Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 October 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2023 an Choimisinéara Teanga agus Ábhair Ghaolmhara: Plé

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de. Tá an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee agus na Teachtaí Dála Fergus O'Dowd agus Catherine Connolly i láthair, mar aon liom féin. Níl leithscéal ar bith faighte agam. Inniu táimid ag déileáil le tuarascáil bhliantúil 2023 an Choimisinéara Teanga agus ábhair ghaolmhara. Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn; an mbainisteoir gearán, Órla de Búrca, an mbainisteoir imscrúdaithe, Eibhlín de Paor; agus an mbainisteoir cumarsáide, Páidí Ó Lionáird. Gabhaim buíochas leo as a bheith linn chun cuidiú linn an tuarascáil a phlé.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus comhaltaí uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime an choiste. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Tá an chuid eile cloiste ag na finnéithe cheana mar bhí siad anseo cheana. Glacaim leis go dtuigeann siad na rialacha agus ní gá dom an t-athrá sin a dhéanamh. Is féidir linn díriú ar an gceist mhór os ár gcomhair agus plé a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil 2023 an Choimisinéara Teanga. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bíonn Oifig an Choimisinéara Teanga réidh i gcónaí chun teacht os comhair an choiste agus plé a dhéanamh, ní hamháin ar an ábhar seo ach ar aon cheist atá ag déanamh buairt dúinn maidir le cur chun cinn na Gaeilge nó a easpa ag na Ranna Stáit.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill uile an choiste as an gcuireadh teacht ina láthair chun trácht a dhéanamh ar phríomhthorthaí thuarascáil bhliantúil m’oifige do 2023. Fáiltím roimh an deis thábhachtach seo le trácht a dhéanamh freisin ar na dúshláin agus na deiseanna is suntasaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire maidir lena chinntiú go dtagann feabhas as cuimse ar na seirbhísí poiblí atá an Stát ag soláthar trí Ghaeilge do phobal labhartha na Gaeilge. Tá tráth cinniúnach linn maidir le cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú. Is beart suntasach de chuid an Stáit é Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ach caithfear a chinntiú go bhfeidhmeofar na forálacha reachtúla uile atá cuimsithe san Acht.

Coinneoimid i gcuimhne an bunaidhm atá ag seirbhísí poiblí an Stát; is é sin caighdeán saoil an phobail a fheabhsú agus forás an phobail a éascú. Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge sna seirbhísí poiblí a chuireann an Stát ar fáil trí Ghaeilge. Cothaítear muinín i seirbhísí poiblí nuair a fheiceann an pobal go bhfuil cothrom na Féinne a fháil aige i ndáil le seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil ina rogha teanga gan bhac, gan stró.

Tá sé soiléir ó líon agus cineál na ngearáin a fhaigheann m’oifig ar bhonn leanúnach go bhfuil obair mhór le déanamh chun an mhuinín sin a chothú fad is go mbeidh muinín ag pobal na Gaeilge as seirbhísí poiblí Gaeilge an Stáit. Tháinig méadú 6% ar líon na ngearán a fuair m'oifig i gcaitheamh 2023, méadú ó 600 go dtí 634. Léiríonn líonmhaireacht agus cineál na 634 gearáin a fuair m’oifig i gcaitheamh 2023 go bhfuil géarghá le trí bheart shonracha le dul i ngleic leis na bearnaí suntasacha atá sa soláthar reatha seirbhísí poiblí i nGaeilge: lánaidhm a thabhairt d'fhorálacha nua Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; caighdeáin teanga théagartha a thabhairt i bhfeidhm a rachaidh i ngleic leis na bearnaí follasacha atá i seirbhísí poiblí na Gaeilge an lae inniu de thoradh ar laigí an seanchóras na scéimeanna teanga; agus forbairt agus feidhmiú an plean náisiúnta do sheirbhísí poiblí i nGaeilge faoi scáth an choiste chomhairligh a bhunaigh an tAire. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an plean náisiúnta amach mapa bóthair trína rachfar i ngleic leis na bearnaí móra reatha i seirbhísí poiblí i nGaeilge.

Tá an staid reatha nach bhfuil dóthain foirne le Gaeilge mhaith fostaithe ag comhlachtaí poiblí le freastal ar phobal na Gaeilge ar cheann de na ceapa tuisle is mó faoi láthair do phobal na Gaeilge. Tá an fhoráil san Acht leasaithe go mbeidh 20% d’earcaithe sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030 cinniúnach ionas go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tuigtear go bhfoilseofar an plean náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge go luath, plean a fhorbraíodh faoi stiúir an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge.

De réir forála eile san Acht leasaithe, chuir an coiste tuarascáil ar dhul chun cinn ar obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge, don tréimhse ón 20 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi mo bhráid agus beidh tráchtaireacht ina leith á cur faoi bhráid an Aire agam roimh dheireadh na bliana seo. Is dea-scéala é gur fógraíodh le gairid go bhfuil an plean náisiúnta curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag an gcoiste comhairleach agus go bhfuil an plean le foilsiú go luath.

Mar a luaigh mé thuas, i bhfianaise ábhar agus líonmhaireacht na ngearáin a fhaigheann m’oifig ar bhonn leanúnach, beidh sé ina bhunriachtanas don phlean náisiúnta cur chuige réadúil agus céimnithe i dtreo na sprice 20% a leagan amach ionas go mbeidh dóthain foirne ag a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu fostaithe sa tseirbhís phoiblí d’fhonn freastal go sásúil ar phobal na Gaeilge. Ní mór gráid na foirne a bheidh ag teastáil a thabhairt san áireamh, ní hamháin chun seirbhísí i nGaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar, ach freisin lena chinntiú go mbeidh ceannaireacht dhóthanach shinsearach ag a bhfuil Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na bhforálacha nua a eascraíonn ó Acht 2021.

Tá sé tábhachtach scála agus scóip na seirbhíse poiblí in Éirinn a choinneáil i gcuimhne maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn i ndáil seirbhísí i nGaeilge a fheabhsú ar fud na seirbhíse poiblí agus i gcomhthéacs na forála 20% d’earcaithe le hinniúlacht sa Ghaeilge. Léiríonn figiúirí atá foilsithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go raibh 397,121 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí ag deireadh 2023. Áiríonn na figiúirí sin an státseirbhís agus earnálacha an leighis, an oideachais, na cosanta, an dlí, na n-údarás áitiúil agus áisineachtaí Stáit neamhthráchtála, NCSA.

De réir na foinse céanna, tháinig méadú 19,811 ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí ó 377,310.5 ag deireadh ráithe 4 in 2022, go 397,121.81 ag deireadh ráithe 4 in 2023. B’ionann caiteachas iomlán an Stát ar an tseirbhís phoiblí in 2023 agus beagnach €26.6 billiún, an t-iomlán ab airde riamh. Léiríonn éagsúlacht rólanna agus oibríochtaí na n-earnálacha thuasluaite an riachtanas a bheidh ann d’earnáil na hollscolaíochta Gaeilge dóthain céimithe le Gaeilge a sholáthar chun na deiseanna fostaíochta nua a ghlacadh lena chinntiú go n-éireoidh leis an bhfhoráil 20% d’earcaithe le Gaeilge faoi dheireadh 2030. Beidh ról lárnach ag an bplean náisiúnta freisin i léiriú an bhealaigh trína bhforbrófar acmhainneacht na hearnála ollscolaíochta Gaeilge le tacú le gnóthú na forála 20% d’earcaithe le Gaeilge faoi 2023.

I measc na bhforálacha is tábhachtaí in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú, tá an soláthar do chóras nua na gcaighdeán teanga a chuirfear in ionad chóras na scéimeanna teanga. I gcaitheamh 2023, ba le gealltanais scéimeanna teanga nach raibh á gcur i bhfeidhm mar ba chóir a bhain 39% de líon iomlán na ngearáin a fuair m’oifig . Léiríonn an staid seo an géarghá atá le córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm. I measc na laigí ba shuntasaí a bhain le córas na scéimeanna teanga, bhí cúlú ar ghealltanais ó scéim go scéim, doiléireacht maidir le sonraíocht na seirbhíse a bhí le soláthar agus easpa soiléireacht maidir leis na hacmhainní foirne a bhí sé de dhualgas ar chomhlacht poiblí a chur ar fáil ina leith. Is díol suntais an líon gearáin nach mbíonn m’oifig in ann a fhiosrú cheal dualgas reachtúil a bheith ar chomhlachtaí poiblí ina leith i láthair na huaire. Baineann na gearáin nach féidir a fhiosrú cheal dualgas go minic le cuid de mhodhanna seachadta a úsáidtear chun na croísheirbhísí poiblí a riarann an caidreamh laethúil a bhíonn ag an bpobal leis an Stát, mar shampla córais teicneolaíochta ar líne, seirbhísí deisce cabhrach a dhéantar a sheachadadh go cianda nó ar láithreacha fisiciúla, nó seirbhísí faisnéise teileafóin fiú. Is minic soláthar seirbhísí poiblí comhaimseartha a bheith taobh le meascán de na modhanna seachadta seo. Is díol suntais an méadú atá ag teacht ar bhonn leanúnach ar líon na seirbhísí poiblí ar líne.

Maidir le pleanáil d’fhorbairt seirbhisí poiblí in Éirinn don sé bliana amach romhainn, is díol suntais na cuspóirí atá luaite ag an Rialtas ina straitéis dar teideal Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann, a d’fhoilsigh an Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe in 2022. Luaitear sa straitéis go mbeidh oiread agus 90% de sheirbhísí poiblí ar leith á seachadadh ar líne faoi 2030. Luaitear sa straitéis chéanna go bhfuiltear ag súil go mbeidh 80% de shaoránaigh na tíre ag úsáid an ardáin MyGovID faoi 2030 le teacht ar sheirbhísí poiblí áirithe. I bhfianaise na mbearnaí reatha sa soláthar do sheirbhísí poiblí i nGaeilge, cá bhfágann spriocanna náisiúnta mar seo forbairt seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge do na blianta beaga amach romhainn?

Cibé an iarratas ar phas, ar cheadúnas tiomána, ar uimhir nó ar chárta seirbhísí poiblí atá a dhéanamh ag an bpobal teanga trí thairsí ar nós MyGovID, ba chóir go mbeadh na seirbhísí sin - idir an

ghné den tseirbhís atá ar fáil ar líne agus an ghné chumarsáide labhartha idir an pobal agus ball foirne an chomhlachta phoiblí - ar fáil ar ardchaighdeán gan bhac, gan mhoill agus gan dua i nGaeilge, mar atá i mBéarla i láthair na huaire. Le go rachfar i ngleic leis na bearnaí móra reatha sna croísheirbhisí a bhfuil tarraingt laethúil ag an bpobal orthu, tá dhá chrann taca a chaithfidh a bheith ina mbun den phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Is iad sin córais nua na gcaighdeán teanga agus an soláthar de 20% d’earcaithe a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Is bunriachtanas atá ann go ndéanfaidh coras nua na gcaighdeán teanga cur síos beacht ar na croísheirbhísí poiblí a theastaíonn ó phobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach agus a bheidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar ar ardchaighdeán. Ní bhainfear sprioc an ardchaighdeáin amach mura socrófar leibhéal cumais oiriúnacha teanga trí na caighdeáin teanga don fhoireann a bheidh ag

soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa nGaeltacht. Cuimhnigí go mbeidh Aire na Gaeltachta ag socrú dáta faoina mbeidh seirbhísí atá comhlachtaí poiblí a chur ar fáil sa Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge ina n-iomláine. Tá sé deacair tionchar dearfach na forála sin a shamhlú gan soiléiriú a bheith ann faoi na seirbhísí a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sheachadadh agus an leibhéal cumas teanga a chaithfidh a bheith ag foireann na gcomhlachtaí poiblí a bheidh á seachadadh.

Gné chriticiúil den phlean náisiúnta freisin is ea go n-oibreoidh córas na gcaighdeán teanga agus an fhoráil 20% d’earcaithe atá inniúil sa Ghaeilge taobh le taobh, ach seirbhísí criticiúla a theastaíonn ó phobal na Gaeilge a aithint agus dóthain foirne atá inniúil go cuí sa Ghaeilge a bheith á n-earcú chun na seirbhísí sin a sholáthar ar ardchaighdeán gach lá den tseachtain. Tá tosach feidhme tugtha ag Aire na Gaeltachta do chuid de na forálacha tosaigh a chuimsítear in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. I measc na bhforálacha is suntasaí agus is feiceálaí sa reachtaíocht nua a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo, tá foráil a leagann dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséid a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge gach aon bhliain freisin. Is cinnte go bhfuil an fhoráil sin ag cur le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge ar fud na meán cumarsáide éagsúla agus tá sé tábhachtach an forás sin a aithint. Mar chuid de sheimineár ar chearta teanga ag Oireachtas na Samhna i mbliana, beidh tuarascáil á foilsiú agam a thabharfaidh léargas ar fheidhmiú na forálacha nua fógraíochta don bhliain 2023.

I dtéarmaí ceannaireachta eagraíochtúla, tá sé ríthábhachtach feidhmiú cearta teanga a neadú i sícé rialachais na gcomhlachtaí poiblí. Chun na críche seo, tá tábhacht leis an bhforáil san Acht leasaithe a leagann dualgas ar cheann gach comhlachta phoiblí ball foirne den bhainistíocht shinsearach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta teanga. Tá dualgas ar an mball foirne sin tuairisciú ar ais chuig an gceannasaí ar fheidhmiú a dhualgas faoin Acht teanga agus tuairisciú a dhéanamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta phoiblí ar fheidhmiú an Achta teanga sa gcomhlacht poiblí. Tháinig an fhoráil seo maidir le rialachas corpáráideach i leith an Achta teanga i bhfeidhm ar an 5 Bealtaine 2023 agus tá iniúchadh á dhéanamh ag m’oifig i láthair na huaire ar ghéilliúlacht comhlachtaí poiblí don dualgas nua seo.

Is féidir linn an bhéim a leag rialtais éagsúla ar earnáil an oideachais maidir le cur chun cinn na Gaeilge a rianú siar go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922. Ceann de phríomhshnáithe an pholasaí sin is ea go múinfí an Ghaeilge go héigeantach do gach páiste sna scoileanna. Bhíothas ag súil go gcuirfeadh sé seo pobal cainteoirí feidhmiúla Gaeilge ar fáil. De réir fhigiúirí na Roinne Oideachais féin, tagann isteach agus amach le 60,000 dalta agus mac léinn faoi anáil an oideachais lán-Ghaeilge in aghaidh na bliana, idir bhunscolaíocht agus iarbhunscolaíocht náisiúnta agus Ghaeltachta. Ní léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh, áfach, ar an éileamh ar sholáthar na iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Is ceist thábhachtach náisiúnta í seo atá m’oifig ag fiosrú leis an Roinn Oideachais i láthair na huaire i gcomhthéacs na ndualgas reachtúla ábhartha san Acht Oideachais, 1998.

Má tá soláthar acmhainne daonna atá inniúil go cuí sa Ghaeilge le bheith ar fáil go fadtéarmach d’fhonn freastal ar an bhforáil 20% d’earcaithe ag a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí, caithfidh an phleanáil tosú ag leibhéil na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Mar a bhfuil trácht déanta agam air cheana, beidh beart náisiúnta ag teastáil ag leibhéal na hollscolaíochta Gaeilge freisin le céimithe a chur ar fáil sna disciplíní éagsúla a bhíonn ag teastáil le dul ag obair in earnálacha éagsúla den tseirbhís phoiblí. Socraíodh ar dhá thosaíocht i gclár bliantúil iniúchta na hoifige in 2023. Bhain an chéad tosaíocht le hiniúchadh a dhéanamh ar ghéilliúlacht na 18 Roinn Rialtais d’fhoráil alt 9(1) maidir le fógairtí taifeadta béil. Bhí 16 as na 18 Roinn a ndearnadh iniúchadh orthu géilliúil d’fhoráil alt 9(1) maidir le fógairtí taifeadta béil. Ar bhonn comparáide trasearnálaí, is díol suntais an leibhéal ard géilliúlachta i bhfógairtí taifeadta béil i measc Ranna Rialtais in 2023 le hais an leibhéil géilliúlachta i measc na Ranna sin i ndáil leis an bhforáil chéanna san iniúchadh a rinneadh in 2014. Is an t-údarás áitiúil a rinne an iniúchadh.

Bhain an dara tosaíocht le géilliúlacht 13 údarás áitiúil don riachtanas faoi ailt 10(b) agus 10(c) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus iad ag foilsiú aon tuarascála bliantúla agus aon chuntais iniúchta nó ráitis airgeadais. Fad is a bhí scaipeadh déimeagrafach phobal na Gaeilge á chur san áireamh, roghnaíodh na naoi n-údarás áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina gceantar feidhme acu mar aon leis na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Forbraíodh scéimre measúnachta ina bhfuil cúig cinn de ghráid, ó ghrád 1 - comhlíonadh iomlán – go dtí grád 5 - neamh-chomhlíonadh iomlán. Rinneadh rangú eatramhach ar na húdaráis áitiúla bunaithe ar thorthaí na gceistneoirí a scaipeadh. Cuireadh an toradh eatramhach seo ar a súile do na húdaráis áitiúla agus tugadh deis dóibh faisnéis bhreise a chur ar fáil dá mba chuí sin. Rinneadh géilliúlacht na n-údarás áitiúil a dheimhniú freisin ach scrúdú a dhéanamh ar a gcuid suíomhanna gréasáin. Bhain deich gcinn as na 13 údarás áitiúil marc ghrád 3 - comhlíonadh méid áirithe - nó níos airde amach maidir leis an mír faoi fhoilsiú na tuarascála bliantiúla go comhuaineach idir 2018 agus 2022. D’éirigh le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an grád is airde - comhlíonadh iomlán - a bhaint amach i leith an dá fhoráil a bhí á n-iniúchadh; sé sin, tuarascálacha bliantiúla agus ráitis airgeadais a fhoilsiú go comhuaineach.

Laige mhór eile a bhíonn le feiceáil sa soláthar a dhéanann comhlachtaí poiblí áirithe is ea an míchruinneas teanga a bhíonn le feiceáil sa soláthar sin. Creidim go gcabhróidh an fhoráil nua a leagann dualgas breise maidir le rialachas corparáideach ar chomhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga trí bhall foirne den bhainistíocht shinsearach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta le dul i ngleic leis na neamhairt seo in imeacht ama. Mar aon leis an riachtanas i ndáil le síce rialachais na gcomhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga a láidriú, caithfear cur le feasacht na gcomhlachtaí poiblí ar na soláthróirí atá ar fáil go náisiúnta d’fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí cruinneas teanga a chinntiú ina soláthar féin. Is chun ár leasa uile é go mbeadh comhoibriú idir obair na n-áisíneachtaí forbartha teanga agus Gaeltachta, polasaí Rialtais agus ollscoile lena chinntiú go bhfuil dóthain saineolaithe aistriúcháin agus eagarthóireachta ar fáil chun freastal ar na deiseanna breise a eascróidh ó fheidhmiú iomlán an Achta leasaithe.

Is féidir cur le hobair thábhachtach Fhoras na Gaeilge maidir leis an séala creidiúnaithe náisiúnta d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí d’fhonn cur leis an soláthar sa réimse seo freisin.

Léiríonn líon agus éagsúlacht na bhfógraí atá le feiceáil agus le cloisteáil anois, de thoradh na forála nua ar fhógraíocht, go bhfuil géarghá le hacmhainní daonna a bhfuil sainscileanna acu, cuir i gcás sa smaointeoireacht chruthaitheach, sa scríbhneoireacht, san aistriúchán, i ndearadh grafaice, in athghuthú, san fhotheidealú agus i léiriú físe trí Ghaeilge. I bhfianaise go bhforordaítear breis agus 500 comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ba chóir an riachtanas atá ann d’áisíneacht náisiúnta chomhairleoireachta teanga a chabhródh leis na comhlachtaí poiblí cruinneas teanga a chinntiú ina gcuid soláthar ar bhonn leanúnach a bhunú agus é sin a fhiosrú.

Léirigh dhá imscrúdú ar An Post agus Comhairle Contae na Gaillimhe an t-easnamh suntasach atá sna dualgais reatha atá ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí ríomhbhunaithe agus idirghníomhacha i nGaeilge a sheachadadh ar líne. Mar a thuairisc mé cheana, tá géarghá go rachaidh córas nua na gcaighdeán teanga i ngleic leis na bearnaí seo maidir le seirbhísí idirghníomhacha ar líne a bheith ar fáil i nGaeilge.

Le dhá bhliain anuas, tá méadú suntasach tagtha ar leibhéal na cumarsáide a bhíonn ag comhlachtaí poiblí le hOifig an Choimisinéara Teanga. Sa bhliain 2023, tháinig oifigigh ón iliomad comhlachtaí poiblí i dteagmháil le m’oifig 381 uair. Is ionann an t-ardú sin agus méadú 33% ar fhigiúr 2022, rud a fhágann go bhfuil ardú 140% tagtha ar chásanna comhairleacha do chomhlachtaí poiblí ó 2021 i leith. Bhain 42% le fiosruithe fógraíochta faoi alt 10A a bhaineann le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí, 14% leis an Acht leasaithe agus 44% le cearta teanga agus ábhair eile. Tá m’oifig tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh i seimineáir eolais, i bhfeachtais feasachta agus i gcomhfhreagras comhairleach le comhlachtaí poiblí faoin ábhar sin. Mar thoradh ar shainchomhairle agus ar chomhairliúchán leis an earnáil fógraíochta, cuireadh treoir údarásach agus phraiticiúil ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don earnáil fógraíochta maidir leis an bhforáil reachtúil seo a chur i bhfeidhm.

Tá ardú 45% tagtha ar bhuiséad Oifig an Choimisinéara Teanga idir 2020 agus 2024, ó €845,000 go €1,522,000. Mhéadaigh liúntas foirne na hoifige ó naoi go 14 ball foirne idir 2020 agus 2024. Molaim na hAirí Gaeltachta éagsúla agus ardbhainistíocht na Roinne a thacaigh leis na hiarratais chun acmhainní breise a chur ar fáil d’fhorbairt na hoifige. Go dtí seo in 2024 líonadh dhá phost, post nua amháin ar leibhéal ardoifigigh feidhmiúcháin agus aislíonadh poist ag leibhéal oifigigh feidhmiúcháin de thoradh ball foirne a chuaigh ar scor i mí na Samhna 2023. Tá ceithre fholúntas ag an oifig faoi láthair agus tá dúshlán áirithe ag eascairt ón achar ama a thógann sé poist áirithe a líonadh, go háirithe i bhfianaise an ualaigh oibre mhéadaithe ar fhoireann na hoifige de bharr theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá obair ollmhór á déanamh ag foireann reatha na hoifige le déileáil leis an gclár oibre trom agus dúshlánach atá ar lámh. Is státseirbhísigh ar iasacht ó Roinn na Gaeltachta iad foireann uile na hoifige, cé is moite den Choimisinéir Teanga, a cheapann Uachtarán na hÉireann, le tacaíocht Thithe an Oireachtais ar mholadh an Rialtais. Bíonn an oifig ag brath ar chomórtais phainéil a reáchtálann an Roinn i gcomhar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus d’fhéadfadh tréimhse bliana nó níos faide a bheith i gceist le poist ar leith a líonadh.

Ábhar suntais go bhfuil cead earcaíochta dá gcuid féin ag oifigí Ombudsman eile in Éirinn a thugann an tsaoirse dóibh a gcuid comórtas earcaíochta féin a reáchtáil. Tá buntáistí ar leith ag baint le socruithe den tsóirt seo lena n-áirítear a bheith in ann sainchritéir a bhaineann le róil ar leith a shonrú sna fógraí d’fholúntais maidir leis na róil seo. Ba chóir breathnú ar shocrú den chineál seo sa chás go bhfuil tréimhsí fada i gceist le folúntais áirithe a líonadh san oifig ar bhonn leanúnach.

Beidh plean forbartha eagraíochtúil á fhoilsiú againn don oifig an bhliain seo chugainn a chuimseoidh riachtanais fhoirne agus oibríochta meántéarmacha na hoifige don tréimhse 2025 go 2028. Tréimhse fhíorthábhachtach a bheidh sna trí bliana ó 2025 go 2028 mar go mbeidh an oifig ag tabhairt aghaidh ar an ualach oibre a eascróidh ó na forálacha reachtúla nua atá le teacht i bhfeidhm go fóill, agus ó thaobh monatóireachta a dhéanamh ar fheidhmiú na forála 20% d’earcaithe le Gaeilge, ar na caighdeáin teanga nua agus ar an bplean náisiúnta trí chéile.

Is tréimhse chinniúnach a bheidh sna blianta beaga seo romhainn ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge a threisiú ach feabhas as cuimse a theacht ar chaighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Mar Choimisinéir Teanga, feicim deiseanna nach bhfacthas a leithéid cheana chun sineirgíocht a chothú idir bearta suntasacha de shraith straitéisí an Stáit i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn go náisiúnta. Is bearta suntasacha de shraith straitéisí an Stáit iad Acht na Gaeltachta, 2012, a chuir an próiseas pleanála teanga ar bhonn reachtúil ar mhaithe le buanú na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht, agus Achtanna 2003 agus 2021, a láidríonn cearta teanga an phobail. Ní mór athshamhlú agus athchumrú a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Is den bhunriachtanas é go mbeadh éascaíocht agus mealltacht ag baint le rochtain ar sheirbhísí poiblí do phobal labhartha na Gaeilge. Mar aon le dlús criticiúil foirne le Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí ionas go gcuirfidh an pobal teanga muinín i seachadadh seirbhísí poiblí, tá rochtain ar na seirbhísí chomh tábhachtach céanna.

Tá deiseanna ar leith trína bhféadfadh an próiseas pleanála teanga agus an reachtaíocht teanga teacht aníos le réitigh shamhlaíocha trína mbeidh freastal i bhfad níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal na Gaeilge. Tá bonneagar náisiúnta pleanála teanga á fhorbairt trí na limistéir phleanála teanga, líonraí agus bailte seirbhíse Gaeltachta a mba chóir a úsáid le rochtain i bhfad níos fearr a éascú don phobal teanga ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Má shamhlaítear moil nó campais ilfhreastail a mbeadh lonnaíocht láidir iontu ó thaobh foirne na gcomhlachtaí poiblí a bheadh ag seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, tógfadh a leithéid de champais ar an mbonneagar oideachais, teicneolaíochta, sealbhaithe agus buanaithe teanga atá sa nGaeltacht cheana. Chothófaí dlús sa raon seirbhísí poiblí, dlús sa bpobal foirne a bheadh ag seachadadh na seirbhísí agus dlús san éileamh ón bpobal teanga lena leithéid de shamhail seachadta seirbhísí poiblí. Luíodh an forás seo isteach go huile agus go hiomlán leis na forálacha nua atá san Acht leasaithe freisin go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí na gcomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht ó dháta a fhorordóidh Aire na Gaeltachta.

Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas leis an bpobal agus na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis sa déileáil a bhíonn agam féin agus ag foireann na hoifige leo.

Táim thar a bheith buíoch freisin den chomhchoiste as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le láidriú chearta teanga na Gaeilge lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne á fháil ag an bpobal teanga. Go raibh míle maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga. Bogfaimid ar aghaidh go dtí ceisteanna anois.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh Séamas Ó Concheanainn agus an fhoireann ó Oifig na gCoimisinéara Teanga. Déanaim comhghairdeas le Séamas as ucht an ardú céime a fháil. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sé jab maith de. Tá ceisteanna agam faoi chúpla rud. Tá an tuairisc bhliantúil faighte againn agus tá eolas faoi na gearáin istigh de - cuid acu ó na comhairlí áitiúla, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Ros Comáin ina measc. Tá rudaí sách bunúsach nach bhfuil á dhéanamh acu. Mar shampla, déantar cumarsáid i scríbhinn - ríomhphoist nó litreacha Gaeilge - a bhfreagairt i mBéarla. Sa lá atá inniu ann, is rud bunúsach é nach bhfuil freagra i nGaeilge á thabhairt acu. Tá comharthaí i mBéarla amháin - gan Gaeilge - in úsáid ag Comhairle Contae Ros Comáin. Cén fáth a bhfuil na rudaí seo á dhéanamh acu? Is rudaí bunúsacha iad agus tá sé leagtha amach sna pleananna le blianta fada gur cheart iad a dhéanamh.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Is ceist fíorthábhachtach í sin agus thagair mé de san aitheasc. Tá forálacha bunúsacha sa reachtaíocht teanga siar chomh fada le 2003. Mar atá luaite agam, tá sárú leanúnach ar na forálacha sin ag tarlú i gcásanna áirithe. Is samplaí maithe de na dúshláin atá romhainn iad an dá chás a luaigh an Seanadóir. Leag mé béim ar an tábhacht a bhaineann le tabhairt i bhfeidhm na bhforálacha uilig atá san Acht teanga nua. Tá cúpla ceist ann. Tá an-béim leagtha agam ar shícé rialachais. Chonaic muid uilig le roinnt blianta an bhéim atá á leagan ar ghéilliúlacht do chosaint sonraí, agus ar sláinte agus sábháilteachta. Tá mise go láidir den tuairim go dteastaíonn athrú meoin sa státchóras agus i gcomhlachtaí poiblí leis na cearta teanga a thabhairt isteach i lár an phróisis pleanála atá ag na comhlachtaí poiblí. Go praiticiúil, má tá scéim comharthaíochta i gceist - nó má tá pleanáil á dhéanamh foireann a earcú a bheidh i mbun cumarsáide leis an bpobal, mar a bhí sa dhá chás seo - caithfear ceist na hinniúlachta teanga a bheith i lár an phróisis pleanála sin. Is é sin an fáth a bhfuil an plean náisiúnta agus na caighdeáin teanga ann. Má bhreathnaímid ar céard atá sna caighdeáin teanga, leagtar amach go soiléir céard iad na seirbhísí, sa bhreis ar na forálacha atá san Acht, a chaitheas an comhlacht poiblí a chur ar fáil. Tá an leibhéal cumas teanga a chaitheas a bheith ag an bhfoireann leis an tseirbhís a chur ar fáil an-tábhachtach. Tá dlúthcheangal ag na riachtanais sin ó thaobh cúrsaí foirne agus cumas teanga le feidhmiú na mbunfhorálacha, mar atá luaite ag an Seanadóir, ó thaobh comharthaíocht de agus ó thaobh cumarsáid de.

An ghné eile atá tábhachtach ná go bhfuil duine ainmnithe anois do bhainistíocht na gcomhlachtaí poiblí. Tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí duine a ainmniú le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na bhforálacha atá sa reachtaíocht teanga. Tá an ról sin criticiúil. In imeacht aimsire, ag tarraingt ar fhoráil eile, tá an coiste comhairleach in ann moladh a dhéanamh d'Aire na Gaeltachta maidir le gráid agus líon foirne ar chóir a bheith ag comhlachtaí poiblí le freagairt den chúram. I gcomhthéacs an t-athrú meoin a theastaíonn, caithfidh bainisteoirí sinsearacha a bhfuil dualgais ó thaobh pleanáil rialachais agus cúrsaí corparáideach orthu a bheith i lár na pleanála - i gcás na samplaí atá tugtha ag an Seanadóir, ó thaobh comharthaíocht de agus ó thaobh cumarsáid de. Maidir leis an bpleanáil atá ar siúl nuair a théann ardbhainistíocht na gcomhlachtaí poiblí síos agus plean eagraíochtúil an chomhlachta phoiblí á leagan amach, caithfidh cás na gcearta teanga - na riachtanais teanga - a bheith i lár an phróisis pleanála sin. Tá ról ag an oifig ann freisin dár ndóigh ó thaobh cúrsaí feasachta, ach tá 550 comhlacht poiblí forordaithe faoin Acht agus sa bplean forbartha eagraíochtúil a thagair mé dó. Beidh orainn breathnú go cúramach ar acmhainní na hoifige ar mhaithe le freastal ar an gcúram sin ionas go mbeidh an oifig in ann an fheasacht agus an tuiscint ar an reachtaíocht teanga a chothú. Láidrigh muid é sin go mór san oifig le blianta beaga le cothú post sinsearach bainistíochta, áit a bhfuil Páidí Ó Lionáird ag feidhmiú mar bhainisteoir cumarsáide. Táimid ag dul ina threo sin ach tríd an bplean forbartha eagraíochtúil don oifig féin, beidh céimeanna breise ag teastáil le freastal ar an riachtanas atá ann. Caithfidh na comhlachtaí poiblí feasacht a bheith acu ar an ndualgas, ach níos tábhachtaí fós, caithfidh na cearta teanga a bheith greanta fite fuaite sa bpleanáil eagraíochtúil atá ar siúl acu. Tá an soláthar san Acht nua criticiúil chuige sin. Caithfidh go mbeidh dóthain foirne le Gaeilge agus go mbeidh gráid na bpostanna atá ag plé leis an bpleanáil rialachais stiúrthóirí, rialachais corparáide agus mar sin de airdeallach faoi fheidhmiú na gcearta teanga ag chuile leibhéil san eagraíocht nó sa chomhlacht poiblí.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam go bhfuil 550 eagraíocht Stáit i gceist, ach is iad na comhairlí contae is tábhachtaí ó thaobh na seirbhísí atá á gcur ar fáil acu agus an teagmháil agus an caidreamh leis an daonra atá ag lorg seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Ag deireadh an lae, tá príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae freagrach as polasaithe na gcomhairlí contae. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge - agus an dualgas maidir léi agus maidir leis an gcéatadán earcaíochta 20% - lárnach ag na boird bainistíochta sna comhairlí contae. Tá sé tábhachtach go mbeadh dualgas ar dhuine de na stiúrthóirí - agus duine le Gaeilge, más féidir - maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an gcéatadán seo. Tá sé bunúsach ó thaobh na seirbhíse atá á gcur ar fáil acu.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá. Arís, is é an plean náisiúnta an fheithicil chun aghaidh a thabhairt air seo ar bhonn náisiúnta. Mar a luaigh mé san aitheasc, tá dhá ghné gur crainn taca iad den phlean náisiúnta: an 20% d'earcaithe le Gaeilge agus na caighdeáin teanga. Ní féidir liom réamh-bhreithiúnas a thabhairt ar an bplean náisiúnta, ach feicimse céimeanna sonracha. Is gníomh stairiúil atá ansin go mbeidh plean náisiúnta de sheirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge don chéad uair ann agus taighde suntasach déanta air. Beidh sé le foilsiú sna seachtainí amach romhainn. Is iad na crainn taca d'fheidhmiú an phlean náisiúnta sin ná cén chaoi a mbeidh dóthain foirne sna húdaráis áitiúla, mar a luaigh an Seanadóir, agus - go háirithe ar dtús - sna comhlachtaí poiblí ós rud é go bhfuil na comhlachtaí sin ag cur ar fáil na croísheirbhísí atá an pobal ag tarraingt orthu chuile lá; agus cén chaoi a mbeidh dóthain cumas teanga - an leibhéal cuí teanga - ag an bhfoireann. Má thugann tú iad sin uilig le chéile, tá tú ag teacht ar an bhfadhb atá ann i láthair na huaire ó threonna éagsúla. Caithfidh an pacáiste comhtháite a bheith ann. Faraor, is í an taithí a bhíonn againn faoi láthair le roinnt mhaith gearán ná nuair a chuireann baill den phobal glaoch leis an tseirbhís trí Ghaeilge a fháil - seirbhísí teileafóin, mar shampla - tá an seirbhís sin thar a bheith tearc mar níl an dualgas leagtha síos in Acht 2003 a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil. I roinnt de na scéimeanna teanga, bhí an dualgas sin sonraithe ach is mionlach a bhí sna comhlachtaí poiblí a raibh orthu seirbhís chomh bunúsach le seirbhís teileafóin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Cén chaoi gur féidir teanga a chothú mura bhfuil sí á saothrú mar theanga bheo? An dúshlán atá romhainn anois leis an bplean náisiúnta ná go n-aithneofar na croísheirbhísí mar thús, go n-aithneofar cén líon foirne a theastaíonn leis na seirbhísí sin a chur ar fáil sna comhlachtaí poiblí ar leith, go n-aithneofar cén cumas teanga a chaitheas a bheith ag an bhfoireann lena chinntiú go bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag pobal na Gaeilge - rud a leag mé béim air i m'aitheasc - agus go mbeidh muinín ag an bpobal sin as na seirbhísí sin.

Tá an Stát, sa straitéis atá aige ó thaobh seirbhísí poiblí faoi láthair, ag leagan an-bhéim ar bhunluachanna do sheirbhísí poiblí an Stáit trí chéile, rudaí ar nós iontaobhas, oscailteacht, freagracht agus a bheith in ann brath ar an tseirbhís ar mhaithe le muinín an phobail a chothú i seirbhísí poiblí atá an Stát ag cur ar fáil. Caithfear na bunluachanna a thabhairt isteach i lár an phlean náisiúnta agus seirbhísí nua agus feabhsaithe á bpleanáil trí mheán na Gaeilge. Tá muid ag caint ar athrú meoin atá an-tábhachtach. Tá ról criticiúil ag an oifig monatóireacht a dhéanamh air sin. Is é sin fáth gur leag mé béim ar chomhoibriú. Leis an obair atá á déanamh ar an talamh tríd an phróiseas pleanála teanga, d’fhéadfadh an phleanáil teanga agus feidhmiú na gceart teanga oibriú as lámh a chéile le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí sa Ghaeltacht. Caithfidh an státchóras a fheiceáil agus a thuiscint go bhfuil gníomh suntasach le tógáil anseo le muinín a chothú i gcaighdeán agus líon na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Thagraigh mé freisin do chúrsaí oideachais. Ní féidir le haon teanga, nó cearta teanga, feidhmiú go forásach mura fuil bunearnálacha ar nós cúrsaí oideachais, cúrsaí pleanála agus cúrsaí craoltóireachta ag freastal ar na riachtanais chomhaimseartha atá ag an bpobal. Tá mé agus Muireann an-airdeallach faoin obair sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bhí príomhfheidhmeannach Bhord Oiliúna agus Oideachais na Gaillimhe agus Ros Comáin os comhair an choiste seo thart faoi mhí ó shín maidir leis an bpróiseas earcaíochta ar an mbord sin agus dualgais na stiúrthóirí a bheidh ag déileáil le scoileanna ar na hOileáin Árainn agus sa Ghaeltacht. Ó thaobh thuairim an phríomhfheidhmeannaigh, ní raibh aon ghá go mbeidh duine atá líofa sa Ghaeilge sa phost sin. Scríobh an comhchoiste seo chuig Oifig an Choimisinéara Teanga ina leith seo. Tá sé ag déileáil leis an ábhar sin. An bhfuil aon tuairim ag Séamas Ó Concheanainn faoi seo? An féidir leis aon rud a rá ina leith?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá muid ar an eolas faoin ábhar agus tá muid á fhiosrú leis an gcomhlacht poiblí atá i gceist sa chás áirithe sin. Is gealltanas scéime teanga a bhí i gceist. Caithfear breathnú ar an bpróiseas a bhí i gceist do cheapadh an stiúrthóra i gcomhthéacs an ghealltanais a bhí sa scéim teanga. Beidh cinneadh le déanamh. Tá mé tar éis a bheith i dteagmháil leis an gcomhlacht poiblí sin. Beidh cinneadh le déanamh bunaithe ar an bhfaisnéis a thiocfaidh ar ais maidir le céard a tharla sa chás sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is é ceann de na fadhbanna nuair bhí duine éigin sa phost a bhí líofa agus ansin, nuair atáthar ag earcú an chéad duine eile, níl an duine sin líofa, gur chéim siar é sin seachas céim chun tosaigh.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Ag caint ar na scéimeanna teanga, thagraigh mé go sonrach san aitheasc do na laigí a bhaineann leis na scéimeanna teanga. Is é an dúshlán soiléir atá romhainn don chaighdeánú teanga ná an easpa leanúnachais sna scéimeanna teanga. Bhí comhlachtaí poiblí in ann cúlú ó ghealltanais a bhí acu ó scéim teanga amháin go dtí scéim teanga eile. Is é seo an córas a bheidh ag imeacht anois. Caithfidh na caighdeáin teanga dul i bhfeidhm leis an doiléireacht agus débhríocht atá ag baint leis na gealltanais. Tá mise go láidir den tuairim, agus thagraigh an Seanadóir Kyne do na húdaráis áitiúla ansin a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina gceantair, i gcás comhlachtaí poiblí atá ag freastal ar phobal Gaeltachta agus ar líonraí teanga go náisiúnta, is féidir na róil shinsearacha atá riachtanach a aithint trí phróiseas na gcaighdeán teanga le dul i ngleic leis an mbearna mhór a bhí sna scéimeanna teanga. Is riachtanas teanga éigeantach atá i gceist anseo, is é sin, go mbeidh sé riachtanach seachas roghnach. Is é sin an t-aon bhealach ar féidir dul i ngleic leis an doiléireacht a bhaineann le córas na scéimeanna teanga. Tá sé sin le feiceáil againn i raon leathan na ngéarán a bhaineann le córas na scéimeanna teanga.

Rud eile ar leag mé béim air ná go bhfuil muid ag maireachtáil in am na teicneolaíochta ina bhfuil go leor de na seirbhísí atá á chur ar fáil ag bogadh ar líne. Sa soláthar a bhí sa reachtaíocht ann go dtí seo, áfach, ach an oiread leis an gcás ar luaigh an Seanadóir Kyne ó thaobh cheapadh bhall foirne sinsearaí, ní raibh aon dualgas ann maidir le seirbhísí bunúsacha ar líne, ach amháin i gcásanna inar chuir comhlacht poiblí an dualgas sin isteach sa scéim teanga. Tá muid ag feiceáil bearnaí ollmhóra, fiú leis an ardán a luaigh mé níos luaithe, MyGovID. Cé go bhfuil mórchuspóirí ag an Stát bunsheirbhísí ar nós an ceadúnas tiomána, an pas agus an cárta seirbhíse sóisialta a chur ar fáil ar líne, is iad sin na seirbhísí a dhéanann bainistiú ar an gcaidreamh idir an saoránach agus an Stát chuile lá, mura fuil na seirbhísí sin ar fáil ar ardchaighdeán ar líne agus i gcumarsáid labhartha ar an teileafón leis an tseirbhís a bhaint amach, tá sé an-deacair a shamhlú cén chaoi a dtiocfaidh feabhas as cuimse ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge, gan trácht ar na cearta teanga earnálacha ar thagraigh mé dóibh ar nós cúrsaí oideachais, cúrsaí pleanála agus cúrsaí craoltóireachta, mar shampla.

Is iad na caighdeáin teanga an uirlis a chaithfidh dul i ngleic leis na bearnaí sa soláthar reatha. Tuigim go mbeidh dréachtchaighdeáin á fhoilsiú ag an Aire go luath. D’fhreastail mé ar Chomhdháil Pleanála Teanga i bPáirc an Chrócaigh inné. Thuig mé ón Roinn go bhfuil sí coinsiasach d'aicme na gcomhlachtaí poiblí atá ag cur croísheirbhísí ar fáil don phobal agus go rachfar i ngleic leis na bearnaí sin sna dréachtchaighdeáin tosaigh. Ní féidir réamhbhreithiúnas a thabhairt air. Is é an ról atá an oifig s'againn ná monatóireacht a dhéanamh ar an dlí teanga nuair atá sé tugtha i bhfeidhm. Caithfidh mé a rá, ón fheasacht atá againn ar na géaráin atá ag teacht aníos go seasta, cuireann muid í sin in iúl don Roinn trí na tuarascálacha bliantúla agus trí chumarsáid a bhíonn againn faoi na dúshláin atá muid ag feiceáil amuigh ansin.

Tá réiteach ar na cásanna atá muid tar éis plé. Tá muid ríshoiléir faoi céard iad na gnéithe don phacáiste agus cothromóid a réiteoidh iad. Is gá dualgais shoiléire a bheith ann. Má tá róil shinsearacha ag freastal ar an nGaeltacht, is féidir na róil sin a aithint trí phróiseas na gcaighdeán teanga. Is gné lárnach don chaighdeán teanga é an cumas teanga a chaithfidh a bheith ag sealbhóir an phoist.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Choimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, agus le Órla de Búrca, Páidí Ó Lionáird agus Eibhlín de Paor as a bheith i láthair inniu. Is ionann an óráid seo agus tráchtas, tá sí chomh cuimsitheach. Tá na bearnaí agus na laigí leagtha amach chomh maith leis na deiseanna agus an fhís atá ag teastáil. Gabhaim buíochas le hOifig an Choimisinéara Teanga as a chuid oibre. Is ualach ollmhór oibre atá ar an oifig. B’fhéidir go mbeidh deis agam dul tríd an obair sin anois.

Ag dul ar ais go dtí an pointe a rinne an Seanadóir Kyne ó thaobh ceapachán i nGaillimh, tharla sé faoi dhó. Tharla sé maidir leis an mbainisteoir, nó príomhfheidhmeannach, ach is fearr liom an focal “bainisteoir” mar tá daoine chun seirbhís a fháil. Ní gnó atá i gceist ach seirbhís. Maith dom é sin. Tá deacracht agam an focal “príomhfheidhmeannach” a úsáid. Tharla an rud ceannann céanna sa chás sin. Ní raibh aon ghá le Gaeilge don phost, cé gur cathair dhátheangach í Gaillimh ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír.

I ndáiríre, chuir sé an spotsolas ar cé chomh lag is a bhí na scéimeanna teanga. Bhí a fhios againn é sin ó na tuarascálacha ó oifig an choimisinéara gach bliain. Gabhaim buíochas as sin. Ag dul tríd an tráchtas seo, táimid ag fanacht leis an bplean. Tá an plean os comhair an Aire faoi láthair. Beidh sé á fhoilsiú go luath. Níl a fhios agam cad is brí le "go luath" cé go bhfuil neart ceisteanna curtha agam. Tá sé os comhair an Aire le cúpla mí anois, nach bhfuil? Tuigim go bhfuil ról ag an gcoimisinéir ina leith sin.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Is é an ról atá agam ná tuairisciú a dhéanamh ar obair an choiste chomhairligh maidir leis an tréimhse ó Mheitheamh 2022 go dtí deireadh 2023. Tá an tuairisc sin faighte agam. Tá mé ag déanamh mo bhreithiúnais air. Beidh tuarascáil le leagan faoi bhráid an Aire agam roimh dheireadh na bliana seo. Is tréimhse de sé mhí atá i gceist. Fuair mé an tuairisc ag deireadh mhí an Mheithimh. Dar ndóigh, ar na cúiseanna atá luaite againn, is cuid lárnach d'obair an choiste chomhairligh an plean náisiúnta chun dóthain foirne a bheith le fáil i gcomhthéacs an 20% le Gaeilge agus na seirbhísí a leagan amach go soiléir.

Chuir mé an-bhéim ar cheannaireacht sna comhlachtaí poiblí. Luaigh mé cásanna praiticiúla a bhfuil taithí orthu againn uilig ónar róil reatha agus ó obair a bhíodh ar siúl againn. Táim ag tagairt don bhéim a leagtar ar chosaint sonraí, sláinte agus sábháilteacht agus a leithéid. Caithfear ceannaireacht a thabhairt maidir le riachtanais na gceart teanga istigh sna comhlachtaí poiblí. Go praiticiúil, tá seacht nGaeltacht againn i gcontaetha éagsúla, na Gaeltachtaí uilig sna contaetha ar fud na tíre. Tá údaráis áitiúla agus boird oideachais ag freastal orthu sin. Ó thaobh an phobail teanga go háitiúil, ní cóir go ndéanfaimid dearmad ar na líonraí teanga agus na bailte seirbhíse Gaeltachta. Ní dóigh liom gur obair róchasta atá ann róil shinsearacha atá ag freastal ar na pobail theanga sin a aithint tríd an bplean teanga agus caighdeáin teanga a leagan síos ina bhfuil inniúlacht sa nGaeilge ina riachtanas seachas ina rogha. Is rud é sin a bhfuil mé ag súil leis ar mhaithe le dul i ngleic mar tagann ceannaireacht ón mbarr anuas agus tagann inspioráid ón mbun aníos in aon eagraíocht, mar atá a fhios againn, ach, mura leagtar síos dea-chleachtas, tá sé an-deacair an psyche nó meon sin a athrú taobh istigh den eagraíocht. Ní dóigh liom go bhfuil aon éalú uaidh. Nuair atá ról ar leith ag comhlachtaí poiblí freastal ar a bpobail theanga, caithfear an eiseamláir sin a thabhairt sna róil is sinsearaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Beidh an plean a bhfuil muid ag fanacht air an-tábhachtach.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Is é an plean an mapa bóthair. Cén chaoi a n-earcófar an 20%? Céard iad na seirbhísí is tábhachtaí dul i ngleic leo mar thús? Táimid tar éis cuid acu a thuairisciú anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá práinn leis an tuarascáil sin.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá an plean lárnach agus muid ag dul i ngleic leis an mbearna sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is é sin uimhir a haon. Maidir le huimhir a dó, tá oifig an choimisinéara i mbun oibre ar an obair atá déanta go dtí seo ag an gcoiste sin. Beidh sé sin á fhoilsiú ag an oifig roimh dheireadh na bliana. Beidh sé sin suimiúil. Ansin, tá tuarascálacha eile faoi chaibidil aici freisin. Tá ceann maidir le cúrsaí fógraíochta idir lámha, nach bhfuil?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Beidh sé sin á foilsiú le linn Oireachtas na Samhna, an ea?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Beidh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Beidh sé sin suimiúil. De réir mar a thuigim, tá dul chun cinn iontach déanta ó thaobh na fógraíochta. Tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí. Beimid ag tnúth leis an tuarascáil sin agus le feiceáil an bhfuil an ceart againn go bhfuil céim chun cinn déanta.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá sé thar a bheith dearfach. Mar a luaigh an Teachta, tá sé le cloisteáil ar na meáin éagsúla, mar shampla, ar an teilifís nó ar an raidió agus muid ag tiomáint sa gcarr. Tugaim faoi deara go bhfuil fógraí ar ardchaighdeán le cloisteáil i nGaeilge ar na bristeacha ar go leor de na cainéil spóirt. Rinne páirtithe leasmhara, baill an chomhchoiste san áireamh, moladh le cinntiú go raibh an soláthar sin sa reachtaíocht teanga mar, mura mbaineann an teanga leis an saol comhaimseartha, na meáin shóisialta agus mar sin de, tá sé an-deacair í a chothú mar theanga laethúil chomhaimseartha. Beidh an tuarascáil sin á foilsiú againn. Roghnaigh muid Oireachtas na Samhna mar gheall ar an tarraingt go mbeidh pobal na Gaeilge air agus gur osradharc ar na dea-scéalta a bheidh ann.

Ag caint go ginearálta, tá dúshláin romhainn freisin. Thagair mé ansin do na bearnaí sa soláthar maidir le hardchruinneas teanga agus mé ag caint leis an Seanadóir faoi chúrsaí comharthaíochta agus cumarsáide. Tá dúshláin roimh na comhlachtaí poiblí agus caithfear tacú leo le cinntiú go bhfuil fáil acu ar sheirbhísí comhairleoireachta teanga chomh héasca agus is féidir. Tá ceacht le foghlaim ón soláthar d'aistritheoirí agus de shaineolaithe teanga a rinne an tAontas Eorpach le deich mbliana anuas maidir leis an gcaoi inar féidir tacú leis an earnáil phoiblí na deacrachtaí seo a shárú. Táimid ag plé le míchruinneas ag teacht amach ó sheirbhísí bunúsacha. Tá earnáil na tráchtála agus na saoraistritheoirí ag déanamh obair den scoth. Tá an séala creidiúnaithe atá curtha i dtoll a chéile ag an bhforas le moladh ach teastaíonn uainn breathnú ar na cineálacha seirbhísí atá ar fáil taobh istigh d'achar ama réasúnta atá in ann dul i ngleic leis na dúshláin atá ag an 500 nó níos mó comhlacht poiblí chun nach mbeadh aon cheist ann ach go mbeadh ardchruinneas teanga i gcroílár an phróiseas pleanála nuair atá comharthaí á gcur amach, cumarsáid bhunúsach ar siúl nó fógraí á gcraoladh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is rud bunúsach é sin i ndáiríre.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá ceisteanna ann faoi éileamh, soláthar agus tuiscint na gcomhlachtaí poiblí faoina ndualgas é sin a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

An mbeidh moltaí á ndéanamh ag oifig an choimisinéara ó thaobh an céatadán a athrú? Tá céatadán i gceist ó thaobh caiteachais.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Maidir leis an bhfógraíocht, is 5% den chaiteachas é an céatadán. Tá catagóiriú déanta againn ar chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí agus ar a leibhéil ghéilliúlachta. Beimid ag roinnt an eolais sin nuair a fhoilseoimid an tuarascáil. Is foráil óg atá inti. Tá ag éirí go maith léi. Táim in ann an méid sin a rá ach is cinnte go bhfuil dúshlán romhainn ó thaobh cruinnis teanga agus mar sin de i gcásanna áirithe. Beimid á chur sin uilig san áireamh sa tuarascáil a bheimid ag seoladh aimsir Oireachtas na Samhna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Sílim gur ceann de na bealaí is dearfaí chun an Ghaeilge a normalú ná í a fheiceáil agus a chloisteáil mar sin. Tá neart deiseanna ann chun é sin a mhéadú. Táim ag breathnú ar an gclog. Tá obair eile ar siúl ag an oifig ó thaobh éileamh ar iarbhunscoileanna. An féidir tuilleadh a rá faoi sin?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Táimid ag plé an ábhair sin leis an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá dualgas ar leith ar an Roinn Oideachais faoin Acht Oideachais, 1998, maidir le cur chun cinn na Gaeilge go náisiúnta, rogha na dtuismitheoirí agus freastal ar riachtanais chultúir agus teanga an mhic léinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá cearta teanga láidre ansin.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá. Níl aon dabht faoi. Táimid tar éis a bheith i dteagmháil leis an Roinn Oideachais le roinnt ama anois. Tá faisnéis faighte againn maidir leis an staid reatha. Ag an bpointe seo, tá an cuma air go bhfuil míréir nó easpa coibhneasa suntasach idir líon na ndaltaí atá ag freastal ar leibhéal na bunscolaíochta agus an líon atá ag freastal ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Níl aon leanúnachas i gceist.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá bearna ann a chaithfear a fhiosrú. Táimid ag déanamh é sin. Tháinig an Roinn ar ais againn le mioneolas ar cheisteanna a chuir muid uirthi. Tá m'oifig á scagadh sin faoi láthair. Beidh cinneadh á dhéanamh go an-luath faoin gcéad chéim eile den phróiseas sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá sé sin an-tábhachtach, mar is eol dúinn. Bhí neart dreamanna os ár gcomhair agus agóidí taobh amuigh den Dáil ó thaobh easpa cearta teanga, an t-éileamh atá ann, agus tá sé sin soiléir. An mbeidh tuarascáil á foilsiú ag an oifig?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá meicníochtaí éagsúla ag an gCoimisinéir Teanga agus ag an oifig aon chás ar leith a fhiosrú, agus beidh sé sin ag brath ar an gcinneadh a thógfaidh muid taobh istigh d’achar an-ghearr maidir leis an gcaoi a ndéileálfaimid leis an gceist seo agus í ag dul ar aghaidh. Leag mé béim san aitheasc. Tá aon phobal teanga atá bisiúil in aon chomhthéacs ag brath go mór ar sholáthar oideachais sa sprioctheanga. Tá m’oifig airdeallach air seo agus táimid ag cur acmhainní ar leith ina threo lena dhéanamh cinnte de go ndéanfar an cíoradh cuí ar an gceist sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is maith an rud é sin a chloisteáil. Níl aon amhras ar an gcoimisinéir ach go bhfuil cearta teanga ann faoin Acht Oideachais ó thaobh na Gaeilge de.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá alt a 6 den Acht Oideachais rí-shoiléir. Tá roinnt forálacha ansin a dhéanann cur síos ar aon duine atá ag plé leis an Acht Oideachais go bhfuil siad airdeallach faoi leathadh an dátheangachais. Tá a fhios againn go bhfuil dhá theanga oifigiúil againn sa tír seo, an Ghaeilge agus an Béarla. Tá foráil eile in alt a 6 freisin maidir leis an gceart agus an riachtanas atá ann go ndéanfaí freastal ar phobal scoile ó thaobh cúrsaí cultúrtha, teanga agus cearta tuismitheoirí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Ag dul ar ais go dtí an tuarascáil é féin, tá méadú ar líon na ngearán arís i mbliana. Tugaim suntas do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, faraor, agus do Chomhairle Contae na Gaillimhe. Ní hamháin nár chuir siad cáipéisí ar fáil i nGaeilge mar ba chóir dóibh ach, chomh maith leis sin, níor tháinig siad ar ais. Níl mé ag iarraidh a bheith ag gearán faoi mo chomhairle cathrach féin. Tá sé suntasach, ar leathanach 43, go deirtear, “Ní miste a lua cé gur eisíodh dréacht-tuairisc i ngach cás, nár bhfuarthas aiseolas ina leith ach i gcás seacht n-údarás áitiúil.” “Not received” i gcás Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Contae na Gaillimhe. Níor tháinig na comhlachtaí seo ar ais.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Sa chás sin, chuir muid suirbhé amach agus thugamar deis do chomhlachtaí poiblí é sin a fhreagairt. Bhí cúpla céim ag baint leis agus ba é an dara céim ná gur leanamar suas air sin le teagmháil leis an gcomhlacht poiblí leis an bhfaisnéis a bhí ag teastáil a bhailiú. Ansin rinneamar iniúchadh freisin ar na foilseacháin ar na suímh gréasáin mar a bhí i gceist. Ach an oiread leis an bplé a bhí ar siúl ar ball againn, tá athrú meoin ag teastáil go bhfuil an stádas céanna ag cearta teanga is atá ag cúraimí eile atá ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh rialachais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá sé deacair é sin a chloisteáil ó thaobh dhá údarás atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá ceann amháin ag freastal ar an nGaeltacht agus is cathair dhátheangach í cathair na Gaillimhe. Tá athrú meoin ag teastáil ach tá easpa tuisceana freisin a théann an-domhain go gceapann siad gur rud roghnach é seo nuair nach bhfuil sé. Tá pleananna chontae agus chathair na Gaillimhe ann ina bhfuil ní hamháin gealltanais ach cuspóirí ó thaobh na Gaeilge de.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá. Tá teagmháil leanúnach againn leis an gcomhlacht poiblí sin maidir le faireachán a dhéanamh ar aon bhearnaí atá san eolas. I gcásanna eile, mar shampla, tá oifigeach Gaeilge aige a bhíonn an-chabhrach leis an oifig seo againne. Ach i gcásanna, tagann dúshláin chun cinn le linn dúinn a bheith ag fiosrú cásanna ar leith. Is é an rud atá tábhachtach go dtiocfadh athrú cultúir chun cinn i gcomhlachtaí poiblí agus go dtuigfí go bhfuil sé riachtanach freagairt ar na ceisteanna atá ann ó thaobh cearta teanga de amhlaidh dá mba aon cheist rialachais eile atá ann agus go bhfuil an ghéilliúlacht agus an fhreagracht i leith na gceart teanga chomh folláin céanna is atá sé ar cheisteanna rialachais eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith ag an gcoimisinéir. Mar fhocal scoir agus mar cheist dheireanach, tá folúntas in Oifig an Choimisinéara faoi láthair agus tá sé ráite ag an gcoimisinéir go bhfuil difríocht idir a oifig agus oifigí ombudsman eile. Is féidir leo foireann bhreise a earcú ach ní féidir le hOifig an Choimisinéara Teanga é sin a dhéanamh.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Ó thaobh sholáthar na hoifige trí chéile, tá sé an-fholláin mar, mar a luaigh mé, tháinig méadú 45% ar bhuiséad na hoifige le blianta beaga anuas. Tá folúntais againne. Tá cuid de na hoifigí ombudsman eile a bhfuil cead earcaíochta dá gcuid féin acu ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Táimid réamhghníomhach anseo agus beidh plean forbartha eagraíochtúil ar leith á fhoilsiú againne don oifig an bhliain seo chugainn. Is é an pointe atá á dhéanamh ansin agam ná sa chás go bhfuil an oifig ag fanacht ar thréimhsí ar leith le folúntais a líonadh, go raibh agus gur chóir é sin a chur san áireamh.

Tá sé tábhachtach a rá freisin go mbíonn an Roinn ag brath go minic ar cheapacháin ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí le folúntas a líonadh maidir le státseirbhísigh atá ar iasacht atá i bhfoireann na hoifige. Mar gheall ar an gclár oibre suntasach atá idir lámha faoi láthair agus atá ag teacht, táimid coinsiasach den tábhacht atá ann go líonfaí na folúntais taobh istigh d’achar réasúnta. Táimid ag déanamh an-dul chun cinn ansin mar líonamar dhá phost le gairid. Is teagmháil leanúnach atá ann leis an oifig acmhainní daonna sa Roinn agus le hardbhainistíocht na Roinne agus táim lándóchasach go ndéanfar dul chun cinn ar na folúntais eile go luath.

Tuigim ón Roinn freisin gur chuireamar iarratas isteach, chomh maith leis an gceithre fholúntas atá ann, ar bheirt bhall foirne eile sa bhuiséad seo agus tuigim ón Roinn go mbeidh soláthar chuige sin ann, agus tá sé sin an-tábhachtach. Tá tacaíocht na Roinne soiléir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith ag an gCoimisinéir Teanga.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Maidir le baill fhoirne, an féidir leis an gcoimisinéir a thuar cé mhéad ball foirne atá uaidh nó a bheidh uaidh de thairbhe an phlean mhóir atá ag teacht os ár comhair? Is cuimhin liom an cheist seo a chur roimhe seo. An bheirt, triúr nó cúigear é nó an bhfuil tuairim éigin ag an gcoimisinéir faoi sin?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Is ceist shuntasach atá ag an gCathaoirleach. Má bhreathnaímid ar leagan amach na hoifige nó leagan amach aon oifig ombudsman, tá rannóg ar leith ann. Mar shampla, tá rannóg a fhiosraíonn gearáin, rannóg a bhíonn ag déileáil leis an gcumarsáid le comhlachtaí poiblí, rannóg na n-imscrúduithe agus rannóg fhaireacháin, is é sin monatóireacht - is iad sin ceithre cinn - agus, ar ndóigh, tá rannóg maidir le cúrsaí riaracháin na hoifige. Tá cúig cinn ann mar sin. Má bhreathnaítear ar an líon foirne atá againne trasna na rannóg sin faoi láthair, tá líon beag foirne i rannóga ar leith. Mar sin, táimid airdeallach faoin riosca a bhaineann le líon beag foirne a bheidh ag an oifig le feidhmiú i réimsí ar leith. Is é sin an fáth go dteastaíonn an plean seo le dul i ngleic leis an riosca seo go fadtéarmach. Táimid ag iarraidh go mbeidh an acmhainneacht ag an oifig tabhairt faoi chásanna de réir mar a thagann siad chun cinn, agus tá cuid de na cásanna atá á bplé againn maidir le cearta teanga ag leibhéal earnála agus cearta a bhaineann le seirbhísí poiblí trasna na 500 comhlacht poiblí. Beidh freagra soiléir againne.

Táimid ag breathnú ar thagarmharcáil le hoifigí ombudsman eile a d'fhás le roinnt blianta, ach táimid rí-shoiléir faoin struchtúr atá againne. Tá an struchtúr oibríochtúil ann a rinneamar leasú air le roinnt beaga blianta anuas agus, mar a luaigh mé níos luaithe, chruthaíomar dhá phost bainistíochta sinsearacha le post mar bhainisteoir cumarsáide atá ag Páidí Ó Lionaird agus post mar bhainisteoir oibríochtaí atá ag Maggie Ní Chadhain atá ag feidhmiú ansin i bpost ag leibhéal na bainistíochta. Is poist nua iad sin atá tar éis cabhrú go mór leis an oifig an t-ualach oibre ollmhór atá uirthi a láimhseáil, ach déarfainn go bhfuilimid i lár srutha faoi láthair ó thaobh an struchtúir agus an lín foirne, go háirithe, a theastaíonn ón oifig le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na cearta teanga atá leagtha amach in Acht 2003 agus in Acht 2021.

Táimid ag iarraidh a bheith réamhghníomhach agus an plean sin a chur le chéile. Beimid á leagan faoi bhráid na Roinne nuair a bheidh sé curtha i dtoll a chéile againn. Táimid ag leagan béime ar an tréimhse 2025 go 2028. Tabharfaidh mé sampla praiticiúil. Chonaic muid ó theacht i bhfeidhm na forála in alt 10A an t-ualach oibre ollmhór a bhaineann leis sin. Tá breis agus 500 comhlacht poiblí forordaithe. Shocraigh muid tairseach a fhorbairt ionas go mbeidís in ann a gcuid faisnéise a chur isteach ar líne. Mar gheall go bhfuil na meáin éagsúla seo i gceist - teilifís, raidió, na meáin shóisialta, físeáin ar líne agus mar sin de - agus meadarachtaí éagsúla i gceist leo uilig, tá obair fíorthrom i gceist.

Níl ansin ach foráil amháin, áfach. Tá a fhios againn go bhfuil foráil nua ag teacht againn ar fhoirmeacha oifigiúla ar an gceart atá ann go n-úsáidfear d'ainm, do shloinne, do sheoladh agus do theideal go cruinn sna córais ríomhaireachta atá comhlachtaí poiblí. Cothóidh chuile cheann de na forálacha sin ualach oibre ollmhór ó thaobh monatóireachta agus ó thaobh feasachta, agus thagair muid den mhéadú atá tagtha ar chúrsaí feasachta san oifig le blianta beaga. Tá cúig cinn de rannóga againn san oifig. Tá allúntas de 14 duine faoi láthair. Tá siad sin roinnte trasna. Fearann na ngearán is mó atá foireann aige mar tá ualach ollmhór i gceist sa bhfearann sin. Tá sé riachtanach go láidreoidh muid na rannóga sin uilig le déanamh cinnte go bhfuil muid in ann feidhmiú mar oifig ombudsman náisiúnta le cearta teanga atá dlite do phobal na Gaeilge a bhaint amach.

Sa bpictiúr mór, mar a luaigh muid ar ball, tá ról lárnach ag feidhmiú na gcearta teanga ó ghuthú na Gaeilge mar theanga bheo, teanga bhisiúil, teanga chomhaimseartha. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag leagan béime ar uillinneacha an Stáit a bheith ag oibriú go maith as lámha a chéile ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge. Tá sampla praiticiúla curtha i láthair againn, mar shampla an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Ní fheicim aon chúis nach bhféadfaí seirbhísí a láithriú i mbailte seirbhísí Gaeltachta i gcuid de na limistéir pleanála teanga sna líonaí. Go praiticiúil, i láthair na huaire feicimid go bhfuil seirbhísí den scoth ar fáil i mBéarla ach i gcásanna bíonn ar an mball ón bpobal taisteal le caighdeán na seirbhíse céanna a fháil. Mar sin, tá an ghné sin ann don tseirbhís ar líne agus an tseirbhís a theastaíonn nó a theastóidh i gcónaí ar an láthair fisiciúil. Is dóigh liom gur féidir teacht aníos le bealaí ar nós na mol champais nó na hionad ilfhreastal go bhfuil foirne ó na comhlachtaí poiblí lonnaithe iontu agus oifigigh pleanála teanga páirteach in imeachtaí ansin.

Luaigh mé scála na seirbhíse poiblí agus cé chomh mór is ata an tseirbhís poiblí ó thaobh líon fostaithe agus daoine atá á n-earcú. Beidh obair ollmhór - stairiúil, déarfainn - le déanamh anseo le hoiliúint a chur ar dóthain foirne. An rud ná cén chaoi a dtabharfar faoin oiliúint sin, agus cén sórt bonneagar ollscolaíochta sa Ghaeltacht agus go náisiúnta a theastóidh chuige. Tá scéal an-dearfach á thabhairt ag an Roinn. Bhí tráchtaireacht le gairid ar shuirbhé a rinne sé gur léirigh breis agus 30,000 duine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana féin spéis cur lena gcumas Gaeilge. Tá sé sin an-dearfach. Táimid ag caint ar scála ollmhór anseo le freastal ar an 20% áfach. Beidh forbairt mhór ag teastáil sna hinstitiúidí léann tríd an bpróiseas pleanála teanga lena chinntiú go bhfuil an soláthar foirne sin ann. Beidh an tús an-tábhachtach don phlean náisiúnta. Tá na seirbhísí atáimid tar éis cur síos a dhéanamh orthu bearnach faoi láthair. Thug mé sampla praiticiúil ansin ó thaobh seirbhísí áirithe ar líne ar ardán ar nós MyGovID ach tá na seirbhísí aghaidh le haghaidh nó ar an teileafón a theastaíonn fós. Is féidir iad sin a phacáistiú i mbealach a dhéanfaidh freastal i bhfad níos fearr ar an bpobal teanga.

Luaigh mé go sonrach go dteastaíonn athshamhlú, athchumrú agus b'fhéidir athbhrandáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Mura bhfuil feiceálacht na seirbhíse ar fáil, tuigeann muid go mbíonn dioscúrsa ar siúl nach bhfuil an t-éileamh ann. Dár ndóigh mura bhfuil muinín agus caighdeán ag baint leis an seirbhís, céard a tharlaíonn? Tarlaíonn creimeadh ar mhuinín agus ar an éileamh ar an tseirbhís. Má thosaimíd leis na croísheirbhísí, na hearnálacha criticiúil, agus freastal ar an bpobal trí sheirbhíse ar líne agus ar an talamh, feicfimid dul chun cinn suntasach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim sin. Más féidir leis na seirbhísí Gaeilge a bheith níos tapúla ná na cinn Bhéarla, casfar orthu go tapa. Is cuimhin liom sna 1980idí daoine ag cur ceist orm go minic glaoch a chur ar na cigirí cánach as Gaeilge toisc go raibh an tseirbhís i bhfad Éireann níos tapúla mar bhí leaid nó dhó ann a raibh Gaeilge acu agus bhí siad sásta an fón a fhreagairt an-tapa i gcomparáid leis na seirbhísí Béarla, áit ina raibh scuaine. Tá samplaí ann a léiríonn nuair atá an cur chuige ann, gur féidir leis na seirbhísí Gaeilge a bheith ar chomhchéim leis na cinn Béarla. Uaireanta, is díograiseoirí nó daoine atá gafa ann atá sásta an obair atá rompu a dhéanamh.

Dár ndóigh, táimid ar fad ag tnúth leis an bplean uaillmhianach náisiúnta sin. Táimid ag fanacht tamall agus fanfaimid cúpla seachtaine eile. Go bhfios dom, an uair deireanach a chur muid an cheist, dúradh linn gur i mí Dheireadh Fómhair a mbeadh siad foilsithe. Bhí siad ag an Aire i mí an Mheithimh; mar sin, glacfaimid leis go bhfuil siad ar an mbealach, cosúil lena lán rudaí eile. Táimid ag tnúth leis. Is muidne, na polaiteoirí, a chur an t-ualach ar Oifig an Choimisinéara Teanga tríd an reachtaíocht a rith. Mar sin, bheimis lochtach munar thug muid an tacaíocht dó breis foirne a bheith aige chun cinnte a dhéanamh de go dtarlóidh an obair a chur muid roimhe agus roimh an státchóras i gcoitinne.

Tá rud amháin atá tar éis teacht chun cinn go minic sa chomhchoiste. Is é sin an gá atá le hathrú meoin nó déileáil leis an tsícé rialachais atá sa státchóras go nglactar leis gur féidir le daoine casadh ar an mBéarla. An bhfeiceann an Coimisinéir Teanga go mbeidh athrú ag teacht air sin go tapa? Luadh an cás faoi ETB na Gaillimhe. Ní naimhdeachas a bhí ann, ach nár tuigeadh cad a bhí á lorg againn. Níor thuig siad agus tá sé sin i gceist ina lán den chur chuige nó easpa cur chuige i leith na Gaeilge. Ní thuigtear gur cearta atá i gceist agus tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag déileáil leis seo le tamall de blianta anois. An bhfuil athrú ag teacht ó thaobh an cur chuige ag an leibhéal sin?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá muid i mbun iniúchadh ar an bhforáil nua ó Acht 2021 a leagann dualgas ar chomhlacht poiblí duine de bhall foirne na bainistíochta a ainmniú le bheith freagrach d’fheidhmiú ceart na teanga trasna an chomhlachta phoiblí. Is é sin a chéad rud. An dara rud faoin bhforáil céanna sin, an alt 4B nua, ná go bhfuil dualgas ar an gcomhlacht poiblí tuairisciú a dhéanamh ina dtuarascáil bhliantúil ar an gcur chuige a bhí ag an gcomhlacht poiblí freagairt de na cúraimí reachtúla cearta teanga a bhí air don bhliain áirithe sin.

Táimid i dtosach na forála sin. Tá go leor ama agus acmhainní infheistithe ag an oifig ó thaobh feasachta ar an bhforáil sin. Tugann sé sin feidhmeanna cearta teanga i lár an phróisis rialachais corparáidigh sa chomhlacht poiblí. Níl aon rud ach gur féidir leis sin cabhrú leis an dúshlán atá ann i láthair na huaire.

Thagair mé go sonrach níos luaithe go bhfuil foráil san Acht leasaithe gur féidir leis an gcoiste comhairleach moltaí a dhéanamh d'Aire na Gaeltachta maidir le líon agus grád na foirne a theastaíonn le seirbhísí poiblí a fheabhsú. Táim láidir den tuairim go bhfeicfimid an fhoráil sin á chur i bhfeidhm tríd an plean teanga agus trí na caighdeáin teanga. Luamar cásanna anseo maidir le poist shinsearacha i gcomhlachtaí poiblí nach bhfuil an riachtanas teanga éigeantach ina leith.

Beidh an tuarascáil sin á foilsiú mar chuid de thuarascáil bhliantúil na bliana seo chugainn maidir leis an gcaoi ina bhfuil an fhoráil nua sin maidir le cúrsaí rialachais ag feidhmiú. Mar chuid den iniúchadh atáimid a dhéanamh, táimid tar éis teagmháil a dhéanamh leis na comhlachtaí poiblí uilig, breis agus 500 acu, agus ag iarraidh orthu foirm a líonadh ar líne ag deimhniú cé atá ainmnithe acu agus an bhfuil clúdach sa tuarascáil bhliantúil don riachtanas atá ann go ndéanfaí tuairisciú ar chur chuige an chomhlachta phoiblí maidir le cearta teanga a chur i bhfeidhm do 2023. Ar ndóigh, foilsíonn comhlachtaí poiblí tuarascálacha bliantúla ag tráthanna éagsúla i gcaitheamh na bliana agus tá cuid acu nach bhfuil sé sin déanta acu fós.

Is é sin sampla den rud a luaigh mé níos luaithe ó thaobh acmhainneacht na hoifige a bheith in ann na comhlachtaí poiblí uilig a leanúint suas ag an am céanna nó, ar a laghad, an cheist a chur orthu go bhfuil siad géilliúil chuige seo. Táim dóchasach go gcabhróidh sé sin go mór leis an sícé rialachais nó an meon sna comhlachtaí poiblí a athrú. Caithfidh sé a athrú i gcásanna le go bhfeicimid na gealltanais atá sa reachtaíocht teanga á gcomhlíonadh.

Tá deis ann freisin ó thaobh scátheagraíochtaí atá freagrach do réimsí ar leith den earnáil phoiblí - gur féidir díriú orthu sin go háirithe agus gur féidir leo siúd craobhscaoileadh a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí a thagann faoina scáth maidir leis an riachtanas teanga. Táimid ag caint ar an líon foirne a theastaíonn uainn. Is é ceann de na dúshláin a fheicfimid go minic ná go mbíonn na hoifigigh Ghaeilge ag oibriú as lámh a chéile mar chadhain aonraic taobh istigh den chomhlacht poiblí agus caithfidh sé sin a athrú. Teastaíonn níos mó ná duine amháin le freagairt ar na cearta teanga.

Ag teacht ar ais ar an ábhar a bhíomar ag plé ar ball ó thaobh cruinneas teanga ar chomharthaíocht agus i gcumarsáid, tá sé an-deacair sna comhlachtaí móra poiblí ina bhfuil na mílte daoine fostaithe bheith ag súil gur féidir cúram a dhéanamh don reachtaíocht teanga nuair nach bhfuil ach post sainiúil amháin oifigigh Gaeilge. Tá moltaí déanta ag Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, mar shampla, maidir leis an struchtúr a theastódh taobh istigh de chomhlacht poiblí lena dhéanamh cinnte de go bhfuil dóthain soláthar ann le freastal ar an bpobal.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá an chuma air go bhfuil an obair ag tarlú ach nach mbeidh a fhios againn go hiomlán go dtí go mbeidh an plean foilsithe agus go mbeidh sé ar siúl ar feadh bliana nó dhó cén tionchar a bheidh ag an bplean. Tá a fhios agam cheana féin ó bhualadh le roinnt daoine i gcomhlachtaí Stáit go bhfuil siad ag teacht le chéile. Chaithfí go bhfuair siad litir nó rud éigin chun iad a phreabadh chun oibre agus go bhfuil siad ag tosú an ullmhúcháin cheana féin, ní díreach ar na forálacha atá i bhfeidhm ach ó thaobh na bpleananna de freisin. Tá an scéal amuigh ansin orthu sa deireadh thiar go bhfuil gá orthu obair bhreise a dhéanamh. Tá mise ag tnúth dá réir leis an obair sin agus an tionchar a bheidh aige. Tá súil agam go dtarlaíonn sé chomh tapa is a tharla an t-athrú meoin ó thaobh fógraíochta de. Cloistear i bhfad níos mó fógraíochta as Gaeilge anois toisc go bhfuil sé sa dlí. Is cuma leis an bpobal faoi sin. Tá sé go hiontach mar go gcloistear é agus cloistear níos mó dá réir. Má tharlaíonn sé de réir na bhforálacha eile atá ag teacht i bhfeidhm anois agus amach anseo, measaim go mbeidh toradh maith againn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá ceist agam. Tá a fhios againn go n-oibríonn rudaí ar nós an fhoráil sa dlí ó thaobh comharthaíochta de. Tá sé níos infheidhmithe ar go leor cúiseanna; mar shampla, tá sé sofheicthe muna bhfuil an rud ann. I gcás na fógraíochta, táthar in ann é a chloisteáil agus sin é. Ba í agus is í an fhadhb ón tús ná na seirbhísí idirphearsanta. Is é an rud a luaigh an coimisinéir nuair a bhí sé ag caint ná an easpa daoine le cumas maith Gaeilge. An t-aon locht a chuirfinn ar chuid den fhograíocht ná go bhfuil sé dothuigthe cuid den am. Níl daoine atá inniúil ar an nGaeilge ag déanamh na fógraí ar fad. Is beag an gearán é sin le hais na heaspa ar fad a bhí ann roimhe sin agus, mar shampla, an fhoráil a bhí ann go gcaifear gach rud a dhéanamh ar na meáin Gaeilge.

Is é mo bharúil le fada ar an gcéad dul síos ná go raibh a fhios ag an Stát go raibh an t-éileamh ann ach ní íocfaidís air. Is dóigh liom, mura mbeidh ollmhéadú ar líon na ndaoine a bheidh ag teacht trí na hollscoileanna le cumas Gaeilge agus le cumas feidhmithe trí Ghaeilge, nach ndéanfar an méid atá san Acht, is cuma céard atá scríofa sa dlí. Beag beann ar cé chomh mór is atá sé ina fhadhb don Choimisinéir Teanga, déarfaidh fostóirí Stáit go bhfuil siad go hiomlán i bhfabhar na riachtanais seo ach níl siad in ann teacht ar fhoireann atá inniúil ar an nGaeilge leis an tseirbhís a chur ar fáil. Is féidir liom cás simplí atá gar do mo bhaile a lua mar shampla. Bhí mé ag iarraidh ar an gcomhairle contae a chinntiú go bhfuil Gaeilge ag baill foirne ar nós na hinnealtóirí i gConamara agus na saoistí sna hoifigí tithíochta, srl. Bheadh sé níos fearr fós dá mbeadh rannóg tithíochta ar An gCeathrú Rua le haghaidh Conamara. Dar leis an eagraíocht, is í sin an fhadhb a bheadh acu ná dóthain pearsanra a fháil leis an tseirbhís a chur ar fáil.

Tugann sé sin le fios cé chomh mór is atá sé sin ina fhadhb d'Oifig an Choimisinéara Teanga ag é ag plé le comhlachtaí a bheidh ag iarraidh na spriocanna atá amach romhainn a chomhlíonadh. Ceann de na rudaí is túisce agus is fearr don Stát a dhéanamh ná a chinntiú go bhfeabhsófar an tsoláthar Gaeilgeoirí. Gan é sin, is é mo bharúil go dteipfidh ar an rud seo ar fad. Má bhreathnaítear isteach air, nílimid in ann iad a fháil. Céard a dhéanfaimid má tá rogha idir an tseirbhís don phobal a bheith i mBéarla amháin agus an tseirbhís a stopadh? Bí cinnte de go mb’fhearr leis an bpobal seirbhís a bheith ann ná gan aon tseirbhís a bheith ann. Is é sin an chaoi ina bhfuil sé. Tá a fhios agam féin an rud a tharlóidh go praiticiúil. Nuair atá mé ag plé le daoine sa chomhairle contae, má tá Gaeilge acu, labhróidh mé Gaeilge leo.

Mura bhfuil, déarfaidh mé go bhfuil mé ag fiosrú an rud seo agus b'fhearr liom freagra a fháil i nGaeilge. Tá sé sin intuigthe.

Ar iarr an coiste reachtúil chomhairle nó ionchur ó Oifig an Choimisinéara Teanga faoi na fadhbanna sin, faoi cé chomh mór is atá siad nó faoin tsoláthar a shíleann an oifig a chaithfeadh a bheith ann ionas go bhféadfaí an dlí a chur i bhfeidhm? Cé go bhfuil sé thar cinn go bhfuil an dlí ann, níl aon rud níos measa, dar liom, ná dlí nach bhfuil inbhainte amach.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Tá ceist an tsoláthair ag leibhéal na hollscolaíochta ag croílár an réitigh seo sa fhreagra. Le go bhfeabhsóidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge, tá béim ar leith leagtha againn air sa tuarascáil bhliantúil. Anseo arís inniu, rinne mé cur síos ar an gcomhthéacs go dteastaíonn beart náisiúnta ag leibhéal na hollscolaíochta Gaeilge. Thagair mé freisin sa phlean náisiúnta go gcaithfear cosán soiléir a leagan amach maidir le cad as a dtiocfaidh an soláthar sin. Bhí muid ag breathnú ar an earnáil phoiblí ar ball i gcomhthéacs na n-earnálacha ina gcaitheann an Stát acmhainní ollmhóra ar sheirbhísí poiblí, cosúil leis na húdaráis áitiúla, na ranna Rialtais, is iad sin an státseirbhís, agus i réimsí leighis agus oideachais. Mar sin, tá cur chuige tras-disciplíneach ag teastáil anseo maidir leis na cúrsaí a bheidh á gcur ar fáil.

Tá muid tar éis go leor plé a dhéanamh anseo inniu go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag sealbhóirí na ról sinsearach taobh istigh de chomhlachtaí poiblí le go n-athrófar an meon. Tá raon leathan scileanna de dhíth ar na poist sin, áfach. Caithfidh an córas ollscolaíochta na cúrsaí sin a chur ar fáil. Tá dul chun cinn áirithe le feiceáil cheana sa soláthar náisiúnta agus Gaeltachta. Is é an ról a bheidh ag an bplean náisiúnta, agus tá sé seo le feiceáil sna tráchtaireachtaí atá déanta ag an iarChoimisinéir Teanga agus agam féin, ná nuair nach mbeidh acmhainní ar leith á gcur ar fáil don soláthar ollscolaíochta agus don soláthar atá sa tseirbhís phoiblí faoi láthair. Thagraigh mé ar ball don suirbhé a rinne an Roinn, mar atá luaite ag an Roinn le gairid, go bhfuil os cionn 30,000 duine tar éis a chur in iúl go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus go bhfuil fonn orthu a bheith ag plé agus ag cur ar fáil seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ar ndóigh, is ceist eile í an leibhéal inniúlachta.

Má thagann muid ar ais chuig na caighdeáin teanga, leagann ceann de na gnéithe de na caighdeáin teanga síos an tsonraíocht faoin tseirbhís. Caithfidh sé sin a bheith ann sa chás seo. Bhí córas na scéimeanna teanga lochtach. Bhí cur síos scaoilte, débhríoch agus éiginnte ag baint leis an tseirbhís a bhí i gceist. Uaireanta, bhí aguisín curtha leis á rá go raibh an scéim ag brath ar acmhainní. Ní féidir maireachtáil leis sin sna caighdeáin teanga nua.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is í an Roinn a ghlac leis na scéimeanna sin. Is é an smaoineamh a bhí ann ná nach nglacfadh sí leo. Is í an fhadhb a bhí ann ná nárbh é sin a bhí i gceist nuair a tugadh isteach na scéimeanna. Bhí sé i gceist go mbeadh oifigigh teanga, oifigigh thithíochta agus oifigigh eile sna ceantair in ann feidhmiú sa Ghaeilge. B’shin a bhí i gceist. Is í an fhadhb a bhí ann ná nuair a tháinig an plean isteach, bhí dearcadh ann go dtógfaí go bog é ag an tús. Ní sin i ndáiríre a bhí i gceist ach is mar sin a tharla sé. Is cuma faoi sin anois mar tá bealach agus cur chuige nua ann. Beidh an dúshlán céanna ann leis na caighdeáin, áfach.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Sa chás seo, leis na caighdeáin teanga nua, is é an buntáiste ná go bhfuil an leibhéal cumas teanga fite fuaite sa chaighdeán teanga. Ní féidir éalú uaidh sin. Tá an leibhéal sin ceangailte leis an gcomhchreat-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Comhchreat na hEorpa.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

-----idirnáisiúnta maidir le cumas teanga. Tá ceist an tsoláthair ann ón taobh amuigh agus taobh istigh, áfach. Ní féidir linn réamh-bhreithiúnas a thabhairt ar an bplean náisiúnta. Beidh sé ina bhunriachtanas go mbeidh freagra ar na ceisteanna sin taobh istigh den phlean ar bhun córasach le go bhfeabhsóidh na seirbhísí criticiúla lena raibh muid ag caint inniu, mar thús, agus seirbhísí earnálacha freisin ar nós cúrsaí oideachais agus le go dtiocfaidh feabhas ar an soláthar do mhúinteoirí agus do leibhéal an oideachais lán-Ghaeilge. Tá muid uilig eolach fúthu sin. Is é an cúram atá leagtha ar an gcoiste comhairleach ná plean a fhreagróidh agus a dhíreoidh ar an sprioc 20% d’earcaithe an státchórais a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge, is é sin, duine as gach cúigear, agus ar ghnéithe criticiúla le go mbeidh freastal níos fearr ar an bpobal.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an coimisinéir go bhfuil, ag deireadh an lae, cumhacht áirithe ag an Stát - b’fhéidir nach raibh aige 40 ó shin - rudaí casta a dhéanamh? Mar shampla, tá mé tar éis, le trí nó ceithre de bhlianta anuas, go leor ceisteanna a chur maidir leis an earnáil tríú-leibhéal. Deirtear go minic go bhfeidhmíonn an HEA go neamhspleách agus feidhmíonn na hollscoileanna go neamhspleách ón HEA. Mar sin, tá tú in ann do rogha cúrsaí a chur ar fáil agus a phitséail agus mar sin de. Tá mise tagtha den tuairim go bhfuil sé chomh simplí leis seo: mura ndeir an Roinn ardoideachas go bhfuil an oiread seo airgid, atá ag teacht ón mbarr anuas, á thabhairt don HEA le múineadh trí Ghaeilge agus cúrsaí trí Ghaeilge, is cuma cén bidding system atá i gceist nó cén coláiste a chuireann ar fáil iad, dar liom, tá muid ag cur ár gcuid ama amú. Mura socraíonn an coiste é seo, beidh gach duine ag rá gur cheart do dhuine éigin eile é a dhéanamh. Caithfidh balla mór a bheith timpeall an airgid seo agus gur ar mhúineadh agus teagasc na Gaeilge sna coláistí tríú-leibhéal amháin a chaithfear é.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tá an mheicníocht in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chuige sin. Tá an coiste comhairleach in ann moltaí a dhéanamh d’Aire na Gaeltachta maidir le líon na foirne, agus grád na foirne sin, a theastaíonn ó chomhlacht poiblí ar leith. Feicim ceangal idir é sin agus an rud atá luaite ag an Teachta Ó Cuív ó thaobh an riachtanais a bheidh ann d’oiliúint. Má tá sé soiléir sa phlean náisiúnta go dteastaíonn líon foirne, cumas teanga agus grád foirne ar leith le seirbhísí atá sainaitheanta sna caighdeáin teanga a chur ar fáil, tá tú ag léiriú ansin cén riachtanas atá ann don oiliúint agus don soláthar. Caithfidh an córas ollscolaíochta a bheith leagtha amach i mbealach atá mealltach freisin do dhaoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana le go gcuirfidh siad lena n-inniúlacht teanga agus go mbeidh sé ríshoiléir go bhfuil deiseanna ardaithe céime le feiceáil ag na fostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ag dul chun na hinfheistíochta sin a dhéanamh le cur lena gcuid scileanna teanga. Samhlaím rudaí ar nós scoláireachtaí. Is gnó é sin a luíonn leis an bplean náisiúnta le freastal air sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh mé a rá gur amhrasóir mé ina thaobh seo. Abraimis go bhfuil 2% den tseirbhís phoiblí atá in ann feidhmiú sa Ghaeilge. Bheadh éacht dochreidte bainte amach dá bhféadfaí é sin a mhéadú go 4% trí oiliúint a chur ar dhaoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana féin. Dar liomsa, má tá rath le bheith air seo, is daoine as an nua ar fad atá ag fágáil Gaelscoileanna, a d’fhoghlaim Gaeilge an-mhaith ar scoil agus a rinne cúrsaí tríú-leibhéal trí Ghaeilge agus a choinnigh leis an nGaeilge a dhéanfaidh suas ar a laghad 16% de líon na ndaoine atá á gcuardach. Ciallóidh sé sin ar ndóigh go dtosóidh siad ag an mbun agus go n-oibreoidh siad go dtí an barr. Ar a laghad, go fadtéarmach, bheadh muid slán. Ní duine mé a chreideann gur féidir le cúrsaí amháin sin a dhéanamh. De réir mar a éiríonn daoine níos sine, go ginearálta, bíonn siad níos measa ag foghlaim teangacha. Dá bhféadfadh muid breith ar na gasúir sna naíolanna, bheadh muid i gceart. Mura bhfuil sé leagtha síos go bhfuil an oiread seo d’airgid ag na hollscoileanna agus ar an Ghaeilge amháin a chaithfear é, ní éireoidh leis seo.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Ceapaim gur ceist lárnach í sin i gcur i bhfeidhm an phlean náisiúnta. Tá ról agamsa mar Choimisinéir Teanga tráchtaireacht a dhéanamh ar obair an choiste chomhairligh. Tá an plean náisiúnta lárnach ann. Tá ceist an tsoláthair lárnach ann. Tuigeann an Teachta é son ón obair uilig a rinne sé ar an ollscolaíocht Ghaeilge agus tuigim é ó mo ról féin san am atá imithe sular thosaigh mé ag obair le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá deis ag an earnáil tríú leibhéal breathnú ar scála an riachtanais de 20% agus na pleananna gnímh a chur i dtoll a chéile. Chomh maith le iachall a bheith ar ollscoileanna é a dhéanamh, nó riachtanas a bheith ann go ndéanfaidís é, tá deis ag earnáil na hollscolaíochta Gaeilge bheith réamhghníomhach. Ba cheart go mbreathnóidís ar na deiseanna atá ann cur le soláthar as cuimse agus na hacmhainní atá ar fáil do na hinstitiúidí a mhéadú mar sprioc straitéiseach náisiúnta de chuid na hinstitiúide. Táimid ag caint faoin tseirbhís poiblí anseo agus ar sholáthar trí Ghaeilge. Tá an earnáil ollmhór. Tá faoi bhun 400,000 duine ag obair inti. Tá riachtanas 20% d'earcaithe idir 2022 agus 2030 i gceist. Tá an scála dúshlánach ach ceapaim go gcaithfear dualgas a leagadh agus freisin, go dteastaíonn réamhghníomhacht agus uaillmhian le freastal ar an sprioc sin.

Mar a luaigh mé ar ball, is dóigh liom go bhfuil deis stairiúil againn. Is é seo an chéad uair atá plean náisiúnta reachtúil ar leith dírithe ar sholáthar seirbhísí poiblí laistigh den earnáil seo. Tá an-bhéim leagtha agam ar chomhoibriú idir uillinneacha éagsúla an Stáit. Tá a fhios agam gur fhreastail an Teachta ar an gcomhdháil pleanála teanga a bhí i bPáirc an Chrócaigh le cúpla lá anuas. I mo phíosa cainte inné, leag mé béim ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir earnáil na pleanála teanga agus feidhmiú na cearta teanga tríd an mbonneagar náisiúnta. Tá airgead mhór infheistithe ag an Stát sa phleanáil teanga ó 2012 ar aghaidh. Feicim go bhféadfaí feabhas a chur ar go leor de na seirbhísí atá ag teastáil agus pacáistiú níos fearr a dhéanamh orthu ionas go mbeadh fáil ag an bpobal teanga orthu ar an láthair. Luaigh mé go sonrach molchampais nó champais ilfhreastail. Níl aon chúis nach mbeadh an cineál oiliúna atá ag teastáil ó oibrithe sa tseirbhís phoiblí ag tarlú sa gcomhthéacs sin ó thaobh campais ilfhreastail agus mar sin de, agus go gcothófaí pobal. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil na blianta tosaigh criticiúil. Tá dualgas ar na hinstitiúidí agus ar an earnáil ardoideachas. Caithfidh na hinstitiúdí a fheiceáil go bhfuil deis-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh go mbeidh an t-airgead ann.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Má bhreathnaíonn an Teachta ar na figúirí maidir leis an sprioc de 20% ó thaobh earcaithe le hinniúlacht sa Ghaeilge, feicfidh sé go bhfuil uimhreacha suntasacha i gceist.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nuair a fhaigheann Oifig an Choimisnéara Teanga gearán agus glactar leis go bhfuil bunús leis an ngearán, agus ansin téann an coimisinéir go dtí an gcomhlacht poiblí atá i gceist, i gcé mhéad cás a n-adhmaíonn an chomhlacht go bhfuil an rud mícheart a tarlú agus cuireann siad ina ceart é gan troid mhór a chur suas? I gcé mhéad cás, mar chéatadán, a dtugann siad suas an dúshlán agus a dtéann siad chomh fada le seachaint go bhfuil freagracht orthu? Tá drogall leis an gceist seo. Má chaithfidh an coimisinéir dul an bealach uilig agus tuairisciú a dhéanamh don Oireachtas, ar an meán cé chomh fada is a thógann sé sin?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

An cur chuige a bhíonn ag an oifig i mórthromlach na gcásanna - is í Órla de Búrca an saineolaí air seo - ná gearán a tharraingt anuas ar bhonn neamhfhoirmiúil mar chuid den phróiseas imscrúdaithe. Is imscrúdú atá leagtha amach sa reachtaíocht. Tugtar cothrom na Féinne agus aitheantas don ghearánach agus tugtar deis don chomhlacht poiblí an t-ábhar a phlé sa chomhthéacs sin. Ar an meán, tá mé ag ceapadh go bhfuil cúig nó sé d'imscrúdaithe ina bhfuil sé mar thoradh ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil nach féidir an gearán a réiteach trí chomhaontú idir an oifig agus an comhlacht poiblí chun sástachta an ghearánaí agus dár ndóigh na hoifige. Ansin téimid go dtí imscrúdú oifigiúil. Tá obair ollmhór i gceist leis sin. Thagair mé ar ball don acmhainn a theastaíonn ón oifig. Tá Eibhlín de Paor anseo mar bhainisteoir imscrúdaithe. Tá sí ag déileáil le tráchtas trom oibre leis na himscrúdaithe.

Bíonn fionnachtain agus moltaí i gceist leis na himscrúdaithe. Mar atá feicthe i gcásanna stairiúla siar san oifig, bhí orainn naoi nó deich de chásanna a chur chuig Tithe an Oireachtais nuair nár feidhmíodh moltaí imscrúdaithe foirmiúla de chuid an Choimisinéara Teanga. Tá mé den tuairim go bhfuil cur chuige na hoifige an-éifeachtach sa mhéid is gur féidir mórthromlach na ngearán a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil sin. Tá an soláthar atá sa reachtaíocht ó thaobh imscrúdaithe an Choimisinéara Teanga - tráchtaireacht an Choimisinéara Teanga - tábhachtach le géilliúlacht a chinntiú.

Táimid ag teacht ar ais go minic ag an soláthar atá san Acht nua; sé sin, mura bhfuil dóthain foirne le Gaeilge laistigh den chomhlacht poiblí tá sé an-deacair bheith ag súil go mbeidh cúrsaí géilliúlachta teanga ag dul i bhfeabhas agus dóthain cumas ag an bhfoireann sin le freastal ar an bpobal chuile lá.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ceapaim go mbeidh freagra ag Órla de Búrca ar mo cheist dheireanach. An bhfuil laghdú nó méadú ar líon na gcomharthaí a ndéantar drochleagan Gaeilge a chur suas orthu? Tá mé ag smaoineamh ar chomharthaí a dhéantar aistriú díreach orthu, nó seafóid nó ráiméis éigin eile orthu, mar shampla treoir gan an chomhartha a léamh, é a chur ar aghaidh ag an gcéad duine eile nó rud éigin eile nach mbaineann leis an t-ábhar. An bhfuil aon laghdú air sin? An bhfuil a leithéid i gcónaí ann?

Ms Órla de Búrca:

Is deacair a rá. Ní fheicimid gach uile comhartha a chuirtear in airde. Tá sé leanúnach; tarlaíonn sé an t-am ar fad. Caithfidh mé a rá go bhfuil feabhas áirithe tagtha sa mhéid is go bhfuil - tá tionchar ag an reachtaíocht nua air seo - méadú tagtha ar líon na n-oifigeach Gaeilge. Tá siad á earcú ag leibhéal níos sinsearaí chomh maith. Beidh tionchar an-mhaith aige sin. Tagann sé ar ais chuig an bhfeasacht an t-am ar fad.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go bhfuil go leor comhlachtaí poiblí nach bhfuil acmhainn aistriúcháin dá gcuid féin acu. An gcuideodh sé dá dtiocfaimid ar ais ag rud ar bhí bunaithe agus a cuireadh ar ceal? Bhí sé i gceist go mbeadh oifig aistriúchán poiblí ann a dhéanadh aistriúchán don earnáil phoiblí ar fad. Ní bheadh aon chosc ar aistriúchán a dhéanamh in-house ach dá mba rud é nach raibh an acmhainn sin ag comhlacht poiblí ní thiocfaidís amach ar an margadh - rachadh siad go dtí córas aistriúcháin an Stáit, mar a dhéanaimid sa Teach seo. D'fhéadfadh duine a bheith réasúnta cinnte ansin go bhfaigheadh siad leagan ceart.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Tagaim leis an Teachta. Thagair muid go sonrach inár aitheasc gur áisíneacht sainchomhairleoireachta teanga ar iarr muid. Tá an earnáil fíoraistriúcháin ag déanamh obair den scoth. Tá an obair seo déanta ag an bhforas ar a shéala. Is é taithí na hoifige go bhfuil an cineál soláthar go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt dó ag teastáil freisin. Thagair muid ar ball don dul chun cinn a rinneadh ar an líon suntasach aistritheoirí a bheith ar fáil d'institiúidí an Aontas Eorpach, ach go háirithe le deich mbliana anuas.

Bhí córas lárnach céimnithe i gceist ansin bunaithe ar chásanna ata luaite ag an Teachta, mar shampla, i gcás cóiríochta. Is dóigh liom gurb é sin cuid den réiteach. Ón tástáil, tá fáil ar 500 comhlacht poiblí nó níos mó ann. Caithfidh siad cloí leis an reachtaíocht teanga agus tá éileamh ansin dóibh ach caithfidh an soláthar a bheith ann freisin. Ceapaim gurb é sin cuid thábhachtach den réiteach a theastaíonn. Tá an t-ualach oibre atá ag teacht as na forálacha seo ag méadú as cuimse ó thaobh cúrsaí fógraíochta, mar a thagair an Teachta dóibh. Beidh foirmeacha oifigiúla ag teacht isteach ar líne nó i bhfoirm chrua. Chaithfí na córais ríomhaireachta a bheith i meán ainm, sloinnte agus teideal chun seoltaí a láimhseáil. Is í seo an áit a bhféadfaí an riachtanas seo a cheangal leis an ábhar a bhíomar ag plé ar ball; is é sin an cineál cúrsaí a theastaíonn ag leibhéal na hollscolaíochta Gaeilge le freagairt do na sainriachtanais nua a bheidh sa reachtaíocht teanga.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar bhealach, bhí mé ag tagairt do dhaoine a bhaineann úsáid as an leithscéal "is féidir linn é sin a aistriú istigh anseo", agus a úsáideann Google Translate nó cibé cén rud ansin. Faoin chóras atá á moladh agamsa, dá mbeadh gearán, d'fhéadfadh an oifig aistriúchán poiblí a rá go bhfuil sé de dhualgas orthu aistriúchán a dhéanamh don státchóras agus do na comhlachtaí phoiblí ar fad agus go bhfuil sé sin faofa ag an Stát. D'fhéadfaidís a rá go bhfuiltear in ann an caighdeán ceart á chlúdach agus nach mbeadh gá le haon leithscéal amach anseo. Má chosnaíonn sé €10,000 fáil réidh leis na comharthaí lochtacha, tough - ba cheart dóibh dul go dtí an áit cheart - an oifig seo, seachas Specsavers - ionas go mbeadh sé ceart.

Ms Órla de Búrca:

Lena cheart a thabhairt, ceann atá á íoc agus atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge ná acmhainn.ie/freagra. Ní dhéanann siadsan ach píosaí an-bheag, is é sin má tá comhartha amháin nó péire le déanamh. Cuirimid an t-uafás daoine sa treo sin agus tá siad an-mhaith ar fad. Dá mbeadh sé sin ann-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dá mbeadh an rud ar fad atá luaite agam ann, bheadh sé ag cuidiú d'Oifig an Choimisinéara Teanga a bheith in ann a rá le daoine gan leisce a bheith orthu an tseirbhís seo a úsáid mar réiteach na faidhbe.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Nuair a chuirtear na forálacha nua ar fad le chéile, táthar ag caint faoi mhargadh suntasach. Caithfear a admháil go bhfuil obair den scoth á déanamh ag na saoraistritheoirí agus ag na comhlachtaí tráchtála ach tá scála an riachtanais chomh mór. Bíonn brú i gceist leis na tréimhsí ama a bhaineann le cuid de na tionscadail seo. Caithfear ceisteanna teanga a thabhairt isteach ag céim na pleanála. Chomh maith leis an bhfreastal maith atá ann faoi láthair, b'fhéidir go mbeadh soláthar Stáit ann freisin - go mbeadh comhshocrú ann agus páirtmhaoiniú á dhéanamh ag an Stát. Is dóigh liom go bhfuil bunús tráchtála leis an rud seo mar gheall go bhfuil an dualgas ar na comhlachtaí poiblí é seo a threisiú. Beidh an líon comhthéacsanna ina gcaithfí cruinnúsáid na Gaeilge a chinntiú ag méadú de thoradh na bhforálacha nua seo. Is cinnte gur cuid den réiteach é arís. Is dóigh liom gur tríd an plean náisiúnta gur cheart an riachtanas seo a leagan amach agus an gníomh chuige. Níl mé ag tabhairt réamhbhreithiúnas ar an bplean - fanfaimid go bhfoilseofar é - ach tá ról ag an oifig tráchtaireacht a dhéanamh ar obair an choiste chomhairligh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá se de chumhacht againne mar choiste moltaí a chur ar aghaidh. Ba iad sin mo cheisteanna agus tá mise réidh. Go raibh míle maith agaibh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Moladh maith atá ann. Ardaíodh é cheana agus is féidir linn é a chur ar aghaidh chuig an gcoiste comhairleach chomh maith. Ba chóir go mbeadh a leithéid déanta. Sábhálfadh sé am ormsa dá mbéinn in ann gach duine a iarrann orm conas a deirtear é seo nó é siúd a chur i dteagmháil lena leithéid d'oifig. Bíonn orm glaoch a chur ar m'athair nó duine éigin eile agus an cheist a chur ar aghaidh mar níl mo chuid gramadaí chomh foirfe sin. Dá mbeimis in ann iad a threorú ar bhealach eile, bheadh sé áisiúil agus ní bheadh na fadhbanna seo againn. Ní bheimis ar fad náirithe ach an oiread nuair a fheictear comharthaí atá droim ar ais nó, uaireanta, maslach - bheadh siad i gceart. Glaoim anois ar an Teachta Ó Murchú.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá fáilte romhaibh go léir. Tá brón orm as a bheith an-mhall ach bhí mé gnóthach. Tá mé anseo anois. Táimid ag caint faoi na fadhbanna atá i gceist le seirbhísí poiblí agus céard atá le déanamh chun feabhas a chur orthu. Tá sé ráite sa tuarascáil go bhfuil bearnaí suntasacha sa reachtaíocht maidir le seirbhísí fóin agus ar líne, le foirmeacha agus úsáid ginearálta maidir le síntí fada. Céard atá ag teastáil? An bhfuil reachtaíocht nua nó gníomhú ón Rialtas ag teastáil, nó cad atá muid ag caint faoi?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá a fhios aige go bhfuil an Acht nua ag teacht i bhfeidhm ar bhonn céimnithe agus go gcuireann Aire na Gaeltachta na forálacha éagsúla i bhfeidhm. Tabharfaidh mé cúpla sampla anseo.

Go dtí seo, is trí scéim teanga a bheith aontaithe idir Aire na Gaeltachta agus an comhlacht poiblí go mbeadh seirbhísí líne á gcur ar fáil. Tá deireadh le teacht le córas na scéimeanna teanga mar gheall go raibh easpa leanúnachais agus soiléireachta ag baint leis an tseirbhís a bhí le cur ar fáil. Is é córas nua na gcaighdeán teanga a réiteoidh an bhearna maidir le seirbhís ar líne. Thagair mé do roinnt samplaí praiticiúla ar nós MyGovID, seirbhísí bunúsacha a riarann an caidreamh idir an Stát agus an saoránach ó lá go lá. Má scrúdaítear an soláthar atá ar fáil trí Bhéarla ansin i gcomparáid leis an soláthar trí Ghaeilge, tá sé an-deacair an cás a dhéanamh go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do phobal na Gaeilge. Is í an chaoi a rachfar i ngleic leis sin ná go leagfar síos go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí nó ar aicme de chomhlachtaí poiblí seirbhísí idirghníomhacha ar líne a chur ar fáil ar chomhchaighdeán i nGaeilge agus i mBéarla.

Is seirbhís thar a bheith bunúsach í seirbhís teileafóin. Cé go bhfuil go leor seirbhísí ag bogadh ar líne, leis an tseirbhís a fháil go minic bíonn ar dhuine labhairt le fostaí sa chomhlacht poiblí. Is é an taithí atá ann i gcuid mhaith cásanna faoi láthair, faraor, ná go gcliseann an tseirbhís nuair a bhítear ag brath ar labhairt le fostaí sa chomhlacht poiblí. Arís, is é córas na gcaighdeán teanga nua a leagfaidh síos cén tseirbhís phoiblí a chaithfidh comhlacht poiblí a chur ar fáil agus cén cumas teanga a chaithfidh a bheith ag na baill foirne a bheidh á gcur sin ar fáil.

Is seirbhísí an-bhunúsacha iad seirbhísí deasc-chabhracha freisin. Cheapfainn ag an bpointe seo d'fheidhmiú an reachtaíocht teanga go bhfuil díomá orainn nach bhfuil seirbhísí chomh bunúsach mar sin níos fearr. Tá dúshláin ann maidir leis na caighdeáin teanga agus táim dóchasach go rachaidh na caighdeáin teanga i bhfeidhm ar na bearnaí atá luaite ag an Teachta. Caithfear iad a chur i bhfeidhm taobh istigh d'achar gearr de bhlianta. Táimid tar éis an-bhéim a leagan sa tráchtaireacht atá á dhéanamh againn ar chothrom na Féinne agus ar mhuinín an phobail i seirbhísí Stáit. Thagraíomar go sonrach do straitéisí atá ag foilsithe ag an Stát maidir le muinín an phobail i seirbhísí poiblí go ginearálta, i mBéarla agus i nGaeilge, a chothú. Tá luachanna ansin atá luaite go sonrach ar nós iontaobhais, freagrúlachta agus oscailteachta maidir leis na seirbhísí atá le cur ar fáil. Caithfear na luachanna sin a thabhairt isteach i lár na pleanála do na seirbhísí trí mheán na Gaeilge atá le cur ar fáil agus le feabhsú. Tá sé sin dlite ag an bpobal teanga go mbeadh na bunluachanna a chinntíonn go bhfuil freastal cuí á dhéanamh ar an bpobal i mBéarla nó i nGaeilge comhionann. Tá trácht déanta agam ar an méid go minic.

Tá sé tábhachtach an chúis atá le seirbhísí poiblí a choinneáil i gcuimhne: freastal ar riachtanais comhaimseartha an phobail agus a chinntiú go bhfuil deis ag an bpobal forbairt de réir a gcuid mianta féin. Caithfidh na bunphrionsabal sin a bheith i lár na pleanála san achar gearr amach romhainn.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is é cothrom na Féinne go bhfuil siad ag obair fá choinne daoine. Chomh maith leis seo, an bhfuil aon athrú tarlaithe mar thoradh ar na fiosrúcháin maidir leis bpost i gComhairle Chontae na Gaillimhe?

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag caint mar gheall ar an mbord oideachais agus oiliúna. Mar a luaigh mé, tá an t-ábhar sin á fhiosrú againn leis an gcomhlacht poiblí i láthair na huaire. Baineann an dualgas atá a fhiosrú againn le scéim teanga an chomhlachta phoiblí. Beidh cinneadh le déanamh agam mar Choimisinéir Teanga maidir leis an gcéad chéim eile nuair a thagann an comhlacht poiblí ar ais le faisnéis. Tá ceisteanna curtha againn i dtreo an chomhlachta phoiblí ar an ábhar sin. Táim buíoch as aird an chomhchoiste ar an ábhar.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cuirfidh mé clabhsúr leis an gcoiste inniu. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith i láthair inniu agus a dtuairimí a roinnt linn. B'fhéidir go mbeidh siad linn arís nuair atá na tuarascálacha againn nó b'fhéidir nach mbeidh. Beidh siad os comhair an chéad choiste eile nuair a thagann sé sin le chéile, tá súil agam. Ní bheadh a fhios agat. Deir an Taoiseach linn go mbeimid anseo go dtí mí Feabhra. Feicimid.

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Ós é go bhfuil sé fógartha ag an Teachta Ó Cuív go mbeidh sé ag éirí as an bpolaitíocht tar éis scor na Dála seo, thar ceann Oifig an Choimisinéara Teanga ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis as an gceannaireacht atá tugtha aige i gcur chun cinn cearta teanga pobal na Gaeilge ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm agus as an ról a bhí aige i bhforbairt cearta teanga. Bhí taithí agam freisin ar an obair mhór a rinne sé mar Aire i gcúrsaí ollscolaíochta Gaeilge. Feicimid tábhacht na hearnála sin ón bplé atá déanta againn inniu. Guím gach rath air féin agus ar Áine agus ar a dteaghlach sna blianta amach romhainn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an méid sin a rá. B'fhéidir go mbeidh cruinnithe príobháideacha againn amach anseo agus go mbeidh an Teachta Ó Cuív ag cuidiú linn déileáil le roinnt de na tuarascálacha atá fós os ár gcomhair. Leis sin ráite, críochnóidh mé an seisiún poiblí de chruinniú an lae inniu. Cuirfidh mé ar fionraí é ar feadh cúpla nóiméad sula dtosóidh an seisiún príobháideach le déileáil le roinnt gnéithe den tuarascáil nó de chomhfhreagras.

Cuireadh an chomhchoiste ar fionraí ar 3.44 p.m., chuaigh an coiste isteach i seisiún príobháideach ar 3.50 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 4.06 p.m. go dtí 5 p.m., Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair 2024.