Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 June 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Iarraim ar na comhaltaí suí sna háiteanna cuí agus na dualgais achair shóisialta a choimeád eatarthu.
Déanfaimid ár mbreithniú ar na hábhair seo: múinteoirí nuacháilithe agus a gcaighdeáin Gaeilge, deontais le hábhar oidí a thabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint agus leanúint leis an athbhreithniú ar churaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2. Cuirim fáilte roimh an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, agus roimh oifigigh ón Roinn: an Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta; Martin McLoughlin, príomhoifigeach; agus Evelyn O'Connor in aonad beartais curaclaim agus measúnachta agus gabhaimid ár mbuíochas leo as teacht anseo chun labhairt linn agus chun cúnamh a thabhairt dúinn inniu.
Ba mhaith liom a thaifeadadh freisin go bhfuil na finnéithe lonnaithe is Seomra na Dála linn le linn an chruinnithe seo agus a chur ar bhur n-aird go bhfuil na finnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo, más ann dóibh. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.
Bhí dhá ábhar eile ar mhaith linn trácht a dhéanamh orthu freisin agus cuireadh an tAire ar an eolas fúthu, is iad rún a glacadh ag cruinniú dár gcuid an 10 Meitheamh
2021 ag éileamh ar an Aire polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ó réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt laistigh de bhliain agus gur cóir próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí seo a fhorbairt agus an nós a chruthú maidir le forbairt polasaí oideachais le go mbeadh aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí agus le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúcháin seo. Is é cás na mbunscoileanna Ghaeltacht Uíbh Rathaigh i gContae Ciarraí an t-ábhar eile, cás ina bhfuil an comhchoiste tar éis scríobh chuig an Aire cúpla uair roimhe seo. Tá sé sin aontaithe againn agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Más mian leis an Aire cúpla focal a rá ag an tús is féidir léi, nó is féidir leis na comhaltaí ceisteanna a chur maidir le haon cheann de na hábhair sin, nó an bpléifimid na hábhair i ndiaidh a chéile?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is cuma liom, a Chathaoirligh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabh ar aghaidh mar sin, le do thoil, a Aire.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
A Chathaoirligh, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste uile ar dtús as an deis, mar Aire Oideachais, teacht os a gcomhair inniu chun trí thopaic a bhaineann le múineadh na Gaeilge a phlé agus chun cuidiú le haon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agaibh. In éineacht liom inniu tá triúr oifigeach ó mo Roinn: Treasa Kirk, príomhchigire cúnta; Evelyn O’Connor agus Martin McLoughlin, príomhoifigeach.
Roimh chruinniú an lae inniu, chuir mo Roinn nóta faisnéise ar fáil mar chúnamh do bhaill an choiste. Tugann an nóta sin forléargas ar raon forbairtí a bhaineann leis na topaicí atá le plé inniu maidir le hoideachas múinteoirí agus an curaclam ardteistiméireachta nua.
Mar Aire Oideachais, tá freagracht ormsa polasaí oideachais a leagan síos agus ceann de na príomhspriocanna atá leagtha amach i ráiteas straitéise a d’fhoilsigh mo Roinn le déanaí ná tacú le hoideachas ar ardchaighdeán a sholáthar agus an t-eispéireas foghlama a fheabhsú chun freastal ar riachtanais gach dalta i scoileanna agus i suíomhanna luathbhlianta.
Mar is eol do na baill, tá An Chomhairle Mhúinteoireachta freagrach, mar rialtóir do ghairm na múinteoireachta, as na caighdeáin do chláir oideachas tosaigh múinteoirí a athbhreithniú agus a leagan síos agus as múinteoirí nua-cháilithe a chlárú.
Tá mo Roinn tiomanta le fada do cháilíocht an teagaisc agus na foghlama inár scoileanna, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 mar pholasaí uileghabhálach tras-rialtas comhtháite don Ghaeilge, agus tá neartú na Gaeilge mar chuspóir lárnach inti. Cuireann plean gníomhaíochta cúig bliana don Ghaeilge cur chuige comhtháite chun cinn don Ghaeilge, atá de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr. Tá sé mar phríomhaidhm ag polasaí mo Roinne don oideachas Gaeltachta cáilíocht an oideachais trí mheán na Gaeilge a fheabhsú chun freastal ar riachtanais theangeolaíocha agus oideachais daltaí agus chun tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail scoileanna Gaeltachta. Tá mo Roinn tiomanta oibriú, trí chomhoibriú idir-rannach chun an raon gníomhaíochtaí oideachas ábhartha atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus sa chlár an Rialtais a bhaint amach.
Agus mé ag díriú anois ar na topaicí ar leith atá le plé inniu, is mian liom tosú trí aird a dhíriú ar roinnt de na tosaíochtaí agus na forbairtí polasaí a tharla le blianta beaga anuas nó atá ag tarlú faoi láthair, lena chinntiú go mbíonn leibhéal maith inniúlachta Gaeilge ag ár múinteoirí.
Le blianta beaga anuas, tá síneadh curtha le fad gach clár oideachas tosaigh múinteoirí, OTM, le fad na gclár fochéime sínithe go ceithre bliana ar a laghad agus fad na gclár iarchéime sínithe go dhá bhliain. Cruthaíonn sé seo deis do mhúinteoirí faoi oiliúint níos mó ama a chaitheamh ar shocrúchán scoile, agus ar shocrúchán Gaeltachta freisin, agus tá síneadh curtha leis na riachtanais don socrúchán Gaeltachta ó thrí seachtaine go ceithre seachtaine.
As members may be aware, the Teaching Council reviewed and recently published updated standards in Céim: Standards for Initial Teacher Education, ITE, in late 2020. These revised standards contain some further, notable changes towards strengthening the standards in Irish in ITE programmes. Having relatively high minimum entry requirements in the core subject areas of Irish, English and Mathematics is one of the key policy levers that help ensure quality teaching and learning in primary schools. Following recommendations in the literacy and numeracy strategy and having considered advice provided by the Teaching Council, the Department of Education has in recent years raised the minimum entry requirements in Irish for the Bachelor of Education and the professional Master of Education ITE programmes.
There are now new revised subject criteria for post-primary, published by the Teaching Council in late 2020.
A common set of criteria now applies in the revised subject criteria for all languages, which includes a revised, strengthened, residency requirement set for persons seeking to register to teach languages, including Irish.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh, de bheith ag cur isteach ar an Aire-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceart go leor.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----ach ní thuigim an fáth go bhfuilimid athraithe go Béarla. An bhfuil fáth nó cúis leis sin?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an ráiteas tosaigh go hiomlán i nGaeilge agus i mBéarla agus is de rogha an Aire í Gaeilge nó Béarla a úsáid.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá idir Bhéarla agus Ghaeilge á n-úsáid agam.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá aistriúchán ar fáil ag an Teachta.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim agus tá sé agam i nGaeilge. Déanaimid ár gcuid oibre trí Ghaeilge. Tá sé deacair go leor dúinn agus anois táimid ag feidhmiú trí Bhéarla. Ní thuigim cén fáth.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní féidir liom cosc a chur ar dhuine labhairt as Béarla.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim. Táim ag iarraidh soiléiriú.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is de rogha an duine féin é.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is í an rogha atá glactha ag an Aire ná labhairt as Béarla.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Anois, beidh mé ag labhairt as Gaeilge agus leanfaidh mé ar aghaidh mar sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Creidim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaimis cainteoirí dúchais Gaeilge agus scoláirí a bhfuil cónaí orthu i gceantair Ghaeltachta agus a bhfuil ardchumas acu sa teanga a mhealladh le bheith ina múinteoirí. Chun é seo a bhaint amach, tá soláthar ann le fada inar féidir suas le 10% d’áiteanna ar an gclár Baitsiléir Oideachais trí mheán an Bhéarla sna ceithre Institiúid Ardoideachais do bhunmhúinteoirí a chur in áirithe d’iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht oifigiúil agus arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga baile.
Maidir le ceist an tsoláthair múinteoirí, tá roinnt forbairtí ann a bhaineann le líon na múinteoirí Gaeilge ag an iar-bhunleibhéal a mhéadú agus leis an soláthar múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú. Tá roinnt gníomhartha á gcur i bhfeidhm faoin bpolasaí don oideachas Gaeltachta chun cur leis an soláthar agus le cumas Gaeilge múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile ar féidir leo múineadh trí mheán na Gaeilge ag na leibhéil fochéime agus iarchéime araon. Ina measc seo tá Baitsiléir Oideachais nua ceithre bliana trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile le critéir bhreise iontrála agus fágála Gaeilge a thosaigh in Institiúid Oideachais Marino le déanaí agus tá Máistreacht Oideachais nua dhá bhliain trí mheán na Gaeilge san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le critéir bhreise iontrála agus fágála Gaeilge do mhúinteoirí agus do phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile a thosaigh i gColáiste Mhuire gan Smál in 2018.
Tá roinnt tacaíochtaí maoinithe eile á dtairiscint don oideachas lán-Ghaeilge tríd an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Mar shampla, cuireann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, COGG, deontais ar fáil agus tá gníomh breise pleanáilte do chlár iar-bhunoideachais á chur chun cinn ag mo Roinn faoi láthair.
Tuigim go maith na deacrachtaí a bhíonn ag roinnt iar-bhunscoileanna agus iad ag iarraidh poist teagaisc don Ghaeilge a líonadh.
Tiontóidh mé ar an mBéarla anois. Following on from the publication of the teacher supply action plan, since 2019 higher education institutions, HEIs, have put in place a number of new four-year undergraduate initial teacher education, ITE, programmes, which aim to increase the supply of post-primary teachers of targeted subjects, including Irish. These programmes provide 120 new places for students annually who on graduation will be qualified to teach Irish in post-primary schools with the first graduates expected in 2023.
In addition to the new four-year programmes, the Department of Education is currently planning for the introduction during 2021-22 of a new flexible programme to upskill post-primary teachers to teach Irish. I am also pleased that a new level 9 part-time certificate course for post-primary subject teachers in Irish-medium schools, aonaid lán-Ghaeilge or Gaeltacht schools, has recently commenced in Mary Immaculate College.
We must also provide flexible shorter-term supports to allow our teachers maintain and improve their standard of Irish on an ongoing basis. I am pleased to say that these supports are available through our national teacher education support services, courses in local education centres and through the provision of summer courses for primary teachers.
Baineann an dara mír ar chlár oibre an lae inniu leis na deontais do mhúinteoirí faoi oiliúint chun tabhairt faoi na socrúcháin foghlama sa Ghaeltacht atá mar chuid dá dturas foghlama. Mar Aire, bhí an-áthas orm go raibh ar mo chumas i mbuiséad na bliana seo soláthar a dhéanamh chun an deontas Gaeltachta a thabhairt ar ais chun tacú le mic léinn agus iad ag íoc as costais an tsocrúcháin Gaeltachta. This provision also included an additional €2 million in Gaeltacht grant funding in 2021 towards the cost of placements postponed from 2020 as a result of Covid-19 restrictions. The rate of the grant for 2021 was set at an average of €650 which covered the cost of undertaking a two-week online programme. Due to the prevailing public health guidelines which made it impossible to have the normal Gaeltacht placement experience it was clear that an alternative had to be found for those students affected to enable them complete their teacher education programme and graduate as planned. This alternative, which was developed in collaboration with all of the relevant stakeholders, was an adaptation of the existing Gaeltacht course and delivered online by Gaeltacht Colleges. Cé gurbh é an chéad rogha do gach duine a raibh baint acu leis seo ná freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht mar a bhíodh i gceist go traidisiúnta, is mian liom tréaslú leis na páirtithe go léir, go háirithe na coláistí Gaeltachta agus na hinstitiúidí ardoideachais, as teacht le chéile ar réiteach chomh tapa sin ionas go bhféadfadh mic léinn riachtanais an chláir oideachais múinteoirí a chomhlíonadh agus a mbliain acadúil a chríochnú.
As members will be aware, the National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, has opened the consultation process on the new L1 and L2 leaving certificate curriculum draft subject specifications for Irish. Mindful of the challenging circumstances the education sector is facing due to Covid-19, the NCCA council has recently decided to extend the period for consultation on draft subject specifications and it will now run until the end of November 2021.
Mar fhocal scoir, ní mian liom athrá a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá leagtha amach sa nóta faisnéise a cuireadh ar fáil. Táim sásta, áfach, aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag comhaltaí a fhreagairt agus, má tharlaíonn nach féidir liom ceist ar leith a fhreagairt, beidh mé sásta a shocrú go gcuirfidh na hoifigigh i mo Roinn cibé eolas breise is gá ar fáil. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Pléifimid leis an gcéad ábhar ar dtús maidir leis na múinteoirí nua-cháilithe, caighdeáin Ghaeilge agus na deontais d'ábhar oidí tabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht ar feadh leathuair an chloig nó mar sin agus ansin más féidir linn casadh ar an dara cuid den chruinniú faoi churaclam nua na hardteistiméireachta T1 agus T2, má oireann sé sin leis na comhaltaí, mar is í sin an tslí a leagadh an méid sin amach i ráiteas an Aire.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá beagáinín - níl a fhios agam cén focal ba cheart dom a úsáid - go bhfuil an ráiteas ón Aire i mBéarla agus i nGaeilge. Ní thuigim cén fáth atá leis sin. Táimid ag streachailt anseo leis an obair a dhéanamh i nGaeilge agus anois tá m'intinn measctha suas idir dhá theanga. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir an teachtaireacht atá á cur trasna ach fágfaidh mé ansin é.
Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis na feidhmeannaigh as bheith os ár gcomhair. Bhí cuid acu anseo coicís ó shin. Tá sé an-chabhrach dúinn.
Maidir le múinteoirí nua-cháilithe, na caighdeáin Ghaeilge agus deontais d'ábhar oidí, fáiltím go bhfuil an deontas ar ais. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.
Maidir leis sin, tá suim phearsanta agam mar tá duine gaolta liom i mbun cúrsa a dhéanamh. Níor éirigh leo freastal ar an nGaeltacht an bhliain seo agus tá a fhios agam go ndearna siad ar líne é agus bhí sé go maith. An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn deis a thabhairt do na daltaí sin? Ní ag caint faoin mbliain seo chugainn atáim mar go mbeidh siad ag freastal ar an nGaeltacht mar chuid den dara bliain, ach an bhfuil aon phleananna ag an Aire deis freastail ar an nGaeltacht a thabhairt dóibh siúd a chaill an t-eispéireas sin?
Uimhir a dó, fáiltím roimh an ráiteas agus an nóta faisnéise agus tá sé léite agam. Tá a fhios agam go bhfuil neart oibre á dhéanamh ag an Roinn. Níl sé i gceist agam dul isteach sna céimeanna atá tugtha ag an Roinn chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí ann maidir le heaspa múinteoirí le hinniúlacht sa Ghaeilge agus caighdeáin na Gaeilge. Cén uair a cheapann an Roinn a mbeidh toradh le feiceáil ar na céimeanna dearfacha seo? Cén bhliain a bheimid in ann a rá go mbeidh dóthain múinteoirí ann le hinniúlacht sa Ghaeilge agus caighdeán ard acu chun freastal ar an éileamh? Tá sé deacair mar tá ábhar an chruinnithe deighilte ach beimid ag teacht ar ais go dtí T1 agus T2. An mbeimid in ann caint faoin ráiteas straitéise anois?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Má bhaineann sé leis an abhar atá i gceist, beimid, mar beidh cúpla rud eile ag an deireadh maidir le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an rún a ritheamar faoin-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an ráiteas straitéise, b'fhéidir go mbeidh deis ag an Aire nó ag duine de na feidhmeannaigh déileáil leis an ábhar seo.
Is rud thar a bheith ginearálta í an straitéis agus luíonn sé sin le réasún mar straitéis. Maidir le hoideachas do dhaoine óga, níl béim ar leith sa straitéis sin do ghasúir óga nó b’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Ba mhaith liom, más féidir díriú isteach ar luathoideachas réamhscolaíochta mar tá sé sin thar a bheith tábhachtach mar tá sé luaite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Baineann sé seo, de réir mar a thuigim, leis na scoileanna lasmuigh de na Gaeltachtaí agus níl aon rud sa straitéis faoi seo. Tá dhá thagairt do luathoideachas agus b’fhéidir go bhfuil sé ansin.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar dtús, táim ag déanamh gach iarracht inniu úsáid a bhaint as an nGaeilge. Tá a fhios agam nach mbeidh an Ghaeilge agam chun freagraí iomlána a thabhairt don Teachta agus do na comhaltaí eile anseo. Beidh orm, mar sin, úsáid a bhaint as an mBéarla agus as an nGaeilge. Táim ag déanamh iarrachta-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim leithscéal an Aire ach ní raibh a fhios agam an méid sin. Ní raibh mé ag iarraidh an tAire a náiriú ar chor ar bith. Cheap mé go raibh an Ghaeilge ag an Aire ó dhúchas agus rinne mé botún. Gabh mo leithscéal arís.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ná habair é. Maidir leis na deontais, from the point of view of the grants, and I acknowledge and appreciate that the Deputy has said gur maith an rud é go bhfuil siad ar ais, that it is good that they are back. It was an extraordinary achievement le linn na paindéime, to be able to provide oideachas ar líne for students. The Deputy will note that I acknowledged initially that it was most definitely the preference of the students themselves to have the experience in the Gaeltacht. Under restrictions and so forth that was not possible and measures had to be found.
I appreciate the point made by the Deputy that nothing takes the place of that one-to-one experience on-the-ground. It was an achievement to facilitate the completion of education degrees for some students by offering the opportunity online. As to students who have missed out on opportunities going forward, beidh mé sásta, I will be happy to look to see what we might be in a position to do.
On the positive steps sa todhchaí and when we will actually see them flourish and see their benefits, in the first instance, I appreciate that the Deputy has acknowledged that there have been some very significant steps taken in improving the caighdeán or the standard in Irish for newly-qualified teachers in the setting of very high standards. Mar Aire Oideachais it is the aidhm or cuspóir at all times to ensure high quality of standards in delivery of education, including in the teaching of Irish.
As referred to earlier and as members will be aware, we have discussed the duration of the teacher training programmes which have gone from three to four years. The Master’s programme has moved from one year to two and there are also extended periods in the Gaeltacht.
Interestingly enough as to the time spent by students in the Gaeltacht, students must now have an immersive experience in the Gaeltacht to ensure that that learning is part of their overall portfolio of learning, which is a significant one for primary school teachers which must be added to their folder with all that that involves.
The Deputy will also be aware that the Teaching Council reviewed and updated the standards with Céim: Standards for Initial Teacher Education and all that that also involves. The HEIs are looking very rigorously at the implementation of quality Gaeltacht experiences.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios agam an méid sin ach céard faoin dearcadh-----
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
As to the fruition of all these measures, like anything one has to set the seeds first. We will be in a position to judge over time the success of these measures. We have referred, in particular, the example of education qualifications through Irish and the priority that is given to those who are native Irish speakers in taking up positions as teachers. It is an incremental judgment which will be continuously reviewed and there will be on an ongoing willingness to introduce new measures in the future.
Finally, on the point raised about the younger people and the experience of education, it is interesting to note that is í an fhadhb is mó that has been identified by the cigirí and others is the element of confidence around an Ghaeilge from the point of view of na múinteoirí agus is dócha na daltaí freisin. That is where the greatest emphasis needs to be placed now. We need to have teachers who have confidence in the teaching of Irish and we are making particular provision for that. We are giving extensive continuing professional development, CPD, Gaeilge Bheo! and a variety of other courses which offer teachers the opportunity to brush up on their Irish skills. There are also opportunities for teachers if they wish to take on an additional subject which might be Irish.
The greatest initiative that we need to inject into the teaching of education is the confidence. If we have confident teachers we will also have confident young people.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An leor na freagraí sin do Theachta Connolly as na ceisteanna a chuir sí? Tá sí sásta.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mé sásta ach ligfidh mé do na comhaltaí eile
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bogaimid ar aghaidh. Glaoim ar an Teachta Calleary.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh na hoifigigh.
Cuirfidh mé ceist as Béarla le bheith soiléir. I welcome the fact that the Gaeltacht grant is back. I agree with Deputy Connolly that the immersive experience is a major gap but cannot be helped at the moment. Why is the grant, however, only payable to those who are in State-funded colleges? Tá a lán daltaí agus mic léinn atá ag freastal ar choláistí príobháideacha. Tá sé suimiúil go bhfuilimid ag cur fáilte roimh a bheith ag dul ar líne agus nílimid ag cuidiú le daoine atá déanamh na cúrsaí ar líne. What is the position?
The second question is connected to the standard, an caighdeán agus leis an gcéad chuid eile den chruinniú, a Chathaoirligh. A very significant amount of work is underway, and clearly the Department is working hard, but it is all happening in bits. The Minister mentioned putting down seeds. The seeds need to go into a garden and I bring the Minister back to the recommendation of the committee that was communicated to her which is that we need a full strategy on education from preschool to third and even fourth level and all of the work that is underway should be within that strategy. In the Minister’s opening remarks she mentioned that was part of the Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, the Irish language 20-year strategy. Tá fuinneamh iontach ann i láthair na huaire faoi chúrsaí Gaeilge agus na Gaeltachta. There is tremendous energy there now and much of this is coming from education, from that sector organically it has to be said, starting with the naíonraí ag dul go dtí na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí. That energy should be used to grow not only the Gaeltacht schools which were mentioned by the Minister but also the non-Gaeltacht schools where there is interest in speaking Irish. Education is the foundation of reinvigorating our knowledge and that is the lived experience that we are seeing from so many communities around the country.
I put it to the Minister that what we need is an overall overarching strategy and a garden for all of those seeds from preschool to fourth level which seeks to address the challenges. I see in the Minister’s remarks that she mentions that the initial analysis shows that there has been a very significant increase in standards. An overall strategy would also address the standards issue for teachers. I therefore put it to the Minister that we need an overall education strategy, not as a sub-strategy of the 20-year strategy for Irish. Things have changed enormously for the better in education sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2010 go dtí anois. There is a different and much more ambitious energy and we need to see a departmental strategy that reflects that on-the-ground energy.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Maidir leis na deontais ar an gcéad dul síos, from the point of view of the grants not being payable to the private colleges, with the best will in the world and if we had a bountiful, endless finance opportunity, that would not be a question. These are private colleges which, as the name suggests, are just that.
Significant accommodation was made in that the colleges were given flexibility to create their own courses in respect of the tréimhse sa Ghaeltacht. At this point, the provision of the grant represents a significant cost. I welcome the fact that I was able to restore the grant in the budget but there is a significant cost attached to that. Aontaím leis an Teachta ó thaobh na béime atá curtha ar an nGaeilge sna scoileanna. I agree with the Deputy with regard to the emphasis being put on Gaeilge in the schools and the progress we can see in that regard. He is right; there has been significant progress in respect of cur chun cinn na Gaeilge leis na blianta beaga anuas. I am very pleased to say that we now have a Gaeltacht education unit. We also have a significant policy on Gaeltacht education and are working on a strategy for Irish-medium education. The Deputy makes an excellent point with regard to the overarching strategy. I hear what he is saying in that regard. With regard to achievements in the area of Irish education, it is worth noting that we now have more than 250 Irish-medium schools in the country at primary level and 49 at second level. When a new school is being built and there is no Gaelscoil within the area, that is provided for. Where there is any indication of interest in the promotion of Gaeilge and the provision of education through Gaeilge, and where there would be sufficient uptake of such education, we will provide an aonad. It is not an ideal circumstance, but it is acknowledgement of the importance of the issue and the béim or emphasis being placed on it. We have been very proactive in advancing Irish. I appreciate the point the Deputy is making with regard to the overarching vision but what has been achieved in the different sectors collectively is enormously impressive. We continue to work on a variety of other strategies including the strategy for Irish-medium education that I mentioned.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I get the Minister's point that they are private colleges but the students attending them may not have resources. They may have tried to get into the State colleges. Oftentimes, they are mature students who are changing direction and changing career and whose caighdeán Gaeilge may rely on what they learned in their school days under the old curriculum we all went through, which was less solúbtha. I understand the financial pressures but some sort of scheme must be developed, perhaps in co-operation with Springboard, particularly for mature students who have had to give up work to go back to do teaching and for whom Gaeilge is a particular challenge. Toisc nach bhfuil deontais ann, b'fhéidir nach mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh ar na cúrsaí.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim an fhadhb atá ann ó thaobh na ndeontas. I understand the problem. I wish I was in a stronger position to facilitate such grants. The best thing I can say to the Deputy is that I will continue to look at the broader picture but we are quite constrained at this point. I appreciate the legitimacy of the point the Deputy makes.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a cur i láthair. Tá cúpla ceist agam. Tá roinnt plé cheana féin ar ábhar na ndeontas do scoláirí atá ag dul go dtí an Ghaeltacht. Is maith an rud é go bhfuil an deontas ar fáil. Is rud an-dearfach é sin agus fáiltím roimhe sin. Tá deacracht ann le scoláirí atá ag freastal ar Hibernia College agus na coláistí príobháideacha eile. Glacaim leis go bhfuil stádas difriúil acu ach is na scoláirí céanna atá ann. Beidh siad ag múineadh sna ranganna céanna amach anseo. Tá sé tábhachtach go mbeadh na deiseanna céanna acu mar, mura bhfuil an deis acu freastal ar an nGaeltacht, cothófar deighilt. Tá sé tábhachtach na deontais a chur ar fáil do gach dalta, is cuma cén choláiste ar a bhfuil siad ag freastal, más féidir in aon chor. Molaim gach iarracht a bhféadfaí a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh an deontas ar fáil do gach dalta amach anseo.
Maidir le soláthar na múinteoirí, tá an t-ádh linn go bhfuil an-chuid múinteoirí an-láidir ag múineadh na Gaolainne dár bpáistí agus ag múineadh iad trí Ghaolainn. Tá bearnaí agus deacrachtaí ann. Tá sé an-tábhachtach go líonfaí na bearnaí sin agus go rachfaí i ngleic leis. Tá an tAire agus na córais éagsúla ag déanamh amhlaidh. Feicimid folúntais á bhfógairt ag scoileanna arís agus arís eile ní hamháin chun iarrthóir oiriúnach a fháil, ach chun iarrthóir ar bith a fháil. Bíonn sé chomh deacair sin. Bhíos ag plé le scoileanna le déanaí a raibh deacrachtaí acu. Bhíodar ag féachaint i gcomhair múinteoirí adhmadóireachta agus innealtóireachta. Bhí plé chomh maith ar an líon íseal daoine atá ag dul ag staidéar i gcomhair na fisice agus mar sin de. Tá na cúrsaí ann ach is féidir linn a fheiceáil nach bhfuil ach éileamh íseal orthu agus nach bhfuil daltaí ag freastal orthu. Tá ualach breise ann dóibh chun tabhairt faoi na cúrsaí sin. Chaithfí iarracht éigin a dhéanamh chun iad a mhealladh isteach chun a chinntiú go mbeidh daltaí agus múinteoirí cáilithe ag teacht tríd an gcóras. Is rud dearfach é go bhfuil na cúrsaí á gcur ar fáil ach tá bearna ann fós toisc nach bhfuil daoine ag teacht tríd an gcóras. Chaithfí slí éigin a fháil. An raibh plé éigin leis na coláistí maidir le daoine a mhealladh isteach sna cúrsaí sin chun a chinntiú go mbeidh múinteoirí ar fáil amach anseo?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos, tuigim na deacrachtaí ó thaobh Hibernia College agus mar sin de. I understand the difficulties in respect of Hibernia College, which have already been articulated by others. To be very clear, the tréimhse sa Ghaeltacht is an integral part of the qualification. I know the Deputy appreciates that. It must be achieved. Notwithstanding the difficulties for the individuals themselves, there is a difficulty in making provision in this regard. It was a significant financial undertaking to reintroduce the grant of €650 to students, which I was pleased to do in this year's budget. There are enormous considerations involved. As I said to previous speakers, I hear the point the Deputy is making.
With regard to the availability of teacher supply, to be fair, tá an-obair ar fud curtha chun cinn. An awful lot of work is being advanced in the Department. I referenced this earlier in my opening remarks. I referred, for example, to the Irish-medium bachelor's degree in education, which more than 100 students are now undertaking in Marino Institute of Education. That is a very generous scheme. There is a bursary of €1,000 available in the first year, on-site accommodation in the Irish block, placement in Irish-medium schools and so on. That is a small number in the context of the greater picture the Deputy is talking about but it is a significant advancement. We are also talking about the master's degree in education in Mary Immaculate College, which provides an additional qualification for teachers and principals.
We have a significant number of smaller courses for upskilling and continuing professional development. I refer to courses on Gaeilge Bheo! and opportunities of that nature. The Deputy made reference to subjects in which the supply of teachers is limited, such as physics. There are now very innovative programmes involving such things as satellite connections and comhoibriú between schools. It is not ideal but it is an interim measure until provision can be increased to the necessary level. Significant steps are being taken and considerable resources are being put in place to attract native Irish speakers to consider teaching as an occupation. Obviously, we encourage students to choose whatever option they wish but there are opportunities in this area as 10% of places in teacher training colleges are made available to Irish speakers. It is a job of work. A significant amount of work has been done to date but there are opportunities to do more.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist amháin eile agam. Glacaim leis go bhfuil na cúrsaí faoi leith, cosúil leis an gceann in Marino agus na céimeanna éagsúla eile, ann. Bhí scéim phíolótach ann i gcomhair na fisice, na ceimice agus roinnt de na hábhair eile le cúpla bliain anuas. Bhíodar ag déanamh na ranganna ar an Idirlíon. Gan dabht, le bliain anuas, tá an-taithí ag daltaí agus múinteoirí ar a ngnó a dhéanamh ar an Idirlíon. Ag an am céanna, tá bearnaí ollmhóra ann. Bíonn ar scoileanna poist a fhógairt arís agus arís eile. Tá ábhair phraiticiúla ann nach mbeidh sé oiriúnach riamh iad a dhéanamh ar an Idirlíon. Táim ag caint faoin adhmadóireacht, faoin miotalóireacht, faoin ealaín agus faoi na labs i gcomhair na n-ábhar eolaíochta agus mar sin de. Ní féidir le cúrsaí ar líne a bheith sásúil ina leith siúd riamh. Mar sin, chaithfí rud éigin a bheith ann chun a chinntiú go mbeidh daoine ag teacht isteach sna cúrsaí agus go mbeidh múinteoirí á gcáiliú. Ní féidir an fhoireann atá ann faoi láthair a roinnt amach níos leithne agus níos leithne. Bheadh sé i bhfad níos fearr más féidir linn daoine a mhealladh isteach agus breis múinteoirí a cháiliú. Tá a fhios againn go bhfuil bearnaí ann cheana féin ó thaobh an líon daoine atá ag teacht tríd na cúrsaí faoi leith. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh teagmháil leis na coláistí chun a chinntiú go n-aithneofar bealaí inar féidir daoine a mhealladh isteach agus breis múinteoirí a cháiliú, más féidir in aon chor.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis an Teachta. I agree with the Deputy. Running rudaí ar líne is not always optimal. I absolutely acknowledge that. It is important to also acknowledge that there is a variety of schemes. For example, with regard to teacher supply, there is a scheme whereby teachers who are already qualified are supported to take up particular subjects or to add to their subject areas. An example of such an area is physics but the scheme also includes Irish. That is currently being rolled out and will mean that the existing cohort can add to their qualifications. That is not to take from the other measures I have previously outlined. Perhaps Dr. Kirk would like to come in on this point.
Dr. Treasa Kirk:
Is féidir a chur in iúl don choiste go bhfuil sparánachtaí ar fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, don mháistreacht ghairmiúil san oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuidíonn sé sin go mór leis an soláthar múinteoirí a threisiú. Má tá sé deacair ar dhaoine de bharr an chostais, tugann na sparánachtaí sin faoiseamh éigin do na múinteoirí sin. Is rud maith é sin atá tarlaithe. Dá bharr sin, tá na huimhreacha méadaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is tionscadal maith é sin.
Maidir leis an teastas nua atá curtha ar bun i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach i mbliana, tá tacaíocht bhreise ar fáil ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann. Tugann sé sin faoiseamh éigin do na múinteoirí atá ag iarraidh freastal ar chúrsa. Ní cúrsa fada atá i gceist ach, é sin ráite, is cúrsa bliana atá i gceist. Oireann sé sin do chuid mhaith de na múinteoirí atá ag iarraidh a scileanna a uasghrádú agus feabhas a chur ar a scileanna inniúlachta Gaeilge. Tá an cúrsa sin ábhar-bhunaithe agus dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile. Tá sé sin go maith.
Chun teacht isteach ar an gceist cathain a bheidh ardchaighdeán ag na múinteoirí atá ag teacht amach ó na cúrsaí, mar shampla, an baitsiléir oideachais, tá an cúrsa ag dul ar aghaidh, mar atá ráite ag an Aire agus ag tosú in 2023 beidh thart ar 175 ag freastal ar an gcúrsa sin, cé nach mbeidh siad críochnaithe leis. Beidh caighdeán C1 ar chreatlach tagartha na hEorpa bainte amach acu. Is leibhéal líofachta ard é leibhéal C1. Is rud maith agus dea-scéal é sin. Mar atá ráite ag an Aire, tógann sé am chun scileanna inniúlachta a fhorbairt. Mar an gcéanna leis an máistreacht atá luaite ag an Aire cheana féin, tá na múinteoirí sin ag iarraidh leibhéal C1 a bhaint amach so beidh ardchaighdeán ag na múinteoirí sin sa deireadh thiar thall.
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire. Bhíos ag caint le múinteoirí in Uíbh Ráthach, Ballinskelligs agus an Gleann an bhliain seo caite agus le déanaí. Chuala mé go raibh dul chun cinn déanta mar gheall ar cheist na Gaelscoileanna. There have been some developments in the last week agus cuirim fáilte roimhe sin. An bhfuil an tAire sásta gur leor trí bliana don scéim phíolótach? Is three years enough for this scheme agus chun iad a coimeád oscailte? B'fhéidir go mbeidh a lán daoine ag teacht ar ais de bharr an Covid chun maireachtaint sa Ghaeltacht sin. Tá mé ag díriú ar na scoileanna a choimeád oscailte agus obair an tascfhórsa a dhéanamh chun clanna eile a mhealladh isteach and to encourage them back into that area? Is é mo thuairim, toisc an Covid, nár chóir go gcaillfeadh aon scoil múinteoir an bhliain seo, go mórmhór sa Ghaeltacht. Cé mhéad scoil Ghaeltachta a bheidh sa scéim phíolótach? How many schools does the Minister think will be in the pilot scheme?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ó thaobh na scéime sin, is éard atá i gceist ná scéim do na scoileanna beaga. It is a scheme for the smaller schools. It is a pilot scheme that is being rolled out. It is very targeted and is being run in a variety of places across the country with a view to acknowledging the importance of the small schools whether they operate trí mheán na Gaeilge or through English. It involves schools of a variety of different ethoses. All the schools involved have been identified as small schools and face certain challenges in that respect. The idea is to cluster those schools for a number of years on a pilot basis, giving them the opportunity to work together. There will be comhoibriú and the schools will lean on, learn from and support one another. The role of small schools is of enormous importance to the education sector. The small school makes a considerable contribution to the provision of education but it also has a significant place within the local community. As Minister, it is my intention and that of my Department to ensure and protect the future of the small school.
To do that, we need initiatives such as the one we are introducing. It is a pilot scheme involving small schools supporting small schools in small clusters throughout the country. After the pilot, we will carry out a significant evaluation of what we have learned, the positives and the negatives, to chart a better path forward chun iad a chaomhnú, to conserve them, and to grow and protect them. There is sufficient opportunity within the pilot scheme I have outlined to do that.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire. Bainfidh mé úsáid as an nGaeilge. Tá súil agam go bhfuil an córas ateangaireachta ag oibriú go maith inniu. Tá súil agam go n-inseoidh an tAire dom muna bhfuil.
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith a mholadh don Aire polasaí iomlán réabhlóideach a chur ar bun go luath, mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Calleary. Ar an dara dul síos, tá ceist agam faoin bpointe a rinne an tAire maidir le muinín a thabhairt do na múinteoirí óga. An aontaíonn an tAire liom go mbeadh sé fiúntach dá gcaithfeadh na mic léinn múinteoireachta an chéad choicís dá n-oideachas sa Ghaeltacht? De thoradh air sin, bheadh na mic léinn múinteoireachta ag baint úsáid as an nGaeilge ón gcéad uair a bhuaileann siad le chéile. Ón bpointe seo amach, bheidís deas compordach a bheith ag úsáid na Gaeilge lena chéile.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní freagra amháin ná céim amháin atá ag teastáil. There is no one step. We have to take a multistranded approach to promoting muinín, the confidence, with regard to the delivery of Gaeilge. I am most certainly a strong advocate for the tréimhse sa Ghaeltacht. There is absolutely no doubt about that. It is very important. We also need to look beyond it. I have already outlined some examples such as the refresher courses and ensuring that students have opportunities to do their practical experience in Irish-medium schools. There is a value in that. We have to look at a variety of mechanisms. In the programme for Government, there is a strong commitment to introducing an excellence in education fund to Irish schools. After all, these are the students who will go on to become teachers at the end of the day. We are also looking at promoting stair agus cultúr as part of studying an Ghaeilge and short courses at junior cycle level in that regard. We are looking at Gaeilge being far more sofheicthe sna scoileanna, idir na scoileanna Béarla agus na scoileanna Gaeilge, whether in English-medium or Irish-medium schools. Particular subjects might be delivered as Gaeilge. These may include PE and ceol etc. We have to diversify. We have to be all-encompassing in our approach to building up that confidence.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá píosa beag eile le rá agam. Bíonn sé deacair i gcónaí iompú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge nuair atá aithne agat ar dhuine agus taithí a bheith agat labhairt le chéile i mBéarla. Tá sé deacair iompú ar an nGaeilge. Maidir leis an rud a bhí le rá agam, bheadh sé níos éasca do na daltaí sin sa chéad bhliain úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad ag caint le chéile dá n-úsáidfidís í ón gcéad phointe. Is é sin an méid atá le rá agam maidir leis sin. Tá roinnt ceisteanna eile agam maidir leis an gcóras T1. Beidh mé ar ais chuig an Aire maidir leis sin.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní aontaím leis an Seanadóir in aon chor. I do not agree with the Senator. It is far better that students, teachers and even those outside that circle have the opportunity to converse idir Béarla agus Gaeilge. If the confidence is sufficient to conduct the entire conversation as Gaeilge, is iontach an rud é sin. However, if that is not the case and there is an impetus to employ both, that should be encouraged. It is better to use both rather than just the one. However, I appreciate the Senator's bona fides in terms of the point she makes regarding immersion in the Gaeilge in the opening weeks but the reality for many students is that they will then return to an English-medium college. It is a lot more nádúrtha úsáid a bhaint as an dá theanga on occasion, not taking away from the enormous benefit for those who are fluent and who seek to improve that fluency and for those who are not fluent, who would have an opportunity to work with those who are. Support is required to encourage greater use of Irish and excellence in Irish but also to encourage those who are not yet at that level to have the confidence to build upon what they have.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Casfaimid go dtí an Teachta Ó Cuív. Níl muid ag déileáil leis an gcóras T1-T2 go dtí cúpla nóiméad eile.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá brón orm as a bheith déanach ag an gcruinniú seo. Bhí mé ag cruinniú coiste Dála eile.
Tá fíoráthas orm go bhfuil sé ráite sna nótaí a scaipeadh ar maidin agus sa mhéid a dúirt an tAire go bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar bhunchloch den mhéid atá á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Thógfadh sé i bhfad an iomarca ama ar maidin dul tríd chuile shórt atá ansin. Glacadh leis sin mar pholasaí Rialtais sa mbliain 2010. Tá deich mbliana, beagnach 11 bliain, caite ó tugadh isteach é agus is straitéis 20 bliain é. Is beag de atá curtha i bhfeidhm nuair a léitear go mion é. An bhfuil an Roinn tiomanta chun an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm go hiomlán is go huile? Is é sin a bhí i gceist nuair a aontaíodh é. Is polasaí Rialtais é do gach Roinn Stáit a bhí istigh sa réiteach a rinneadh nuair a bhí sé á réiteach. Ar ndóigh, ba é an Rialtas féin a rinne cinneadh air ach bhí na Ranna Stáit mar chuid den phróiseas. Dá gcuirfí i bhfeidhm go huile is go hiomlán é, dhéanfadh sé difríocht ollmhór ó thaobh na Gaeilge de.
Is ceann de na rudaí spéisiúla faoi ná go dtosaíonn sé ag an réamhscolaíocht agus go n-oibríonn sé tríd. Tá moltaí ann do chuile leibhéal den oideachas. Is ceann de na rudaí tábhachtacha a bhaineann leis an réamhscolaíocht - is féidir a lán de sin a dhéanamh le físeáin agus rudaí nua-aimseartha - ná go bhfuil a fhios againn go bhfuil cumas foghlama gasúr i dtaobh teangacha i bhfad níos fearr ag trí bliana d'aois ná mar a bheidh sé arís. Tá sé iontach ón am go mbeirtear iad suas go dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana. Ina dhiaidh sin, cailltear an cumas teangacha a fhoghlaim go héasca. Tá sé spéisiúil a bheith ag breathnú ar ghasúir a thógtar go dátheangach. Súnn siad isteach an dá theanga gan aon iarracht. Nuair atáthar níos sine, caithfear iarracht a dhéanamh. An bhfuil i gceist ag an Aire déanamh cinnte go gcuirfear an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm mar atá luaite sa gcáipéis seo ach nach bhfuil ag tarlú? Tá díomá orm.
Thuig mé nach bhféadfadh daoine dul go dtí an Ghaeltacht i mbliana. Bheadh sé sin intuigthe ach ní mar a chéile ar chor ar bith cúrsa a dhéanamh ar líne agus dul go dtí an Ghaeltacht agus lá iomlán a chaitheamh ag labhairt na Gaeilge; istigh agus taobh amuigh de na ranganna, go sóisialta agus mar sin de. Chreid mise go raibh an polasaí a ghlacadh lochtach sa mhéid is gur chreid mé gur cheart go mbeadh ar na scoláirí, le go bhfaighidís profa iomlán mar mhúinteoirí lánoilte, dul go dtí an Ghaeltacht, nuair a bheidh sé slán agus sábháilte, agus gur phrofa sealadach a gheobhaidís idir an dá linn. Mar a deirim, ní mar a chéile cúpla uair a chloig a dhéanamh ar líne agus a bheith ag labhairt na Gaeilge an lá uile. Duine ar bith ann a d'fhoghlaim an Ghaeilge nach as an nGaeltacht é nó í, an chaoi a d’fhoghlaim sé nó sí an teanga ná trí thumadh iomlán.
Ní chuirfeadh aon duine cúrsa gearr ar líne i bhFraincis i gcosúlacht le dul go dtí Páras nó an Fhrainc ar feadh ceithre seachtaine nó níos faide ná sin; b'fhéidir ar feadh samhraidh iomláin. Ní chuirfeadh aon duine an dá rud i gcomórtas ó thaobh foghlaim na teanga de. Na daoine a éiríonn an-líofa, an chuid is mó dóibh, téann siad go dtí an tír amhail an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn nó an Iodáil. Téann siad go dtí na tíortha sin leis an teanga a fhoghlaim agus mar a chéile leis an nGaeilge. Mar sin, an mbreathnóidh an tAire arís ar an gceist seo, má bhíonn tuilleadh cúrsaí á ndéanamh ar líne toisc nach bhfuil ann ach rud eatramhach agus nach rud fadtéarmach atá ann?
Maidir leis early childhood care and education, ECCE, an réamhscolaíocht, an bhfuil an tAire sásta déanamh cinnte go mbeidh gné éigin Gaeilge i gceist in oiliúint na ngasúr? Ní gá go mbeadh aon Ghaeilge ar chor ar bith ag lucht riartha na réamhscolaíochta. Mar a dúirt mé, tá dóthain físeán, téipe agus rainn ar fáil ar féidir iad a chur ar fáil. Tá mise in ann a ghealladh don Aire, má dhéantar é sin, go ndéanfaidh sé difríocht ollmhór. Má thagann gasúir isteach ar theanga an-óg tabharfaidh siad leat é go brách agus go héasca.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos, tá a fhios agam agus aontaím leis an Teachta Ó Cuív, nach bhfuil cúrsa ar líne chomh héifeachtach agus turas go dtí an Ghaeltacht. Tuigim é sin. Bhí an phaindéim faoi lán seoil agus ní raibh an dara rogha againn. Is rud maith é deis mar sin a thabhairt do na daltaí. It was a good thing to provide an opportunity like that, but it is not ideal and it is not the intention to move forward with that. I have said it earlier in the day that the best provision is the in-person provision and experience in the Gaeltacht. I assure the Deputy on that.
Within the 20 year strategy there are nine aspects which impact on the Department of Education. We are hugely committed to implementing the strategy and advancing every aspect of the Gaeilge. The commitment of the Department is clear. There is now a dedicated Gaeltacht education unit within the Department. Continued progress has been made in terms of the implementation of the Gaeltacht education policy, including increasing the participation in the Gaeltacht school recognition scheme and the provision of additional supports for participating schools.
The e-hub project within the provision for Gaeltacht students is also an excellent opportunity to access online higher level leaving certificate physics. It is not ideal but, as I said to the previous Deputy, it is something we are working towards until we have sufficient teachers who are in a position to teach subjects of that niche area as Gaeilge. As I referenced earlier, we are currently in the throes of making provision for teachers who wish to upscale in a variety of subjects, including the Irish language, to give them the competencies they would require.
The commencement of two new Irish medium teacher education programmes was referenced earlier. There is a provision of a package of supports for five island post-primary schools and many others. We are enormously committed to advancing the strategy and supporting the growth of the Irish language. In terms of the naíonraí and the younger ones, an féidir le Treasa Kirk teacht isteach?
Dr. Treasa Kirk:
D'fhoilsigh an tAire treoirlínte do na naíonraí agus do bhunscoileanna Gaeltachta chun an nasc sin a chruthú agus a threisiú agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá straitéisí praiticiúla curtha ar fáil. Tá sé sin déanta againn i gcomhair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun a chinntiú go bhfuil cur chuige tras-rannach i gceist. Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh na Gaeilge de-----
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim mo leithscéal. Ní dhearna mé tagairt ar bith do na naíonraí Gaeltachta. Is iad na naíonraí Béarla a bhí i gceist agam agus go mbeadh Gaeilge a bheith sa chúrsa ag na naíonraí Béarla. Shíl mé go raibh sé sách soiléir ón méid a dúirt mé go mb'in a bhí i gceist agam. Bhí mé ag tagairt do mhúinteoirí sa réamhscolaíocht nach raibh aon Ghaeilge acu. Is iad na naíonraí Béarla a bhí i gceist agam.
Caithfidh an Dr. Kirk cuimhneamh ar rud amháin. Tá breis is 90% de ghasúir na tíre seo ar scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla agus ní trí Ghaeilge. Téann siad go naíonraí atá ag feidhmiú trí Bhéarla agus ní trí Ghaeilge. Tá mise ar dhuine de na daoine sin nach ndeachaigh go scoil Ghaelach riamh. Níl agam ach Gaeilge na hArdteistiméireachta ach múineadh an Ghaeilge go han-mhaith nuair a bhí mé ar scoil. Is an cheist atá agamsa ná céard atáimid chun dul a dhéanamh do na daoine seo ar fad, formhór an phobail, atá ag fáil an oideachais trí Bhéarla agus atá sa mhóramh mór sa chluiche seo.
Dr. Treasa Kirk:
Is féidir a rá go bhfuil an chigireacht ag déanamh an-obair maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna naíonraí ar fad ar fud na tíre. Tá sé sin tábhachtach freisin go bhfuil na daoine ag iarraidh iad a spreagadh chun an Ghaeilge atá acu a chur chun cinn agus tá na tuairiscí sin á bhfoilsiú faoi láthair. Is rud maith é sin ó thaobh na naíonraí de.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad chuid eile den chaint a thug an tAire agus an cheist a chuir muid faoi T1 agus T2; rud a bhfuilimid tar éis a bheith ag déileáil le, le tamall.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mórán le rá agam faoi seo mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh agus fáiltím roimh an síneadh ama ó thaobh an phróisis sin. Tá sé sin go maith. Ní saineolaí mé. Tá sé ráite go mion minic agam. Tá mé ag breathnú ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ag tnúth leis na torthaí as an bpróiseas sin. An mbeidh an tAire in ann a tuairim féin a thabhairt faoi phointí bónais? Tá m'aigne oscailte maidir leis an gceist seo ach tá sé ag déanamh imní do thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil T1 i gceist, le tuilleadh oibre agus gan aon phointí bónais i gceist maidir leis an gcúrsa sin. Má leanaimid ar aghaidh, tar éis an phróisis comhairliúcháin, le T1 agus T1, cén chaoi is féidir linn na gasúir a mhealladh tuilleadh oibre agus dua a chur orthu mura bhfuil pointí breise i gceist? An bhfuil bealaí éagsúla eile chun iad a mhealladh, amhail pointí iontrála do chúrsaí éagsúla? Níl a fhios agam. Is é tuairim an Aire atá ag teastáil uaim.
Tá sé curtha arís ag an Teachta Ó Cuív. Táimid bogtha ar aghaidh. Tá an straitéis atá foilsithe ag an Roinn léite agam. Níl aon bhéim ar chor ar bith ar luath-oideachas. B’fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais maidir leis an gceist sin.
Ní raibh mé ann an tseachtain seo caite ach b’fhéidir coicís ó shin, d’iarr mé ar an Roinn na sonraí a thabhairt dom maidir le cé mhéad dalta a bhí ar na cúrsaí éagsúla ar fud na tíre. B’fhéidir go bhfuil siad istigh. Bheinn buíoch mar go bhfuil sé tábhachtach. Dúirt mé nuair a thosaigh mé ag caint go bhfuil céimeanna dearfacha maithe tógtha ag an Roinn. Tuigim é sin ach chun é a thuiscint, tá gá le comhthéacs. Thug Treasa Kirk figiúirí dúinn. Laistigh de thréimhse beidh 173 nó mar sin ag an Roinn. Níl mé in ann é a thuiscint mar go bhfuil comhthéacs ag teastáil uaim. Bhí bearna mhór ann.
Tá Gaeilge i mbaol i gcónaí agus bhí sí i mbaol roimhe seo. Táimid ag díriú isteach ar rud amháin, is é sin caighdeán na Gaeilge agus an tsoláthair múinteoirí. Cé mhéad atá ag teastáil? Tá an daonra ag méadú an t-am uile. Níl míorúilt ag teastáil uaim ach an rud i gcomhthéacs. Ag pointe áirithe, ba chóir gur féidir linn a rá go bhfuil muid ag an am a bhfuil neart múinteoirí againne. Tá an cheist sin don Aire agus an cheist eile do Treasa Kirk.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó thaobh T1 agus T2, tá an ceart ag an Teachta Connolly go bhfuil an próiseas ar siúl ag an bpointe seo. It is correct that the process is ongoing at this point and it has been extended to the end of November. I am listening. I have heard a variety of different views on T1 agus T2. The views I am hearing on this are multifaceted. Very different views are coming from a variety of different corners.
I appreciate the Deputy’s generosity in extending the acknowledgement that she has an open mind on it. I would say likewise at this point. I like to make an informed decision. I like to hear views from all sides and I find it extremely interesting there are very different and strongly held opposing views on how to progress with this.
It is best to allow that consultation and that also includes, as Deputy Connolly articulated, issues around encouragement and all of that. There is a wide range of things that can be done there, whether it is scholarship or bonus points and all of that. Now is not the time to go into any of those issues. The opportune thing is to allow the full consultation to take place and conclude and then give consideration.
With regard to supply of teachers, I may have misrepresented what Deputy Connolly has said and Dr. Kirk can add to this. In terms of the supply, a significant body of work has been done on supply needs. The needs have not yet been broken down subject by subject or type of school by type of school, with regard to Irish medium or whatever that might be. That is the body of work that is ongoing. An féidir le Treasa Kirk rud eile a chur leis sin?
Dr. Treasa Kirk:
B’fhéidir nach bhfuil freagra na ceiste againn ach, mar atá ráite ag an Aire ansin, tá grúpa curtha le chéile ag an Roinn chun féachaint ar an gceist a bhaineann le soláthar múinteoirí. Tá an cheist seo an-chasta ar fad. Mar is eol don choiste, tá sé i gceist againn clár maidir le hoideachas múinteoirí nua a chur ar bun. Beidh orainn a bheith ar an eolas faoi líon na n-uimhreacha a bheadh ag teastáil chun a chinntiú go bhfuil an t-éileamh sin ann. Tá a fhios againn go neamhfhoirmeálta go bhfuil éileamh ann ach chun an briseadh síos a fháil, beidh an grúpa sin ag obair. Tá sé ag féachaint ar na huimhreacha a bhaineann leis na hearnálacha éagsúla agus le hábhair ar leith, an Ghaeilge san áireamh.
Tá jab mór le déanamh maidir leis sin, i gcomhar leis an rannóg staitisticí chomh maith, chun a chinntiú go bhfuil na figiúirí cruinne againn. Chomh maith leis sin, athraíonn na figiúirí sin ó bhliain go bliain. Ní scéal éasca é an jab sin a chur le chéile ach tá an Roinn airdeallach air sin, go mbeadh sé an-chabhrach don chóras i gcoitinne.
Maidir leis an gceist a bhaineann leis an líon múinteoirí a thiocfadh amach ón mháistreacht i gColáiste Mhuire gan Smál agus ón bhaitsiléir san oideachas in Institiúid Oideachais Marino, chuir mé na sonraí ar bhliain in aghaidh na bliana chuig an gcomhchoiste.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl an luath-oideachas luaite beag ná mór sa straitéis.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá luath-oideachas luaite ach níl an réamhscolaíocht roimh an scoil luaite, maidir le polasaí na Gaeilge. Is é an pointe atá déanta ag an Teachta Ó Cuív freisin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An straitéis ar foilsíodh é le déanaí, Ráiteas Straitéise 2021-2023.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I appreciate the point made by Deputies Connolly and Ó Cuív. I will revert to them with further information on that.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire.
Caithfidh mé a chruinniú a fhágaint, ach maidir le teanga oibre an choiste, ní mór dúinn teacht ar ais go dtí an t-ábhar sin. Bhí leasú ag an gCathaoirleach ó thaobh Bille na dteangacha oifigiúla chun go mbeidh an coiste comhairliúcháin sa todhchaí ag feidhmiú trí Ghaeilge agus níor ghlac an tAire leis. Is cúis imní é don todhchaí an rud atá ag tarlú inniu. Níl mé ag fáil lochta ar an Aire beag ná mór. Tá sé ráite aici go bhfuil sí ag déanamh a dícheall. Gabhaim mo leithscéal faoi sin. Ní raibh a fhios agam é sin. Go ginearálta, ní mór dúinn breathnú air sin arís.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cruinniú príobháideach le bheith againn laistigh de choicís chun déileáil le roinnt comhfhreagrais atá ann agus pleanáil don bhliain seo chugainn. Cuirfidh mé ar an sceideal é.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an bpointe sin, tá an tAire ag déanamh a díchill. Níl Gaeilge líofa ag gach aon Aire, faraor, ach sin mar atá agus tá an tAire ag déanamh a díchill chun an Ghaeilge a labhairt-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar eagla na míthuisceana, aontaím go huile is go hiomlán leis an Seanadóir. Níl an pointe sin á dhéanamh agam. Baineann sé leis na himpleachtaí atá ann don choiste má leanaimid ar aghaidh gan a bheith ar an eolas agus gan an córas aistriúcháin a úsáid go héifeachtach. Níl mé ag iarraidh aon locht a fháil ar aon duine. Tuigim cé chomh deacair is atá sé, ach tá pointe níos ginearálta i gceist anseo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfaimid déileáil leis ag an staid phríobháideach. Mar a dúirt mé ag tús an choiste, níl ról ag an gCathaoirleach brú a chur ar aon duine Gaeilge ná Béarla a labhairt. Tá ball den choiste ann nach bhfuil Gaeilge in aon chor aige ach oiread. Ní fhreastalaíonn sé ar na cruinnithe ach tá fáilte roimhe nó roimh aon Teachta, Seanadóir nó fhinné a bheith os ár gcomhair agus Béarla a úsáid. B’fhearr linn, toisc gur choiste Gaeilge é, go mbeadh Gaeilge á labhairt ach níl sé mar chumhacht agam agus níor chóir go mbeadh sé mar chumhacht agam iarraidh ar dhuine casadh ar theanga amháin nó teanga eile. Is é sin an fáth go bhfuil an córas aistriúcháin ann. Is é sin an fáth go bhfuilimid sa seomra seo agus nach bhfuilimid i seomra eile mar gur seo an t-aon seomra a bhfuil an córas aistriúcháin ann faoi láthair toisc an phaindéim.
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá aighneacht Shinn Féin curtha isteach go dtí an Roinn cheana féin ach cuirim fáilte roimh an tréimhse chomhairliúcháin a bheith ar siúl go dtí mí na Samhna. Mar gheall ar T1 agus T2, tá sé sin an-tábhachtach. Tá an-imní ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí chomh maith. Dúirt múinteoir amháin liom go bhfuil sé ar nós go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaolainn a mharú leis an rud sin. Dúirt múinteoir eile liom gur cheap sé ar dtús, nuair a thosaigh an próiseas, go raibh sé ar intinn ag an Roinn agus daoine eile go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh ábhar breise do dhaltaí, cosúil le maths agus applied maths. Ceapann sé nach bhfuil aon chúiteamh ag baint leis an T1, go mór mór do dhaltaí nach bhfuil an Ghaeilge acu sa bhaile.
Feicim féin an obair bhreise atá á déanamh ag daltaí atá i nGaelcholáistí, i ngach ábhar, agus aon mharcanna breise a fhaigheann siad, tá siad tuillte acu. Sa tuairim seo mar gheall ar an T1, ceapaim go bhfuil míbhuntáiste ag dul go dtí na daltaí sin. Tá sé míchothrom ábhar níos dúshlánaí a thosú. Mar shampla, chuala mé go bhfuil 35% ag baint leis an scrúdú béil sa T1 ach tá 40% i nGaeilge faoi láthair. Bheadh sé níos deacra do dhaltaí sna Gaelscoileanna, i gcomparáid le daltaí i scoileanna Béarla.
Tá rudaí ag baint leis sin. Bheadh sé níos deacra do na scoileanna chomh maith na daltaí céanna a thabhairt isteach. Beidh issues ann mar gheall ar enrolment sna Gaelscoileanna agus níl sé sin ceart. Tá a lán imní ann faoi láthair agus iarraim ar an Aire agus ar an Roinn é sin a thabhairt faoi deara nuair a bheidh siad ag féachaint ar an tréimhse chomhairliúcháin.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim. Tá a fhios agam go bhfuil daoine neirbhíseach agus go bhfuil imní ann freisin. Tá a fhios agam go bhfuil dearcadh amháin ag dream amháin agus dearcadh eile ag dream eile. Tá sé an-chasta ar fad. Is maith an rúd é that the process is ongoing and the widest spectrum of views and opinions will be included in that. All of the points Deputy Daly raised have been raised with myself and other points from other perspectives and views. Therefore, it is enormously beneficial we have been in a position to extend the consultation period further, until the end of November and out of that, put together the report that will emanate from it and make a considered judgment on where we go from here.
The bottom line is that the objective is to enhance, protect, grow and nurture the Irish language, but also to be mindful of the caighdeán sa Ghaeilge, which many of the members have referenced, and the importance of growing that. Equally, it is important to acknowledge we want Irish to be accessible and there is a balance that needs to be done here. For that reason, the process will continue until the end of November and we will, at that stage, at least have had the views of all those with vested interests and those with none, which is important as well - those who are outside and beyond the immediate area - because the wider consultation we have on this, the more beneficial it is for having a policy going forward that everyone feels part of.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mise ag iarraidh freagra ar na pointí a rinne mé inniu mar go dtuigim nach féidir leis an Aire freagra a thabhairt dom inniu ach ba mhaith liom mo dhearcadh ar an gceist seo a dhéanamh soiléir. Ar an gcéad dul síos, tá bunphrionsabal ann agus is é sin má chaithfidh tú breis-obair a dhéanamh, bheifeá ag súil le luach saothair as. Má tá cúrsa amháin níos deacra ná ceann eile, bheifeá ag súil go bhfaighfeá luach saothair as sin.
Cuirfidh mé ar an gcaoi seo é. Is múinteoir meánscoile mé. Ba mhúinteoir meánscoile an tAire sular ceapadh í. Tuigeann sí go bhfuil gach uile ghasúr, beagnach, dírithe ar rás na bpointí nuair atá siad ag déanamh na hardteistiméireachta. Bíonn siad ag cuardach cén bealach is fearr is féidir leo pointí arda a bhaint amach. Is dóigh go luíonn sé le réasún. Más rud é go bhfuil an marc céanna ar fáil as cúrsa éasca a dhéanamh agus 100% a fháil ann agus cúrsa i bhfad níos deacra a dhéanamh agus an marc céanna nó marc níos ísle a fháil ann nó i bhfad níos mó dua a chaitheamh leis, dá mbeifeá ag iarraidh pointí arda san ardteistiméireacht, céard a dhéanfaidh tú ach díriú ar an gcúrsa éasca agus lán mala marcanna tugtha leat gan anró? Sin é a dhéanfá. Níl aon cheist i m'intinn ach go mb'in a dhéanfadh scoláire ar bith a bhí dírithe ar na pointí agus is é sin bunáit do chuile scoláirí.
Is as Ciarraí don Aire agus tuigfidh sí é seo; dúirt mé go bhfuil sé cosúil le rialacha Chumann Lúthchleas Gael a athrú agus a rá go bhfaighidh tú pointe amháin má chuireann tú san eangach é agus gheobhaidh tú pointe amháin má chuireann tú thar an trasnán é agus fós a bheith ag súil go mbacfadh daoine le cúl a thriail nuair a bheadh sé i bhfad níos éasca an liathróid a chur thar an trasnán gan aon chúl báire ann.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl a fhios agam. Bheadh a fhios ag na Ciarraígh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios acu go leor faoi. Tá a fhios acu cén fáth go gcuireann sé san eangach é mar go bhfaigheann siad trí phointe as mar go bhfuil sé i bhfad níos deacra. Tá an bunphrionsabal anseo simplí. Má tá an cúrsa níos deacra, caithfidh buntáiste a bheith ann i rás na bpointí. Níl aon mhaith a bheith ag caint ar an teastas shóisearach mar nach bhfuil tú ag dul ar an ollscoil. Ní dhéanann sé difríocht céard a fhaigheann tú sa teastas sóisearach. Níl ann ach do mhórtas pearsanta féin ach níl cinneadh do shaoil á dhéanamh as an teastas sóisearach. Tá ag an ardteistiméireacht, chomh fada agus a bheidh rás na bpointí ann. Níl aon chosúlacht air go gcuirfear deireadh leis.
Bhí dream istigh an tseachtain seo caite agus bhí siad ag rá nach bhfuil sé seo féaráilte, go mbeidh an dream a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile faoi bhuntáiste. Ar ndóigh, tuigimid go bhfuil go leor daoine faoi bhuntáiste de bharr an bhaile. Tá daoine, in ainneoin an staidéir ar fad a dhéantar, atá i gceantair áirithe faoi bhuntáiste. Na daoine a bhfuil oideachas ag a muintir, go ginearálta, tá siad níos mó faoi bhuntáiste. Na daoine a bhfuil níos mó airgid ag an muintir, tá siad faoi bhuntáiste. Na daoine, mar shampla, ó na tíortha i gcéin a tháinig anseo agus iad ina ngasúir agus go labhraíonn siad teanga ar nós Polainnise nó Liotuáinise sa bhaile faoi bhuntáiste mar go bhfuil an dá theanga acu. Tá an Béarla acu chomh maith le duine ar bith eile agus tá teanga eile acu ó dhúchas ón mbaile. Tá cuid de na daoine sin faoi bhuntáiste dúbailte mar go bhfuil teangacha eile an-chosúil lena gcuid teangacha féin agus tá siad in ann iad sin a dhéanamh freisin.
Is é sin an córas. Má táimid ag cur na hargóinte sin ar aghaidh, caithfimid deireadh a chur leis an gcóras uile mar go bhfuil an t-uafás daoine faoi bhuntáiste de bharr a gcúlra.
I gcónaí, má rinne daoine onóracha fuair siad pointí níos airde ná mar a fuair siad leis an gcúrsa pas. Glacaim leis go bhfuil sé sin amhlaidh i gcónaí. An bunús a bhí leis sin ná go raibh an cúrsa onóracha níos deacra ná an cúrsa pas. Ní aontaím ar chor ar bith go mba cheart go mbeadh sé seo teoranta go daoine nó scoláirí ón nGaeltacht nó a chuaigh chuig Gaelscoil. Tá go leor daoine i scoileanna Béarla a thugann leo an Ghaeilge go caighdeán fíor-ard agus níor mhaith liomsa a shamhlú, dá mbeinn ag dul siar i mo shaol, nach mbeadh an deis chéanna agamsa an cúrsa is airde a bhí ann don ardteistiméireacht a dhéanamh agus a bhí ag duine as an nGaeltacht nó duine a fuair scolaíocht trí Ghaeilge. Má tá T1 le bheith ann ba chóir go mbeadh sé oscailte do chuile dhuine atá ag iarraidh é a dhéanamh. Caithfidh luach saothair, ní bónas, a bheith ar fáil don dream a thugann orthu féin cúrsa níos deacra a dhéanamh.
Ag dul siar sa stair, nuair a bhí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge á chur le chéile, an moladh a bhí ann ná go mbeadh dhá ábhar ann don ardteistiméireacht a bheadh gaolmhar lena chéile. Níor aontaigh an Roinn Oideachais leis sin ag an am. Is cúrsa cumarsáide Gaeilge a bheadh i gceann amháin, dírithe ar scríobh, labhairt, eolas ar an teanga agus gramadach na teanga, agus ceann eile dírithe ar litríocht agus saíocht na Gaeilge. Mar a thugann an t-ainm le fios, bheadh sé dírithe ar litríocht, ar an bhfilíocht agus ar na gnéithe sin ar fad a bhaineann leis an nGaeilge. D’fhéadfadh duine rogha a dhéanamh an dá chúrsa nó cúrsa amháin a dhéanamh. Is ceist dóibh féin a bheadh ann. D’fhéadfadh Gaeilge iontach a bheith ag duine ach fós chaithfeadh sé nó sí an litríocht ar fad a dhéanamh agus tá obair ag baint le litríocht, cuma cén teanga. Duine ar bith atá ag déanamh litríocht an Bhéarla ar scoil, tá dua ag baint leis fiú go bhfuil Béarla ó dhúchas acu. Ní hé go bhféadfadh daoine marcanna arda a bhaint amach gan dua, mar chaithfeadh siad an dua a chur orthu féin cúrsa críochnúil a bhaineann le cúrsaí litríochta agus saíochta a dhéanamh. Tá go leor cúrsaí agus ábhair ardteistiméireachta atá gaolta lena chéile. Nuair a bhí mise ar scoil bhí na Bráithre Críostaí an-eagraithe faoi seo. Dhéanfadh daoine cúrsaí a bhí gaolta lena chéile so má rinne duine fisic, matamaitic agus matamaitic fheidhmeach bhí cuid den mhatamaitic fheidhmeach san fhisic agus sa mhatamaitic agus ní raibh dua ar bith ann an tríú ceann a dhéanamh. Tá daoine ann a dhéanann Laidin agus Iodáilis mar tá siad gaolta lena chéile. Ní rud nua é dhá chúrsa a bheith ann atá gaolta lena chéile ach gur dhá chúrsa neamhspleách agus iomlán éagsúil iad.
Má théitear ar aghaidh le T1 agus T2, má leantar le rás na bpointí agus mura bhfuil aon bhuntáiste nó aon luach saothair as T1 a dhéanamh seachas T2, roghnóidh chuile scoil an ceann éasca leis na marcanna A1 - nó cibé leagan atá ar A1 anois – agus na pointí is airde gur féidir leo a fháil le dul ag an ollscoil. Ar dheireadh thiar thall, níl aon mhaithe le bheith ag caint ar scoláireachtaí le cúrsaí Gaeilge mar ní dhéanann formhór na ngasúr ón nGaeltacht agus ó Ghaelscoileanna, nó daoine eile le Gaeilge den scoth, Gaeilge san ollscoil. Déanann siad ábhair eile ar fad.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mé chun daoine eile a thabhairt isteach ar an ábhar seo sula dtagann an tAire isteach.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mé ag iarraidh freagra anois mar ní mhaith liom an tAire a chur ar an spota.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos, aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Cuív. Tá a fhios agam go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar siúl agus is rud maith é sin ach ní gá don Aire glacadh leis an gcomhairle ón CNCM. Molaim di smaoineamh ar an nGaeilge mar mhionteanga na tíre seo. Ní gnáth-ábhar í. Níl sí cosúil le staidéar gnó, mar shampla. Baineann sí le saol fada na tíre agus tá sé deacair go leor ag daoine a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge sa tír seo. Tá go leor ráite ag daoine éagsúla maidir leis an mbuntáiste a bhíonn ag daltaí sna Gaelcholáistí agus scoileanna lán-Ghaeilge ach tá go leor míbhuntáistí ag baint le saol na Gaeilge sa tír seo, faraor. Tá pointí bónais ar fáil don chúrsa mata ardleibhéal agus ní cúrsa níos dúshlánaí é an cúrsa sin. Cad atá i gceist againn le T1 ach cúrsa níos dúshlánaí? Tá ceist amháin agam don Aire. An bhfuil aon mhúnla eile ann seachas pointí bónais chun daltaí a spreagadh chun an cúrsa T1 a dhéanamh?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacaim leis go bhfuil an próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair agus go bhfuil síneadh ama ann. An bhféadfadh an tAire a rá cad go díreach a spreag an síneadh ama sin? Cad a dhéanfar leis an am breise? An mbeidh iarrachtaí breise nó eolas breise á chur ar fáil do dhaoine chun an próiseas comhairliúcháin a fheabhsú san am breise atá ann anois? Mar shampla, tá go leor tuismitheoirí, scoileanna agus múinteoirí ag insint dom go bhfuil easpa eolais nó easpa soiléireachta ann maidir leis na pointí bónais. Cén fáth a dtarraingeodh daltaí an t-ualach breise orthu féin? Cén tslí ina mbeadh an dá shraith ar siúl i scoil nó a d'fhéadfadh scoil T1 nó T2 a thógáil amach anseo? Ní bhaineann na ceisteanna seo go díreach leis an gcuraclam ach tá an-éifeacht acu ar an dearcadh a bheidh ag daoine agus cé acu T1 nó T2 a thabharfaidís faoi amach anseo. An bhféadfadh muid soiléiriú a fháil ar a leithéid sin sa chaoi is go mbeadh daoine ábalta aighneachtaí a sheoladh isteach nó chun go gcuirfeadh sé leis an bplé? Cén fáth a dtarraingeodh aon duine ualach breise orthu féin ag gabháil do T1 mura bhfuil aon tairbhe ann? An bhfuil uirlisí seachas pointí breise nó pointí bónais ann? B’fhéidir nach bhfuil. Cad é dearcadh na Roinne ar na pointí bónais? Bheadh an rogha ag daltaí sna scoileanna cúrsa T1 nó T2 a ghlacadh agus b’fhéidir fiú an dá cheann a ghlacadh má tá bua faoi leith acu ó thaobh teanga, nó ó thaobh na Gaolainne go háirithe. Bheadh siad ábalta é a thabhairt ar aghaidh mar ábhar breise sa tslí chéanna leis an matamaitic fheidhmeach i gcomhair daoine go bhfuil claonadh faoi leith acu ansin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist agamsa faoi seo agus ansin tabharfaidh mé deis don Aire. Fiú leis an síneadh ama tá imní agus buairt ar a lán daoine faoin gcomhairliúchán seo. Tá fearg orthu go bhfuil an comhairliúchán ann in aon chor toisc é a bheith chomh cúngaithe, ag díriú díreach isteach ar mhúnla amháin, T1 agus T2, seachas ar mhúnlaí nó ar shamplaí eile, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív. Tuigim nach féidir leis an Aire a ladar a chur isteach sa cheist seo gan an bun a bhaint den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ach tá an comhairliúchán seo ar siúl gan aon athbhreithniú a bheith déanta ar na hathruithe suntasacha a tháinig ar an teastas sóisearach sa Ghaeilge.
Ní dhearnadh é sin ar dtús sular thosaigh daoine ag smaoineamh ar bhogadh ar aghaidh chuig an ardteistiméireacht.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfidh mé a rá ar dtús go bhfuilim ag éisteacht leis na tuairimí agus na pointí a cuireadh os mo chomhair anseo inniu ó thaobh T1 agus T2. Ní amháin sin, táim sásta éisteacht leis na pointí difriúla atá ag daoine eile. Tiocfaidh sé sin chugam trí mheán an phróisis atá faoi lán seoil ag an bpointe seo.
As I have said, I am happy to have heard members’ points and thoughts - different and all as they might be - today. It is important that I hear all the other points and opinions that will come my way through the consultation process. I have a few points in relation to that. The consultation process was extended largely because of the impact of Covid which did not allow engagement and discussion around this proposal. Why this proposal is on the table is largely due to the fact that the differentiated Irish language curricula for Irish in Irish-medium and English-medium schools have been in place at primary level for a long time and at junior cycle since 2017. It is, therefore, an addition which has progressed from that, and why we are referring T1 agus T2.
In terms of the review of the junior cycle, I acknowledge it was impacted by Covid. It is intended that there will be a review of T1 agus T2 from the junior cycle point of view before the end of the year. This will inform further considerations of the process as well. I appreciate the points made by different speakers in terms of the impetus or encouragement for people and all of that, but that is part of a later discussion. What is out for consultation here is the essence of T1 agus T2, which will conclude at the end of the year, notwithstanding the break caused by Covid. It will be at that point an jab a beidh agam ná na tuairimí go léir a bhailiú le chéile, to gather them all and to consider what will have come through the process and all the other people with whom I will have engaged with. We will take it from there.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tagraím ar cheann de na lochtanna. Fiú ag déanamh breithiúnas ar T1 versus T2, dá dheacracht nó dá dúshlánach a bheadh T1 is fearr a thaitneodh sé liomsa. Ar nós chuile rud eile, sula ndéantar breithiúnas air sin, caithfear an luach saothair a bheadh as a thuiscint. Seo an áit ina bhfuil an fhadhb. Tá an áit seo i bhfolús. Tá sé cosúil le duine ag dul isteach i siopa ag ceannach rud gan an praghas ar eolas aige nó aici, nó duine ag ceannach cairr gan a fhios aige nó aici praghas na gcarranna agus ag ceannach an ceann is mó sa gharáiste. Déarfadh duine de na leaideanna luach an chairr agus ansin déarfadh an ceannaitheoir go bhfuil an praghas i bhfad ródhaor. Má tá T1 ann versus T2, caithfimid difríocht idir an dá chúrsa agus an luach saothair a thuiscint. Aon rud eile, níl ann ach caint acadúil ach ní rogha phraiticiúil é do dhaoine. Tá muintir na Gaeltachta, an dream a bhíonn mise ag caint le agus gnáth cosmhuintir na Gaeltachta, soiléir faoi seo. Más tugtar T1 agus T2 isteach, agus má tá na marcanna céanna ag T2 le T1, gabhfaidh daoine 100% le T2 mar bheadh sé i bhfad níos éasca dóibh.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
It is important to acknowledge that the process does not end at the end of November. That is very important to note. This is just a stage in the process, and it will continue after that. It will be ongoing. This is just an element of the process. The Deputies and Senators, and, indeed, the wider society, need not be concerned that, come the end of November, a decision will be made. This is just one element of the entire process. It is important to take that on board as well.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir leis an Aire a shoiléiriú dom an bhfuil na pointí bónais san áireamh sa phróiseas comhairliúcháin? Cad faoin ábhar sin maidir le na pointí bónais?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Therein lies the rub in terms of there being a variety of suggestions as to how encouragement could be provided for students in taking up T1. It is not limited to the proposition Deputy Clifford-Lee has made. I imagine there will be a whole variety of options considered.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil sampla ann?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I am not, in any shape or form, proposing that I have the wisdom in relation to this.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cad a mholtar mar rogha?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
In previous discussions - not with me personally - a variety of things have come up with reference to scholarships agus mar sin de. It is not an exhaustive list. It is important to state that we are not at that point at this stage. That will be part of a later consideration. We must first determine what the pathway will be. That pathway will not be determined until this element of the process concludes in November. The next element of that will be drawing together everything that comes through the process, including the wider consultation. We are at an early enough stage and representatives here should be mindful of that at this point.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim ag iarraidh bogadh ar aghaidh. Tá dhá ábhar eile ann agus níl ach 15 nóiméad fágtha.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is amhlaidh go raibh ceist ann nach bhfuair mé freagra uirthi mar gheal ar an slí gur féidir T1 agus T2 a bheith sa scoil. An mbeidh an rogha nó an deis ag an dalta le bua faoi leith ó thaobh teangacha an dá ábhar a dhéanamh, ar nós matamaitic, nó an mbeidh ar scoil rogha a dhéanamh T1 amháin a chur ar fáil nó T2? An mbeidh an deis ag na daltaí an rogha sin a dhéanamh idir an dá shraith?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
It is the view that T1 will be for Irish-medium schools and the Gaeltacht schools. I want to be clear about this. A public consultation process is ongoing with a view to gathering all the opinions and considered views so as to make determinations as we move forward. It is greatly important that we allow that consultation to continue. An adjudication at a particular point will be made, but not at this point. This is, in many respects, putting the cart before the horse.
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim saghas buartha faoin bpointe sin. Dúirt an tAire go mbeidh T1 le fáil sna Gaelcholáistí agus i scoileanna sa Ghaeltacht. An mbeidh daltaí in ann T1 a dhéanamh i scoil lán-Bhéarla taobh amuigh den Ghaeltacht?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Again, I will say that a full determination on that will be made at a later stage. That is the best opportunity-----
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ach dúirt an tAire go bhfuil-----
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
In relation to T1, it makes a particular amount of-----
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Does Evelyn O’Connor want to come in there?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Evelyn ag iarraidh freagra a thabhairt anois.
Ms Evelyn O'Connor:
I can come in to assist the Minister. As the Minister has said, the L1 specification is aimed at students in Irish-medium schools, including native speakers, and the L2 specification is aimed at students in English-medium schools where Irish is taught as a second language. However, the option of providing the L1, or T1, specification will be open to all schools including English-medium schools. It will depend on the needs of the students.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir linn soiléire a fháil go mbeidh an converse fíor freisin, sé sin go mbeidh rogha ag cainteoir dúchais T1 a roghnú freisin, más sin é an rud a theastaíonn uaidh nó uaithi a dhéanamh, i scoil lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht?
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
This is the vision as it stands. It is not a completed vision. There is further work to be done on this. When it is complete, more full and frank answers will be given.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an dá ábhar eile, b’fhéidir nach mbeidh mórán plé le déanamh orthu. Scríobh muid chuig an Aire cúpla uair faoi cheist na mbunscoileanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an tAire tar éis roinnt acu a luaigh. An bhfuil sí ag iarraidh breis a rá linn? Muna bhfuil, is féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an t-ábhar deireanach.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
In relation to Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, to which Deputy Daly made reference, we are currently rolling out a targeted pilot for rural schools. The schools involved are of a variety of different backgrounds including some that are Irish-medium and some of which are not, some with a particular ethos while others have a different ethos, or whatever. It is quite all-encompassing from that point of view. The three schools referred to are part of that pilot, from the point of view of small schools.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist dheireanach ann. Chuireamar moladh chuig an Aire chun polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, a fhorbairt laistigh den bhliain. Bhí roinnt cainte faoi sin ag an am. Tá sé difriúil ó pholasaí oideachais sa chóras Gaeilge agus oideachas trí Ghaeilge. Tá dhá rud dhifriúla i gceist; uaireanta measctar iad. Baineann sé seo le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais i nGaelscoileanna, agus i scoileanna Béarla agus i gcoláistí Béarla chomh maith.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
We currently have a strategy and policy for Irish-medium schools. I appreciate the point made and that it is of particular interest to this committee in terms of a cohesive strategy - I am assuming - for the Irish language within the primary and second level sector, in English-medium schools. I think that was the point the Chairman made. That is something which we will be directing our attention to.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar ábhar deireanach, maidir le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, an féidir leis an Aire nóta a chur chugainn ag míniú an cháis sin? Scríobh muid ionas go mbeadh taifead ann agus beidh muid in ann é a chur ar aghaidh chuig na daoine a bhí i dteagmháil linn.
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin all right. Ceart go leor.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim clabhsúr leis an díospóireacht mhór leathan ina raibh réimse ábhar ó thaobh na Gaeilge de clúdaithe againn. Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid a roinn sí linn inniu agus leis na hoifigigh.
Níl am againn aon ghnó eile a ghlacadh ag an gcruinniú seo. Tá cruinniú príobháideach le heagrú againn.
Tabharfaimid deis do Thuismitheoirí na Gaeltachta plé a dhéanamh ar an tuarascáil, Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí, eisithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Aibreán 2021, a fuair na comhaltaí cóip de cúpla seachtain ó shin. Beidh an grúpa sin ag teacht os ár gcomhair ar an gcéad cruinniú eile, an 7 Iúil 2021. Pléifear ábhar churaclam nua don ardteistiméireacht, T1 agus T2, leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnacht agus ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is é sin an cruinniú a cuireadh ar athló roimhe seo.
Beidh cruinniú dár roghchoiste ar siúil ar an lá céanna ó 3 a chlog go dtí 5 a chlog. Beidh ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair chun plé a dhéanamh ar na Meastacháin a bhaineann leis sin, clár G, an Ghaeltacht mar ábhar an chruinnithe don roghchoiste. Beidh Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Jack Chambers, agus oifigigh ón Roinn linn chun déileáil leis sin.