Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Laura Pakenham:

Le tógáil air sin, is trí thimpiste go bhfuil mé i mo Ghaeilgeoir, ní mar gheall ar mo thimpeallacht, ar an gcóras oideachas ina raibh mé, nó ar na deiseanna a bhí curtha os mo chomhair. Is go hiomlán trí thimpiste a tharla sé. Rinne mé baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, a thosaigh in 2019. Níor thuig mé cad a bhí i gceist leis an gcúrsa. Arís, is trí thimpiste a thosaigh mé. Níor tháinig Marino isteach fiú go mo mheánscoil mar is dócha go raibh sé ag iarraidh daltaí a mhealladh isteach don chúrsa ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Níor tháinig sé go Longfort agus definitely níor tháinig sé go Cnoc Mhuire i nGránard ach fuair mé áit ar an gcúrsa agus d’éirigh liom.

Nuair a bhí me sa chéad bliain, bhí mé ag breathnú ar dhaoine i mo chúrsa ón nGaeltacht agus a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna. Bhí mé ag rá liom féin go raibh mé san áit mhícheart, ach chuir mé an obair isteach agus d’oibrigh sé. Bhain mé amach é.

Ní raibh ann ach mé féin agus duine amháin eile ó mo bhliain nuair a bhí mé sa chúigiú bliain agus séú bliain a d’fhreastail ar choláiste samhraidh. Arís, ba thrí thimpiste a bhí sé. Bhí mo chara ag dul agus dúirt sí liom teacht léi. B'shin an caoi ar tharla sé agus b'shin an céad léargas dom i mo shaol, nuair a bhí mé 16 nó 17, gur teanga bheo í an Ghaeilge. Roimhe sin, bhí sí díreach mar ábhar scoile dom. Rinne mé 40 nóiméad Gaeilge in aghaidh an lae agus trí nó ceithre uair in aghaidh na seachtaine ar scoil agus b'shin an léargas a bhí agamsa ar an nGaeilge. Níor thuig mé gur teanga bheo í. Níor thuig mé gur teanga chumarsáide í agus ná go raibh an Ghaeilge in úsáid ag daoine. Bhí sí curtha isteach i mbosca mar ábhar scoile, agus nuair a bhí mé sa Ghaeltacht agus nuair a chonaic mé go raibh an Ghaeilge in úsáid ag daoine, b'shin nuair a d’oscail m’intinn agus mo chloigeann i leith na Gaeilge. Tháinig mé ar ais ón nGaeltacht le togha na Gaeilge agus bhí mo mhúinteoir ag rá liom cad sa domhan a tharla ansin? Dúirt mé léi go raibh mé i gColáiste Lurgan agus b'shin an méid a tharla.

Déanaim tagairt d’aitheantas a thabhairt do dhaoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht gur féidir leis an teanga maireachtáil agus gur féidir le daoine Gaeilge mhaith álainn a bhaint amach ón nGaeltacht. Is dócha go gcaithfear béim a chur ar an aitheantas agus cineál presence don teanga sna háiteanna mar sin.

Mar a luaigh mé, is féidir leis na meáin shóisialta an bhearna sin a líonadh go dtí go bhfuil níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann agus infheistíocht déanta i scoileanna samhraidh agus rudaí mar sin. Go dtí sin, is é sin an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná é sin a thaispeáint do dhaoine trí na meáin shóisialta go bhfuil an teanga beo agus gur tháinig duine ó Longfort le bheith ag obair i TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.