Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus mo leithscéal go mbeidh orm an chruinniú a fhágáil go luath. Tá rud eile ar siúl agam. Beidh mé ag cur ceisteanna ach ní bheidh mé anseo le haghaidh na freagraí. Feicim Niall Ó Catháin ansin. Bhí mé suas i gCarn Tóchair faoi dhó agus i mBéal Feirste. Ní fhaca mé an méid seo Gaeilgoirí i lár seomra na Dála riamh i mo shaol. Is spreagradh iontach go bhfuil siad anseo ó cheann ceann na tíre. Smaoiním i gcónaí ar Charn Tóchair agus ar an éacht atá déanta acu agus i mBéal Feirste. Is eiseamláir iad dúinne go léir. Níl mé ag caitheamh anuas ar an obair i gCill Dara, i gContae an Chláir nó i gContae Chorcaí, ach bhí sé deacair é a chreidiúnt nuair a bhí mé ann. Mo mhíle bhuíochas leo.

Bhí seacht gcur i láthair. Tá siad go léir léite agus cloiste agam agus rachaidh mé ar ais orthu. Is deacair an rud é ceisteanna gonta a chur. Beidh tuarascáil i gceist againn. Tá na téamaí seo tagtha suas go mion minic ó thaobh na dualgais atá ar dhaoine ar an talamh atá ag obair go deonach chomh maith le daoine eile atá ag feidhmiú mar oifigigh pleanála teanga gan chinnteacht, gan a dhóthain aigid agus gan a dhóthain cabhrach. Tuigim é sin. Tá gá le fís, tá gá le straitéis agus tá gá le hachmhainní ón mbarr anuas, gan dabht. Dar leis an Rialtas tá sé sin ag tarlú. Ní chreidim sin. Tá straitéis 20 bliain ann agus tá seacht mbliain fágtha. Tá ráiteas ó 2006. Tá polasaí iontach d'oideachas sa Ghaeltacht ach táimid fós ag fanacht ar an bpolasaí do chúrsaí oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht. Is bearna ollmhór é sin. Tá brú leanúnach á chur againne. Ní réiteach é ach ar a laghad beidh an bearna sin líonta agus is bearna mhór é.

Tá ceist shonrach agam faoi aonad Gaeilge i scoil Bhéarla. Tháinig sé suas an tseachtain seo caite agus, de réir mo thuiscine, sin polasaí an Rialtas faoi láthair. Tá sé ag díriú isteach ar aonaid Gaeilge i scoileanna Bhéarla seachas freastail ar an éileamh atá léirithe go soiléir dúinn tríd na hagóidí taobh amuigh den Dáil chuile mí ag cur in iúl an t-éileamh ollmhór atá ann do tuilleadh Gaelscoileanna nó coláistí Gaeilge. Aontaím leis na bhfinnéithe go bhfuil gá le scoileanna. Maidir leis an aonad Gaeilge i gCarn Tóchair, a mhalairt a bhí i gceist ansin. Thosaigh siad, de réir mo thuisceana, le haonad Gaeilge agus anois a mhalairt iomlán atá i gceist. Tá i bhfad níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge sa scoil Bhéarla. An bhfuil mé mícheart faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.