Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Results 361-380 of 1,180,285 for in 'Dáil debates' OR in 'Committee meetings' (speaker:Michael McDowell OR speaker:Jennifer Murnane O'Connor OR speaker:John Paul Phelan OR speaker:Gary Gannon OR speaker:Michael Moynihan OR speaker:James Browne OR speaker:Norma Foley OR speaker:Noel Grealish OR speaker:Kieran O'Donnell OR speaker:Fergus O'Dowd OR speaker:Robert Troy OR speaker:Ossian Smyth OR speaker:Cian O'Callaghan OR speaker:Johnny Mythen OR speaker:Aengus Ó Snodaigh OR speaker:Roderic O'Gorman OR speaker:Gerald Nash OR speaker:Aengus Ó Snodaigh07 OR speaker:Richard Boyd Barrett OR speaker:Charlie McConalogue OR speaker:Catherine Connolly OR speaker:Eoin Ó Broin OR speaker:John McGuinness OR speaker:Aengus Ó Snodaigh05 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh20 OR speaker:Sorca Clarke OR speaker:Neale Richmond OR speaker:Martin Heydon OR speaker:Dessie Ellis OR speaker:Denise Mitchell OR speaker:Pádraig Mac Lochlainn OR speaker:Jack Chambers OR speaker:Seán Sherlock OR speaker:Paschal Donohoe OR speaker:Aengus Ó Snodaigh09 OR speaker:Thomas Gould OR speaker:Mattie McGrath OR speaker:Michael Collins OR speaker:Chris Andrews OR speaker:Catherine Martin OR speaker:James Lawless OR speaker:Matt Carthy OR speaker:Aengus Ó Snodaigh3 OR speaker:Rose Conway-Walsh OR speaker:Colm Burke OR speaker:Joe O'Brien)

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Don chéad uair, lig mé don Chathaoirleach ceisteanna a chur toisc go raibh mé measctha suas mé féin agus mé díreach as an gCathaoir. Léigh mé an rud aréir agus ní raibh mé in ann é a thuiscint. Is í sin an fhadhb atá agam. Tá míniú tugtha ag an Aire Stáit anois. Níl mé in ann dul amach...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá €1 milliún ag dul ó C3 go C10, is é sin, ag dul isteach sa phleanáil teanga. Is éard atá i gceist leis sin ná réamhíocaíochtaí a dhéanamh ar roinnt de na dualgais atá ag an Roinn.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Is é sin sa 26 ceantar atá-----

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Is do na naíonraí, na bailte seirbhíse agus na rudaí eile a thagann faoin gclár sin é.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Tá €1 milliún ag dul as C3 go dtí C11.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: C10.

Catherine Connolly: Is ó thaobh cúrsaí pleanáil teanga go ginearálta é sin.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Déanfaidh an Roinn réamhíocaíochtaí roimh an Nollaig maidir leo siúd.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Tuigim. Nach raibh a dhóthain airgid tugtha don earnáil sin go dtí seo?

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Bhí. Tá na dualgais comhlíonta ag an Roinn maidir leis sin, ach laghdóidh sé an brú don bhliain seo chugainn an t-airgead seo a chur isteach roimh dheireadh na bliana.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Cá bhfuil Coláiste Lurgan? Táim ag tapú na deise.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá cead pleanála faighte agus an cinneadh déanta an obair a thosú i ndiaidh an tsamhraidh seo chugainn. Beimid ag lorg tairiscintí san earrach.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Tá cead pleanála faighte agus tá an t-airgead ann. In ainneoin go bhfuilimid ag tógáil airgid ón bhfoinse sin anois, beidh neart airgid ann. Tá cead pleanála faighte agus tá an Roinn ag dul tríd an bpróiseas anois chun forbróir a fháil.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tosóidh sé sin san earrach. Ní féidir airgead a choimeád ó bhliain go bliain. Caithfimid fáil réidh leis an airgead sin sa Roinn.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Cén uair a bheidh-----

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá súil againn go dtosóidh an obair ag deireadh an tsamhraidh nuair atá na scoláirí, mo mhac san áireamh, críochnaithe leis an áit.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Catherine Connolly: Céard faoi C1, pá Gaeltachta?

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Is coigilteas de €250,000 é sin. Baineann sé le moill i líonadh folúntas. Is é sin an méid. Ní raibh an réamhaisnéis ná forecast déanta díreach i gceart. Tarlaíonn sé sin nuair atá folúntais á líonadh.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Táim fós beagáinín ar strae. B'fhéidir go bhfuil mé ag léamh na bhfigiúirí go mícheart. San iomlán, is €6.25 milliún atá i gceist, an ea? Tá €4.55 milliún á athdháileadh agus ansin tá airgead breise de €2.85 milliún luaite ó thaobh TG4.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: No. Is é an t-iomlán ná €4.55 milliún, mar a dúirt mé.