Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)

Fearaim fáilte roimh an Aire agus a cuid oifigeach fosta, ina measc Evelyn O’Connor agus Tomás Ó Ruairc. Bhíomar ag obair go cóngarach le chéile cúpla bliain ó shin.

Don chéad uair, táim ar an leathanach céanna leis an Teachta Ó Cuív inniu - is lá stairiúil é. Aontaím leis faoi na daoine óga ag foghlaim na Gaeilge. Níl roth úr de dhíth. Tá sé le feiceáil in achan Ghaelscoil laistigh den Ghaeltacht tríd an leanúnachas ó na naíonraí go dtí an bhunscoil go dtí an mheánscoil. Nuair atá siad óg, tá deis ann níos mó dul chun cinn a dhéanamh. Táim ag amharc ar an Bhreatain Bheag. Tá sprioc shuntasach ann líon na ndaoine a fhaigheann oideachas trí mheán na Breatnaise a ardú ó 23% go dtí 40% faoi 2050. Is é sin chúlra mo cheiste. Ar lámh amháin, cuirim fáilte roimh an pholasaí. Is polasaí tábhachtach agus suntasach é agus tá sé de dhíth agus díospóireacht á déanamh maidir leis an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirim fáilte roimh an díospóireacht inniu fosta. Tugaim aitheantas don Chathaoirleach, Eugene Ó Cruadhlaioch agus a chomhghleacaithe sa choiste seo as an díospóireacht is fearr ag labhairt faoin Ghaeilge agus oideachas taobh amuigh den Ghaeltacht agus spreagadh na Gaeilge agus ag amharc go dtí an todhchaí.

Cuirfidh mé mo cheist anois. An ndéanfaidh an tAire cinnte de go mbeidh spriocanna intomhaiste sa pholasaí deireanach, go háirithe an sprioc a mhol Conradh na Gaeilge go mbeidh líon na ndaltaí atá ag freastal ar oideachas trí mheán na Gaeilge ardaithe go 20%? Ag dul ar ais go dtí 2015, bhí cruinniú le hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus ón Roinn Oideachais. Bhí an Dr. Aodhán Mac Cormaic agus Harold Hislop ansin ag an am. Thosaigh siad polasaí maidir leis an tumoideachas sa Ghaeltacht. Tá an toradh le feiceáil in achan pháirt den Ghaeltacht ní hamháin sna scoileanna láidre a bhí ag múineadh trí Ghaeilge roimh an pholasaí sin, ach freisin sna scoileanna laga sna Gaeltachtaí atá anois ag bogadh ar aghaidh agus ag déanamh dul chun cinn. B'fhéidir go bhfuil comhrá ar siúl faoi thaighde a dhéanamh ar an dul chun cinn. Níl a fhios agam an focal Gaeilge fá choinne "anecdote", cé nár focal Béarla é, ach níl ach an rud anecdotal againn. B'fhéidir gur chóir taighde a dhéanamh anois ar na ceantair laga sa Ghaeltacht ag amharc ar an leanúnachas ón réamhscoil go dtí an bhunscoil go dtí an mheánscoil. Tá an rud atá le feiceáil iontach dearfach. Nuair atáim ag déanamh teagmháil leis na scoileanna sin agus leis na scoileanna i mo pharóiste féin, Duibhleann Riach ná na Dúnaibh, istigh sa Ghaeltacht, tá na daoine óga le feiceáil ag labhairt na Gaeilge sa rang, taobh amuigh den scoil agus nuair atá siad ag imirt peile nó ag súgradh sa chlós scoile nó taobh amuigh den scoil. Arís, níl aon roth úr de dhíth taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfear amharc ar an pholasaí atá istigh sna ceantair Ghaeltachta. B'fhéidir gurbh é sin an tslat tomhais fá choinne an todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.