Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
4:55 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá treoir tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuig na Ranna eile sainscrúdú a dhéanamh ar an áit a bhfuil gá le státsheirbhísigh a bhfuil cumas Gaeilge acu. Tá an scrúdú sin ar siúl i láthair na huaire. Ceann de na dúshláin atá againn ansin ná na bearnaí sin a líonadh chomh luath agus is féidir linn. Ach mar a dúirt mé, is próiseas é a ghlacfaidh am. Ní féidir linn an oidhreacht atá cruthaithe le blianta fada anuas a réiteach i mbliain nó dhó amháin. Aithníonn muid go bhfuil deacracht ann, ach tá céimeanna á nglacadh le tabhairt faoi chun an scéil a fheabhsú.
No comments