Dáil debates
Thursday, 13 March 2014
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements
11:00 am
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an díospóireacht. Is maith an rud é go bhfuilimid ag plé Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Mar gheall ar an straitéis, tá sé an-tábhachtach plé a dhéanamh ar líon na gclann sa tír a bhaineann úsáid as an nGaeilge a mhéadú. Sin ceann den na haidhmeanna sa straitéis. Is fiú tacaíocht a thabhairt don phobal a úsáideann an Ghaeilge, agus go mbeadh an rogha acu an Ghaeilge a úsáid agus go mbeadh níos mó daoine ag déanamh a ghnó trí Ghaeilge sa tsochaí.
Tá sé mar aidhm freisin an Ghaeilge a bheith mar theanga labhartha agus í á úsáid sa litríocht agus do na comharthaí bóithre.
An cuspóir atá sa straitéis ná méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go dtí 250,000 agus méadú 25% ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé mar chuspóir freisin líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Státchóras agus a bhíonn ag plé le raidió, teilifís agus na nuachtáin Ghaeilge a mhéadú.
Bhí mé ag smaoineamh ar na rudaí seo go léir nuair a chonaic mé alt i Connacht Tribune a scríobh Bernie Ní Fhlatharta an tseachtain seo caite. Bhí sí ag caint mar gheall ar chearta sibhialta Chonamara. Daichead bhliain ó shin bhí feachtas mór ann mar gheall ar stádas na Gaeilge agus an cultúr. Dúirt sí san ailt, nuair a bhíonn cúlú eacnamaíochta, mar a bhí 40 bliain ó shin agus mar atá ann anois, bíonn mothúcháin láidir i measc na ndaoine nuair a cheapann siad go bhfuil cearta daonna faoi ionsaí. Bhí sí ag caint maidir le hionsaí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Nuair a cuireadh an feachtas ar bun, bhí siad ag plé le cearta daonna agus cearta teanga, go háirithe maidir le stáisiúin raidió i nGaeilge. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Ansin, phléigh siad bunú stáisiúin teilifíse i nGaeilge.
Tháinig TG4 ina dhiaidh sin. Thosaigh lucht an fheachtais nuachtán Gaeilge, Amárach. Bhí siad ag caint mar gheall ar fhorbairt na Gaeltachta agus postanna a chruthú sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, tháinig Údarás na Gaeltachta ón bhfeachtas sin. Bhí bord an údaráis ag plé le forbairt thionsclaíoch. Bhí baill thofa ón nGaeltacht ar an mbord. Is mór an trua é nach bhfuil an bord daonlathach a thuilleadh. Níl seans ag muintir na Gaeltachta baill an bhoird a thoghadh. Is mór an trua é nach bhfuil an daonlathas ann a thuilleadh. Mar a dúirt Bernie Ní Fhlatharta san alt a luaigh mé, beidh na toghcháin áitiúla agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl ar fud na tíre i mí Bhealtaine na bliana seo.
Ní aon ionadh é go bhfuil guth láidir ag muintir na Gaeltachta, ní hamháin i gConamara ach sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Leagann Bernie Ní Fhlatharta amach san alt gurb é sin an fáth go bhfuil daoine ag máirseáil. Bhí máirseáil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ó Chearnóg Parnell go dtí an Dáil. Bhí máirseáil eile i gCois Fharraige chun buíochas a ghabháil leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Ba mhaith liom freisin buíochas a chur in iúl dó. Chuir Bernie Ní Fhlatharta i gcuimhne dúinn san alt go raibh "dearg le fearg" mar théama ag na máirseálacha sin. Bhí an teachtaireacht sin soiléir ar na bratacha. Labhair daoine ag na hócáidí sin mar gheall ar chothrom na féinne a fháil agus iad ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Chuir mé fáilte roimh na máirseálacha. Dúirt an tAire Stáit ag an gcomhchoiste go bhfáiltíonn sé roimh dhaoine a bheith ag gearán faoi sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar. Is dócha go n-aontaíonn sé liom go bhfuil spiorad na ndaoine soiléir nuair a bhíonn siad ag máirseáil agus ag déanamh gearáin.
Ba mhaith liom focal nó dhó a rá mar gheall ar leibhéal suime an phobail sa Ghaeilge. Dúirt an iar-Choimisinéir Teanga go bhfuil méadú tagtha ar mhéid na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge acu. Déanann daoine gearáin nuair a cheapann siad go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an teanga. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil arís leis an gcoimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, a bhí ar an raidió ar maidin ag caint mar gheall ar an dúshlán atá os a chomhair agus os comhair chuile dhuine. Is dóigh liom go raibh an ceart aige nuair a dúirt sé go bhfuil suim ag daoine sa teanga, cé go bhfuil siad ag gearán agus ag máirseáil. Mar shampla, labhair sé mar gheall ar an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag staidéar sna gaelscoileanna. Dúirt sé go bhfuil 40,000 scoláire ag freastal orthu anois. Bhí mé sásta a chloisteáil go bhfuil sé dóchasach go bhfuil rudaí ag tarlú agus go mbeidh daoine in ann gearáin a dhéanamh agus smaointí a chur in iúl dá oifig. Ar ndóigh, cheap Uachtarán na hÉireann é mar Choimisinéir Teanga inné.
Labhair Teachtaí agus Seanadóirí leis an Aire Stáit inné mar gheall ar na daoine ó na Stáit Aontaithe a tháinig anseo le déanaí leis an scéim Fulbright. Thug cuid mhaith dóibh cuairt ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe. Chuaigh siad go dtí an Ghaeltacht chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus í á foghlaim acu. Tá sé soiléir go bhfuil suim ag a lán daoine sa Ghaeilge. Mar a dúirt an tAire Stáit inné, ba cheart go mbeadh níos mó suime i measc an phobail. Ba cheart go n-úsáidfeadh cainteoirí sa Ghaeltacht an Ghaeilge. Bheadh díomá ar a lán daoine dá mbeadh daoine óga na Gaeltachta ag caint i mBéarla. Ceapann gach duine go bhfuil an Ghaeilge slán sa Ghaeltacht, ach tá brú uirthi i ngach áit sa lá atá inniu ann. Ba cheart dúinn bheith dearfach faoi sin.
Bhí go leor cruinnithe againn leis an gcoimisinéir agus leis an Aire Stáit le déanaí. Rinne an Joint Committee on Public Oversight and Petitions scrúdú ar cúpla rud atá á ndéanamh ag an Rialtas. Fuaireamar roinnt freagraí, ach ní dóigh liom go bhfuair muid na freagraí go léir. Mar aon le go leor comhaltaí eile den choiste, d'iarr mé cén fáth go bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit agus an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tuigim go mbeidh sé sin leagtha síos sa reachtaíocht a tógfaidh an tAire Stáit isteach. D'fhreastail mé ar dhá chruinniú ag ar labhair an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Dúirt sé ag cruinniú amháin gur cheap sé nach raibh na moltaí a bhí á ndéanamh aige á gcur i gcrích ag an Rialtas. I mo thuairim, beidh na fadhbanna céanna ag an gcoimisinéir nua muna n-athraíonn an Rialtas na polasaithe atá acu. Thuig Seán Ó Cuirreáin gur bheag eile a d'fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dá bhliain a bhí fágtha aige sa phost. Ar ndóigh, bhí díomá air gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr gan an dá bhliain sin a chaitheamh sa phost. Níl sé soiléir i m'aigne cén fáth an bhfuil an Rialtas tar éis cinneadh a dhéanamh an dá oifig a chónascadh. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus tá súil agam go mbeidh sé fós ann ar feadh píosa fada. Ag deireadh na díospóireachta seo, b'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó eolais a thabhairt dúinn faoi Oifig an Choimisinéara Teanga. Cé mhéid daoine atá ann? Cén ról a bheidh acu má théann an Rialtas ar aghaidh leis an gcinneadh seo? Ar ndóigh, rinneadh an cinneadh seo i ngan fhios don iar-Choimisinéir Teanga agus i ngan fhios don Ombudsman.
Bhí mé ag caint leis an Aire Stáit mar gheall ar Lá Mór na Gaeilge, a eagraíodh i mBaile Átha Cliath le déanaí. Cuireadh béim san fheachtas ar an ngá atá ann Státseirbhísigh le Gaeilge a bheith ar fáil. Dúirt cailín amháin ar an raidió, ar an teilifís agus sna nuachtáin gur sheol sí e-mail chuig an HSE i nGaeilge, ach fuair sí freagra i mBéarla. Tá an tAire Stáit ar an eolas i dtaobh na fadhbanna seo. Tá sé ráite aige go mbeidh sé in ann níos mó státseirbhísigh le Gaeilge a fháil do na Ranna éagsúla.
I dtuarascáil an choimisinéara, rinne sé trácht ar dhaoine a raibh fadhbanna acu, ar nós daoine i nDún na nGall a raibh fadhbanna acu le gardaí, daoine i nGaillimh a raibh fadhbanna leis an gcomhairle contae agus daoine eile a raibh fadhbanna acu le comhairlí contae, go háirithe i gCill Dara. Tá liosta agam anseo, ach ní léifidh mé amach an liosta ar fad. Dúirt an tAire Stáit go mb'fhéidir go mbeidh sé in ann níos mó daoine le Gaeilge a fháil agus nach mbeidh an costas rómhór má tá daoine nua ag teacht isteach sa seirbhís phoiblí. Caithfidh go mbeidh muid in ann daoine a fháil le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge do dhaoine ón Ghaeltacht nó do dhaoine a bhfuil an ceart acu rogha a dhéanamh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Tá an t-am istigh, ach is breá an rud é go bhfuil seans againn cúpla rud a rá faoin straitéis. Tá coimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, in áit Sheán Ó Cuirreáin. Chuala mé an coimisinéir nua ar an raidió ar maidin agus is breá liom an méid a dúirt sé. Tá súil agam seirbhísí ar fáil agus go mbeidh an coimisinéir in ann níos mó a dhéanamh do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a úsáid.
No comments