Dáil debates

Thursday, 19 September 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Pleanáil Teanga

10:10 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

11. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 954 an 23 Iúil 2024, an bhfuil an tuarascáil ar an obair athbhreithnithe ar na chéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012 críochnaithe; cathain a fhoilseofar an tuarascáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36735/24]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Baineann mo cheist le pleanáil teanga agus go háirithe an t-athbhreithniú atá ar siúl maidir le deich bplean teanga. An bhfuil sé sin críochnaithe? An bhfuil an tuarascáil ar fáil? Cén uair a bheimid in ann í a léamh?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I mí an Mheithimh anuraidh, d'fhógair an Roinn go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta, 2012.

Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 a chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.

Is iad seo a leanas na deich limistéar pleanála teanga atá i gceist: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Ná Déise; Ciarraí Theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí Thiar; Conamara Láir; An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Rath Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Tá an obair ar an tuarascáil fós ag dul ar aghaidh agus táim ag súil go mbeidh sé réidh le foilsiú go gairid. Tuigtear dom go bhfuil bailchríoch á chur air i láthair na huaire.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Bhí obair an-éasca ag an duine a scríobh an freagra sin because tá sé focal ar fhocal mar an gcéanna leis an bhfreagra a fuarthas cheana. Níl mé ag magadh. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá an t-athbhreithniú seo ar siúl. Bhí an t-airgead le fáil ach níl tásc ná tuairisc ar an tuarascáil. Tá éiginnteacht i gceist ó thaobh na n-oifigeach ar an talamh agus an dualgas orthu agus ar na hoibrithe deonacha an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é an rud atá i gceist anseo ná deich bplean. Tá i bhfad níos mó pleananna i gceist agus mise ag fáil an freagra ceannann céanna. Tá a fhios agam go bhfuil croí agus anam an Aire Stáit laistigh den Ghaeilge ach tá cúrsaí pleanáil teanga, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí fostaíochta fite fuaite le chéile. Má táimid i ndáiríre faoin Ghaeltacht a choinneáil beo, bríomhar agus beomhar agus daoine ag maireachtáil inti, tá gá le freagraí atá i bhfad níos cruinne ná sin.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá athbhreithniú neamhspleách ar siúl maidir leis seo. Tá an t-athbhreithniú fós ar siúl. Níl aon tionchar polaitiúil ar an bpróiseas sin. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé neamhspleách agus go mbeidh an scéal iomláin inste dúinn. Caithfimid fanacht ar an obair sin. Táim ag súil leis an athbhreithniú. Táim ag súil leis na scéalta maithe a thiocfaidh amach as agus leis na drochscéalta gur féidir a thiocfaidh amach as. Níl a fhios agam mar níl aon tionchar agam ar an tuarascáil seo. Táim ag fanacht air. Tá sé beagnach críochnaithe. Táimid ag iarraidh féachaint ar cad atá ag tarlú.

Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ansin ach tá a fhios agam go bhfuil rudaí maithe ag teacht freisin. In áiteanna áirithe tá na pleananna seo ag obair. Fanfaidh mé ar an athbhreithniú seo. Fanfaidh mé go dtí go dtagann an t-eolas neamhspleách amach agus tá súil agam go dtarlóidh sé sin go gairid.

10:20 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Níl fadhb ar bith agam maidir le taighde neamhspleách agus tá gá leis, ach bronnadh an conradh bliain is trí mhí ó shin. Tá an freagra ceannann céanna, focal ar fhocal. Ba chóir go mbéadh níos mó eolais againn ag an bpointe seo. Bhí téarmaí tagartha i gceist. Bhí téarma i gceist. Cén uair a bheidh an taighde críochnaithe agus cén uair a bheidh sé foilsithe?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá súil agam go mbeidh sé seo foilsithe go gairid agus tá mé ag súil leis. Caithfidh mé a rá arís nach bhfuil aon tionchar polaitiúil air seo. Tá sé go hiomlán neamhspleách. Caithfidh muid fanacht air. Tógann na rudaí seo píosa ama. Ní féidir iad a dhéanamh faoi dheifir, agus tá mise ag iarraidh go mbeadh an obair déanta i gceart ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus na fadhbanna a aimsiú agus na dea-phointí a aimsiú freisin. Teastaíonn uaim a shoiléiriú conas gur féidir linn na cleachtaí maithe a chur i gcríoch, b'fhéidir in áiteanna eile, agus conas gur féidir linn stad a chur le rudaí nach bhfuil ag obair. Tá mé ag súil leis an tuarascáil seo agus tá súil agam go mbeidh sí againn go gairid.