Dáil debates
Wednesday, 6 November 2024
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2024: Second Stage
2:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Bhí sé i gceist agam a bheith istigh níos luaithe agus labhairt air an gceist seo. Is ceist thábhacht í toisc go bhfuil airgead i gceist chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an Teach seo ag obair. Gan an t-airgead nó an infheistíocht sin, tá dainséar ann. Cosnaíonn daonlathas airgead; tá sé chomh simplí leis sin. Tá daoine amuigh ansin agus b’fhearr leo nach mbeadh muid anseo. B’fhearr leo nach mbeadh an Dáil ann agus nach mbeadh muid ag caitheamh airgid. Tá sé tábhachtach i gcónaí go smaoinímid air seo. Caithfimid ár jab a dhéanamh agus gan an fhoireann iontach atá istigh anseo bheadh sé i bhfad Éireann níos deacra. Luaim an fhoireann, lucht an ceaintín, na ushers - is féidir liom dul tríd an liosta ar fad - agus an fhoireann atá againn inár n-oifigí féin atá ag cuidiú lá i ndiaidh lae leis an bpobal. Déanann roinnt daoine dearmad air sin nuair atá siad ár n-ionsaigh. Tapóidh mé an deis chun an t-ionsaí a rinneadh ar an Aire, an Teachta Roderick O’Gorman, an tseachtain seo chaite a cháineadh. Ní hé sin an bealach le polaitíocht nó plé a bheith ann. Ba chóir go mbeadh muid in ann dul timpeall le linn toghcháin agus stocaireacht a dhéanamh agus labhairt le daoine. Níor chóir go mbeadh daoine ag déanamh na hionsaithe atá ag tarlú rómhinic anois le cúpla bliain anuas. Más daonlathas atá ann, tá cead againn labhairt agus díospóireacht a bheith againn. Ba chóir go mbeadh cead againn a bheith gafa sa toghchán mar atá roinnt dóibh siúd atá ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd atá ag déanamh ionsaithe, ní hamháin ar líne ach ionsaithe fisiciúil ar Theachtaí nó Airí san áit seo.
Tapaím an deis dár ndóigh moladh a thabhairt d’ Éamon Ó Cuív agus na Gaeilgeoirí eile atá ag éirí as. Is ait liom go bhfuil 20% de Theachtaí ag éirí as sula bhfaigheann an pobal réidh leo ar bhealach amháin nó bealach eile. Go n-éirí go maith leo siúd atá ag éirí as. Molaim an Bille seo.
No comments