Written answers

Wednesday, 10 July 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Riachtanas Speisialta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

119. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta breis airgid a cheadú do champa samhraidh Gaeilge speisialta i gConamara do ghasúir Ghaeltachta a bhfuil uathachas orthu, de bharr an chúraim speisialta bhreise a theastaíonn ó na gasúir speisialta seo [30299/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar an eagraíocht Muintearas Teo. atá an cúram Scéim na gCampaí Samhraidh a riar ar son mo Roinne. Ar bhonn ghinearálta, cuirtear fóirdheontas níos airde ar fáil do pháistí le riachtanais speisialta le tacú leo freastal ar champaí samhraidh Gaeltachta atá maoinithe ag mo Roinn faoin scéim seo.

Tá plé ar bun le tamall idir oifigigh mo Roinne agus Muintearas Teo maidir le campa samhraidh speisialta a reáchtáil i gConamara do ghasúir Ghaeltachta a bhfuil uathachas orthu agus tá curtha in iúl ag mo chuid oifigigh go mbeadh an Roinn sásta breathnú go báúil ar iarratas dá leithéid a mhaoiniú ach ceann a bheith faighte.

Tá iarrtha ag mo Roinn anois ar Mhuintearas Teo teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir ar mhaithe leis an gcás seo a bhrú chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.