Written answers

Thursday, 30 May 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

14. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 16856/24, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an obair athbhreithnithe atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas na scéime píolótaí; cé mhéad cliantchuideachta atá ag glacadh páirte sa scéim; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na téarmaí tagartha don scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24276/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil céimeanna ullmhúcháin a gcur in áit ag an Údarás chun an scéim phíolótach seo a thairiscint do suas le 10 gcliant faoi thús an Fhómhair 2024. Tuigtear dom go bhféadfaí cur leis an líon cliaint ach breis maoinithe a bheith curtha ar fáil chuige sin i mbliana. Tá cás maoinithe déanta ag an Údarás chuig mo Roinn ina leith. Tá an cás seo á bhreithniú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.

Tá obair ar siúl ag an Údarás faoi láthair le hábhar tacaíochta a chur ar fáil chomh maith le critéir agus córas mheasúnaithe a fhorbairt don scéim píolótach.

Díríonn ar scéim ar chomhoibriú le cliaint ar leith le fostaithe sa ghnó a aithint a bheadh sásta agus oilte feidhmiú mar Áisitheoirí Teanga ar feadh roinnt uaireanta an chloig gach seachtain. Beidh na háisitheoirí seo ag comhoibriú leis an Údarás le Plean Forbartha Gaeilge a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana.

Beidh gá tacaíocht a chur ar fáil do na hAisitheoirí Teanga ina gcuid oibre sa réimse seo. Chuige seo tá an tÚdarás ag réiteach clár oiliúna a bheidh dírithe ar spriocanna an Phlean Forbartha Gaeilge a bhaint amach. Cuimseoidh sé seo réimse leathan gníomhaíochtaí bunaithe ar riachtanais an ghnó féin, riachtanais na bhfostaithe ar an láthair oibre, chomh maith lena riachtanais teanga sa mbaile nó sa phobal.

Molaim an tÚdarás as tabhairt faoin obair seo. Tá go leor infheistíochta curtha isteach ag an Stát chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht chun tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus sé tábhachta úsáid na teanga a neartú san áit oibre mar thaca ag an infheistíocht seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.