Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Results 361-380 of 1,197,533 for in 'Dáil debates' OR in 'Committee meetings' (speaker:Ciarán Cuffe OR speaker:Marian Harkin OR speaker:Bríd Smith OR speaker:Peadar Tóibín OR speaker:Joe O'Brien OR speaker:Colm Burke OR speaker:Martin Heydon OR speaker:Brendan Smith OR speaker:Pearse Doherty OR speaker:James O'Connor OR speaker:Pádraig Mac Lochlainn OR speaker:Aengus Ó Snodaigh OR speaker:Bernard Durkan OR speaker:Alan Farrell OR speaker:Aodhán Ó Ríordáin OR speaker:James Lawless OR speaker:Aengus Ó Snodaigh01 OR speaker:Joe McHugh OR speaker:Aengus Ó Snodaigh06 OR speaker:Marc MacSharry OR speaker:Frank Feighan OR speaker:Aengus Ó Snodaigh25 OR speaker:Noel Grealish OR speaker:Aengus Ó Snodaigh07 OR speaker:Pádraig O'Sullivan OR speaker:Eoin Ó Broin OR speaker:Aengus Ó Snodaigh30 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh12 OR speaker:Kieran O'Donnell OR speaker:Aengus Ó Snodaigh14 OR speaker:Michael Fitzmaurice OR speaker:Aengus Ó Snodaigh31 OR speaker:Dessie Ellis OR speaker:Michael Creed OR speaker:Seán Canney OR speaker:David Cullinane OR speaker:Aengus Ó Snodaigh32 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh10 OR speaker:Louise O'Reilly OR speaker:Patrick O'Donovan OR speaker:Charlie McConalogue OR speaker:Michael Ring OR speaker:Chris Andrews OR speaker:Sorca Clarke OR speaker:Seán Haughey OR speaker:Gino Kenny OR speaker:Aengus Ó Snodaigh11 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh00 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh16 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh09 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh08 OR speaker:Aengus Ó Snodaigh3 OR speaker:Mary Lou McDonald)

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Beidh an t-airgead caite ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in aon chor.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Is é sin an príomhrud. Is é sin an fáth go ndúirt mé-----

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Nílimid ag fáil réidh leis an airgead.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: -----nach bhfuilim ag easaontú. Tá sé go maith go bhfuil an bogadh seo ag tarlú. Is an gnáthrud é. Caithfimid féachaint ar na figiúirí. Bhí an cuma air go raibh sé ag teacht salach ar an nóta clóbhuailte atá againn.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá €1 milliún ag dul ó C3 go C10, is é sin, ag dul isteach sa phleanáil teanga. Is éard atá i gceist leis sin ná réamhíocaíochtaí a dhéanamh ar roinnt de na dualgais atá ag an Roinn.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Is do na naíonraí, na bailte seirbhíse agus na rudaí eile a thagann faoin gclár sin é.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: C10.

Thomas Byrne: Déanfaidh an Roinn réamhíocaíochtaí roimh an Nollaig maidir leo siúd.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Bhí. Tá na dualgais comhlíonta ag an Roinn maidir leis sin, ach laghdóidh sé an brú don bhliain seo chugainn an t-airgead seo a chur isteach roimh dheireadh na bliana.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá cead pleanála faighte agus an cinneadh déanta an obair a thosú i ndiaidh an tsamhraidh seo chugainn. Beimid ag lorg tairiscintí san earrach.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tosóidh sé sin san earrach. Ní féidir airgead a choimeád ó bhliain go bliain. Caithfimid fáil réidh leis an airgead sin sa Roinn.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá súil againn go dtosóidh an obair ag deireadh an tsamhraidh nuair atá na scoláirí, mo mhac san áireamh, críochnaithe leis an áit.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Is coigilteas de €250,000 é sin. Baineann sé le moill i líonadh folúntas. Is é sin an méid. Ní raibh an réamhaisnéis ná forecast déanta díreach i gceart. Tarlaíonn sé sin nuair atá folúntais á líonadh.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Táim fós beagáinín ar strae. B'fhéidir go bhfuil mé ag léamh na bhfigiúirí go mícheart. San iomlán, is €6.25 milliún atá i gceist, an ea? Tá €4.55 milliún á athdháileadh agus ansin tá airgead breise de €2.85 milliún luaite ó thaobh TG4.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: No. Is é an t-iomlán ná €4.55 milliún, mar a dúirt mé.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Tá fáth gur chuir mé an cheist sin. Tá €4.55 milliún luaite ag an Aire Stáit. Níos déanaí, luaitear méadú sa mhaoiniú do TG4 de €4.55 milliún.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá €4.55 milliún ann san iomlán. Tá €2.85 milliún luaite. Tá an tábla sin tugtha don choiste againn. Mar aon leis sin, tá €700,000 ag dul, mar a dúirt mé cheana, ó C3 go C4 agus €1 milliún ag dul ó C3 go C10. Is é €4.55 milliún an t-iomlán.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Tá botún sa rud clóite mar luann sé méadú sa mhaoiniú do TG4. Deirtear go dtiocfaidh "méadú de €4.5 milliún ar mhaoiniú do TG4 in 2024 mar thoradh ar Mheastachán Forlíontach teicniúil chun borradh a chur faoi roinnt tionscadal coimisiúnaithe agus chun tacaíochtaí earnála a mhéadú"....

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Thomas Byrne: Tá €4.5 milliún ag dul go TG4. Tá airgead eile ag teacht. Tá an €2.85 milliún ag dul as an gclár seo, ach tá níos mó airgid ag dul as rannóga eile sa Roinn nach bhfuil baint agam leo. Níl baint dhíreach agam le TG4 nó na meáin, mar is eol don Chathaoirleach.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
(24 Oct 2024)

Aengus Ó Snodaigh: Táimid tar éis litir a scríobh-----