Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
5:05 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Is í an taithí atá againn ná go bhfuil comhoibriú le fáil. Tá na comhlachtaí poiblí ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil achan rud foirfe, ach sílim go bhfuil dea-thoil agus dea-mhéin ansin. Dúirt an Teachta go raibh dearcadh eile ag an iar-choimisinéir, ach táimid thar a bheith sásta chomh fada agus a bhaineann sé linn. Thug sé a thuairim féin. Tá muidne thar a bheith sásta go bhfuil comhoibriú ag tarlú agus go bhfuil dea-mhéin agus dea-thoil thall ansin. Táimid ag treabhadh ar aghaidh, chomh maith is a thig linn, leis na scéimeanna a fháil os na comhlachtaí eile. Tá go leor oibre le déanamh, ach táimid ag obair agus tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Tá mé tar éis na bhfigiúirí a thabhairt. Tá mé ag súil go ndéanfar go leor i rith na bliana seo.
No comments