Dáil debates
Thursday, 19 September 2024
Ceisteanna Eile - Other Questions
Údarás na Gaeltachta
10:00 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht le Ceist Pharlaiminte Uimhir 38 an 18 Aibreán 2024 agus Uimhir 4 an 30 Bealtaine 2024, an dtabharfaidh sí an nuashonrú i dtaobh an tionscnaimh tithíochta a cheadaigh an tÚdarás i mí na Nollag 2023 chun samhail le haghaidh tithíocht inacmhainne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge ar thailte de chuid an Údaráis i dtrí cheantar Gaeltachta, a bhí le tabhairt don Aire agus don Roinn i mí an Mheithimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36737/24]
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirid leis an tionscnamh tithíochta a cheadaigh an t-údarás ag deireadh na bliana seo caite chun samhail le haghaidh tithíocht inacmhainne a fhorbairt ar thalamh atá i seilbh an údaráis. Ba mhaith liom an t-eolas is déanaí a fháil ar an tionscnamh sin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Pléitear ceist na tithíochta ag cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh an údaráis agus feidhmeannaigh na Roinne agus tuigtear dom go bhfuil obair leanúnach ar siúl ag foireann an údaráis leis na geallsealbhóirí ábhartha eile. Mar a thuigim ón údarás, cheadaigh bord an údaráis €250,000 d'obair chomhairleoireachta agus taighde ag a chruinniú i mí na Nollag 2023. Ag eascairt as sin, choimisiúnaigh an t-údarás taighde neamhspleách maidir le soláthar agus éileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht. Tá an taighde sin déanta anois agus foilsíodh na torthaí le gairid.
Léiríonn an taighde na torthaí seo a leanas. Tá an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht, ag 71% ardaithe ó 69% i 2011, ná an ráta náisiúnta de 87%. Ag féachaint ar an ráta áitíochta sna Gaeltachtaí, is i nGaeltacht na Mí atá ag 92%, i nGaeltacht na Gaillimhe atá ag 83%, agus i bPort Láirge atá 80%, atá na leibhéil is airde. Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht, ag 11%, níos airde ná an sciar náisiúnta atá ag 8%.
Tá níos mó na cúig oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír i gcoitinne mar sciar den stoc tithíochta iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire le fáil i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dhún na nGall. Tá níos mó ná 40% de na tithe i gCiarraí theas, Toraigh agus i dtuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire agus muid ag féachaint ar na limistéir pleanála teanga.
Tá obair chomhairleoireachta ar siúl chomh maith ar an trí shuíomh atá aitheanta sa chéim seo den togra sa Rinn, Contae Phort Láirge; ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe; agus ag tithe i gCarraig a tSeiscin, i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Beidh an taighde agus an obair chomhairleoireachta ar an trí shuíomh ag teacht chun críche sa bhfómhar agus beidh bord an údaráis in ann measúnú a dhéanamh ar mhúnlaí agus ar an gcéad chéim eile, agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar aiseolas na ngeallsealbhóirí ábhartha ag an tráth sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an freagra sin faighte agam faoi thrí anois. Nílim ag cur an locht air an Aire ach tá a fhios aige go bhfuil géarchéim uafásach ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí. Is é sin an fáth gur chuir muid brú ar Údarás na Gaeltachta trí ceisteanna a chur anseo go leanúnach le rud éigin a dhéanamh ó thaobh cúrsaí tithíochta. Tá dualgas tromchúiseach ar an údarás rudaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí teanga, cúrsa pobail agus cúrsaí fostaíochta. Is é sin an fáth i ndeireadh na dála go ndearna an t-údarás cinneadh ag deireadh na bliana seo caite. Mo cheist ionraic ná an féidir an nuacht is déanaí a fháil ó thaobh cén dul chun cinn atá déanta ar na forbartha sin? Tá na figiúirí ar fad ar eolas agam. Tá an taighde léite agam. Ach tá eagraíochta cosúil le Bánú agus eagraíochta eile ar an talamh ag cur brú ollmhór orainn rud éigin a dhéanamh – agus an ceart acu.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le tithíocht go ginearálta, tá fadhb tithíochta ar fud na tíre agus tá fadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Caithfimid an fhadhb ghinearálta a réiteach agus tá a lán oibre ar siúl ag an Rialtas chun é sin a dhéanamh. Tá spriocanna sáraithe againn chun tithe a thógáil; ina measc sin tá tithe inacmhainne do dhaoine le hioncaim níos lú freisin. Tá sé sin an-tábhachtach. Chuir an Teachta ceist maidir leis an taighde atá déanta. Tá an freagra tugtha agam di. Beidh níos mó eolais ag teacht maidir leis an obair chomhairleoireachta atá ar siúl sa trí suíomh áirithe atá luaite agam. Beidh sé seo ag teacht sa bhfómhar agus beidh bord an údaráis in ann níos mó oibre a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Anuas air sin, tá an Bille maidir le hÚdarás na Gaeltachta ag dul tríd an Oireachtas agus tá sé sin an-tábhachtach freisin. Tá cumhacht sa Bhille sin maidir le soláthar talaimh chun tithíocht a chur ar fáil. Tá brú á chur ar an údarás gan dabht agus beidh mise agus m’oifigigh ag plé na ceiste sin le baill an údaráis nuair a thagaim le chéile leo freisin. Tá súil agam go dtabharfaidh sé sin freagraí do mhuintir na Gaeltachta. Tá fadhb tithíochta na Gaeltachta mar chuid den fhadhb ghinearálta sa tír ach go deimhin tá tréithe faoi leith go háirithe maidir le teanga agus le cúrsaí tithe saoire sa Ghaeltacht freisin. Is fadhb ollmhór í sin sa Ghaeltacht.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag tosnú leis sin, is fadhb ollmhór iad na tithe saoire sna Gaeltachtaí. Tá líon na dtithe thar a bheith ard. Is íorónach an scéal é go bhfuil an méid sin tithe saoire ann agus go bhfuil tithe folmha sna Gaeltachta fhad is atá géarchéim tithíochta ann. An dtabharfaidh an tAire dáta dom maidir le cén uair a bhéas an taighde críochnaithe? An bhfuil sé i mbun oibre ó thaobh tuilleadh acmhainní a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta? Bhí, agus tá sé i gcónaí, ar an ngannchuid i gcomparáid leis an IDA agus Enterprise Ireland. Mar a dúirt mé, agus tá sé tábhachtach é a athrá, tá trí dualgas ar an údarás. Tríonóid na ndualgas atá air: pobal, teanga agus fostaíocht. Dhírigh sé isteach ar chúrsaí fostaíochta ach tá gá le díriú ar chúrsaí tithíochta ionas go mbeadh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht, an teanga a chur chun cinn agus slí beatha a bhaint amach.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le hacmhainní don údarás, táimid i gcónaí ag plé na gceisteanna seo leis an Roinn caiteachas phoiblí agus go háirithe in aimsir na cáinaisnéise tá na cainteanna sin ar siúl. Táimid ag iarraidh níos mó airgid a fháil do chúrsaí Gaeilge agus do chúrsaí Gaeltachta. Táimid, an dá Aire agus oifigigh na Roinne san áireamh, ag obair go dian air sin. Freisin, ó thaobh tithíochta de, tá athrú meoin ag teacht agus tá aitheantas ansin go bhfuil ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht. Tá sé sin ag tosnú, tá brú ar an údarás agus tá muid ag cur an brú sin freisin. Measaim gur féidir linn a rá go mbeidh níos mó ar siúl ag Údarás na Gaeltachta amach anseo go háirithe i ndiaidh an jab seo atá déanta aige ach freisin leis an gcumhacht bhreise atá i mBille an údaráis. B’fhéidir go dtarlóidh níos mó rudaí ina dhiaidh sin. Tá mé ag iarraidh an Bille seo a chur tríd an Dáil roimh an olltoghchán ach b’fhéidir go mbeidh níos mó spáis ina dhiaidh sin freisin chun níos mó dul chun cinn a dhéanamh. Is tús é seo. Caithfimid leanúint ar aghaidh agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis sin.