do theaghlach mar chuid den scéim, agus seasamar leis an moladh a bhí ann ag an am sin. Chuireamar an líon teaghlaigh a shíleamar atá ann faoi láthair leis sin. De réir a chéile, tiocfaimid ar an scéim ar dtús agus déanfaimid é a mhúnlú i gceart chun é a chur ar fáil don phobal iomlán de réir a chéile.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím, cé go bhfuil an eagraíocht ag caint faoi léim cuíosach suntasach i dtús báire agus léim i bhfad ar níos suntasaí ina dhiaidh. Bheadh sé go hiontach dá n-éireodh leis ach nílim 100% cinnte go n-éireoidh. Tá súil agam go n-éireoidh leis. Chomh maith leis sin, tá súil agam nach díreach ar bhonn airgid a chasadh daoine ar an scéim labhairt na Gaeilge. Má táimid ag féachaint ar fhigiúirí den chineál sin, tá súil agam tar éis trí bliana go mbeadh an oiread sin daoine breise ann, páistí breise san áireamh, b'fhéidir. Nílim ag cur ina choinne, ach díreach ag fiosrú. Tabharfaidh mé deis d'Aindrias Moynihan teacht isteach anois agus ansin cuirfidh mé cúpla ceist i ndiaidh.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. An gcloiseann sibh mé?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cloiseann ach ní féidir linn tú a fheiceáil. An féidir leat do phictiúr a chur ar siúl?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair. Bhí mé ag éisteacht leis an bplé ó thús. Bhí deis agam níos luaithe chomh maith bualadh le SEAS agus plé a bheith agam leo faoin gcáinaisnéis, straitéis don chóras oideachas, tithíocht agus go leor eile. Tá an-chuid eolas curtha i láthair ag na finnéithe cheana féin ach tá ceist nó dhó agam dírithe ar an gcáinaisnéis agus an maoiniú. Tá plé faoin sciar den cháinaisnéis a théann i dtreo an Ghaeilge. Tá tagairt sna figiúirí do thart ar 0.13% nó 0.14% agus mar sin de. Tá sprioc 0.7% leagtha síos. Feicim go bhfuil plean cuimsitheach ann ach is í an chéad cheist maidir leis an sprioc sin atá agam ná seo: conas a tháinig sibh ar an sprioc sin de 0.7%? An bhfuil rationale ann?
Mr. Julian de Spáinn:
Is féidir liom an cheist sin a fhreagairt. Míneoidh mé an rud a rinneamar leis an plean fáis a chur le chéile. Chuamar i dteagmháil le grúpaí fud fad na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Bhíomar ag labhairt leo faoi na riachtanais atá acu ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge agus an obair atá ar siúl acu. Tríd an bpróiseas sin ar fad, thángamar ar na moltaí atá sa phlean fáis, ina measc go bhfuil gá go mbeadh triúr breise ag obair ar gach plean teanga sa Ghaeltacht, nó duine breise i ngach baile seirbhíse Gaeltachta. Táimid ag iarraidh go mbeadh an SFLG maoinithe i gceart agus go mbeadh lárionaid Gaeilge bunaithe ar fud na tíre - na rudaí sin ar fad. Nuair a chuimsíomar le chéile iad, thángamar ar an bhfigiúr breise a bhí ag teastáil agus chuireamar é sin i gcomhthéacs caiteachas an Stáit. Bhreathnaíomar ar na riachtanais a réiteach agus ansin d'fhéachamar ar cé mhéad a bheadh i gceist ar chaiteachas an Stáit ina dhiaidh sin. Ní dheachaigh muid go dtí an céatadán mar thús - ní dóigh liom go mbeadh sé sin ceart ar aon nós. Chuamar go dtí an méid airgid atá ag teastáil ar dtús agus ansin chuireamar i gcomhthéacs é.
Nuair a chonaiceamar an figiúr luaite leis an nGaeilge thar na blianta, bhí sé sa cheann againn go raibh sé chomh híseal sin. Bhí díospóireacht ann ar chóir go mbeadh sé 1% de chaiteachas an Stáit nó ar chóir go mbeadh sé 0.5% de chaiteachas an Stáit. B'fhéidir go mbeidh an argóint sin ann amach anseo. Faoi láthair ar aon nós, bunaithe ar na riachtanais a fheicimid mar earnáil - aontaíonn 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta linn - thángamar ar an bhfigiúir de níos mó ná €200 milliún sa bhreis sa bhliain.
Is ionann é sin, in éineacht leis an t-airgead reatha atá againn, agus 0.4%, mar eolas.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a luaigh Julian de Spáinn cheana féin, táthar ag tosú ó áit íseal go leor - 0.13% i mbliana, nó níos ísle i mblianta eile. Ag díriú isteach ar an sprioc de thart ar 0.7%, is ardú suntasach a bheadh ann. An bhfuil plean chun é sin a bhaint amach in aon chéim amháin nó thar thréimhse ama?
Mr. Julian de Spáinn:
Is ceist mhaith é sin arís. Mar eolas, tá sé ag 0.17% faoi láthair. Bhí sé idir 0.13% is 0.17%. Faoi láthair, tá sé 0.17% agus is é an moladh atá ann ná go mbeidh sé 0.4%. Táimid ag caint faoi bhreis is dúbailt a bheith curtha ar fáil. Má bhreathnaímid air sin mar choincheap, is léir gur coincheap an-spéisiúil é. Más cuimhin leis an gcoiste i gceart, gheall an Teachta Leo Varadkar nuair a bhí sé ina Thaoiseach go ndéanfadh sé dúbailt ar an airgead a cuirtear ar fáil don Chomhairle Ealaíon thar thréimhse seacht mbliana. Idir an dá linn, tháinig an phaindéim chun tosaigh agus dearnadh dúbailt agus níos mó ar an airgead atá ag an gComhairle Ealaíon. Ghlac an Rialtas cinneadh an t-airgead a fhágáil ag an gComhairle Ealaíon agus chuireamar fáilte roimhe sin agus táimid an-sásta go ndearna an Rialtas an cinneadh sin. Léiríonn sé sin gur féidir léim shuntasach a ghlacadh agus a choinneáil más mian leis an Rialtas é sin a dhéanamh. Mar sin, sílimid go bhfuil ardú ó 0.17% go dtí 0.4% thar a bheith indéanta. Sílim go bhfuil sé féaráilte agus réasúnta go ndéanfaí é thar thréimhse cúig bliana, mar atá molta. Ciallaíonn sé sin go dtarlódh sé beagáinín ar bheagáinín gach bliain ach go mbeadh an toradh ag an deireadh ag 0.4%.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar sin, tá an conradh ag féachaint ar an sprioc sin thart ar thréimhse; laistigh de chúig bliana, is dócha.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an-chuid eile ann a d'fhéadfaimis a phlé. Bhí plé maith againn níos luaithe chomh maith agus táim cinnte go mbeimid ar ais arís le go leor eile plé ag na cruinnithe eile. A Chathaoirligh, táim okay faoin tráth seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh aon rud a rá?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim maith go leor, go raibh maith agat.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúpla ceist eile agam. Tá Údarás na Gaeltachta luaite anseo ach is é an buiséad riaracháin a fhaightear anseo seachas an buiséad caipitil. Tá an buiséad caipitil luaite níos luaithe sa ghraif agus léiríonn sé an easpa chaiteachais agus ardaithe. Chuir an t-údarás ar an eolas muid le linn na bliana faoina leithéid. Is airgead breise atá i gceist nach bhfuil go sonrach anseo.
Mr. Julian de Spáinn:
Ar leathanach 68 den phlean fáis, tá buiséad riaracháin an údaráis luaite go sonrach mar chuid den airgead iomlán atáimid ag lorg. Tá sé san áireamh sa bhreis is €200 milliún atáimid ag lorg sa bhreis agus san 0.4%. Tá pointe an-tábhachtach déanta ag an gCathaoirleach. Má tá ardú le teacht ar an méid airgid a chuirtear ar fáil sa phobal tríd an bpleanáil teanga, trí na scéimeanna, trí scoláireachtaí a chur ar fáil nó pé rud atá i gceist atá luaite sa phlean fáis seo, beidh breis dualgas ar na húdaráis atá i gceannas ar an airgead sin a dháileadh. Tá sé curtha san áireamh go sonrach anseo ó thaobh fostaíochta agus buiséid de chun gur féidir leo feidhmiú air sin freisin. Tá sé ar fad san áireamh san 0.4% agus an méid airgid sa bhreis atá muid ag caint air.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chomh maith leis sin, glacaim go bhfuil sé i gceist nach bhfuil an t-airgead seo ar fad ag teacht ón gcuid de Roinn na Gaeltachta a bhíonn ag déileáil leis an nGaeltacht mar go bhfuil roinnt ag teacht ó áiteanna eile. Tá tithíocht luaite ag an gconradh ó thaobh Údarás na Gaeltachta agus is gá go dtiocfaidh sé sin ón Roinn tithíochta. Is caiteachas ar thithíocht é sin in ainneoin gur caiteachas ar thithíocht ar leith i gceantair Gaeltachta atá i gceist.
Mr. Julian de Spáinn:
Cinnte. Ceann de na héilimh is suntasaí atá sa phlean ná ciste infreastruchtúir a chur ar bun arís sa Ghaeltacht. Tá thart ar €50 milliún á lorg dó sin ach is é an Roinn forbartha tuaithe a bheadh i gceist ansin níos mó ná Roinn na Gaeltachta. Ní bheadh sé ag teacht ó Roinn na Gaeltachta. Tá an ceart ag an gCathaoirleach nach é Roinn na Gaeltachta amháin atá i gceist ós rud é go bhfuil sé scaipthe i measc na Ranna a bhaineann leis an ábhar seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceann de na caiteachais is mó atá luaite anseo ná an caiteachas ar TG4. Roimhe seo, ní raibh na meáin sa Roinn céanna leis an nGaeltacht - bhí na Ranna go hiomlán difriúil. Sa chás atá ann faoi láthair, tá TG4 i Roinn na Gaeltachta. Bheadh ardú suntasach i gceist bunaithe ar an méid atá luaite ag TG4 linn thar na blianta. Tá TG4 ag iarraidh bogadh i dtreo S4C nó an cainéal teilifíse i dTír na mBascach. Dá mbeadh an saghas airgid sin aici, bheadh TG4 níos seasmhaí agus bheadh i bhfad Éireann níos mó clár as Gaeilge á gcur ar fáil. Measaim gur €26 milliún sa bhreis a bhí i gceist do TG4.
Mr. Julian de Spáinn:
Bhí €26 milliún i gceist do cháinaisnéis 2025. Táimid ag aontú leis an méid sin. Tá TG4 ag iarraidh méadú áirithe a bhaint amach sa chéad cháinaisnéis eile. Aontaím leo mar is é cuid den mhéid atá á lorg acu nó go bhfuil siad ag iarraidh an t-airgead a fháil don tseirbhís nuachta, rud atá ag teacht ó thuairisc Choimisiún na Meán. Tá TG4 ag gníomhú ar rudaí atá réamhshocraithe agus tá an t-airgead ag teastáil anois chun gur féidir leo feidhmiú orthu. Tá an ceart ag an gCathaoirleach. Tá €26 milliún i gceist anseo do cháinaisnéis 2025 ach don mhéid iomlán sa phlean fáis, sílim gur thart ar €50 milliún nó €60 milliún bhí i gceist againn.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a bhí TG4 os ár gcomhair, bhí siad ag iarraidh bogadh i dtreo €80 milliún sa bhliain, nó níos mó ná sin, bunaithe ar S4C agus a leithéid. Bheadh TG4 in ann é sin a chaitheamh an-éasca agus fás a dhéanamh dá réir.
Luaigh an conradh go bhfuil Foras na Gaeilge ag bogadh chun cinn, ach cén figiúr a bheadh i gceist ionas go mbeadh an ráta céanna fáis acu is atá ag an gComhairle Ealaíon? An é €17 milliún méid airgid atá i gceist faoi láthair? An é €50 milliún an méid a bheadh i gceist?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Seachas an méid a luaigh tú níos luaithe, mura thagann an t-athrú coibhnis agus mura bhfuil an Stát sásta áisíneacht nua a bhunú, an bhfuil aon bhealach eile chun an fás sin a bhaint amach nó an caiteachas sin a chur i dtreo na dtograí difriúla atá leagtha síos anseo? An féidir teacht timpeall ar na fadhbanna atá cothaithe againne mar pholaiteoirí - cothaíodh na fadhbanna sin dúinne mar Ghaeilgeoirí - trí na fadhbanna eile a leigheas?
Mr. Julian de Spáinn:
Mar a luaigh mé níos luaithe, is é réiteach na faidhbe ná socrú idir an dá rialtas. Is féidir leo fáil réidh leis an gcéatadán. Go bunúsach, is féidir le ceachtar den dá rialtas airgead sa bhreis a chur isteach, más mian leo, mar bhonn maoinithe d’Fhoras na Gaeilge, fad is atá an rialtas eile ag cur isteach méid áirithe nó sásta íosmhéid a chur isteach. Mura tharlaíonn sé sin, agus má leantar mar atá ag tarlú faoi láthair, beidh Roinn na Gaeltachta ag seasamh isteach i go leor de na bearnaí, faoi mar atá sé faoi láthair. Ní dóigh liom go gcuirtear an struchtúr nua ar bun ionas go mbeadh sé sin ag tarlú. Glacaim leis gurb é sin ceann de na fáthanna go raibh caint sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar áisíneachtaí Stáit nua ionad go mbeadh sé ag feidhmiú.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí caint ar leasú a dhéanamh ar an Acht um Údarás na Gaeltachta agus go bhféadfadh an t-údarás deontas Gaeltachta a íoc taobh amuigh den Ghaeltacht in áit ar bith ar domhan ar mhaith leis. Rinne Roinn na Gaeltachta é sin cheana féin i Meiriceá Thuaidh, Tóiceo agus mar sin de.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé ag plé leis sin cheana féin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Roinn na Gaeltachta ag déanamh an rud seo ó bunaíodh í.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní aontaím leis sin. Scaoileann sé sin Stormont óna ndualgais ó thaobh an fhorais de. Ba cheart é sin a choinneáil fáiscthe, is é sin €3 do €1. Is coibhneas réasúnta é sin taobh istigh den oileán seo. Caithfimid an fáisceadh a choinneáil orthu. Má táimid ag iarraidh rudaí a dhéanamh ó Thuaidh ba cheart iad a dhéanamh as ciste an Stáit seo, scun scan ar an bhforas.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá difríocht ann. Is é sin fáth na ceiste seo a leanas: cad is féidir linn a dhéanamh mura thagann aon athrú? Níl mise ag rá é sin ach caithfimid teacht ar bhealach chun an t-airgead a scaoileadh ionas nach mbeidh na heagrais Ghaeilge, an lucht pleanála teanga nó aon dream eile thíos leis agus míshásta toisc nach féidir linn, leis an gComhthionól nó leis an Stát anseo an caiteachas a chur ar fáil gan srianta. Ní fheicim go dtarlóidh sé sin go ceann tamaill.
Mr. Julian de Spáinn:
Nuair a thit an geilleagar as a chéile ó Dheas agus bhí airgead acu ó Thuaidh, tharla sé nach raibh an t-ardú tugtha d’Fhoras na Gaeilge arís. Táimid i sáinn pholaitiúil. Tá bealach ann, ach braitheann sé ar cé atá sásta tabhairt faoi. D'fhéadfaí réiteach a fháil ar an bhfadhb má tharlaíonn sé nach bhfuil an rialtas ó Thuaidh ag cur an méid céanna airgid isteach nó nach bhfuil an rialtas ó Dheas ag déanamh amhlaidh. D’fhéadfaí go mbeadh airgead breise á chur isteach ag rialtas amháin as an dá rialtas. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh. Is cinneadh polaitiúil a bheadh ansin. Sílim go gcaithfidh na polaiteoirí teacht ar réiteach chuige sin.
Baineann an rud atá á rá againn leis an mhéid a tharlóidh mura thagaimid ar réiteach chuige sin, agus má tá Foras na Gaeilge chun leanúint ar aghaidh sa suíomh ina bhfuil sé faoi láthair. B'fhéidir go bhfaighidh sé beagáinín sa bhreis sa chúpla bliain ós ár gcomhair, agus tá súil agam go bhfaighidh sé. Má bhreathnaímid ar an ngeilleagar atá ann ó Thuaidh faoi láthair agus ar an bpolaitíocht a bhaineann le cúrsaí ó Thuaidh, ní fheictear dúinne faoi láthair go bhfuil siad i suíomh maith chun airgead suntasach nua sa bhreis a chur isteach sa phota. Sa chás sin, an bhfuilimid chun a bheith fágtha leis an mbuiséad íseal atá ann sa chéad chúig bliana nó deich mbliana eile? Mar a deir an Cathaoirleach, b'fhéidir go dtarlóidh rud éigin thíos anseo. D’fhéadfadh 15 bliana nó 20 bliain eile a bheith ann agus muid san áit chéanna is atáimid anois, 20 bliain níos déanaí.
Murar féidir teacht ar an réiteach sin, agus tá moltaí againn faoi conas é a réiteach, caithfear an t-airgead nó an maoiniú a chur ar fáil fós, bíodh sé sin le struchtúr athmhúnlaithe nó le struchtúr nua sa bhreis ar an rud a dhéanann an foras, mar shampla. Is féidir é sin a dhéanamh, ach is gá rud éigin a dhéanamh ionas gur féidir linn a bheith ag feidhmiú. B'fhéidir go mbaineann sé le buiséad i bhfad níos mó a thabhairt do Roinn na Gaeltachta, ionas go mbeadh an Roinn sin ag bunú rannóg faoi leith agus ag feidhmiú níos mó ar na rudaí seo atá luaite. Caithfidh an maoiniú a bheith ag teacht. Ní féidir leis an mbac seo leanúint ar aghaidh. Caithfear é a réiteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mar níl sé cothrom.
Is féidir linn breathú ar an gcoibhneas nó ar an difear idir an gComhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge ó cuireadh ar bun é. Sílimid go raibh thart ar dhá oiread go leith níos mó maoinithe ag an gComhairle Ealaíon nuair a cuireadh Foras na Gaeilge ar bun. Is í an tuiscint a bhí ag roinnt againne ná go mbeadh an maoiniú, cineáilín, ag cloí nó ag teacht leis sin agus go dtiocfadh an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge níos gaire don maoiniú a fhaigheann an Chomhairle Ealaíon. Roimh an bpaindéim, bhí an maoiniú a bhí ag an gComhairle Ealaíon cúig oiread níos mó agus anois tá sé ocht n-oiread níos mó. Tá rudaí imithe as riocht agus táimid tagtha ag an bpointe go bhfuil gá é a dheisiú anois. Mura ndéantar é sin trí struchtúr an fhorais a dheisiú, caithfear fós an maoiniú a chur ar fáil mar níor chóir go mbeadh an pobal thíos leis. Ní chóir go mbeadh na rudaí atá molta ag an bpobal le bheith maoinithe thíos leis mar gheall air seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá graif ag an gconradh san aighneacht a léiríonn cuibheasach soiléir an coibhneas idir an gComhairle Ealaíon agus an foras ó thaobh an chaiteachais de. Tá sé léirithe mar an gcéanna ó thaobh Údarás na Gaeltachta, an Industrial Development Authority, IDA, agus Fiontar Éireann de. Tá sé sin an-áisiúil dúinn nuair atáimid ag déanamh na hargóna ó thaobh breis airgid de. Ní hé go bhfuilim i gcoinne an mhéid atá á rá ag Julian de Spáinn maidir leis an bhforas agus an cur chuige i dtaca leis an bhfadhb. Ní fheicim agus is léir nach bhfeiceann an Teachta Ó Cuív go dtarlóidh an t-athrú sin agus tá dainséir ann chomh maith céanna ó thaobh an chur chuige sin.
Is é an rud atá á lorg agam ná conas is féidir linn teacht timpeall air. Tá an ceart ag Julian de Spáinn gur gá dúinn teacht timpeall air ar bhealach éigin chomh tapa agus is féidir ionas nach bhfuil srian á chur ar na moltaí agus ar na tograí spéisiúla atá leagtha síos againn. Is é sin an sórt chur chuige is gá don Stát a dhéanamh chun an athghiniúint sin a baint amach, an méid a bhí á lua ag an Ollamh Ó Brolcháin níos luaithe a thosú, agus an infheistíocht sin a dhéanamh.
Is é ceann de na rudaí a luaigh Julian de Spáinn ná gur gá ciste infheistíochta a athbhunú. Is féidir é sin a dhéanamh go héasca. Tá ceann ó Thuaidh cheana féin. Is féidir é a bhunú don Stát anseo. Ní bheadh sé sin ag teacht salach ar an obair atá á déanamh ag an bhforas. D'fhéadfaí díriú isteach air sin agus d'fhéadfaí níos mó den sórt sin ruda a dhéanamh nuair atá tograí ann atá bunaithe nó díreach gafa le hinstitiúidí na Sé Chontae Fichead, is iad sin cúrsaí tithíochta, infreastruchtúir agus oideachais. Ní gá, má tá bac ann nó dá mbeadh bac ann, go mbeadh an foras go hiomlán gafa leo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir.
Mr. Julian de Spáinn:
B'fhéidir nach bhfuil na céatadáin atá luaite sa phlean fáis 100% cruinn ach is fíor é a rá go bhfuil an cheathrú chuid den airgead ag dul i dtreo an ciste infreastruchtúr, an cheathrú cuid ag dul i dtreo TG4 agus an cheathrú cuid ag dul i dtreo cúrsaí Gaeltachta. Is leis an gceathrú chuid dheiridh a bhfuil an fhadhb ann a bhaineann le Foras na Gaeilge, nó le hairgeadú na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá ina fhadhb gur gá réiteach a fháil uirthi. Is féidir leis an Rialtas tabhairt faoi an trí cheathrú eile ar maidin; níl aon bhac ar an Rialtas na cinn sin a mhaoiniú. Is é an chuid sin a bhaineann le hairgead lasmuigh den Ghaeltacht atá maoinithe ag nó a thagann faoi réimse Fhoras na Gaeilge atá faoi bhac faoi láthair agus caithfimid díriú ar conas é sin a réiteach. Bheinn dóchasach faoi céard a d'fhéadfaimis a dhéanamh ar maidin. D'fhéadfaimid trí cheathrú den phlean seo a mhaoiniú. Is ar an gceathrú cuid sin a gcaithfimid teacht ar réiteach air.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhféadfainn teacht isteach anseo? Nuair a bhí mé i m'Aire, is minic fuaireamar glaoch ó na meáin faoin méid a chaithfí ar an nGaeilge. Bhraith sé ar cé a chuir an cheist cén freagra a fuair siad. An airgead ar an nGaeilge é airgead a thabhairt do TG4 nó, b'fhéidir, do Raidió na Gaeltachta? Más ea, is airgead ar an mBéarla é airgead a thabhairt do RTÉ. Dá mba rud é gur namhaid don Ghaeilge a chuirfeadh an cheist orm, déarfadh mé nach airgead don Ghaeilge é sin ar chor ar bith mar gur airgead don chraoltóireacht é. Sílim go gcaithfimid a bheith cúramach má aithneoimid fadhb. Má thógaimid an lear mór airgid a thugtar do TG4 anseo, go deimhin féin, agus a thugtar do RTÉ atá á phlé i láthair na huaire maidir leis an easpa chomhlíonta ar a chuid dualgais aige siúd, ní áirím gur airgead Gaeilge é mar gur airgead craoltóireachta é. Dá mba rud é, mar shampla, go ndearna RTÉ neamhaird ar spórt dúchasach, déarfaí gur feall a bheadh déanta ar an bpobal ach ní airgead do spórt é go gclúdaíonn sé imeachtaí spóirt ach is airgead don chraoltóireacht é.
Mar sin, tá deis nach beag againn an chuid mhaith de seo a fháil in aon léim amháin gan é a iarraidh don Ghaeilge ach é a iarraidh don chraoltóireacht. Tá tuarascáil a bheidh ag dul amach air seo agus deirtear linn go bhfuil cinneadh le déanamh maidir le maoiniú craoltóireachta. Níor cheart dúinn g lacadh leis go mbaineann sé sin le RTÉ amháin. Ba cheart dúinn a rá go mbaineann sé le TG4, RTÉ agus táimid ag iarraidh go mbeidh an dara craoltóir náisiúnta ag fáil sciar réasúnta den airgead. Bheinn ag iarraidh go mbeadh benchmark an-mhaith ansin. Go deimhin féin, ní thuigim cén fáth nach bhfuil níos mó éirithe amach faoi go bhfuil caint ar bhreab mór a thabhairt don chraoltóir nach raibh in ann coinneáil taobh istigh de na laincisí airgid a bhí air, fiú amháin go raibh mórchuid airgid aige, agus go bhfuil pionós á ghearradh ar TG4 i ngeall air sin, mar gur chloígh sí leis na buiséid agus nach ndeachaigh siad thar teorainn ag caitheamh airgid.
Tá an t-uafás rudaí gur féidir a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ní gá admháil riamh gur airgead don Ghaeilge é, ach an oiread go ndéarfaimid gur airgead don Bhéarla é má oilimid múinteoirí trí Bhéarla, mar shampla. Is airgead don Ghaeilge é i gcónaí má mhúintear an rud ceanann céanna trí Ghaeilge, ach níl aon chostas ag baint leis. Tuigeann an t-eacnamaí os mo chomhair an méid sin. Níl aon chostas ag baint leis ar chor ar bith mar chaithfí é a dhéanamh ar bhealach amháin nó bealach eile.
Dá mbeadh mise ag iarraidh dul timpeall ar Aire Airgeadais, bheadh mé ag cur an-bhéim ar na rudaí ar fad a dhéanamh gan costas, ach atreorú a dhéanamh ar an airgead atá ann ag dul do na hearnálacha sin. Mar shampla, ceann de na rudaí is mó go gcaithfear tabhairt faoi ná oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge. Dá ndéarfaí leis an Roinn caiteachas poiblí agus an Roinn breisoideachais go raibh an oiread áirithe sin den airgead a bheidh tú ag caitheamh ar an HEA an bhliain seo chugainn le bheith ann do chúrsaí trí Ghaeilge – ní cúrsaí don Ghaeilge ach cúrsaí trí Ghaeilge - ní fheictear mar airgead ar an nGaeilge é. Is airgead ar chumarsáid, eacnamaíocht, eolaíocht, altracht, múinteoireacht nó cíbí cén rud a bheadh ann. Is dóigh liom go gcaithfimid é seo a dhéanamh.
Tá go leor smaointe maithe anseo - níl aon amhras faoi sin - ach caithfimid a bheith seiftiúil faoi cén chaoi a mbainimid an t-airgead den Stát. Mar shampla, dá mba rud é go mbeadh Údarás na Gaeltachta ina AHB, agus riail ag an AHB sin go gcaithfear an t-airgead a chaitheamh ar thithíocht do Ghaeilgeoirí, ní airgead Gaeilge a bheadh ann. Is airgead tithíochta a bheadh ann ach tharlódh go mbeadh toradh an-mhaith teangan leis an airgead tithíochta. Caithfidh sé sin dul tríd an córas ar fad. B’shin an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis 20 bliain don Ghaeilge: go raibh muid ag úsáid airgead an chórais ach seachas go mbeadh cistí beaga don Ghaeilge ann ar leataobh, go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i chuile caiteachas de chuid an Stát agus gur atreorú a bheadh ann. Má tá tithe le tógáil, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil tithe á dtógáil do Ghaeilgeoirí chomh maith le Béarlóirí. Braitheann sé ar teaicticí. Mar a dúirt mé, agus tá mé sách fírinneach faoi seo, dá n-iarradh ar Chonradh na Gaeilge nó ar dhuine atá báúil den Ghaeilge cén mhéad airgid a chaitheadh ar an nGaeilge, b’fhéidir go bhfaighidís freagra difriúil. Níl aon sea nó ní hea.
Maidir leis an Tuaisceart, is féidir le Roinn na Gaeltachta nó leis an Rialtas airgead a chaitheamh áit ar bith is maith leis ar rud ar bith is maith leis – taobh istigh nó taobh amuigh den Stát. Tá a leithéid ar bun. Tá €500 milliún curtha ar fáil tríd an gciste comhroinnte oileáin agus tá deiseanna iontacha ansin. Arís, ní airgead ar an nGaeilge é; is airgead as an gciste comhroinnte é ar thograí a mbeadh buntáistí ag an nGaeilge astu. Tá na tograí sa Tuaisceart. Ní aon amhras faoi sin. Tograí Tuaiscirt-Deiscirt atá iontu. Caithfimid a bheith níos seiftiúil sa bhealach a thabharthas muid faoi seo. Is maith liom nuair atá an bille pleanála beag agus an toradh an-mhór.
Níl aon rud sa phlean go bhféadfaí a chur ina aghaidh. B’fhéidir go mbeadh mé ag cur tosaíochtaí áirithe le hais tosaíochtaí eile ach níl mé ag dul a bheith ag troid faoi mionrudaí. Caithfimid a bheith cúramach ó thaobh an mórphobal faoin gcaoi go bhfógraítear rudaí. Tá a fhios ag Julian de Spáinn céard atá i gceist agam nuair a tagraím don Ghaeilge mar whipping boy.
Ag dul ar ais ag TG4, tá deis iontach chun a bheith ann. Scun scan ar aon cháinaisnéis, caithfimid dhá rud a chinntiú. Caithfimid a chinntiú gur pacáiste iomlán craolacháin a bhéas ann agus go gcaithfear go cothrom leis na craoltóirí náisiúnta agus na craoltóirí gnó. Tuigim cén fáth a ndearnadh ar an mbealach a rinneadh é nuair a cuireadh TG4 ar bun, ach shíl mise ón gcéad lá gur cheart do mhaoiniú TG4 teacht as an gciste céanna le RTÉ. Otherwise deirtear “ah bosca beag na Gaeilge, tabharfaimid cúpla punt dó” seachas a rá gur chuid de mórphictiúr craolacháin na tíre é agus go gheobhfaidh sé a sciar féin. Bheadh níos mó dul chun cinn fadtéarmach déanta ar an mbealach sin. Bheadh chuile teach a thógfaí sa tír ag fáil a sciar as. Caithfimid gach rud a nascadh le chéile sa chraoltóireacht le cur chuige iomlán nua ar fad agus cothrom na Féinne a fháil, seachas TG4 a bheith ina cineál bhoiscín beag leis féin, maoinithe ag an Stát agus an dream eile maoinithe ag an gceadúnas. Cibé cén réiteach atá ann do RTÉ, caithfidh sé TG4 a chuimsiú freisin.
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an ceart ag an Teachta. Is dócha go mbaineann sé leis an mbealach a léirítear an rud atá uainn. Mar shampla, maidir leis an airgead sin atá luaite sa phlean fáis a bhaineann le hinfreastruchtúr Gaeltachta, is infreastruchtúr é gur gá a thógáil ar aon nós agus ba chóir go mbeadh an Roinn forbartha tuaithe ag tabhairt faoi. An rud atá muid ag iarraidh éileamh ar an Roinn ná an t-airgead óna bhuiséad a atreorú i dtreo na hoibre seo sa Ghaeltacht atá i gceist. Tá an ceart ag an Teachta. Baineann sé leis an mbealach a léirítear é sin. Tá cúpla smaoineamh tugtha aige dúinn maidir leis an mbealach a léirítear an t-eolas sin. Is é sin an rud a chuireann sé as dom i gcónaí nuair atáimid ag plé le haon Roinn eile. Tosaímid ag labhairt faoi rud a bhaineann leis an nGaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge san áireamh ann agus go tobann cuirtear trasna go Roinn na Gaeltachta muid. Bhí an córas Eircode mar shampla an-mhaith de sin. Bhí an bunachar in easnamh ó thaobh na dtéarmaí nó na logainmneacha a bheith ar fáil. Nuair a thosaíomar ag plé leis, ba léir nach mbeadh an rud iomlán mar nach raibh Roinn na Gaeltachta ag cur airgead ar fáil chun an bunachar a chuimsiú, cé go raibh an Roinn cumarsáide ag caitheamh €35 milliún ar an gcóras nua. Ní raibh siad sásta an píosa beag eile a dhéanamh chun go bhféadfadh an córas breá nua a bheith in ann déileáil leis an nGaeilge freisin. Tagaim leis an Teachta. Níor chóir go mbeadh an dearcadh ann i gcónaí go mbaineann gach rud le Roinn na Gaeltachta.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir le Julian de Spáinn a shamhlú dá mba rud é go raibh córas Eircode le tabhairt isteach sa Bheilg, go ndearnadh an ceann Fraincise agus go ndéarfaidís go gcaithfidh na Pléimeannaigh íoc as a gceann féin as airgead teanga na Pléimeannaise? Bheifí ag gáire fút. Bheadh siad ag rá: “Fan soicind, tá dhá theanga oifigiúil sa tír” agus chaithfí é a dhéanamh sa dhá theanga ó thús go deireadh. Is é sin an rud atá ag teip go hiomlán orainn mar earnáil a chur ina luí ar na Ranna. An bunús a bhí le cur chuige uile-Rialtas leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ná go mbeadh sé de dhualgas ag chuile Roinn, mar chuid dá ghnáthobair laethúil, na rudaí seo a mhaoiniú go dhátheangach.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfimid é a chur ann arís.
Mr. Julian de Spáinn:
Ceann de na samplaí is fearr don rud atá á léiriú ag an Teachta ansin, agus áit gur gá do na Ranna ar fad a gcuid dualgais a chur i gcrích, ná an soláthar nó an foráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir leis an bhfógraíocht. Caithfidh gach comhlacht Stáit anois íoc as a chuid bhfógraíochta féin i nGaeilge. Is sampla an-mhaith é sin. Feiceann tú anois------
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ach an fhógraíocht é fógraí Covid nó cibé cén rud i nGaeilge, nó an caiteachas ar an nGaeilge é?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an pointe atá mé ag déanamh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl sibh ag easaontú lena chéile.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá, mar tá contúirt ann má deireann tú go bhfuilimid ag iarraidh €300 milliún.
Tá a fhios ag Julian de Spáinn cé mhéad iarratais a bhíonn ann an t-am seo den bhliain. Tá mise ar an gcoiste leasa shóisialta. Tá dóthain iarratas istigh a bhánadh an Stát trí huaire. An rud atá mise ag iarraidh a chruthú an t-am ar fad ná nach gá mórán airgid a chaitheamh ar chor ar bith le rudaí a chur ina gceart. Má chuirtear reachtaíocht cosúil le hAcht na dteangacha i bhfeidhm, is féidir a lán a bhaint amach, mar a dúirt Julian de Spáinn. Is sampla iontach í an fhógraíocht. Tá ag éirí thar cionn leis. Ta cuid de na fógraí sách briotach ach sin scéal eile. Ach taobh amuigh de sin, tá ag éirí thar cionn leis ó thaobh an tsoláthair de, ó thaobh na feiceáileachta de agus ó thaobh líon na bhfógra, agus gan oiread agus pingin rua caite as cistí Gaeilge. Caithfimid i bhfad Éireann níos mó de sin a dhéanamh. An chéad cheann eile atá práinneach anois - tá sé ag teacht chun tosaigh go ceann míosa - ná TG4 a bheith san áireamh nuair atá socraithe á dhéanamh maidir le craoltóireacht. Go haon turas, níl mé ag rá nuair atá socraithe a dhéanamh maidir le TG4. Tá socraithe le déanamh maidir le maoiniú craoltóireachta araon. Is cuma liom an é an ceadúnas nó an Stát a íocann as - tá laigí ar gach aon taobh - ach bíodh an socrú céanna ann do gach aon cheann agus sciar féaráilte ag TG4, atá ag déanamh sároibre agus a bhfuil sártháirgiúlacht aige le hais RTÉ.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ós rud é nach bhfuil aon Teachta nó Seanadóir eile ag iarraidh ceisteanna a chur, cuireann sé sin críoch lenár bplé inniu. Tréaslaím an plean fáis seo leis an finnéithe, leis an 135 grúpa atá taobh thiar de, agus leis an trí eagraíocht eile - Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4 - a n-aontaíonn leis na cinntí atá ann maidir leo féin nó na grúpaí eile. Jab mór é an plé sin a bheith ag na grúpaí ar fad agus iad a eagrú agus a bheith dírithe ar an sórt maoinithe atá leagtha síos sa phlean. Tá sé leagtha síos ann nach díreach infheistíocht atá ann. Tá postanna ag teacht as. Mar a luaigh an tOllamh Ó Brolcháin, tá an athghiniúint sin ó thaobh na Ghaeilge agus ó thaobh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i gceist. Is gá dúinn é seo a dhéanamh má táimid chun na dualgais Stáit sin a chomhlíonadh agus má táimid chun an Ghaeilge a tharrtháil nó teacht timpeall ar an ngéarchéim ina bhfuilimid. Tréaslaím leis na finnéithe a gcuid oibre. Ní urlabhraí airgeadais mé ach nuair a fhéachaimid ar na figiúirí atá leagtha síos, is airgead beag é i gcomhthéacs an airgid mhóir atá ag an Stát. Mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá, is léiriú é ar an tairbhe atá bainte againn mar náisiún as an airgead a chaitheadh ar TG4. B’fhiú an caiteachas sin a dhéanamh, laistigh de pé rialacha a bhí leagtha síos, ach is léir ó thaobh TG4 de nach airgead amú é. Is léir nach airgead amú a bhí ann ó thaobh na Gaeilge de.
Go n-éirí leis na finnéithe. Chífidh mé arís iad. Beidh na hAirí difriúla os ár gcomhair idir seo agus an cáinaisnéis, muna dtarlaíonn sé róluath i mí Mheán Fómhair. Chuala mé ráfla go mbeidh cáinaisnéis luath againn i mí Mheán Fómhair. Níl mé cinnte ar roinneadh sin leis an Teachta Ó Cuív. Déanfaimid déileáil leis má bhíonn cáinaisnéis ann. Mar atá, tá an plean seo leagtha síos. Is plean cúig bliana atá i gceist. Beidh Rialtas againn an bhliain seo chugainn. B’fhéidir go mbeadh athrú ann. Tá súil agam go bhfuil éisteacht ceart tugtha againn do na finnéithe agus gur féidir linn ar fad aontú leis an gcuid is mó de na hiarratais atá ann. Ní hé go bhfuilimid ag cur i gcoinne na cinn eile ach go bhfuil tuairimíocht difriúil, agam, ar aon nós. Is léir ó roinnt de na comhaltaí eile go bhfuil tuairimí difriúla maidir leis an gcur chuige ach ní hé go bhfuilimid i gcoinne an chaiteachas. Aontaímid leis an caiteachas agus leis an gcur chuige atá leagtha síos. É sin ráite agam, gabhaim buíochas le Julian de Spáinn, Gráinne Nic Niallais agus Fionnbarra Ó Brolcháin as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu agus as an bplean a chuir faoinár bhráid. Is é sin deireadh an phlé ar an gceist seo.
An bhfuil aon duine ag iarraidh ceist a ardú faoin aon ghnó eile? Níl. Beidh ár gcéad chruinniú eile ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an 10 Iúil nuair a phléifimid an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hiondaithe ó SEALBHÚ. Pléifimid freisin an bunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram le hionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann; ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin; ionadaithe ó Ghaeloideachas; agus ionadaithe ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann.