Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

5:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé chun tamall a ghlacadh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh an Teachta go bhfuil scéimeanna ag na comhlachtaí is mó a bhíonn ag déileáil leis an bpobal. Táimid ag breathnú ar teimpléad a chur ar fáil a chinnteodh go mbeadh sé níos fusa do chomhlachtaí eile na bunrudaí a chur ar fáil. B'fhéidir go mbeimid in ann athruithe agus dul chun cinn a dhéanamh ar an taobh sin. I láthair na huaire, an rannóg ag déileáil le scéimeanna úra agus ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar na scéimeanna a bhí ann go dtí seo. Mar a dúirt mé, rinneadh 16 scéim sa bhliain atá imithe thart, agus an uair dheireanach a rinneadh 16 scéim ná sa bhliain 2010. Níor déanadh ach naoi gcinn sa bhliain 2012. Déanadh an uimhir is airde ariamh - 29 - sa bhliain 2007. Tá go leor le déanamh, ach táimid ag tabhairt faoi ar bhonn céimiúil. Mar a dúirt mé, tá breis daoine ansin. Tá mé iontach dóchasach, ón méid atá déanta acu i mbliana - tá siad tar éis déileáil le sé cinn cheana féin, agus dhá mhí imithe - go mbeidh líon maith agus níos mó ná mar a bhí ann le fada dóibh déanta roimh dheireadh na bliana

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.