Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá na comharthaí i nGaeilge le 35 bliain, agus tá na turasóirí ag teacht. An chéad uair dá mbeidh na mapaí ar fáil i nGaeilge, tuigfidh siad. Is é an rud a chuireann an argóint a chloisim sna meáin i gcuimhne dom ná rud a tharla dom nuair a bhí mé óg. Tharlódh sé i gcónaí gur cuireadh an cheist orm "Cén t-ainm atá ort?". "Éamon Ó Cuív", a dúirt mé. "What is that in English?". Go nádúrtha, ba é an freagra a bhí agam air sin ná "And what is Putin, Gorbachev and God knows what i mBéarla freisin?" Ní chuirfí an cheist sin ar Rúiseach, Francach nó éinne eile, ach leis an nGaeilge, caitear i gcónaí rá, "What is that in English?". Is fadhb sa gcloigeann é seachas fadhb phraiticiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.