Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

An Teanga Gaeilge

4:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an tAire Stáit ag tógáil na ceiste seo?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé go deas gur tháinig an tAire Stáit isteach. Is cuidiú mór é i ndéileáil leis an gceist seo. Mar is eol dó, tá líon mór teifeach ón Úcráin agus ó thíortha eile lonnaithe sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Níl a fhios againn cén tionchar fadtéarmach a bheidh aige seo ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. I gConamara, tá teifigh lonnaithe sa Spidéal, sa gCeathrú Rua, san Aird Mhór, atá gar go Carna, i gCarna féin agus ar a bhóithre, áiteanna a bhfuil scoileanna lán-Ghaelach atá páirteach i scéim na scoileanna Gaeilge de chuid an pholasaí oideachais Ghaeltachta. Thug mé an cheist seo trí cheist pharlaiminte i dtosach báire. Chuir mé ceist ar Roinn an Aire Stáit agus fuair mé an freagra seo:

Is ceist don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha í lóistín a sholáthar d’Iarrthóir ar Chosaint Idirnáisiúnta agus do theifigh agus níl aon ról ag mo Roinn staidéar dá leithéid a dhéanamh.

Is éard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná fáil amach an bhfuil tionchar diúltach aige seo ar staid na teanga. Nuair a diúltaíodh do mo cheist agus nuair a iarradh orm dul go siopa eile, chuaigh mé go siopa eile. Chuir mé an cheist ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha. Ba é an cheist chéanna a bhí ann, is é sin, an bhfuil i gceist ag an Aire staidéar teangeolaíochta a dhéanamh ar an tionchar ó thaobh na teanga de a d’fhéadfadh a bheith ag lonnú teifeach ón Úcráin agus tíortha eile i nGaeltachtaí láidre i bhfianaise na hoibre ar fad atá ar bun maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht agus an fhreagracht tras-rialtas atá ag Ranna maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. Ba é an freagra a fuair mé ón gCeann Comhairle ná nach bhfuil aon fhreagracht oifigiúil ag an Aire don Dáil maidir leis an ábhar seo gur ábhar é a bhaineann leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Bhí mé ag dul timpeall i gciorcail. Caithfidh go bhfuil freagracht ag daoine éigin as seo. Táimid ag caitheamh go leor airgid ar an nGaeilge. Mar a deirim, níl mé ag iarraidh ar éinne aon chinneadh a dhéanamh ach staidéar a dhéanamh ar an tionchar ar an teanga.

Tá go leor ar bun leis an nGaeilge a chur chun cinn. Ba cheann de na rudaí is mó a rinneadh thart ar 20 bliain ó shin ná srianta a chur ar thithíocht sa Ghaeltacht, go mórmhór ar thógáil eastáit tithíochta.

Cén fáth? Mar bhí faitíos orainn ag an am, dá dtiocfadh go leor daoine gan Ghaeilge sa Ghaeltacht, go dtiontódh na scoileanna agus an pobal ar an mBéarla. Is í sin an fhadhb atá anseo. I gcroílár na Gaeltachta, tá lear mór daoine tagtha isteach agus, rud atá aisteach go leor, cé go bhfuil tacaíocht teanga á dtabhairt dóibh leis an mBéarla a fhoghlaim, agus níl fadhb ar bith agam leis sin mar caithfidh chuile dhuine Béarla a fhoghlaim - tá sé riachtanach sa saol seo, níl aon rud déanta, áfach, agus muid i mbun pleanála teanga, le déileáil leis an dúshlán nua seo. Mar sin, is í an cheist atá agam ná an bhfuil muid sásta, ar an gcéad dul síos, staidéar a dhéanamh ar an tionchar ar an teanga a fhéadfadh a bheith leis an bpolasaí chun teifigh a lonnú sa Ghaeltacht. Ag brath ar an toradh air sin, cad is féidir linn a dhéanamh leis an dochar sin – má tá sé diúltach - a mhaolú nó a chur ar neamhní ar fad?

Is dóigh liom gur ceist réasúnta í. Is ceist í, dar liom, ó tharla go mbreathnaíonn sé go mbeidh teifigh lonnaithe go buan sa Ghaeltacht, ar fiú a chíoradh go mion agus rud éigin a dhéanamh faoi.

5:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Bhí mé ag éisteacht go géar leis an méid a bhí a rá aige. Caithfidh mé a rá, i dtosach báire, agus tá a fhios ag an saol é seo, go bhfuil an fhreagracht maidir le soláthair lóistín d’iarrthóir ar chosaint idirnáisiúnta agus do theifigh ag an Roinn eile, is í sin, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Mar is eol do chách, níl aon ról agam ina leith. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs na Gaeltachta, bhí plé teoranta ag oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe sa Roinn leanaí maidir le cásanna áirithe inar ardaíodh ceisteanna le mo Roinn maidir le lonnú iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus teifeach sa Ghaeltacht.

Is mian liom, thar ceann an Rialtais, aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá tugtha ag pobail Ghaeltachta ar fud na tíre dóibh siúd atá tagtha go hÉireann ag lorg dídine. Cosúil go leor pobail timpeall na tíre, chuir siad fáilte roimh na daoine seo atá ag teacht isteach chuig a gcuid bailte agus sráidbhailte. Thug siad deiseanna oibre dóibh nó thacaigh siad leo leis an nGaeilge – agus leis an mBéarla, is dócha – a fhoghlaim inár gcuid scoileanna áitiúla, freisin. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Rialtas maidir le tithíocht a aimsiú dóibh siúd atá tagtha go hÉireann, níor éirigh linn spás a aimsiú do gach uile duine acu. Tá 2,300 duine fágtha gan dídean faoi láthair.

Tá cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus Achtanna na dTeangacha Oifigiúla luaite ag an Teachta Ó Cuív ina cheist. Maidir le dul chun cinn faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, d’fhógair mé le déanaí go raibh an chéad plean náisiúnta um seirbhísí poiblí Gaeilge curtha faoi mo bhráid ag an gcoiste comhairliúcháin sheirbhísí Gaeilge faoin spriocdháta reachtúil, an 19 Meitheamh 2024. Tuigim gur tháinig roinnt nithe suntasacha tríd an taighde don phlean náisiúnta sin agus beidh mé ag súil go mór le dul tríd sin go léir, mar aon le múnla agus moltaí an phlean ginearálta sa tréimhse gearr amach romhainn. Agus deis agam é a bhreithniú, cuirfear faoi bhráid an Rialtais é agus foilseofar é san fhómhair. I ngeall le forálacha an Achta, tá sé beartaithe go mbeidh an chéad próiseas comhairliúcháin a bhaineann leis na caighdeáin teanga don chéad Acht do comhlachtaí poiblí a reáchtáil go gairid ina dhiaidh sin. Tríd an obair seo go léir, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an saoránaigh agus daoine eile agus go gcuirfidh sé ar chumas lucht labhartha Gaeilge an teanga a úsáid i ngach gné dá saol, agus iad ag plé leis an Stát, go háirithe.

Tá an próiseas pleanála teanga luaite chomh maith i gceist an Teachta. Tá an próiseas pleanála teanga a d’eascair as Acht na Gaeltachta, 2012 ag teacht faoi bhláth anois. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm in gach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus i sciar maith de na bailte seirbhíse Gaeltachta. Tá na pobail Ghaeltachta seo dírithe go hiomlán faoi láthair ar chur i bhfeidhm a gcuid pleananna teanga, pleananna a chuirfidh i dtoll a chéile tar éis taighde cuimsitheach a bheith curtha i gcrích maidir le húsáid na Gaeilge i ngach limistéar pleanála teanga chomh maith le próiseas comhairliúcháin poiblí ar fud na Gaeltachta.

Tá na milliún euro in infheistíocht nua á gcur isteach i seirbhísí lárnacha atá á soláthar ag leithéidí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaíon na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Anuas air sin, ceadaíodh airgead suntasach d’Údarás na Gaeltachta le déanaí leis an bpróiseas pleanála teanga do na miondíoltóirí sa Ghaeltacht a leathnú amach, dream atá in ann tionchar dearfach a imirt ar nósmhaireacht teanga na bpobal Gaeltachta. Tá athbhreithniú ar bun ar an gcéad deich bplean teanga le tamall anuas agus tá an t-athbhreithniú ar tí a bheith críochnaithe anois.

Tá mé cinnte go bhfuil rudaí le foghlaim againn ón athbhreithniú. Tabharfaidh torthaí an athbhreithnithe deis dúinn an próiseas a mhúnlú do na blianta amach romhainn. Tá an t-eispéireas nua sa Ghaeltacht, freisin. Tá an Teachta Ó Cuív ag lua rudaí tábhachtacha. Tá daoine ag fáiltiú roimh theifigh, bíodh siad ón Úcráin nó ó thíortha eile. Níl aon dabht go bhfuil tionchar teanga ansin, bíodh sé an Ghaeilge nó Béarla atá i gceist. Caithfidh muid machnamh a dhéanamh ar cad atá ar siúl maidir leis an teanga, cén tacaíocht atáimid ag tabhairt do theifigh atá ag teacht isteach, agus cén sórt cosanta atá ansin don teanga, go háirithe an Ghaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil fáilte roimh theifigh, bíodh siad ag teacht ón Úcráin nó aon áit eile ar domhan a bhfuil cos ar bolg ar siúl inti. Ag an am céanna, níl aon cheist, má thagann mórchuid daoine nach bhfuil Gaeilge acu isteach i gceantar láidir Gaeltachta, go n-imreoidh sé tionchar ar an teanga. Is é sin an méid atá mé ag rá. Is é an t-aon rud a bhí mé ag iarraidh ná go ndéarfaí liom go ndéanfaí staidéar ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tionchar diúltach á oibriú ar an nGaeilge, agus má tá, céard atá muid dul a dhéanamh faoi? Ní mór dúinn fáil amach i dtosach báire cén tionchar atá leis an mórchuid daoine atá ag teacht isteach i lár na Gaeltachta, sna scoileanna go háirithe, ar an teanga agus ar shealbhú na teanga i measc na ndaoine gur as an áit iad. Má chruthaíonn an staidéar nach bhfuil aon tionchar ann, bíodh sé sin mar atá sé. Níl aon mhaith dúinn, áfach, teacht ar ais faoi cheann 20 bliain agus ag rá gur tháinig teacht na dteifeach go fíorsciobtha thart ar An gCeathrú Rua, mar shampla, agus nár dhearna muid tada faoi, nárbh fhiú gur fhiosraigh muid an raibh sé ag déanamh dochair nó, má bhí sé ag déanamh dochair, agus nárbh fhiú gur chuir muid iarracht isteach chun an dochar a chur amach agus an teanga a choinneáil.

Is é an t-aon rud atá mé ag iarraidh inniu ná go tionsclófar staidéar teangeolaíochta ar an tionchar atá sé seo ag imirt ar an teanga sa Ghaeltacht. Muna bhfuil aon drochthionchar á imirt, bíodh sé sin. Dá mbeadh eastát tithíochta tógtha ar An gCeathrú Rua gan aon srian teanga leis, bheadh an cheist céanna á hárdú inniu agam. Breathnaíonn sé dom, ó thaobh réasúnachta de, go mbeidh tionchar aige mar tá a fhios againn, is é sin, daoine ar nós mé féin a thóg clann le Gaeilge, go n-éiríonn an chomhbhá an-éasca go mór i measc gasúr, agus más é an Bhéarla an teanga coitianta, is sin a bheas in uachtar.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim nach bhfuil an Teachta Ó Cuív ag piocadh amach na dteifeach agus a rá go bhfuil an milleán orthu. Tá sé ag rá go bhfuil rudaí eile i gceist. Bíonn sé i gcónaí ag caint faoi chúrsaí thithíochta sna Gaeltachtaí agus na heastáit tithíochta agus na srianta atá orthu toisc ceisteanna teanga. Tá na ceisteanna sin in áiteanna eile ar nós Ráth Chairn agus An Rinn. Glacaim leis go bhfuil an Teachta Ó Cuív mar seo agus go bhfuil sé ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh don Ghaeilge, do phobal na Gaeltachta agus do na teifigh freisin. Glacaim leis sin.

Ag an am céanna, tá sé ráite agam, agus ní raibh m’oifigigh róshásta liom, go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Tá géarchéim sa Ghaeltacht. Ní féidir an milleán a chur ar theifigh. Má théann an Ghaeilge ón Ghaeltacht, ní teifigh a bheidh cúis leis sin. Tá freagracht orainn go léir an Ghaeilge a úsáid. Tá an fhreagracht sin ar mhuintir na Gaeltachta freisin.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, mar a luaigh mé, gheobhaidh mé tuilleadh léargais ar an tionchair mór agus dearfach atá tarlaithe leis na bpleananna sin agus conas atá rudaí ag dul ina leith. Beidh deis againn torthaí an athbhreithnithe ar na gcéad deich bplean a breithniú. Is dócha go mbeidh rudaí ag teacht suas chun dáta freisin cosúil leis na brúnna nua atá ar na ceantair Gaeltachta. Tá brú ar an tír go léir ó thaobh an méid daoine atá ag teacht isteach. Caithfidh mé a admháil gur brú difriúil é sa Ghaeltacht.

Ag an am céanna, tá dúshlán ar leith le lóistín a aimsiú dóibh siúd a thagann chun na tíre seo ag lorg dídine. Tuigim go bhfuil oifigigh ón Roinn leanaí tar éis bualadh le roinnt de na pobail Ghaeltachta atá ag cur fáilte cheana féin roimh theifigh agus iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Tuigim go raibh siad i dteagmháil leis an Teachta Ó Cuív ar an ábhar seo chomh maith. Níl aon dabht ach go mbeidh m’oifigigh ón Roinn i dteagmháil leis an Roinn leanaí maidir leis an gceist seo agus admhaím go bhfuil Teachta Ó Cuív ionraic agus macánta ag ardú na ceiste seo agus go bhfuil eagla air maidir leis an teanga. Is mian liom gach rud a dhéanamh chun an teanga a chosaint. Is féidir le m’oifigigh níos mó plé a dhéanamh le hoifigigh na Roinne leanaí.