Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 24 October 2024

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl aon leithscéalta faighte againn. Tosóimid an cruinniú seo chun ár mbreathnú a dhéanamh ar Mheastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2024 ar chlár C, An Ghaeltacht, de Vóta 33 - an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh más gá go dtí meán lae.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, chomh maith le hoifigigh na rannóige: an rúnaí cúnta, an Dr. Aodhán MacCormaic; agus an rúnaí cúnta, Joe Healy. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an Aire Stáit agus mar sin tá sé san áireamh sa chóram agus sa liosta vótála ag an deireadh. Gabhaim buíochas lenár gcomhaltaí uilig as bheith i láthair. Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil an tAire Stáit agus na hoifigigh ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Tithe an Oireachtais. Déanaimid anois ár mbreathnú ar na Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí. Iarraim ar an Aire Stáit a ráiteas tosaigh a chur faoi bhráid an roghchoiste.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Fáiltím roimh an deis seo faisnéis a thabhairt don choiste maidir le Meastacháin Fhorlíontacha teicniúla 2024 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar a bhaineann sé le clár C, An Ghaeltacht. Is ionann na Meastacháin Fhorlíontacha teicniúla don Roinn do 2024 agus athdháileadh €4.55 milliún ar fud rannán na Gaeltachta. Faoin athdháileadh beartaithe, cuirfear €700,000 ar fáil d’fho-cheannteideal C4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, chun brúnna maoinithe reatha a laghdú agus cuirfear €1 milliún ar fáil do phróiseas pleanála teanga Gaeilge na Roinne, i leith tionscnamh straitéiseach a bhaineann leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá €2.85 milliún eile ó chlár C athdháilte ar TG4 chun chun borradh a chur faoi roinnt tionscadal coimisiúnaithe, chun tacaíochtaí earnála a mhéadú agus chun pleanáil a dhéanamh maidir le méid méadaithe ábhair do pháistí a choimisiniú. Is í mo thuairim ná go gcinnteofar leis an athdháileadh seo go n-úsáidfear airgead poiblí ar an mbealach is fearr do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus chun leanúint ar aghaidh ag leathnú úsáid na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an Teachta Connolly réidh? Is féidir liom ceisteanna a chur más mian léi.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Ligfidh mé don Chathaoirleach tosú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá cúpla ceist agam. Luaigh an tAire Stáit sa chur i láthair go bhfuil €700,000 ar fáil d’fho-cheannteideal C4, ach an méid atá luaite sa doiciméad a chur an tAire Stáit chugainn ná €800,000. Mar an gcéanna, luaigh an tAire Stáit go bhfuil €1 milliún ar fáil do phróiseas pleanáil teanga na Roinne, ach deireann sé sa doiciméid a fuair muid go bhfuil €1.3 milliún ar fáil faoi fho-cheannteideal C3 do chlár tacaíochta pobail agus teanga na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit ábalta míniú a thabhairt ar an dá athrú sin. Glacaim gur coigilteas atá i gceist anseo - go raibh airgead curtha ar leataobh le haghaidh rud éigin eile agus nach raibh sé caite.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní raibh sé caite, sin é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cá háit nach raibh sé caite? Cad as a bhfuilimid ag sciobadh an t-airgead seo?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nílimid ag sciobadh airgid, táimid-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Á bhogadh.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

-----á bhogadh toisc nach raibh sé caite. Is léir ó fho-cheannteideal C3 go bhfuil €1.3 milliún ag teacht as clár tacaíochta pobail agus teanga na Gaeltachta. An chuid is mó de sin is ea airgead caipitil nach raibh caite, mar shampla airgead a bhí curtha ar leataobh le haghaidh togra Choláiste Lurgan, nach bhfuil tosaithe fós. Tá sé chun tarlú mar cheann de na tograí is mó a dhéanfaidh an Roinn riamh, ach níor tharla sé i mbliana. Sin an leithscéal a bhaineann leis an t-airgead sin. Maidir le fo-cheannteideal C4, níl an t-airgead sin caite ach an oiread. Baineann an t-airgead caipitil seo le togra Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, atá arís mar cheann de na tograí is mó atá idir lámha againn sa Roinn seo. Ní raibh an t-airgead sin caite i mbliana. Táimid á choimeád agus á chaitheamh ar rudaí eile mar atá luaite agam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ón Aire Stáit gurb é €800,000 an figiúr seachas €700,000 sa dara chás, agus €1.3 milliún seachas €1 milliún sa chéad chás.

Tá dhá rud dhifriúil ann.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl dhá rud dhifriúil ann. Tá €700,000 i maoiniú reatha faoi fho-cheannteideal C4. Cé gur athdháileadh coigilteas caipitil air seo, tá brúnna ann ó thaobh maoiniú reatha. Mar sin féin, toisc gur athdháileadh €800,000 ó iomlán an fho-cheannteidil seo, léirítear an coigeartú seo sa Mheastachán Forlíontach mar choigilteas de luach €100,000.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is €1 milliún an ceann eile cé gur luadh €1.3 milliún. Baineann sé seo le próiseas pleanáil teanga na Roinne. Tá ceist eile maidir leis sin. Luaigh an tAire Stáit gur airgead caipitil do Choláiste Lurgan a bhí i gceist. Is fíorannamh a mbogann airgead caipitil go dtí airgead reatha ach is é sin a bheidh i gceist maidir le pleanáil teanga na Roinne. Tá €1.3 milliún luaite seachas an €1 milliún a luaigh an tAire Stáit.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ag fanacht mar airgead caipitil i TG4. Tá sé ráite ag m'oifigigh go mbeidh sé ag dul ó C3 go TG4 ach ag fanacht mar airgead caipitil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is €1.3 milliún-----

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ag teacht ó C3.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá €1.3 milliún breise do TG4. Luadh go mbeidh méadú ar an maoiniú de bharr coigiltis. Luadh €2.85 milliún. Tá sé sin i bhfad Éireann níos mó ná an €1 milliún a luaigh an tAire Stáit. Níl fadhb agam lena bhfuil sé ag dul. Níl fadhb agam leis an rud sin ach tá na figiúirí ag teacht salach ar a chéile. Luaigh an tAire Stáit €4.5 milliún do TG4. Sa rud sin, dúirt sé go bhfuil €1.3 milliún ann do chlár tacaíochta pobail agus teanga Gaeltachta. Tá rudaí difriúla ann sa mhaoiniú seo nach bhfuil soiléir.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá €2.85 milliún ó na fo-cheannteidil C1, C2, C3, C4 agus C11 ag dul go TG4. Tá €700,000 in airgead reatha ag dul ó C3 go C4 agus tá €1 milliún ag dul ó C3 go C10 don phleanáil teanga freisin. Is iad sin na hathruithe atá ag tarlú go hinmheánach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táim go hiomlán caillte ag an staid seo.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh an t-airgead caite ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in aon chor.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is é sin an príomhrud. Is é sin an fáth go ndúirt mé-----

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nílimid ag fáil réidh leis an airgead.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

-----nach bhfuilim ag easaontú. Tá sé go maith go bhfuil an bogadh seo ag tarlú. Is an gnáthrud é. Caithfimid féachaint ar na figiúirí. Bhí an cuma air go raibh sé ag teacht salach ar an nóta clóbhuailte atá againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Don chéad uair, lig mé don Chathaoirleach ceisteanna a chur toisc go raibh mé measctha suas mé féin agus mé díreach as an gCathaoir. Léigh mé an rud aréir agus ní raibh mé in ann é a thuiscint. Is í sin an fhadhb atá agam. Tá míniú tugtha ag an Aire Stáit anois. Níl mé in ann dul amach agus a rá le haon iriseoir ná le haon duine eile cad atá i gceist. Tá airgead sábháilte mar ní raibh gá le hé a úsáid ó thaobh Choláiste Lurgan de. Is togra iontach é sin agus tiocfaidh mé ar ais chuige. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann tuilleadh sonraí a thabhairt dom maidir le cá bhfuil an togra sin. Tuigim rudaí mar sin ach, ó thaobh pleanáil teanga de, táimid ag caint faoi phleanáil teanga taobh amuigh de na ceantair sin. Cad atá i gceist ag an Roinn ó thaobh pleanáil teanga?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá €1 milliún ag dul ó C3 go C10, is é sin, ag dul isteach sa phleanáil teanga. Is éard atá i gceist leis sin ná réamhíocaíochtaí a dhéanamh ar roinnt de na dualgais atá ag an Roinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is é sin sa 26 ceantar atá-----

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is do na naíonraí, na bailte seirbhíse agus na rudaí eile a thagann faoin gclár sin é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá €1 milliún ag dul as C3 go dtí C11.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

C10.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is ó thaobh cúrsaí pleanáil teanga go ginearálta é sin.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Déanfaidh an Roinn réamhíocaíochtaí roimh an Nollaig maidir leo siúd.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tuigim. Nach raibh a dhóthain airgid tugtha don earnáil sin go dtí seo?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí. Tá na dualgais comhlíonta ag an Roinn maidir leis sin, ach laghdóidh sé an brú don bhliain seo chugainn an t-airgead seo a chur isteach roimh dheireadh na bliana.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Cá bhfuil Coláiste Lurgan? Táim ag tapú na deise.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá cead pleanála faighte agus an cinneadh déanta an obair a thosú i ndiaidh an tsamhraidh seo chugainn. Beimid ag lorg tairiscintí san earrach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá cead pleanála faighte agus tá an t-airgead ann. In ainneoin go bhfuilimid ag tógáil airgid ón bhfoinse sin anois, beidh neart airgid ann. Tá cead pleanála faighte agus tá an Roinn ag dul tríd an bpróiseas anois chun forbróir a fháil.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tosóidh sé sin san earrach. Ní féidir airgead a choimeád ó bhliain go bliain. Caithfimid fáil réidh leis an airgead sin sa Roinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Cén uair a bheidh-----

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá súil againn go dtosóidh an obair ag deireadh an tsamhraidh nuair atá na scoláirí, mo mhac san áireamh, críochnaithe leis an áit.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Céard faoi C1, pá Gaeltachta?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is coigilteas de €250,000 é sin. Baineann sé le moill i líonadh folúntas. Is é sin an méid. Ní raibh an réamhaisnéis ná forecast déanta díreach i gceart. Tarlaíonn sé sin nuair atá folúntais á líonadh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táim fós beagáinín ar strae. B'fhéidir go bhfuil mé ag léamh na bhfigiúirí go mícheart. San iomlán, is €6.25 milliún atá i gceist, an ea? Tá €4.55 milliún á athdháileadh agus ansin tá airgead breise de €2.85 milliún luaite ó thaobh TG4.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

No. Is é an t-iomlán ná €4.55 milliún, mar a dúirt mé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is é sin an t-airgead iomlán atá le fáil anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá fáth gur chuir mé an cheist sin. Tá €4.55 milliún luaite ag an Aire Stáit. Níos déanaí, luaitear méadú sa mhaoiniú do TG4 de €4.55 milliún.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá €4.55 milliún ann san iomlán. Tá €2.85 milliún luaite. Tá an tábla sin tugtha don choiste againn. Mar aon leis sin, tá €700,000 ag dul, mar a dúirt mé cheana, ó C3 go C4 agus €1 milliún ag dul ó C3 go C10. Is é €4.55 milliún an t-iomlán.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá botún sa rud clóite mar luann sé méadú sa mhaoiniú do TG4. Deirtear go dtiocfaidh "méadú de €4.5 milliún ar mhaoiniú do TG4 in 2024 mar thoradh ar Mheastachán Forlíontach teicniúil chun borradh a chur faoi roinnt tionscadal coimisiúnaithe agus chun tacaíochtaí earnála a mhéadú". Baineann na rudaí eile atá ag bogadh timpeall le pá Gaeltachta, clár tacaíochta pobail, scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus tionscadail. Nuair a chuirtear le chéile iad sin ar fad, tá tú ag teacht suas go dtí €6.25 milliún.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá €4.5 milliún ag dul go TG4. Tá airgead eile ag teacht. Tá an €2.85 milliún ag dul as an gclár seo, ach tá níos mó airgid ag dul as rannóga eile sa Roinn nach bhfuil baint agam leo. Níl baint dhíreach agam le TG4 nó na meáin, mar is eol don Chathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táimid tar éis litir a scríobh-----

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táimid flaithiúil inniu ag tabhairt airgid taobh amuigh den rannóg atá againn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is ceist eile í sin a raibh mé chun a chur ar an Aire Stáit. Scríobhamar arís chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus luamar gur gá di teacht os comhair an choiste seo chun déileáil leis na Meastacháin chomh maith mar tá an dualgas orainn mar choiste ó thaobh TG4, ní an coiste eile. Bhí sí anseo anuraidh ag déileáil leis. Tá sin ar an taifead. Tá sé sin déanta. Más gá di teacht an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain i ndiaidh sin, that is fine. Tá mise sásta. Is é sin an fáth go raibh meascán orm agus thuig mé sin. Seachas sin, tá mise breá sásta fad is atá an t-airgead á chaitheamh ar an nGaeilge. Is trua go bhfuil ar an Roinn airgead reatha nó caipitil do thograí eile a chaitheamh ar TG4 nuair atá coigilteas ann. Tá sé go maith go bhfuil sé ag tarlú mar tá fostaíocht Ghaeltachta agus tacaíocht teanga i gceist. Ba chóir go mbeidh sé sin an jab ag ciste na meán an Aire shinsearaigh.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuireadh leasuithe an Rialtais ar Bhille an údaráis faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo. Rinneadh é sin ar an Máirt. Níl aon dabht go bhfuilimid faoi bhrú ama anois. Bhí m'oifigigh i dteagmháil leis an gcoiste maidir leis seo agus tá sé deacair leis an méid ama atá fágtha againn ó thaobh aistriúcháin agus gach rud eile. D'iarr mise ar an gCeann Comhairle agus ar an gCoiste Gnó an mbeimis in ann Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála an Bhille seo a chur faoi bhráid na Dála sula dtagann deireadh léi. Níl a fhios agam an dtarlóidh sé, ach tá súil agam go mbeidh an Coiste Gnó á phlé. Tá sé ráite agam le roinnt daoine. Tá mé ag ceapadh go bhfuilimid réidh ach tá deifir fós orainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An mbeidh an coiste seo ag déileáil leis? Is féidir ceist a thógáil i measc na mball. Táimid sásta más gá don choiste déileáil leis, ach caithfimid fógra a thabhairt ionas gur féidir le daoine leasuithe a chur isteach.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigimid é sin agus táimid ag obair go crua air. Tá gach rud déanta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Más gá, táimid sásta bualadh an tseachtain seo chugainn ach caithfimid an fógra a thabhairt anois toisc nach bhfuil aon chruinniú den chomhchoiste ar siúl.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé deacair. Tuigim.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh go n-aontóidh na baill, ach tá mise sásta. Beidh mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Tá mise sásta, más gá, bualadh mar choiste mar tá sí mar aidhm againn ar fad, más féidir linn.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mise freisin, más féidir.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táimid sásta. Braitheann sé ar Oifig na mBillí mar bíonn deacrachtaí aici go minic le haistriúchán ar leasuithe toisc gur Bille dátheangach é. Más gá, beidh an coiste sásta bualadh le chéile an tseachtain seo chugainn nó go luath an tseachtain dár gcionn. Níl fadhb ar bith leis sin.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táimid tar éis déileáil leis na Meastacháin seo. De réir Bhuan-Ordaithe 215A, tá sé de dhualgas ag an roghchoiste seo tuarascáil a ullmhú mar chuid dá mbreithniú ar na Meastacháin Fhorlíontacha a bhí idir lámha againn inniu agus go leagfar an breithniú seo faoi bhráid Dáil Éireann taobh istigh de 14 lá. Is chuige sin a iarrann an Roghchoiste um Formhaoirsiú Buiséid agus rúnaíocht na gcoistí ar gach roghchoiste de chuid na Dála go bhfuil cúram na Meastachán aige agus a bhfuil athbhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe déanta aige tuarascáil ghairid ar an bpróiseas a bhaineann leis agus a tuairimí ar an bpróiseas sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid Dháil Éireann. Molaim go smaoineodh gach comhalta den roghchoiste ar an ábhar seo agus go seolfadh siad a gcuid tuairimí agus moltaí ar aghaidh chuig cléireach an choiste. Tá ár mbreithniú ar na Meastacháin críochnaithe agus dá réir, is féidir linn é sin a thaifead.