Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát atá á phlé againn sa seisiún seo. Is iad an Dr. Aisling Ní Dhiorbháin agus an Dr. Jacqueline de Brún, léachtóir i scoil na teanga, na litearthachta agus an oideachas luath-óige in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, atá mar ionadaithe thar ceann SEALBHÚ.

Caithfidh mé a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe anseo ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra a 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá dualgas orm na rialacha seo a léamh arís. Ní mór do na finnéithe déanamh cinnte go bhfuil a gcuid guthán soghluaiste múchta. Is féidir le Teachtaí Dála a bheith anseo go fisiciúil nó freastal ar an gcruinniú go fíorúil ar Microsoft Teams. Tá coinníollacha ar leith ag baint leis sin.

Is mian liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtas agus an fhianaise á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na himeachta atá á phlé againn agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairim a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm, nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú d’aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as láithreach agus tá sé ríthábhachtach do ngéillfidh siad don ordú sin má eisítear é.

Is iad sin na treoracha. Anois, is féidir tús

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabhann SEALBHÚ, lárionad taighde DCU um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge, buíochas le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an deis seo a thabhairt dúinn a bheith ina láthair inniu leis an ábhar ríthábhachtach seo a phlé, is é sin, an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát. Aithnítear sa taighde idirnáisiúnta gurb é an tumoideachas an múnla oideachasúil is rathúla d’fhoghlaimeoirí le hinniúlacht a bhaint amach sa dara teanga i gcás mionteangacha ar nós na Gaeilge. Forbraíonn foghlaimeoirí tumoideachais ardchaighdeán sa sprioctheanga agus ní bhíonn siad faoi aon mhíbhuntáiste ó thaobh na mórtheanga nó fhoghlaim ábhair eile an churaclaim de nuair a chuirtear i gcomparáid lena bpiaraí a fhreastalaíonn ar ghnáthchláir oideachasúla iad. Tá buntáistí cultúrtha, cognaíocha, sóisialta, teangeolaíochta, mothúchánacha agus oideachasúla ag baint leis an tumoideachas agus leis an ilteangachas. Molann muid gur cheart agus gur chóir go mbeadh rochtain ag gach páiste a théann ar scoil in Éirinn ar bhuntáistí an tumoideachais lán-Ghaeilge.

Tá sé cruthaithe go soiléir sa taighde idirnáisiúnta go bhfuil an tumoideachas lán-oiriúnach do pháistí a thagann ó chúlraí éagsúla teanga agus cultúrtha agus do pháistí ó chúlra éagsúla socheacnamaíochta. Tá sé léirithe chomh maith go bhfuil an tumoideachas oiriúnach do pháistí a bhfuil riachtanas oideachais sa bhreis acu. Ní d’aon ghrúpa ar leith é an tumoideachas; is linne ar fad é. Molann muid go mbeadh an tumoideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann in Éirinn agus mar rogha acu ag gach leibhéal oideachais.

Is é an t-oideachas lán-Ghaeilge an cur chuige oideachasúil is éifeachtaí lena chinntiú go mbeidh cainteoirí líofa Gaeilge sa tír a thabharfaidh bunús do chaomhnú agus d’athbheochan na teanga. Cé nach leor an Ghaelscolaíocht amháin leis na haidhmeanna seo a bhaint amach, is toisc riachtanach í. Cuireann an Ghaelscolaíocht deiseanna sealbhaithe teanga ar fáil sa Ghaeilge nach mbíonn ar fáil d’fhoghlaimeoirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit agus molann muid go mbeadh ceart dlíthiúil ag páistí freastal ar scoil lán-Ghaeilge más mian lena dtuismitheoirí nó lena gcaomhnóirí é.

Rinne SEALBHÚ anailís ar na torthaí a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí maidir le polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Rinneamar anailís chomh maith ar sholáthar an tumoideachais trí mhionteangacha i ndeich ndlínse eile. Rinneadh anailís ar bhreis is 5,400 ceistneoir, 159 aighneacht scríofa agus 25 grúpa fócais ina raibh 308 duine páirteach. Ghlac páirtithe leasmhara a d’áirigh eagrais, oideachasóirí, tuismitheoirí agus scoláirí, páirt sa chomhairliúchán. Léiríonn an t-ardleibhéal rannpháirtíochta sa chomhairliúchán tiomantas an phobail don oideachas lán-Ghaeilge. Is é an toradh is suntasaí a eascraíonn ón anailís ar an gcomhairliúchán poiblí ná go bhfuil easpa soláthair sa Stát don oideachas lán-Ghaeilge agus nach bhfuil an soláthar, mar atá ann faoi láthair, ag freagairt d’éileamh an phobail nó do chearta teanga agus cearta oideachasúla an phobail.

Tá torthaí sna doiciméid chomhairliúchán a léiríonn go bhfuil ganntanas soláthair ag gach leibhéal oideachais. Tá bearna iomlán in oideachas agus i gcúram na luath-óige faoi láthair toisc nach bhfuil seirbhísí oideachais agus cúraim na luath-óige ar feadh lae ar fáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl an réamhscolaíocht trí Ghaeilge mar rogha ag mórchuid de theaghlaigh. Léirigh céatadán ard de thuismitheoirí, is é sin, breis is 50%, a raibh a bpáistí ag freastal ar bhunscoil mheán-Bhéarla, i dtorthaí an cheistneora go gcuirfidís a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh an rogha sin ar fáil dóibh. Taispeánadh freisin gurb í an phríomhchúis nach raibh páistí ag aistriú ó bhunscoil lán-Ghaeilge go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge ná mar gheall nach raibh rochtain acu ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Léirigh 86% de fhreagróirí an cheistneora gur chóir go gcuirfeadh an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge go suntasach leis na deiseanna atá ag scoláirí a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge.

Bíonn roghanna eile cláir chomhtháite ábhar agus teangacha ar fáil i ndlínsí eile go hidirnáisiúnta a thugann roghanna éagsúla d’fhoghlaimeoirí ábhair a fhoghlaim trí theanga bhreise. Is léir ón taighde, áfach, nach bhfuil na roghanna eile seo bealach ar bith chomh rathúil is atá an tumoideachas le teanga a shealbhú nó le pobal teanga a chruthú. Ní hionann na cláir chomhtháite ábhar agus teangacha agus córas an tumoideachais. Léiríonn na torthaí ón gcomhairliúchán chomh maith go dteastaíonn scoileanna saor-sheasaimh ón bpobal le haidhmeanna agus le buntáistí an tumoideachais a bhaint amach. Moladh go láidir freisin go bhfuil géarghá le tacú le teagasc na Gaeilge sa chóras trí chéile.

Molann muid go láidir go leagfaí plean síos ina mbeadh spriocanna cinnte le baint amach faoi cheangal ama lena chinntiú go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann ag gach leibhéal an oideachais, is é sin, cúraim na luath-óige, leibhéal na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus ag an tríú leibhéal. Bíonn tionchar ag rannpháirtíocht an phobail ag céim amháin ar an gcéad chéim eile agus mar sin, is gá go mbeadh leanúnachas agus fís cheart don tumoideachas tríd an gcóras ó thús deireadh. Léirigh moltaí ón gcomhairliúchán gur gá a chinntiú go mbeadh na hionaid lán-Ghaeilge ar fad bunaithe i bhfoirgnimh chearta ina mbeadh na hacmhainní foirne, teagaisc agus foghlama cuí curtha ar fáil. Is gá tacaíochtaí a chur ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais oideachais sa bhreis acu sa chóras lán-Ghaeilge.

Is gá go mbeadh na suímh lán-Ghaeilge ionchuimsitheach, ilchreidmheach, ilteangach, ilchultúrtha agus fáilteach do chách. Cruthaíonn an barraíocht éilimh atá ar an nGaelscolaíocht faoi láthair íomhá éilíteach den Ghaelscolaíocht. Is íomhá é seo den Ghaelscolaíocht nach bhfuil ceart nó cruinn.

An deacracht is mó atá ann ná nach bhfuil a dhóthain scoileanna ann. Is dúshlán é seo a chruthaíonn barraíocht éilimh. I gcásanna áirithe, tá seans nach mbacfadh tuismitheoirí go fiú le háit a lorg i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí mar gheall ar an nganntanas spásanna.

Mar chuid de pholasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge, moladh sa chomhairliúchán go mbeadh feachtas feasachta mar dhlúthchuid de. Is gá a fhógairt go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge fáilteach do chách agus eolas faoi bhuntáistí an tumoideachais agus an ilteangachais a roinnt leis an bpobal. Is gá a fhógairt go soiléir nach gá go mbeidh Gaeilge ag tuismitheoirí nó caomhnóirí le go mbainfidh a bpáistí leas as an tumoideachas. Is í an príomhbhuairt a léirigh tuismitheoirí sa chomhairliúchán nár roghnaigh an tumoideachas dá gcuid páistí ná nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh siad sách muiníneach as a gcuid Gaeilge.

Tá moltaí praiticiúla sna doiciméid comhairliúchán maidir le próiseas aistrithe scoileanna ó scoileanna meán-Bhéarla go scoileanna lán-Ghaeilge gur fiú a iniúchadh. Tá moltaí ann chomh maith maidir le hoideachas múinteoirí a bheidh mar chuid riachtanach d’fhorbairt sholáthair an tumoideachais. Moltar ach go háirithe breathnú ar chás na Breataine Bige agus ar phobal neamhspleách na mBascach mar dhea-eiseamláirí de sholáthar an tumoideachais. Bheadh sé inmholta ceangal a dhéanamh idir na leibhéil oideachais agus ceangal a dhéanamh idir na suíomhanna lán-Ghaeilge agus an pobal teanga taobh amuigh den scoil. Is fadhb í an t-easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge a shéanann an t-oideachas lán-Ghaeilge ó mhórchuid na bhfoghlaimeoirí sa stát. Tá líon na bhfoghlaimeoirí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge tite den chéad uair le 50 bliain. Impíonn muid ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge ar bhonn práinne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Dr. Aisling Ní Dhiorbháin as ucht an ráiteas tosaigh. Cén t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí i gceannas agus a tháinig ó SEALBHÚ?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

An tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé os ár gcomhair cúpla uair.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Is é a stiúir an píosa taighde seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Bhí ardmheas agam i gcónaí ar an méid oibre a bhíonn ar siúl ag SEALBHÚ. Níl a lán ceisteanna agam. Tá sé leagtha amach go soiléir anseo. Maidir leis an anailís atá déanta, breathnaíonn formhór na ndaoine ar an nGaeilge mar fhadhb. B’fhéidir go bhfuil sé níos cirte a rá go mbreathnaíonn an córas ar an nGaeilge mar fhadhb. Ní breathnaíonn cosmhuintir na tíre uirthi mar fhadhb ach níl na deiseanna ann dóibh.

Tá sé soiléir dúinn, ó na hagóidí taobh amuigh den Dáil agus na dreamanna a tháinig os ár gcomhair, go bhfuil éileamh ann agus nach bhfuil muid in ann an t-éileamh sin a shásamh. Is é sin an fhadhb. Bhí SEALBHÚ bainteach leis an gcomhairliúcháin ó thaobh an pholasaithe Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá muid go léir ag fanacht ar an bpolasaí sin. Tuigim go ndearna SEALBHÚ anailís faoi leith ó thaobh ionad Gaeilge laistigh de scoil Béarla. An féidir tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi sin?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Cinnte. Is é an rud a léiríonn an taighde ná, i gcomhthéacsanna ina bhfuil ionad nó aonad lán-Ghaeilge ceangailte le scoil Bhéarla, mar shampla, ní hionann é sin agus an tumoideachas. Is rogha eile é. Beidh sé sin an-tábhachtach agus an polasaí á dhréachtú ionas nach mbeidh daoine cineál measctha suas faoi sin. Bíonn roghanna eile ar fáil a chuireann na deiseanna foghlama na bhfoghlaimeoirí sa Ghaeilge i suíomhanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Nuair a bhíonn aonad ceangailte le scoil lán-Bhéarla, ní cruthaítear an timpeallacht shochtheangeolaíochta céanna. Tá samplaí de sin i ndlínsí eile cosúil leis na sruthanna lán-Fhraincise i gCeanada nó samplaí eile i Nua-Shéalainn. Ní bhíonn an sprioctheanga mar theanga cumarsáide na bhfoghlaimeoirí nó mar theanga cumarsáide na scoile. Bíonn deacrachtaí praiticiúla eile freisin maidir le háiseanna a roinnt agus mar sin de.

Leis an tumoideachas, bíonn pobal ar leith ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Déantar an gnó ar fad trí mheán na Gaeilge. Cé go mbeadh sé an-inmholta ar fad níos mó ábhar a theagasc trí Ghaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, rud ba chóir a bheith ag tarlú, agus tá sé sa curaclam, ní hionann é sin agus an tumoideachas. Is rogha difriúil atá ann. Is é sin an rud a deir an taighde. Sna cásanna sin, ní bhíonn na deiseanna céanna sealbhaithe teanga ag na foghlaimeoirí. Ní bhaineann siad amach, de ghnáth, an caighdeán céanna. Go príomha, áfach, ní bhíonn an sprioctheanga mar theanga cumarsáide na scoile sna comhthéacsanna sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil SEALBHÚ ag rá go bhfuil gá práinneach le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Níl aon dabht faoi. Tá gá leo ag gach leibhéal oideachais. Nuair a amharcann muid ar an oideachas luath-óige, tá bearna ollmhór ansin. Nuair a amharcann muid go hidirnáisiúnta, i bpobal neamhspleách na mBascach agus sa Bhreatain Bheag, mar shampla, cuirtear an tumoideachas ar fáil ó haois breithe suas go dtí an tríú leibhéal agus tá ag éirí leis. Tá ag éirí leis na teaghlaigh ansin a gcearta teanga a bhaint amach.

Faoi láthair, leis an réamhscolaíocht trí Ghaeilge, níl sé sin mar rogha ag mórchuid na ndaoine. Fiú dóibh siúd a bhfuil sé mar rogha acu, sa lá atá inniu ann agus cúraimí oibre orainn go léir, teastaíonn na seirbhísí oideachais agus luath-óige ar feadh an lae. Ag leibhéal na bunscoile, tá barraíocht éilimh ar na scoileanna. Níl spásanna ann agus bíonn deacrachtaí maidir leis an íomhá a chruthaítear faoin Ghaelscolaíocht dá bharr nuair nach bhfuil gach duine in ann spás a fháil sna scoileanna.

Mar is eol don choiste ar fad, tá bearna iomlán ag an iarbhunleibhéal. Tá an ráta aistrithe ag 50%. Níl aon áit ag na páistí le dul mar níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar rogha ag mórchuid de na páistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Ó mo thaithí féin mar mhúinteoir lán-Ghaeilge, d’oibrigh mise le rang a sé ar feadh ocht mbliana i nGaelscoil, áit a raibh an rogha ag na páistí dul chuig iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Bhí ráta aistrithe nach mór 100% againn de bharr go raibh an rogha acu.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bhí an rogha acu.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Sin é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is eiseamláir iad an dá thír a luaigh an Dr. Aisling Ní Dhiorbháin.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Go cinnte. Is iad sin an Bhreatain Bheag agus pobal neamhspleách na mBascach. I bpobal neamhspleách na mBascach, faoi láthair, tá breis agus 80% de pháistí ag freastal ar réamhscoileanna agus bunscoileanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Tá breis is 80% ag freastal ar bhunscoileanna agus réamhscoileanna trí mheán na Bascaise. Is iad na scoileanna a bhíonn ag teagasc trí mheán na Spáinnise a bhfuil an céatadán is lú páistí acu anois. Feiceann gach duine na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas agus, mar sin, bíonn na tuismitheoirí ag roghnú, den chuid is mó, mhúnla an tumoideachais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith an rud gur luaigh na finnéithe an íomhá éilíteach . D’fhreastail mo bheirt mac ar scoil lán-Ghaeilge ach bíonn an íomhá sin i gceist go bhfuil sí éilíteach.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Ní haon iontas é sin mar ní bhíonn na spásanna ann. I go leor scoileanna, má tá rang amháin ina bhfuil 31 spás, d’fheadfaí go mbeadh 20 siblín i gceist. Táthar ag caint ar dheich spás ina dhiaidh sin, go háirithe i gceantair plódaithe cosúil linn i mBaile Átha Cliath. Níl na spásanna ann.

Rinne SEALBHÚ píosa beag taighde eile, a bhí maoinithe ag COGG, maidir leis an taithí a bhí ag tuismitheoirí ilteangacha agus páistí ilteangacha – is páistí agus tuismitheoirí iad seo a labhraíonn teangacha baile atá éagsúil ón Ghaeilge agus Béarla – agus bhí an taithí chomh dearfach. Bheadh sé sin le moladh freisin go mbeadh feachtas feasachta mar dhlúthchuid d’fhorbairt an Ghaeloideachais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aonad Gaeilge faoi leith sa tír seo cosúil le Carn Tóchair sa Tuaisceart? Bhíomar ansin, áit a bhfuil scoil Béarla le haonad lán-Ghaeilge. Éacht i ndáiríre is ea é sa chomhthéacs. Cé mhéad aonad atá anseo? Tá dearmad déanta agam.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Níl mé cinnte faoi líon na n-aonad.

Dr. Jacqueline de Brún:

Ag caint faoi Charn Tóchair - is as an Tuaisceart dom féin - an rud atá ann faoi ná nach raibh an rogha acu. Is rud an-éagsúil é-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Jacqueline de Brún:

Tá níos mó daoine ag dul don Ghaeilge san aonad sin ná mar atá sa scoil Bhéarla. Go fóill, is Béarla teanga na scoile. Bíonn an príomhoide ag plé le cúrsaí scoile trí Bhéarla, agus bíonn an rúnaí ag plé le cúrsaí scoile trí Bhéarla. Má glaonn tú ar an scoil, caithfidh tú an comhrá ar fad a dhéanamh trí Bhéarla. Ní sin íomhá na Gaelscolaíochta. Bhí sé mar chritéir nuair a bunaíodh an aonad sin nach mbeidh siad ag bogadh as an scoil, cé go mb’fhearr leis an scoil go dtarlódh sé sin, b'fhéidir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Tá éacht bainte amach acu. Bhí cúiseanna faoi leith go raibh orthu aonad a bhunú.

Dr. Jacqueline de Brún:

Cinnte. Is sampla éagsúil é. Is eisceacht iomlán atá ann. Maidir leis an Stát, sílim go bhfuil ocht aonad luaite sna figiúirí agus sa taighde atá againn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil a fhios ag éinne cad is aonad ann?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Bhí mé díreach chun é sin a rá.

Dr. Jacqueline de Brún:

Sin ceann de na rudaí a tháinig amach sna haighneachtaí. D'iarr daoine go mbeadh sainmhíniú ann ar céard is aonad ann. Ní hionann aonad ó áit go háit. Is sampla é Carn Tóchair d'aonad nach bhfuil cosúil le haonaid ar bith eile. D'fhás sé isteach i rud difriúil ar fad. Níl sainmhíniú againn. Bhí sé sin mar cheann de na rudaí a d'iarr daoine sna haighneachtaí. Theastaigh uathu míniú ar céard is aonad ann, cad is sruth ann, agus cad is tumoideachas ann. Fiú ansin, níl an cleachtas céanna ann ó scoil go scoil. Ní bhíonn a fhios ag daoine cad go díreach atá i gceist. Níl polasaithe ann ag déanamh cur síos sainiúil ar na cleachtais sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh na Roinne de, an bhfuil siad oscailte maidir leis an gcomhairliúchán? Bhí neart cumarsáide ag an eagraíocht leis an Roinn Oideachais, nach raibh?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Bhí. Ceapaim go mbeidh lá ann i mí Mheán Fómhair le breathnú ar na moltaí atá ag an Roinn. Tá an-chuid polasaithe againn ar pháipéar cheana féin. Tá an straitéis 20 bliain againn, tá plean gníomhaíochta againn. Ag an bpointe seo, táimid ag iarraidh gníomh freisin. Tá sé an-tábhachtach gníomhú ar son an oideachas lán-Ghaeilge go práinneach. Tá páistí ag dul isteach sna naíonáin bheaga i mí Mheán Fómhair agus ní bheidh siad riamh sna naíonáin bheaga arís. Beidh an deis caillte ag na páistí sin foghlaim trí Ghaeilge agus beidh sé níos deacra orthu aistriú isteach in iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Bíonn dúshláin i gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na finnéithe dóchasach ó thaobh an polasaí nua atá ag an eagraíocht?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Táimid i gcónaí dóchasach. Tá an t-ádh linne; táimid ag obair le Gaeilge an t-am ar fad. Feicimid an oiread buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas. Táimid an-dáiríre faoi sin, ach teastaíonn gníomhú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Teastaíonn polasaí agus gníomhú, is dócha.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Polasaí maraon le plean straitéiseach. An deacracht atá ann ná go mbíonn polasaí againne, ach ní bhíonn a dhóthain ag tarlú ar an talamh. Ní leor polasaí. Nuair a fheicimid ar an mBreatain Bheag mar shampla, tá polasaí acu, ach i dteannta leis sin tá spriocanna agus tacaíocht acu. Tá siad ag súil faoi 2050 go mbeidh 40% de na scoileanna ag múineadh trí mheán na Breatnaise. Teastaíonn polasaí, ach teastaíonn na tacaíochtaí freisin. Feicimid é sin in áiteanna eile: chomh maith leis an tumoideachas a chur i bhfeidhm, bíonn daoine fostaithe go lánaimseartha le tacú le scoileanna aistriú agus a bheith ag teagasc trí mheán na sprioctheanga.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir mar a thiugim, rud dearfach amach is amach is ea an polasaí oideachas do scoileanna sna Gaeltachtaí, go teoiriciúil ar aon nós.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Sílim go bhfuil.

Dr. Jacqueline de Brún:

Cinnte. Fostaíodh daoine agus tá cuid mhór oiliúint ar fáil do mhúinteorí. An rud is mó ná go dtugadh muinín do phobal na Gaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an polasaí sin thar a bheith tábhachtach ós rud é go raibh polasaí i bhfeidhm don chéad uair.

Dr. Jacqueline de Brún:

Gan amhras ar bith. Cuireadh i bhfeidhm é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin an rud.

Dr. Jacqueline de Brún:

Is í sin an chéad chéim eile. Caithfimid a chinntiú le polasaí den cineál seo go mbíonn cur i bhfeidhm i gceist, go mbíonn an chéad chéim eile ann, agus nach rud ar pháipéar atá ann, mar a dúirt Aisling Ní Dhiorbháin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha go bhfuil gá le polasaí atá cuimsitheach agus a thuigeann cé chomh tábhachtach is atá an tumoideachas.

Dr. Jacqueline de Brún:

Cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé cinnte go bhfuil an tuiscint sin ann maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an tumoideachas, nó an bhfuil?

Dr. Jacqueline de Brún:

Is dócha gurb é sin an fáth go mbíonn taighde mar seo ann. Bíonn sé thar a bheith suimiúil bheith ag féachaint ar na dlínsí eile. Tá torthaí iontacha dearfacha ag teacht amach as na cleachtais i dtíortha eile. Tá muid ag iarraidh go dtabharfadh sé sin muinín dúinne le rá nach bhfuilimid sa dorchadas. Tá bealach chun tosaigh anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar bhreathnaigh an eagraíocht ar deich dlínse?

Dr. Jacqueline de Brún:

Deich dlínse. Bhí sé iontach suimiúil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach ina measc.

Dr. Jacqueline de Brún:

Is dócha gurb iad siúd an dá cheann is fearr.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Is iad sin an dá eiseamláir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoi Cheanada?

Dr. Jacqueline de Brún:

An rud atá ann faoi Cheanada ná nach mionteanga í an Fhraincis. Ar bhealach tá sé sin difriúil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní mionteanga í an Ghaeilge ach an oiread.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Nuair a fheicimid air go domhanda, is mórtheanga í an Fhraincis. Déanann sé sin difríocht. Leis an mBascais agus leis an mBreatnais, tá níos mó cosúlachtaí eadrainn. Is féidir linn foghlaim ó na dlínsí sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céárd iad na tíortha eile?

Dr. Jacqueline de Brún:

Is iad sin an dá áit is mó a bheadh cosúil linne agus ina bhfuil an-rath ar an tumoideachas. Is iad sin an dá áit is fearr le breathnú orthu nó le bheith ag foghlaim uathu.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh na finnéithe go bhfuil 80% de na pobalscoileanna i dTír na mBascach ag leibhéal na bunscoile. Cad a tharlaíonn ag leibhéal na meánscoile?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Tá na figiúirí fós ard go leor. Is iad na haoisghrúpaí atá acu i dTír na mBascach ná an cúram luath-óige, an bhunscolaíocht agus an iarbhunscolaíocht. Tá rogha ag an tríú leibhéal freisin. Déanann sé sin difríocht. Is féidir a fheiceáil ó thorthaí an chomhairliúcháin go mbíonn tuismitheoirí buartha ag leibhéal na hiarbhunscoile go mbeidh deacracht ag a bpáistí leis an téarmaíocht ag an tríú leibhéal. Is gá breathnú ar an bpictiúr ar fad. Is féidir linn na staitisticí cruinn a chur chuig an gcoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé spéisiúil gur luaigh na finnéithe gur ceann de na fáthanna go bhfuil titim ann ná nach mbíonn dóthain spáis ann. Sa tír seo, nuair a shroicheann páistí 12 bliain d'aois, bíonn tuismitheoirí ag smaoineamh go bhfuil an Ghaeilge go hiontach ach nach mbeidh sí mar chuid den ollscolaíocht acu. Uaireanta déanann siad an cinneadh sin i ndiaidh na meánteistiméireachta, nó pé ainm atá air anois. Bíonn an cinneadh sin bunaithe ar an easpa cúrsaí Gaeilge ar leibhéal na hollscoile. Mar choiste, má táimid fós ann, beimid ag díriú isteach ar an easpa cúrsaí atá ar fáil ag an tríú leibhéal. Má tá níos mó cúrsaí ar fáil, déanfaidh sé sin daoine a mhealladh chuig an teanga.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Gan dabht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam. Tiocfaidh mé ar ais chuig an ábhar sin, b'fhéidir. Scríobh Éireannach chugam inné ó Cheanada. Dúirt liom go mbíonn, i roinnt ceantair i gCeanada, lá amháin ag na daltaí tríd an Fhraincis agus lá eile i mBéarla. Is é sin an bealach ina gcuireann siad an tumoideachas ar fáil sa dá theanga. Ba cheart go mbeadh gach uile múinteoir ar ardchaighdeán sa dá theanga ionas go mbeidís in ann léim ó theanga amháin go dtí teanga eile. Nuair atá na daltaí críochnaithe, tá siad líofa sa dá theanga i ngach uile ábhar. Tá stair acu sa Fhraincis ar lá amháin agus sa Bhéarla ar lá eile.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Tá sé sin acu san Fhionlainn freisin. Tá cur chuige ilteangach acu. Bíonn múinteoir amháin ag múineadh ábhar áirithe agus múinteoir eile ag múineadh ábhar eile agus ansin déanann siad malartú. Mar sin, bíonn deis ag an dalta ábhar a fhoghlaim tríd an tSualainnis agus tríd an Fhionlainnis.

Níl an sprioctheanga in úsáid sa chlós, mar shampla. Cé go gcuireann sé go mór leis na deiseanna foghlama atá ag na daltaí, ní hionann sin agus an tumoideachas ó thaobh úsáid na teanga taobh amuigh den rang.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go raibh daoine á lua sa díospóireacht go bhféadfaí ábhar eile a mhúineadh i nGaeilge nó í a úsáid sa chlós. Tá sé sin níos fearr ná faic ach níl ach 30 nóiméad i gceist agus ní tumoideachas é.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Tá sé i bhfad níos fearr ná faic, mar a dúirt tú. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh ábhar eile nó cuid d'ábhar eile á theagasc trí Ghaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Béarla. Bheadh sé sin an-tábhachtach ar fad agus tá an-chuid fianaise le rá go gcuirfidh sé sin leis na deiseanna foghlama atá ag na páistí a fhreastalaíonn ar scoileanna trí mheán an Bhéarla, ach ní hionann sin agus an tumoideachas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An buncheist atá ann ná seo: an gcreideann na finnéithe go bhfuil ceart dlíthiúil ag daltaí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Faoi láthair?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceart nó nach bhfuil ceart?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Ba cheart.

Dr. Jacqueline de Brún:

Ba chóir go mbeadh ceart.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An gcreideann na finnéithe go bhfuil ceart acu? An fáth go bhfuil mé ag cur an cheist ná go gcreidimse go bhfuil ceart acu, ach níl éinne tar éis dul chuig na cúirte agus é sin a shoiléiriú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fós.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fós. Dá ndéanfadh siad é sin, bheadh ar an Stát bogadh; is cuma cén polasaí atá acu. Bheadh ar an Stát an soláthar sin a dhéanamh láithreach do gach uile tuismitheoir. B’fhearr nach gá iad a bhrú chun é sin a dhéanamh ach go dtarlódh sé go huathoibríoch, ach measaim gurb é sin an treo le dul. Táimid ag déileáil le daltaí atá ag fágáil na bunscoile agus nach bhfuil aon áiteanna dóibh i nGaelscoileanna. Tá orainn áiteanna a chruthú dóibh. Baineann an pointe céanna leis na naíscoileanna. Dá mbeadh na háiteanna sin ar fáil, bheadh loighic ceart i ngach cuid den chóras. Bheadh a fhios againn má tá 300 páiste i gceantar ar leith ag freastal ar réamhscoil, caithfear méid áirithe áiteanna a bheith ann sna bunscoileanna. Tá sé sin ag déanamh neamhaird ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna Béarla nó ar nurseries atá ag iarraidh dul isteach go dtí scolaíocht trí Ghaeilge chomh maith. Mura dhéanann an Stát sin, tá an t-ualach orainne mar dhíograiseoirí nó mar ghníomhairí Gaeilge an ceart sin a chruthú. Tharla sé seo le reachtaíocht a cuireadh i bhfeidhm in 2004, an Education for Persons with Special Educational Needs Act 2004. Is cuimhin liom a bheith i láthair ag an gcoiste agus muid ag déileáil leis. Cruthaíodh ceart do pháistí assessment of needs a fháil. Níl sé de cheart acu aon rud eile a fháil, ach thóg roinnt dlíodóirí cás agus bhuaigh siad é. Is féidir le páistí assessment of needs a fháil, ach ní féidir leo aon rud eile a fháil - is é sin an drochrud faoi. Níor chóir go mbeadh orainn dul an bealach seo ach measaim gur gá. Sin an t-aon bhealach uaireanta leis an Stát a bhrú chun an ceart atá ann a shásamh. Rinne mé m’aighneacht féin don rud seo ach ní fheicim go nglacfaidh siad leis. Beidh sé spéisiúl céard a thiocfas amach.

Céard iad na deacrachtaí is mó a bhíonn ann nuair atá daltaí ag athrú isteach i meánscoil lán-Ghaeilge nuair atá siad thart ar 12 bliain d'aois? Céard iad na deacrachtaí is mó a bhíonn acu ag an aois sin nó an cuma cén aois a dhéanann dalta an tumoideachas?

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

B'fhearr tosú ón tús, má tá an rogha sin ag an tuismitheoir, dár ndóigh. Níl aon cheist faoi sin. Nuair atá páistí beaa ag freastal ar réamhscoil lán-Ghaeilge, forbraíonn siad an-chuid scileanna tuisceana agus éisteachta. Bíonn siad cineál chun tosaigh ansin agus iad ag tosú ar an mbunscoil. Fiú mura bhfuil an-chuid Gaeilge á labhairt acu go fóill, tá an-dul chun cinn déanta acu. Más féidir tosú ón tús - sé seachtaine nó sé mhí - sin is fearr. Nuair a bhíonn foghlaimeoirí níos sine, bíonn straitéisí eile, ar nós straitéisí cognaíocha, níos forbartha acu a chabhraíonn leo agus iad ag foghlaim teangacha. Nuair a athraíonn páiste ó scoil trí mheán na Béarla go dtí scoil lán-Ghaeilge, bíonn dúshláin i gceist ó thaobh an teanga cumarsáide a shealbhú, ó thaobh labhairt le comhscoláirí agus ó thaobh teanga an curaclam freisin. Tá ualach oibre i gceist ansin. Bíonn dúshláin ansin agus bíonn tacaíocht sa bhreis de dhíth. Feicimid uaireanta i gcuid de na ceantair eile go gcuireann siad tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí atá ag aistriú isteach i scoil tumoideachais. Tá sé spéisiúil san Fhionlainn agus sa Bhreatain Bheag, mar shampla, go mbíonn dianchúrsaí ar siúl d'inimircigh le cabhrú le foghlaimeoirí caighdeán áirithe a bhaint amach sa sprioctheanga, ionas go mbeidh siad ábalta dul i ngleic le foghlaim an curaclam ansin. Is fiú smaoineamh ar na straitéisí le cabhrú le foghlaimeoirí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mise críochnaithe. Is léir go bhfuil sé soiléir dúinn ar fad nach bhfuil go leor scoileanna ann cheana féin.

Dr. Jacqueline de Brún:

Ba mhaith liom rud eile a chur leis an mhéid atá ráite faoin iarbhunscolaíocht. Is dócha gurb é ceann de na deacrachtaí móra ná soláthar múinteoirí. Is rud é sin nár thógamar ar bhord go dtí seo. Tháinig sé aníos cuid mhór sna ceisteanna agus na haighneachtaí nach bhfuil na múinteoirí ann. Cé gur nóta dearfach é gur cuireadh cúrsaí sa bhreis ar fáil le gairid, ní leor é. Tá sé le feiceáil nach bhfuil na múinteoirí ann. Tá scoileanna ag caint faoi straitéisí difriúla, mar shampla daoine a thabhairt isteach go digiteach, agus faoi bhealaí éagsúla le hábhair áirithe a theagasc. Níl múinteoirí ar fáil do na scoileanna le haghaidh na hábhair sin. Tá siad ag iarraidh go mbeidh cothrom na Féinne ag na daltaí i réimse leathan ábhair. Níl bealaí eile acu leis sin a chur ar fáil dóibh. Is dúshlán eile le réiteach atá ansin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith an rud é go bhfuil sé sin ráite ag an Dr. de Brún. Mar a dúirt na finnéithe, is gá a fhógairt go soiléir nach bhfuil Gaeilge ag na tuismitheoirí nó caomhnóirí uilig. An féidir leis na finnéithe tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin mar uaireanta bíonn imní ar thuismitheoirí? Tá neacht agam agus níl Gaeilge aici ach tá sí ag iarraidh a iníon a chur chuig scoil lánGhaeilge. D'iarr sí orm céard gur féidir léi a dhéanamh ós rud é nach bhfuil Gaeilge aici. Is maith an rud é go bhfuil sé sin luaite ag na finnéithe, ach b'fhéidir go mbeadh níos mó sonraí acu dúinn. Tá gá le neart tacaíocht do na tuismitheoirí.

Dr. Jacqueline de Brún:

Is dócha gur sin ceann de na rudaí móra a chuireann bac ar dhaoine ó thaobh Gaelscoileanna de. Tá siad buartha nach mbeidh siad in ann freastal ar a bpáistí nó tacaíocht a thabhairt dóibh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go háirithe ó thaobh obair bhaile de.

Dr. Jacqueline de Brún:

Tá na scoileanna ullmhaithe do sin, tá straitéisí acu ó bheith ag plé le tuismitheoirí. Tá gach rud ag teacht le chéile. Mar chuid den oiliúint a fhaigheann múinteoirí, taispeántar dóibh conas déileáil le tuismitheoirí agus iad a choinneáil ar bord. Tá straitéisí acu leis na daltaí a ullmhú a oiread agus is féidir i láthair na scoile ionas go mbeidh siad in ann an obair a dhéanamh go neamhspleách sa bhaile agus na tacaíochtaí breise sin a chur i bhfeidhm. Bhí cuid mhaith cainte faoi imeachtaí iarscoile, clubanna obair bhaile agus rudaí den chineál sin le tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus fosta le tuismitheoirí a choinneáil ar bhord. Bíonn tuismitheoirí ag iarraidh bealaí agus straitéisí le tacú lena gcuid páistí. Má bhíonn tacaíocht sa bhaile, tá a fhios againn uilig mar mhúinteoirí go mbíonn caighdeán níos airde ag na daltaí. Tá rudaí ann a bhaineann le coincheap nach mbaineann le teanga, mar shampla sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Le rudaí mar sin, is féidir le tuismitheoirí a bheith ag tacú lena bpáistí; is cuma cén teanga atá i gceist. Fiú sna luathbhlianta, is féidir leat rannta agus rímeanna a léamh le do pháistí i do rogha theanga. Is cuma faoin teanga mar go bhfuil an coincheap mar an gcéanna. In amanna síleann daoine go bhfuil siad ag cur isteach ar theanga na scoile más rud é go ndéanann siad rudaí i bhFraincis nó i bPolainnis. Ní fíor é sin. Tá siad ag cur leis an eolas atá ag an dalta agus leis an traschur sin. Tá straitéisí mar sin gur féidir a mhíniú do thuismitheoirí agus caithfear é sin a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luamar an cogadh ó thaobh na díolúintí de.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Sin ábhar imní an-mhór dúinne.

Táimid thar a bheith buartha faoi agus thar a bheith trína chéile faoi mar go bhfeicimid go bhfuil páistí fágtha ar lár níos mó agus níos mó ó thaobh foghlama an churaclaim de. Téann sé go hiomlán i gcoinne churaclaim teanga na bunscoile. Is gá breathnú air sin.

Dr. Jacqueline de Brún:

Muidne atá ag obair in ionaid ag tabhairt oiliúna do mhúinteoirí nua, caithfimid smaoineamh go mbeidh daoine de dhath dúnta amach toisc go bhfuil díolúintí acu agus nach ndearna siad Gaeilge. Mar sin ní bheidh áit acu i leithéidí Choláiste Phádraig le foghlaim an bealach le bheith ina múinteoir. Tá impleachtaí móra ansin don saol agus do na deiseanna a bheidh ag daoine don saol. Tá sé tromchúiseach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh tú go bhfuil an tumoideachas oiriúnach do pháistí a bhfuil constaicí ar leith acu.

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Cinnte.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní dhéanann sé aon difríocht. Nuair a bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os ár gcomhair faoi cheist na ndíolúintí, sin pointe a rinne sé go h-an soiléir. Ní hé gur cuma céard iad na riachtanais ach nach bhfuil foghlaim teanga i gceist agus nár chóir go mbeadh sé i gceist maidir le déileáil le riachtanais bhreise scoile.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn agus an cheist seo a phlé linn. Gabhaim buíochas leis an Dr. Aisling Ní Dhiorbháin agus an Dr. Jacqueline de Brún as an cúnamh a thug siad dúinn inniu. Táimid ag gabháil go fóill le ceisteanna oideachais agus beidh an tAire Oideachais os ár gcomhair ar 5 p.m. ar an 25 Meán Fómhair. Fuaireamar geallúint eile uaithi agus coinneoimid anseo í go dtí meánoíche más gá le ceisteanna difriúla a chur uirthi.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má dhéanfaimid sin, beidh cás cúirte againn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá réimse mór fada d'ábhar ó thaobh cúrsaí oideachais Gaeilge le hardú againn léi. Beidh mé an-chrosta leis na Teachtaí agus na Seanadóirí mura bhfuil siad díreach agus dírithe ar an Aire. Beidh orainn cruinniú a bheith againn roimh ré.

Tá an cruinniú seo críochnaithe. Tiocfaimid ar ais ag an gceist sin arís. Ní bheidh cruinniú eile againn go dtí mí Mheán Fómhair, so beimid ag déileáil leis ansin. Beidh an roghchoiste ag déileáil le Bille Údarás na Gaeltachta thart ar an am sin chomh maith. Tá an coiste seo ar athló go dtí am éigin i mí Mheán Fómhair.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.30 p.m. sine die.