Results 441-460 of 1,194,477 for in 'Dáil debates' OR (speaker:Peter Burke OR speaker:Damien English OR speaker:Simon Coveney OR speaker:Darren O'Rourke OR speaker:Michael Fitzmaurice OR speaker:Cathal Berry OR speaker:Alan Dillon OR speaker:Niamh Smyth OR speaker:Róisín Shortall OR speaker:Jennifer Whitmore OR speaker:Jackie Cahill OR speaker:Denise Mitchell OR speaker:Michael Lowry OR speaker:Johnny Mythen OR speaker:Éamon Ó Cuív OR speaker:Patricia Ryan OR speaker:Jennifer Murnane O'Connor OR speaker:Catherine Connolly OR speaker:Rose Conway-Walsh OR speaker:Patrick Costello OR speaker:Éamon Ó Cuív98 OR speaker:Paul Murphy OR speaker:Malcolm Noonan OR speaker:Ossian Smyth OR speaker:Verona Murphy OR speaker:Thomas Pringle OR speaker:Danny Healy-Rae OR speaker:Carol Nolan OR speaker:Sorca Clarke OR speaker:Éamon Ó Cuív1 OR speaker:Matt Carthy OR speaker:Ivana Bacik OR speaker:Cathal Crowe OR speaker:Richard O'Donoghue OR speaker:Dessie Ellis OR speaker:Éamon Ó Cuív88 OR speaker:Thomas Byrne OR speaker:Peadar Tóibín OR speaker:James Browne OR speaker:Éamon Ó Cuív06 OR speaker:Duncan Smith OR speaker:Simon Harris OR speaker:Aengus Ó Snodaigh OR speaker:Éamon Ó Cuív42 OR speaker:Éamon Ó Cuív87 OR speaker:Joe O'Brien OR speaker:Gerald Nash OR speaker:Aengus Ó Snodaigh22 OR speaker:John McGuinness OR speaker:Imelda Munster OR speaker:Michael McGrath OR speaker:Neale Richmond OR speaker:Heather Humphreys OR speaker:Seán Haughey OR speaker:Donnchadh Ó Laoghaire OR speaker:Éamon Ó Cuív56) in 'Committee meetings'
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Bhí. Tá na dualgais comhlíonta ag an Roinn maidir leis sin, ach laghdóidh sé an brú don bhliain seo chugainn an t-airgead seo a chur isteach roimh dheireadh na bliana.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Catherine Connolly: Cá bhfuil Coláiste Lurgan? Táim ag tapú na deise.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Tá cead pleanála faighte agus an cinneadh déanta an obair a thosú i ndiaidh an tsamhraidh seo chugainn. Beimid ag lorg tairiscintí san earrach.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Catherine Connolly: Tá cead pleanála faighte agus tá an t-airgead ann. In ainneoin go bhfuilimid ag tógáil airgid ón bhfoinse sin anois, beidh neart airgid ann. Tá cead pleanála faighte agus tá an Roinn ag dul tríd an bpróiseas anois chun forbróir a fháil.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Tosóidh sé sin san earrach. Ní féidir airgead a choimeád ó bhliain go bliain. Caithfimid fáil réidh leis an airgead sin sa Roinn.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Catherine Connolly: Cén uair a bheidh-----
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Tá súil againn go dtosóidh an obair ag deireadh an tsamhraidh nuair atá na scoláirí, mo mhac san áireamh, críochnaithe leis an áit.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Catherine Connolly: Céard faoi C1, pá Gaeltachta?
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Is coigilteas de €250,000 é sin. Baineann sé le moill i líonadh folúntas. Is é sin an méid. Ní raibh an réamhaisnéis ná forecast déanta díreach i gceart. Tarlaíonn sé sin nuair atá folúntais á líonadh.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Aengus Ó Snodaigh: Táim fós beagáinín ar strae. B'fhéidir go bhfuil mé ag léamh na bhfigiúirí go mícheart. San iomlán, is €6.25 milliún atá i gceist, an ea? Tá €4.55 milliún á athdháileadh agus ansin tá airgead breise de €2.85 milliún luaite ó thaobh TG4.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: No. Is é an t-iomlán ná €4.55 milliún, mar a dúirt mé.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Catherine Connolly: Is é sin an t-airgead iomlán atá le fáil anois.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Aengus Ó Snodaigh: Tá fáth gur chuir mé an cheist sin. Tá €4.55 milliún luaite ag an Aire Stáit. Níos déanaí, luaitear méadú sa mhaoiniú do TG4 de €4.55 milliún.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Tá €4.55 milliún ann san iomlán. Tá €2.85 milliún luaite. Tá an tábla sin tugtha don choiste againn. Mar aon leis sin, tá €700,000 ag dul, mar a dúirt mé cheana, ó C3 go C4 agus €1 milliún ag dul ó C3 go C10. Is é €4.55 milliún an t-iomlán.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Aengus Ó Snodaigh: Tá botún sa rud clóite mar luann sé méadú sa mhaoiniú do TG4. Deirtear go dtiocfaidh "méadú de €4.5 milliún ar mhaoiniú do TG4 in 2024 mar thoradh ar Mheastachán Forlíontach teicniúil chun borradh a chur faoi roinnt tionscadal coimisiúnaithe agus chun tacaíochtaí earnála a mhéadú"....
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Tá €4.5 milliún ag dul go TG4. Tá airgead eile ag teacht. Tá an €2.85 milliún ag dul as an gclár seo, ach tá níos mó airgid ag dul as rannóga eile sa Roinn nach bhfuil baint agam leo. Níl baint dhíreach agam le TG4 nó na meáin, mar is eol don Chathaoirleach.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Aengus Ó Snodaigh: Táimid tar éis litir a scríobh-----
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Táimid flaithiúil inniu ag tabhairt airgid taobh amuigh den rannóg atá againn.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Aengus Ó Snodaigh: Is ceist eile í sin a raibh mé chun a chur ar an Aire Stáit. Scríobhamar arís chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus luamar gur gá di teacht os comhair an choiste seo chun déileáil leis na Meastacháin chomh maith mar tá an dualgas orainn mar choiste ó thaobh TG4, ní an coiste eile. Bhí sí anseo anuraidh ag...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (24 Oct 2024) Thomas Byrne: Cuireadh leasuithe an Rialtais ar Bhille an údaráis faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo. Rinneadh é sin ar an Máirt. Níl aon dabht go bhfuilimid faoi bhrú ama anois. Bhí m'oifigigh i dteagmháil leis an gcoiste maidir leis seo agus tá sé deacair leis an méid ama atá fágtha againn ó thaobh aistriúcháin...